Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dópáil sa spórt áineasa a chomhrac

Tá Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) ag obair trí thionscnaimh éagsúla ar dhópáil sa spórt áineasa a chomhrac, ar fadhb í atá ag dul i méid.

ACHT

Conclúidí na Comhairle de 10 Bealtaine 2012. Iris Oifigiúil C 169 de 15.6.2012

ACHOIMRE

Ghlac Ballstáit an AE le dópáil sa spórt áineasa a chomhrac trí thionscnaimh éagsúla a chur i bhfeidhm.

Fadhb atá ag dul i méid is ea an dópáil sa spórt áineasa, sa spórt iomaíoch amaitéarach, in ionaid chorpacmhainne agus fiú i réimsí eile. Sa spórt áineasa, féachtar go príomha le bearta frithdhópála, sláinte na ndaoine a mbíonn aclaíocht ar siúl acu a chosaint, mar aon le sláine thimpeallachtaí an spórt áineasa.

Aithníonn Ballstáit an AE gur fadhb í an dópáil ar fud an AE sa spórt áineasa agus i dtimpeallachtaí an spórt áineasa amhail ionaid aclaíochta, a théann i gcion go háirithe ar dhaoine óga agus a mbaineann baol léi do shláinte úsáideoirí na dópála agus dóibh siúd atá i ngarthimpeallacht na n-úsáideoirí sin.

Tugtar faoi deara chomh maith go ndéanann dópáil dochar do shláine na spóirt áineasaagus go bhfuil sí nasctha le feiniméin dhiúltacha shóisialtaamhail gáinneáil neamhdhleathach ar shubstaintí dópála .

Níl mórán eolais ar fáil faoi dhópáil sa spórt áineasa ar leibhéal an AE agus ar leibhéal idirnáisiúnta.

I measc na dtionscnamh ar glacadh leo ag Ballstáit an AE tá:

  • Forbairt clár oideachasúil, fheachtais eolais nó beart coisctheach eile maidir le dópáil sa spórt áineasa;
  • Dlúthchomhar idir údaráis phoiblí, an ghluaiseacht spórt agus an earnáil chorpacmhainne maidir le comhthionscadail, le treoirlínte agus le rialacháin a fhorbairt;
  • Creat de bhearta náisiúnta éifeachtacha agus cuí chun imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeadh, ar gháinneáil, ar dháileadh agus ar sheilbh substaintí dópála sa spórt áineasa agus bearta sriantacha a chur i bhfeidhm ina leith.

Cuireadh de chúram ar Shainghrúpa an AE um Fhrithdhópáil ag Ballstáit an AE dea-chleachtais a bhailiú maidir leis an troid in aghaidh dópála sa spórt áineasa i mBallstáit an AE, lena n-áirítear cosc, oideachas, rialú agus bearta gaolmhara, mar aon le téarnamh ó mhí-úsáid substaintí. Tá obair á déanamh ag an Sainghrúpa ar shraith moltaí a tháirgeadh maidir le dópáil sa spórt áineasa a chomhrac, moltaí ar féidir a chur i bhfeidhm ar leibhéal an AE agus ar leibhéal náisiúnta araon.

Chomh maith leis sin, d’iarr Ballstáit an AE ar an Choimisiún Eorpach dul i mbun staidéir chun bonn fianaise a fhorbairt le haghaidh beartas a dearadh chun dópáil sa spórt áineasa a chomhrac, lena n-áirítear trí eolas a bhailiú maidir le húsáid substaintí dópála sa spórt áineasa i mBallstáit an AE.

D’iarr siad ar an Choimisiún Eorpach roinnt an dea-chleachtais sa réimse seo a chur chun cinn agus a thacú agus mhol siad na réimsí seo a leanas:

  • Oideachas, eolas agus múscailt feasachta poiblí;
  • Tástálacha a dhéanamh le haghaidh substaintí dópála sa spórt áineasa;
  • Cóireáil agus téarnamh maidir le mí-úsáid dhópála sa spórt áineasa;
  • Ábhar i bhforbhianna cothaitheacha a lipéadú agus a rialú chun iontógáil neamhaireach de shubstaintí dópála a sheachaint;
  • Bearta reachtacha ar éirigh leo dul i ngleic le dópáil sa spórt áineasa i mBallstáit an AE ar leith.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta lena thrasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Conclúidí na Comhairle de 10 Bealtaine 2012

-

-

IO C 169 de 15.6.2012

Nuashonrú is déanaí: 04.02.2014

Top