Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Áirithiú go ndéanfar cearta oibrithe AE a urramú agus iad ag obair thar lear

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/54/AE maidir le bearta a éascaíonn feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs shaorghluaiseacht na n–oibrithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Áirítear ar lear mór ceart atá ag daoine aonair san Aontas Eorpach (AE), bheith ábalta cónaí agus oibriú i mBallstát AE eile. Áirítear leis an reachtaíocht seo go bhfuil ann do réitigh náisiúnta dhlíthiúla i gcás go measfaidh oibrithe nó a gcuid teaghlach go bhfuil mí–úsáid á baint as na cearta sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Le prionsabail na saorghluaiseachta agus an fhrith–idirdhealaithe de chuid an Aontais Eorpaigh, áirithítear go mbeidh na cearta céanna ag daoine atá ag obair thar lear agus atá ag náisiúnaigh. Tá na cearta sin leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh 492/2011 (féach an achoimre).

Cearta oibrithe

  • rochtain ar fhostaíocht agus coinníollacha oibre soiléire maidir le pá, le dífhostú agus le sláinte agus sábháilteacht;
  • rochtain ar bhuntáistí sóisialta agus cánach;
  • rochtain ar oiliúint, ar thithíocht, ar oideachas agus ar phrintíseachtaí,
  • ballraíocht ceardchumann,
  • cúnamh ó oifigí fostaíochta.

Na cearta seo a chosaint

Faoin treoir seo, éilítear ar na húdaráis náisiúnta a áirithiú go mbeidh rochtain ar nósanna imeachta breithiúnacha ag oibrithe uile AE a mheasann go bhfuil idirdhealú á dhéanamh ina n–aghaidh ar bhealach éigin. Ina theannta sin, féadfaidh eagraíochtaí, comhlachais, ceardchumainn agus comhlachtaí fostóirí, a bhfuil páirt á glacadh acu i gcur i bhfeidhm na treorach, ionadaíocht a dhéanamh d’oibrithe AE agus dá dteaghlaigh nó tacú leo agus aon chaingean dlí a d’fhéadfaidís siad a thionscnamh.

Cóir chomhionann a chur chun cinn

Bíonn ar gach Ballstát eagraíocht nó pointe lárnach amháin ar a laghad a ainmniú lena áirithiú nach ndéanfar idirdhealú in aghaidh oibrithe ná in aghaidh gcuid teaghlach agus nach gcuirfear srianta gan údar maith lena gceart chun dul ag obair pé áit ar mian leo, de bharr a náisiúntachta.

Ní mór do na heagraíochtaí sin an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cúnamh neamhspleách dlí agus cúnamh eile a sholáthar, nach mór a bheith saor in aisce dóibh siúd nach féidir leo íoc as, i gcomhréir le cleachtas náisiúnta;
  • gníomhú mar phointe teagmhála d’eagraíochtaí comhchosúla náisiúnta i mBallstáit eile agus comhoibriú le seirbhísí eolais agus cúnaimh de chuid an AE, amhail An Eoraip Agatsa agus Solvit;
  • dul i mbun suirbhéanna agus anailísí neamhspleácha ar shrianta nach bhfuil údar leo agus ar idirdhealú, agus suirbhéanna agus anailísí neamhspleácha a choimisiúnú,
  • moltaí a dhéanamh maidir le dul i ngleic le hidirdhealú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le bearta a éascaíonn feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs shaorghluaiseacht na n–oibrithe (IO L 128, , lgh. 8–14).

nuashonrú is deireanaí

Top