Pasirinkite eksperimentines funkcijas, kurias norite išbandyti

Šis dokumentas gautas iš interneto svetainės „EUR-Lex“

Comhaontú Cotonou

ACHOIMRE AR:

Comhaontú comhpháirtíochta 2000/483/CE idir tíortha ACC agus AE

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA?

Tá Comhaontú Cotonou ina chuid lárnach den chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach (AE), Ballstáit AE agus 79 tír de chuid na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC).

Tá sé mar aidhm leis cur le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, tacú le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha inbhuanaithe na dtíortha comhpháirtíochta agus cuidiú le comhtháthú a ngeilleagair de réir a chéile sa gheilleagar domhanda.

PRÍOMHPHOINTÍ

Príomhphrionsabail

Dlúthchomhpháirtíocht is ea Comhaontú Cotonou atá bunaithe ar shraith prionsabal:

  • tá comhpháirtithe an chomhaontaithe ionann le chéile;
  • cinneann na tíortha ACC a mbeartais forbartha féin;
  • ní bhaineann an comhar le comhar i measc na rialtas amháin — glacann parlaimintí, údaráis áitiúla, an tsochaí shibhialta, an earnáil phríobháideach agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta ról chomh maith;
  • Braitheann socruithe agus tosaíochtaí comhair de réir gnéithe amhail leibhéil forbartha na dtíortha.

Eagrú

Tá comhinstitiúidí ar bun chun tacú le cur chun feidhme Chomhaontú Cotonou.

  • Déanann Comhairle na nAirí ACC-AE, le cuidiú ón gCoiste Ambasadóirí an méid seo a leanas:
    • idirphlé polaitiúil a stiúradh;
    • treoirlínte beartais a ghlacadh; agus
    • cinntí a dhéanamh chun an comhaontú a chur chun feidhme.
  • Cuireann an chomhairle tuarascáil bhliantúil ar an dul chun cinn faoi bhráid Chomhthionól Parlaiminteach an ACC–AE. Déanann an comhlacht comhairleach seo moltaí ar ghnóthú spriocanna an chomhaontaithe.
  • Pléann Comhchoiste Aireachta um Thrádáil ACC-AE ceisteanna trádála is ábhar cúraim do gach tír ACC. Déanann sé faireachán ar idirbheartaíocht agus ar chur chun feidhme comhaontuithe um chomhpháirtíocht eacnamaíoch. Déanann sé iniúchadh chomh maith ar thionchar na hidirbheartaíochta iltaobhaí trádála ar thrádáil ACC-AE agus ar fhorbairt gheilleagair ACC.
  • Déanann Coiste ACC-AE um Chomhar i Maoiniú na Forbraíochta scrúdú ar chur chun feidhme an chomhair i maoiniú na forbraíochta agus déanann sé faireachán ar an dul chun cinn.

Gné pholaitiúil

gné pholaitiúil Chomhaontú Cotonou tábhachtach agus cuimsítear ann:

  • comhagallamh polaitiúil cuimsitheach ar shaincheisteanna náisiúnta, réigiúnacha agus domhanda;
  • cearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha a chur chun cinn;
  • beartais um chothú na síochána agus cosc agus réiteach coinbhleachtaí a fhorbairt;
  • aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna imirce agus slándála, lena n–áirítear an comhrac i gcoinne sceimhlitheoireachta agus dul i ngleic le leathadh na n–arm ollscriosta.

Gníomhaíochtaí

Cuimsítear sa chomhaontú gníomhaíochtaí comhair chun borradh a chur faoi na nithe seo a leanas:

  • forbairt eacnamaíoch a dhíríonn ar earnálacha tionsclaíocha talmhaíochta nó turasóireachta thíortha ACC;
  • forbairt shóisialta agus dhaonna chun seirbhísí sláinte, oideachais agus cothúcháin a fheabhsú; agus
  • comhar agus comhtháthú réigiúnach chun trádáil a leathnú agus a chur chun cinn i measc thíortha ACC.

Maoinítear na gníomhaíochtaí sin tríd an gCiste Eorpach Forbraíochta agus, ó 2021 i leith, tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

Leis an gcomhaontú comhlánaítear rialacha na hEagraíochta Trádála Domhanda, agus cuirtear ar chumas stáit ACC páirt iomlán a ghlacadh i dtrádáil idirnáisiúnta.

Athbhreithniú ar an gcomhaontú

Síníodh an comhaontú in 2000.

Rinneadh an t–athbhreithniú is déanaí air in 2017 le Cinneadh (AE) 2017/435. In 2010, cuireadh an comhaontú in oiriúint chun díriú ar cheisteanna amhail:

Cuireadh tús le hidirbheartaíocht ar chomhaontú úr i mí Mheán Fómhair 2018.

Glacadh le teachtaireacht in 2016 maidir le comhpháirtíocht athnuaite don tréimhse iar-2020. Maidir leis an teachtaireacht:

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tá feidhm léi ón agus bhí sí le dul in éag ar dtús ar an .

Sínítear feidhmiú an chomhaontuithe le Cinneadh Uimh. 1/2022 go dtí an , nó go dtí go dtiocfaidh an comhaontú nua a ghabhann in ionad Chomhaontú comhpháirtíochta 2000/483/CE i bhfeidhm (nó go gcuirfear i bhfeidhm go sealadach é).

CÚLRA

Tosaíodh an idirbheartaíocht idir an tAontas Eorpach agus tíortha ACC ar chomhaontú nua in 2018 agus tiocfaidh sé in ionad Chomhaontú Comhpháirtíochta 2000/483/CE.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Comhaontú comhpháirtíochta 2000/483/CE idir comhaltaí ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an — Prótacail — Ionstraim Chríochnaitheach — Dearbhuithe (IO L 317, , lgh. 3-353).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chomhaontú Comhpháirtíochta 2000/483/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Į viršų