Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Prionsabal na comhréireachta

Tá prionsabal na comhréireachta leagtha síos in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Féachtar ann le gníomhaíochtaí a dhéanann institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) laistigh de theorainneacha sonracha a leagan síos.

Maidir le bearta AE faoin bprionsabal seo:

  • ní mór dóibh a bheith oiriúnach chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach;
  • ní mór dóibh a bheith riachtanach chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach; agus
  • ní mór nach gcuirfear ualach leo ar an duine aonair atá iomarcach i dtaca leis an gcuspóir a bhfuiltear ag féachaint lena bhaint amach (comhréireacht sa chiall chúng).

Tá dlúthbhaint aige le prionsabal na coimhdeachta, lena gceanglaítear nach ngníomhóidh an tAontas Eorpach ach amháin má tá sé níos éifeachtaí ná gníomhú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. I bprionsabal gaolmhar eile, prionsabal na tabhartha, sonraítear go gcoinneofar réimsí beartais ar bith nach mbeidh comhaontaithe go sainráite sna conarthaí ag na Ballstáit go léir ina réimse.

Tá na critéir chun é a chur i bhfeidhm leagtha amach sa phrótacal (Uimh. 2) maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na coimhdeachta agus phrionsabal na comhréireachta i gceangal leis na conarthaí.

I gcás go sárófar prionsabal na comhréireachta, féadfaidh iarratasóirí — ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha — cur i gcoinne bhailíocht na mbeart ábhartha os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

FÉACH FREISIN

Top