Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch — Prótacal Cartagena ar an mbithshábháilteacht

ACHOIMRE AR:

Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch

Cinneadh 2002/628/CE maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht

CAD IS AIDHM LEIS AN BPRÓTACAL AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Tá prótacal Cartagena a ghabhann leis an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch 1993 (féach an achoimre) bunaithe ar an bprionsabal réamhchúraim1. Tá sé mar aidhm leis aon dochar d’éagsúlacht bhitheolaíoch a chosc nuair a dhéantar orgánaigh bheo mhodhnaithe2 a aistriú, a láimhseáil nó a úsáid, go háirithe thar teorainneacha (Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 — féach an achoimre). Cuirtear rioscaí do shláinte an duine san áireamh.
  • Leis an gcinneadh ón gComhairle tugtar ceadú dlíthiúil an Aontais Eorpaigh don phrótacal.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir le gach sínitheoir leis an bprótacal:

  • glacann sé na bearta dlíthiúla, riaracháin agus bearta eile is gá agus is iomchuí chun a ngealltanais a chur chun feidhme;
  • cinntíonn sé go gcuirfear cosc nó laghdú ar an mbaol don bhithéagsúlacht le forbairt, láimhseáil, iompar, úsáid, aistriú agus scaoileadh aon orgánach beo modhnaithe;
  • féadfaidh sé bearta breise a ghlacadh chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na héagsúlachta bitheolaíche a chosaint;
  • spreagtar é chun obair agus saineolas comhlachtaí idirnáisiúnta a dhéanann sainfheidhmiú ar rioscaí do shláinte an duine a chur san áireamh;
  • féadfaidh sé páirt a ghlacadh i gcomhaontuithe agus i socruithe déthaobhacha, réigiúnacha agus iltaobhacha, lena n–áirítear le tíortha neamhshínithe, ar choinníoll nach laghdófar na leibhéil chosanta leo sin;
  • ní mór meicníochtaí, bearta agus straitéisí iomchuí a chur i bhfeidhm chun rioscaí aitheanta a rialú;
  • comhoibríonn sé chun orgánaigh bheo mhodhnaithe a shainaithint a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith acu;
  • comhoibríonn sé chun acmhainní daonna agus institiúideacha a fhorbairt chun bithshábháilteacht3 a chosaint agus feasacht an phobail a ardú;
  • ní mór dóibh fógra a thabhairt do thíortha lena mbaineann nó do thíortha a bhféadfadh baint a bheith acu leis, don Teach Imréitigh Bithshábháilteachta agus, más gá, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha maidir le haon eachtra ina dhlínse a d’fhéadfadh díobháil trasteorann a dhéanamh;
  • cinntíonn sé láimhseáil, pacáistiú, sainaithint agus iompar sábháilte orgánach beo modhnaithe onnmhairithe, mar aon leis an doiciméadacht riachtanach;
  • soláthraíonn sé sonraí don Teach Imréitigh Bithshábháilteachta faoina dhlíthe náisiúnta, measúnuithe riosca, cinntí agus faisnéis eile a éilítear leis an bprótacal;
  • cuireann sé bearta intíre iomchuí chun feidhme chun trádáil neamhdhleathach in orgánaigh bheo mhodhnaithe a chosc agus chun pionós a ghearradh ina leith;
  • féadfaidh sé tarraingt siar ón bprótacal 1 bhliain amháin tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt.

Baineann an prótacal le gach gluaiseacht idirnáisiúnta, idirthuras, láimhseáil nó úsáid orgánach beo modhnaithe a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don éagsúlacht bhitheolaíoch agus do shláinte an duine, seachas le haghaidh cógais dhaonna a chumhdaítear i gcomhaontuithe nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Baineann nós imeachta comhaontaithe réamhaisnéise leis an gcéad onnmhairiú d’orgánaigh bheo mhodhnaithe a tugadh isteach sa timpeallacht d’aon ghnó, ach amháin iad siúd a sainaithníodh cheana féin mar chinn nach bhfuil díobhálach don bhithéagsúlacht ná do shláinte an duine. Éilítear na nithe seo a leanas chun na críche sin:

  • go dtabharfaidh an tír is onnmhaireoir an fógra i scríbhinn roimh ré do na húdaráis allmhairiúcháin ábhartha ina mbeidh mionsonraí sonracha (leagtha amach in Iarscríbhinn I) faoin loingsiú;
  • ní mór do na húdaráis allmhairiúcháin a admháil go bhfuarthas an fógra laistigh de 90 lá agus cinneadh a dhéanamh an bhféadfaidh an t–allmhairiú dul ar aghaidh nó nach bhféadfaidh. Féadfaidh siad:
    • an t–allmhairiú a cheadú, le coinníollacha nó gan iad,
    • diúltú don allmhairiú,
    • faisnéis bhreise a iarraidh,
    • cinneadh a dhéanamh má tá níos mó ama ag teastáil chun an fógra a phróiseáil,
    • cinneadh a rinneadh níos luaithe a athrú i bhfianaise faisnéis eolaíoch nua,
    • nós imeachta simplithe a chur i bhfeidhm in imthosca áirithe,
    • a cheadú go gcoinneofar faisnéis áirithe arna cur isteach ag an bhfógróir faoi rún. Ní bhaineann sé sin le tuairisc ghinearálta ar an earra, achoimre ar an measúnú riosca nó bearta chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil.

Baineann nós imeachta sonrach le horgánaigh bheo mhodhnaithe lena n–úsáid go díreach mar bhia, beatha nó próiseáil. Ní mór do thír a chinneann gur féidir earra a úsáid nó a dhíol ar a margadh baile, a d’fhéadfaí a onnmhairiú ansin freisin, faisnéis mhionsonraithe (atá leagtha amach in Iarscríbhinn II) a sholáthar do shínitheoirí eile tríd an Teach Imréitigh Bithshábháilteachta.

Déantar foráil sa phrótacal i leith measúnuithe riosca bunaithe ar mhodheolaíochtaí atá slán ó thaobh na heolaíochta de (Iarscríbhinn III).

Déanann pointe fócais náisiúnta i ngach tír idirchaidreamh leis an rúnaíocht arna bunú ag an gcoinbhinsiún. Déanann údaráis náisiúnta shonraithe na cúraimí riaracháin a éilítear ón bprótacal.

Bunaítear Teach Imréitigh Bithshábháilteachta chun:

  • malartú faisnéise eolaíche, teicniúla, comhshaoil agus rialála a láimhseáil;
  • cabhrú le sínitheoirí, go háirithe iad siúd is mó atá i ngátar, d’fhonn an prótacal a chur chun feidhme;

I gcomhdháil na bpáirtithe, lena mbaineann sínitheoirí uile an choinbhinsiúin, déantar athbhreithniú ar an bprótacal, déantar é a mheas gach 5 bliana, moltar bearta atá le glacadh agus bunaítear fochuideachtaí.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an prótacal i bhfeidhm an .

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Prionsabal réamhchúraim: má tá bagairtí ann go ndéanfar damáiste tromchúiseach nó dochúlaithe, ní úsáidfear easpa cinnteacht eolaíoch iomláin mar chúis le bearta costéifeachtacha a chur siar chun díghrádú comhshaoil a chosc (Prionsabal 15 de Dhearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus Forbairt).
  2. Orgánach beo modhnaithe: aon orgánach beo le teaglaim nua d’ábhar géiniteach arna chruthú ag biteicneolaíocht nua–aimseartha.
  3. Bithshábháilteacht: sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag táirgí na biteicneolaíochta nua–aimseartha.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Prótacal Cartagena ar an mbithshábháilteacht a ghabhann leis an gcoinbhinsiún maidir leis an éagsúlacht bhitheolaíoch (IO L 201, , lgh. 50-65)

Cinneadh 2002/628/CE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht (IO L 201, , lgh. 48-49)

nuashonrú is deireanaí

Top