This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Faoin mbunphrionsabal seo de dhlí an Aontais Eorpaigh (AE), atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní ghníomhaíonn an tAontas Eorpach ach laistigh de theorainneacha na n–inniúlachtaí a thugann Ballstáit AE dó faoi na conarthaí. Sainítear na hinniúlachtaí sin in Airteagail 2–6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá inniúlachtaí nach dtugtar don Aontas Eorpach leis na conarthaí go hiomlán faoi na Ballstáit fós.
Cé go rialaítear teorainneacha inniúlachtaí AE le prionsabal na tabhartha, rialaítear úsáid na n-inniúlachtaí de réir phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.