Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ráthaíocht don Aos Óg

Gealltanas na mBallstát le cinntiú go bhfaigheann gach uile dhuine óg faoi bhun 25 bliana d’aois tairiscint fostaíochta, oideachas leantach, printíseacht nó cúrsa oiliúna de dhea-chaighdeán, nach mó ná ceithre mhí de phost a chailleadh nó den oideachas foirmiúil a fhágáil.

ACHT

Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (IO C 120, 26.4.2013, lch. 1)

ACHOIMRE

Tá 7.5 milliún duine óg san Aontas Eorpach (AE) gan phost, oideachas ná oiliúint. Is ionann é seo agus 12.9 % de dhaoine óga na hEorpa atá idir 15 bliana d’aois agus 24 bliana d’aois. Leis an Ráthaíocht don Aos Óg, bíonn fios ag daoine óga ar an mhargadh saothair agus cuirtear lena slándáil fhadtéarmach fostaíochta. D’fhág Ballstáit an AE de cheangal orthu féin Ráthaíochtaí don Aos Óg a bhunú chun tairiscint poist, printíseachta, cúrsa oiliúna nó oideachais leantaigh de dhea-chaighdeán - atá oiriúnaithe do riachtanais an duine - a chur ar fáil nach mó ná ceithre mhí de phost a chailleadh nó den oideachas foirmiúil a fhágáil.

Scéimeanna Ráthaíochta Náisiúnta don Aos Óg

Tá scéimeanna náisiúnta á mbunú ag tíortha an AE chun an Ráthaíocht don Aos Óg a chur ar fáil.

Le scéim Ráthaíochta don Aos Óg a fhorbairt agus a chur ar fáil, ní mór do na príomhpháirtithe leasmhara ar fad obair as lámha a chéile, .i. údaráis phoiblí, seirbhísí fostaíochta, soláthraithe gairmthreorach, institiúidí oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí don aos óg, gnóthais, fostóirí, ceardchumainn, srl.

Is ríthábhachtach iad an luath-idirghabháil agus an gníomhachtú agus, i mórán cásanna, bíonn athchóirithe de dhíth, mar shampla an gairmoideachas agus córais oiliúna a fheabhsú.

Tá cabhair á soláthar ag an Aontas Eorpach do thíortha an AE chun an scéim Ráthaíochta don Aos Óg a bhunú a luaithe agus is féidir. Tá roinnt an dea-chleachtais idir rialtais á héascú ag an Choimisiún chomh maith.

“Tairiscint de dhea-chaighdeán”

Más tairiscint de dhea-chaighdeán atá ann, ba cheart go n-éireodh leis an duine a mbaineann leas aisti bheith páirteach go hinbhuanaithe i margadh an tsaothair, is é sin le rá, nach gcaillfeadh sé nó sí a p(h)ost ná nach mbeadh sé nó sí neamhghníomhach arís as sin amach.

Go háirithe, is éard is brí le “tairiscint de dhea-chaighdeán” ná: treoir phearsantaithe a chur ar fáil agus plean gníomhaíochta aonair a fhorbairt a d’fhéadfadh tairiscint atá oiriúnach don duine sin teacht as (post, oideachas leantach, printíseacht nó cúrsa oiliúna).

Túsphointe

Cruthaíodh an Ráthaíocht don Aos Óg i gcomhair gach uile dhuine óg - cibé an bhfuil siad cláraithe leis na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta nó nach bhfuil.

Le go mbeidís in ann leas a bhaint as an Ráthaíocht don Aos Óg, ba cheart do dhaoine óga clárú le seirbhís fostaíochta ar dtús. Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit túsphointe comhfhreagrach a shainiú maidir leis an Ráthaíocht don Aos Óg a chur ar fáil laistigh den tréimhse ama chéanna de cheithre mhí do NEETanna (daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta nó oiliúna) nach bhfuil cláraithe le seirbhís fostaíochta.

Scéal rathúil

D’fhorbair an Fhionlainn scéim uileghabhálach Ráthaíochta don Aos Óg. De réir measúnaithe Eurofound, sa bhliain 2011, fuair 83.5 % d’ógchuardaitheoirí poist tairiscint rathúil nach mó ná trí mhí tar éis dóibh clárú mar dhuine dífhostaithe. Buíochas le scéim na Fionlainne, dréachtaíodh pleananna pearsantaithe do dhaoine óga níos tapa, rud a laghdaigh an dífhostaíocht faoi dheireadh.

Chun léargas ginearálta a fháil ar thionscnaimh chomhchosúla náisiúnta, féach http://ec.europa.eu/social/youthguarantee.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta lena thrasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Moladh ón gComhairle

-

-

IO C 120, 26.4.2013, lch. 1.

Nuashonraithe 13.01.2014

Top