Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Is é is aidhm léi soiléireacht a dhéanamh ar chosaint dhlíthiúil ríomhchlár agus deireadh a chur leis na difríochtaí inti i dtíortha éagsúla an Aontais Eorpaigh (AE) chun cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánacha.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ní mór do thíortha AE na ríomhchláir a chosaint le cóipcheart.
Áirítear ar ríomhchláir a n-ábhair deartha ullmhúcháin.
Raon feidhme
Tá feidhm ag an gcosaint dá bhforáiltear sa treoir seo maidir le:
slonn ríomhchláir i bhfoirm ar bith, ach ní na smaointe agus na prionsabail is bonn le ríomhchlár nó le heilimintí ar bith de;
ríomhchlár arb é an bun-ríomhchlár é sa chiall gurb ionann é agus cruthú intleachtúil an údair féin;
ríomhchláir a chruthaíodh roimh an , gan dochar do ghníomhartha ar bith a cuireadh i gcrích nó cearta ar bith a fuarthas roimh an dáta sin.
Údarthacht
Is é údar ríomhchláir an duine nó grúpa daoine a chruthaigh an clár nó, sa chás go gceadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta é, duine dlítheanach, i.e. cuideachta nó eintiteas dlítheanach eile.
Má bhíonn roinnt daoine páirteach i gclár a chruthú, beidh na cearta eisiacha sealbhaithe i gcomhpháirt ag na daoine sin.
Má cruthaíonn fostaí ríomhchlár le linn a chuid nó a cuid dualgas nó le linn leanúint le treoracha óna fhostóir nó óna fostóir, beidh na cearta eacnamaíocha a bhaineann leis an ríomhchlár ag an bhfostóir amháin.
Cearta eisiacha an tsealbhóra ceart
Féadfaidh an sealbhóir ceart ríomhchláir iad seo a leanas a dhéanamh, nó údarú a thabhairt do dhaoine eile iad seo a leanas a dhéanamh:
an clár, nó cuid de, a atáirgeadh ar bhonn buan nó ar bhonn sealadach;
an clár a aistriú, a oiriúnú, a eagrú agus athrú ar bith eile a dhéanamh air;
an clár a dháileadh.
Teorainneacha na gceart eisiach sin (níl gá ar bith le húdarú a fháil ón sealbhóir ceart roimh ré)
Féadfaidh faighteoir dleathach cláir an clár a atáirgeadh, a aistriú, a oiriúnú nó a athrú, nuair is gá d’fhonn an clár a úsáid i gcomhréir leis an gcuspóir dá bhfuil sé beartaithe.
Féadfaidh duine a bhfuil an ceart aige nó aici úsáid a bhaint as an ríomhchlár cóip chúltaca a dhéanamh a mhéid is gá sin don úsáid sin.
Féadfaidh an duine sin breathnú ar fheidhmiú an chláir, staidéar a dhéanamh air nó é a thástáil chun na smaointe agus na prionsabail is bonn le heilimint ar bith den chlár a oibriú amach.
Ní theastaíonn údarú roimh ré ón sealbhóir ceart sa chás go bhfuil atáirgeadh an chóid agus aistriú a foirme riachtanach chun faisnéis a theastaíonn chun idir-inoibritheacht2 ríomhchláir úir le cláir eile a bhaint amach.
Tá feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:
is é an ceadúnaí nó duine eile ag a bhfuil ceart cóip de chlár a úsáid a dhéanann na gníomhartha sin;
ní raibh an fhaisnéis maidir le hidir-inoibritheacht ar fáil go héasca roimhe seo;
tá na gníomhartha sin teoranta do chodanna an bhunchláir is gá chun idir-inoibritheacht a bhaint amach.
Bearta speisialta um chosaint
Ní mór do thíortha AE bearta a dhéanamh i gcoinne daoine ar bith a dhéanann ceann ar bith díobh seo a leanas:
cóip sháraitheach de ríomhchlár a scaipeadh;
bheith i seilbh cóip sháraitheach cláir chun críche tráchtála;
modhanna ar bith a scaipeadh nó a bheith ina seilbh, arb é a t-aon aidhm gaireas cosanta teicniúil ar bith a bhaint nó a sheachaint gan údarú, chun críche tráchtála.
Féadfar cóip sháraitheach de ríomhchlár a ghabháil i gcomhréir le dlíthe náisiúnta thíortha AE.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón . Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin , an dáta atá léirithe i dTreoir 91/250/CEE atá códaithe le Treoir 2009/24/CE.