Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta — tíortha AE agus tíortha neamh-AE

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is éard is aidhm leis aistriú réidh a chinntiú ón gcóras reatha um chonarthaí déthaobhacha infheistíochta idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE chuig córas faoina ndéanann an Coimisiún Eorpach na comhaontaithe déthaobhacha infheistíochta a chaibidliú.

Ceanglaítear an t–aistriú i ndiaidh ghlacadh Chonradh Liospóin. Bunaítear le hAirteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheistíocht dhíreach eachtrach mar inniúlacht AE atá mar chuid de chomhbheartas tráchtála AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cad is conarthaí déthaobhacha infheistíochta ann?

Bunaítear leo na téarmaí agus na coinníollacha maidir le hinfheistíocht dhíreach arna déanamh ag náisiúnaigh agus cuideachtaí tíre amháin i dtír eile.

Comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir tír AE agus tír neamh-AE:

  • Maidir le comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a síníodh roimh an i ndiaidh don Choimisiún iad a údarú:
    • féadfar iad a choinneáil i bhfeidhm nó a chur i bhfeidhm faoi choinníollacha an rialacháin go dtí go dtiocfaidh comhaontú déthaobhach infheistíochta i bhfeidhm;
    • féadfar iad a leasú (lena n–áirítear dul i ngleic le neamhréireacht idir an comhaontú déthaobhach infheistíochta agus dlí AE) nó féadfar comhaontú nua a thabhairt chun críche faoi réir na gcoinníollacha arna leagan amach sa rialachán;
  • coimeádtar comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a síníodh idir agus i bhfeidhm nó cuirtear i bhfeidhm iad mura, i dtuairim an Choimisiúin, dtagann siad salach ar dhlí eile AE, mura mbíonn siad ar neamhréir le prionsabail AE agus mura meastar go bhfuil siad iomarcach i bhfianaise chaibidliú an Choimisiúin leis an tír neamh-AE sin;
  • má chomhlíontar coinníollacha an rialacháin, féadfaidh an Coimisiún údarú a thabhairt do thír AE dul isteach i gcaibidlíocht le tír neamh-AE maidir le comhaontú déthaobhach infheistíochtacomhaontú déthaobhach infheistíochta úr a shíniú agus a thabhairt chun críche má bhíonn torthaí na caibidlíochta ar aon dul le ceanglais an rialacháin.

Maoirseacht

Tugadh cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún lena chinntiú go gcuirfear an rialachán chun feidhme go haonfhoirmeach agus go gcuideoidh an Coiste maidir le Comhaontuithe Infheistíochta leis.

Ní mór don Choimisiún tuairisc a thabhairt maidir le chur chun feidhme an rialacháin roimh an .

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón .

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1219/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear socruithe comhaontuithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha (IO L 351, , lgh. 40-46)

nuashonrú is deireanaí

Top