Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Smachtbhannaí coiriúla don drochúsáid mhargaidh

Féachtar leis an reachtaíocht seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) sláine mhargaí airgeadais na hEorpa a fheabhsú.

ACHT

Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le smachtbhannaí coiriúla don drochúsáid mhargaidh (an treoir maidir le drochúsáid mhargaidh).

ACHOIMRE

Drochúsáid a bhaineann le margaí airgeadais, mar shampla nuair a dhéanann rannpháirtithe margaidh eolas bréagach faoi phraghsanna táirgí airgeadais a scaipeadh, féadfaidh an drochúsáid seo an-dochar a dhéanamh do thomhaltóirí, d’infheisteoirí agus don gheilleagar i gcoitinne.

Leagtar síos san acht seo smachtbhannaí coiriúla don drochúsáid mhargaidh is tromchúisí, drochúsáid a ndéantar d’aon ghnó. Ba cheart go gcuirfí na rialacha nua i bhfeidhm faoi dheireadh mhí Iúil 2016 i mBallstáit uile AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

1.

Smachtbhannaí le haghaidh daoine (daoine nádúrtha) - téarmaí príosúnachta

Faoi na rialacha nua, gearrtar téarma príosúnachta ceithre bhliain ar a laghad ar thrádáil chos istigh agus ar chúbláil mhargaidh, ar dhá phríomhchineál de dhrochúsáid mhargaidh iad.

Is é atá i gceist le cúbláil mhargaidh ná na praghsanna atá ar tháirgí airgeadais a chúbláil go saorga. Mar shampla, nuair a dhéanann duine éigin eolas bréagach maidir le soláthar, le héileamh nó le praghas táirge airgeadais a scaipeadh.

Is é atá i gceist letrádáil chos istigh ná nuair a dhéanann duine éigin táirge airgeadais a thrádáil a bhfuil rochtain aige nó aici ar “eolas ón taobh istigh”. Is eolas faoi rún an t-eolas seo, a bhaineann leis an táirge airgeadais á thrádáil nó leis an chuideachta a chuir an táirge ar an mhargadh. An toradh ná go mbíonn buntáiste míchuí ag an duine seo.

Meastar gur chion an “t-eolas ón taobh istigh”a nochtadh go neamhdhlíthiúil, cion a ngearrtar téarma príosúnachta dhá bhliain nó níos mó ina leith. Tarlaíonn sé seo nuair a dhéanann duine éigin “eolas ón taobh istigh” a nochtadh do dhaoine eile, ach amháin má dhéantar an t-eolas sin a nochtadh mar ghnáthfheidhmiú gairme.

2.

Smachtbhannaí le haghaidh cuideachtaí faoi dhliteanas (daoine dlítheanacha)

Déantar foráil sna rialacha d’fhíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla a chur ar chuideachtaí a gcuirtear faoi dhliteanas as cionta drochúsáide margaí. Féadfar smachtbhannaí eile a chur i bhfeidhm, amhail cuideachta a dhícháiliú go sealadach nó go buan ó ghníomhaíochtaí tráchtála a chleachtadh.

De bhreis ar na rialacha nua seo, glacadh le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a thacaíonn leis na smachtbhannaí riaracháin ar féidir a fhorchur le haghaidh drochúsáide margaí. Tacaíonn an rialachán chomh maith le cumhachtaí imscrúdaitheacha na rialtóirí náisiúnta, cumhachtaí a bhaineann le drochúsáid margaí airgeadais a aimsiú.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2014/57/AE

2.7.2014

3.7.2016

IO L 173, 12.6.2014, lch. 179-189

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún [Iris Oifigiúil L 173, 12.6.2014, lch. 1-61].

Nuashonraithe 04.08.2014

Top