Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Le Rialachán (AE) 2019/2024 bunaítear ceanglais éicidhearthóireachta1 ceanglais maidir le fearais chuisniúcháin2 a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh leo agus a oibríonn ar chumhacht leictreachais, a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, lena n–áirítear fearais a dhíoltar chun earraí nach bia iad a chuisniú.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 lena leagtar síos rialacha maidir le lipéadú na bhfearas cuisniúcháin sin agus soláthar faisnéise breise táirge maidir leis na fearais chuisniúcháin sin.
PRÍOMHPHOINTÍ
Áirítear ar na fearais a chumhdaítear sa rialachán (fearais chuisniúcháin lena bhfuil feidhm díolacháin dhírigh) caibinéid ollmhargaí (cuisneoirí agus reoiteoirí), meaisíní díoltóra cuisnithe, fuaraitheoirí deochanna, reoiteorí uachtair reoite agus caibinéid scúpála uachtair reoite.
Ní chumhdaítear iad seo a leanas sa rialachán:
fearais nach bhfuil cumhachtaithe ag leictreachais;
fearais nach mbaineann úsáid as cuisniú comhbhrú gaile;
comhpháirteanna cianda, amhail aonaid chomhdhlúthúcháin nó comhbhruiteoirí;
fearais próiseála bia;
fearais a bhaineann go sonrach le cógais nó le samplaí eolaíocha;
fearais le haghaidh bia-ábhair bheo, amhail éisc agus sliogéisc bheo;
saladette (e.g. aonaid riartha ar a bhfuil rochtain éasca le haghaidh bairr píotsaí nó earraí sailéid);
cuntair riartha chothrománacha atá deartha chun oibriú ag teochtaí oibriúcháin fuaraithe;
fearais nach bhfuil córas comhtháite iontu chun fuarú a sholáthar agus a fheidhmítear trí aer fuaraithe a dhuchtú;
meaisíní díoltóra atá deartha chun oibriú ag teochtaí oibriúcháin reoite;
leagtar amach in Iarscríbhinn II na dátaí (ón ar dtús, agus tá tuilleadh ceanglas le tabhairt isteach ón ) nuair a thiocfaidh na ceanglais éicidhearthóireachta i bhfeidhm. Cuimsítear iontu sin:
éifeachtúlacht fuinnimh
éifeachtúlacht acmhainní
faisnéis le haghaidh suiteálaithe agus úsáideoirí deiridh;
leagtar amach leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta, agus in Iarscríbhinn III, na modhanna tomhais agus na ríomhanna nach mór cloí leo.
Ní mór do na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a chur i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.
Ní foláir nach gcuirfidh monaróirí, allmhairí nó a n–ionadaithe údaraithe a dtáirgí margaidh a chur ar an margadh a bhfuil an cumas leo brath agus tástáil á ndéanamh orthu agus a bhfeidhmíocht a athrú dá réir sin chun toradh níos fearr a fháil maidir le ceann ar bith de na paraiméadair atá á dtástáil.
Leagtar amach in Iarscríbhinn V tagarmharcanna táscacha bunaithe ar na táirgí agus ar na teicneolaíochtaí is fearr a fheidhmíonn atá ar fáil le haghaidh fearais chuisniúcháin lena bhfuil feidhm díolachán díreach i gcomhthéacs a n–innéacs éifeachtúlachta fuinnimh.
Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil atá déanta le 4 bliana ó tháinig sé i bhfeidhm agus measúnú a dhéanamh ar roinnt gnéithe ó shin.
Leis an Rialachán seo, beidh fearais chuisniúcháin lena bhfuil feidhm díolachán díreach faoi réir ceanglais éicidhearthóireachta den chéad uair.
Forlíontar leis an rialachán tarmligthe Rialachán (AE) 2017/1369 maidir le lipéadú fuinnimh agus leagtar amach leis rialacha do sholáthraithe, do dhéileálaithe agus d’ardáin óstála idirlín.
Ní mór do sholáthraithe an méid seo a leanas a áirithiú:
go mbeidh lipéad priontáilte ar gach fearas cuisniúcháin lena bhfuil feidhm díolacháin dhírigh san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III;
go ndéanfar an fhaisnéis ar bhileog faisnéise an táirge, arna leagan amach in Iarscríbhinn V, agus ábhar na ndoiciméad teicniúil (Iarscríbhinn VI) a uaslódáil ar bhunachar sonraí an táirge;
go bhfuil fógraí amhairc le haghaidh samhail faoi leith ina mbeidh aicme na héifeachtúlachta fuinnimh agus réimse aicmithe ar fáil, i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII;
go gcuimseofar in ábhar cur chun cinn theicniúil, lena n–áirítear ar an idirlíon, le haghaidh samhail faoi leith ina gcuirfear síos ar na paraiméadair shonracha, aicme na héifeachtúlachta fuinnimh agus an réimse aicmithe ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinní VII;
go bhfaighidh déileálaithe lipéad leictreonach le haghaidh gach fearas cuisniúcháin lena bhfuil feidhm díolacháin dhírigh leo i bhformáid Iarscríbhinn III agus bileog faisnéise táirge leictreonach arna leagan amach in Iarscríbhinn V.
Ní mór do dhéileálaithe an méid seo a leanas a áirithiú:
go mbeidh lipéad soiléir a sholáthróidh na soláthraithe ar gach fearas cuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh leis, lena n–áirítear ag iontaí trádála, i gcomhréir le hIarscríbhinn III;
i gcás ciandíola, go gcloífidh an lipéad agus bileog faisnéise an táirge le hIarscríbhinní VII agus VIII;
go mbeidh aicme na héifeachtúlachta fuinnimh agus réimse aicmithe i gcomhréir le hIarscríbhinn VII sna fógraí amhairc, lena n–áirítear ar an idirlíon, le haghaidh samhail faoi leith;
go gcuimseofar in ábhar cur chun cinn theicniúil, lena n–áirítear ar an idirlíon, le haghaidh samhail faoi leith ina gcuirfear síos ar na paraiméadair shonracha, aicme na héifeachtúlachta fuinnimh agus an réimse aicmithe atá ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII.
Ní mór d’ardáin óstála idirlín an méid seo a leanas a áirithiú:
go mbeidh an lipéad leictreonach agus an bhileog faisnéise táirge leictreonach a sholáthróidh an déileálaí taispeánta go soiléir, de réir Iarscríbhinn VIII, ar gach fearas cuisniúcháin lena bhfuil feidhm díolacháin dhírigh a dhíolfar go díreach ar fud an tsuímh.
Go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IX i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.
Tá aicme na héifeachtúlacht fuinnimh bunaithe ar an innéacs atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.
Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil atá déanta 4 bliana ó tháinig sé i bhfeidhm.
Le Rialachán (AE) 2017/1369 bunaítear creat chun ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos lena mbeidh tomhaltóirí ábalta táirgí níos éifeachtaí a roghnú lena n–ídiú fuinnimh a laghdú.
Éicidhearthóireacht: Beartas maidir le feabhas, trí dhearadh níos fearr, a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí le linn a saolré, go háirithe a n–éifeachtúlacht fuinnimh.
Fearas cuisniúcháin: caibinéad aonraithe ina bhfuil urrann amháin nó níos mo a rialaítear ag teochtaí sonracha, a fhuaraítear le comhiompar nádúrtha nó fórsáilte.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún an lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le fearais chúisniúcháin lena mbaineann feidhm díolacháin dhírigh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 315, , lgh. 313-334)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh ar fhearais chuisniúcháin lena bhfuil feidhm díolacháin dhírigh (IO L 315, , lgh. 155-186)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat i ndáil le lipéadú fuinnimh lena n–aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, , lgh. 1-23)
Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE IO L 150, , lgh. 195-230
Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, , lgh. 38-71)
Rinneadh leasuithe leantacha ar Threoir 2012/19/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos (IO L 285, , lgh. 10-35)