This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Le Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún bunaítear ceanglais éicidhearthóireachta1 maidir le díol nó cur i seirbhís fearais chuisniúcháin2 a oibrítear trí phríomhlíonra leictreachais3 lena bhfuil toilleadh 10 agus 1,500 lítear.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 lena leagtar síos rialacha maidir le lipéadú na bhfearas cuisniúcháin sin agus soláthar faisnéise breise táirge ar na fearais chuisniúcháin sin.
I Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún:
Ní mór do na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a chur i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.
Ní chóir do mhonaróirí, allmhaireoirí nó a n–ionadaithe údaraithe táirgí a thairiscint lena ndíol atá ábalta brath agus iad á dtástáil agus a bhfeidhmíocht a athrú dá réir sin.
Leagtar amach in Iarscríbhinn V tagarmharcanna táscacha bunaithe ar na táirgí agus ar na teicneolaíochtaí is fearr a fheidhmíonn atá ar fáil le haghaidh fearais chuisniúcháin i gcomhthéacs a n–innéacs éifeachtúlachta fuinnimh agus astaíochtaí torainn.
Aisghairtear leis an rialachán Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón .
Leagtar amach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 oibleagáidí maidir leis an méid seo a leanas:
Go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IX i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.
Tá aicme na héifeachtúlacht fuinnimh bunaithe ar an innéacs atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.
Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil atá déanta 6 bliana ó tháinig sé i bhfeidhm. Ní mór dó chomh maith aghaidh a thabhairt ar ghnéithe an gheilleagair chiorclaigh agus cé acu an dtabharfar nó nach dtabharfar isteach deilbhíní d’urranna lena bhféadfaí dramhbhia a laghdú agus le haghaidh ídiú bliantúil fuinnimh.
Aisghairtear leis an rialachán Rialachán (CE) Uimh. 1060/2020 ón
Níl feidhm ag ceachtar rialachán le:
Tá an dá cheann i bhfeidhm ón .
Treoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh. Cuirtear ar chúram an Choimisiúin léi iad sin a leagan síos le haghaidh táirgí a dhíoltar agus a thrádáiltear go forleathan in AE agus a mbaineann tionchar suntasach comhshaoil leo. Le Rialachán (AE) 2017/1369 bunaítear creat chun ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos lena mbeidh tomhaltóirí ábalta táirgí níos éifeachtaí a roghnú lena n–ídiú fuinnimh a laghdú.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún an lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh fearais chuisniúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 gCoimisiún (IO L 315, , lgh. 187-208)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh ar fhearais chuisniúcháin agus lena n–aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, , lgh. 102-133)
nuashonrú is deireanaí