EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is é is aidhm leis gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac chun teorainn a chur le soláthar agus úsáid drugaí (sainithe sna “Príomhphointí” thíos).
Leagtar síos ann na rialacha íosta nach mór cloí leo agus na pionóis íosta a bheidh le cur i bhfeidhm ag tíortha AE.
Liostaítear ann na gníomhartha inphionóis a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí agus cuirtear oibleagáid ar thíortha AE leis maidir le bearta a dhéanamh i gcoinne na ndaoine a bhíonn páirteach i ngáinneáil dá leithéid.
Rinneadh an Cinneadh Réime a leasú le Treoir (AE) 2017/2103 chun infhaighteacht substaintí sícighníomhacha nua* a laghdú tríd an mbealach le gníomh níos éifeachtaí a dhéanamh ar leibhéal AE a thabhairt isteach. Beidh an leasú i bhfeidhm go hiomlán ón 23 Samhain 2018 i leith.
Cionta
Ceanglaítear leis an gcinneadh réime ar gach tír AE na bearta is gá a dhéanamh chun pionós a ghearradh ar gach gníomh d’aon toil a bhaineann leis an ngáinneáil ar dhrugaí agus ar réamhtheachtaithe*.
Sainítear “druga” sa chinneadh mar shubstaint atá cumhdaithe faoi Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972, nó le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971. Nuair a thiocfaidh an leasú ar an gCinneadh Réime in éifeacht i mí na Samhna 2018, cuimseofar ceann ar bith de na substaintí atá liostaithe in iarscríbhinn an chinnidh leasaithe sa sainmhíniú ar dhrugaí.
Áirítear ar ghníomhartha a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí táirgeadh, déanamh, baint, díol, iompar, allmhairiú agus onnmhairiú. Cuirtear seilbh agus ceannach drugaí d’fhonn páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí san áireamh chomh maith, mar aon le déanamh, iompar agus dáileadh réamhtheachtaithe. Meastar go bhfuil gríosú chun gáinneáil ar dhrugaí a dhéanamh, rannpháirteachas i ngníomhaíocht den sórt sin, agus iarraidh a thabhairt gáinneáil a dhéanamh ar dhrugaí ina gcionta chomh maith.
Ní chumhdaítear gníomhaíochtaí a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine le haghaidh úsáid phearsanta faoin gcinneadh réimse seo, áfach.
Cuimsiú na substaintí sícighníomhacha nua sa sainmhíniú ar “dhruga” (infheidhme ón 23 Samhain 2018 i leith).
Le Treoir (AE) 2017/2103 tugtar isteach nós imeachta maidir leis na substaintí sícighníomhacha nua sa sainmhíniú ar “dhruga”. Tugtar an chumhacht don Choimisiún Eorpach chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun substaintí sícighníomhacha nua a chur leis an liosta san iarscríbhinn. Cuirfear é sin in ionad an chleachtais reatha maidir le substaintí sícighníomhacha nua a sceidealú trí Chinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/2170 ón gComhairle faoi Chinneadh 2005/387/CGB ón gComhairle.
Le linn don Choimisiún breithniú a dheanamh i gcomhair substaint nua a chur leis an liosta, ní mór don Choimisiún an méid seo a leanas a chur san áireamh:
Chomh maith leis sin, ní mór don Choimisiún a mheas cibé an bhfuil nó nach bhfuil an dochar sóisialta a dhéanann an tsubstaint shícighníomhach nua do dhaoine aonair nó don tsochaí géar agus cibé an bhfuil nó nach bhfuil gníomhaíochtaí coiriúla, lena n–áirítear coireacht eagraithe, a bhaineann leis an tsubstaint shícighníomhach nua córasach, an bhfuil nó nach bhfuil brabúis mhídhleathacha shuntasacha ag baint leo nó an mbaineann nó nach mbaineann costais eacnamaíocha shuntasacha leo.
Chun tacú le cinnteoireacht an Choimisiúin, ullmhóidh an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (EMCDDA) tuarascáil ar mheasúnú riosca ina bpléifear na gnéithe sin.
I gcomhthráth le glacadh Threoir (AE) 2017/2103, ghlac AE Rialachán (AE) 2017/2101 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 maidir le malartú faisnéise, córas luathrabhaidh agus nós imeachta measúnaithe riosca ar shubstaintí sícighníomhacha nua. Beidh éifeacht iomlán leis an rialachán ón 23 Samhain 2018.
Dliteanas daoine dlítheanacha
Ní mór do thíortha AE bearta a dhéanamh lena n–áiritheofar gur féidir daoine dlítheanacha (mar shampla, gnólachtaí) a thabhairt chun cuntais i gcomhair cionta a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí agus ar réamhtheachtaithe, agus i gcomhair rannpháirteachais i ngníomhaíocht den sórt sin, gníomhaíocht den sórt sin a ghríosú nó iarraidh a thabhairt gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh. Ní áirítear leis an gcoincheap um dhaoine dlítheanacha faoi mar a úsáidtear anseo é stáit agus comhlachtaí poiblí i bhfeidhmiú a gcumhachtaí nó eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.
Beidh eagraíocht faoi dhliteanas más é duine ag a bhfuil príomhphost san eagraíocht sin a dhéanann an cion. Beidh sí freagrach chomh maith as easnaimh i maoirseacht agus i rialú. Mar sin féin, ní eisiaitear imeachtaí i gcoinne daoine aonair (daoine nádúrtha) as dliteanas daoine dlítheanacha.
Smachtbhannaí
Ní mór do thíortha AE na bearta is gá a dhéanamh lena n–áiritheofar go mbeidh na cionta faoi réir pionóis éifeachtúla, chomhréireacha agus athchomhairleacha.
Má dhéantar cion go hiomlán ná i bpáirt laistigh de chríoch thír AE, beidh ar an tír sin bearta a dhéanamh, ar an gcoinníoll gur náisiúnach dá cuid féin an ciontóir nó go ndearna an cion ar mhaithe le duine dlítheanach atá bunaithe laistigh dá críoch.
Ní foláir nó go mbeidh idir 1 bhliain agus 3 bliana príosúnachta ar a laghad i gceist leis na pionóis íosta as cionta gáinneála ar dhrugaí.
Ní mór na pionóis íosta, áfach, a mhéadú go dtí 5 bliana go 10 mbliana príosúnachta ar a laghad sna cásanna seo a leanas maidir leis an gcion:
Ní mór do thíortha AE na bearta is gá a dhéanamh chomh maith chun substaintí ar ábhar cionta iad a choigistiú.
Féadfar pionóis a laghdú, áfach, má thréigeann an ciontóir a ghníomhaíochtaí mídhleathacha agus má chuireann sé faisnéis ar fáil do na húdaráis riaracháin nó dhlíthiúla a bheidh ina chuidiú chun ciontóirí eile a shainaithint.
Ní foláir nó go n-áireofaí fíneálacha i gcomhair cionta coiriúla nó neamhchoiriúla le smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha. Féadfar smachtbhannaí eile a fhorchur chomh maith, lena n–áirítear an foras a chur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach nó é a dhúnadh ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan.
Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 12 Samhain 2004.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála neamhdhleathaí ar dhrugaí (IO L 335, 11.11.2004, lgh. 8-11)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh Réime 2004/757/CGB a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo a luach doiciméadach amháin.
Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/2170 ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le fúráinilfeantainil a chur faoi réir bearta rialaithe (IO L 306, 22.11.2017, lgh. 19-20)
Treoir (AE) 2017/2103 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle d’fhonn substaintí sícighníomhacha nua a áireamh sa mhíniú ar an téarma “druga” agus lena leasaítear Cinneadh 2005/387/CGB ón gComhairle (IO L 305, 21.11.2017, lgh. 12-18)
Rialachán (AE) 2017/2101 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 maidir le malartú faisnéise agus córas luathrabhaidh agus nós imeachta measúnaithe riosca ar shubstaintí sícighníomhaíocha nua (IO L 305, 21.11.2017, lgh. 1-7)
Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (athmhúnlú) (IO L 376, 27.12.2006, lgh. 1-13)
Nuashonraithe 20.02.2018