This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is ionann prionsabal an réamhchúraim agus cur chuige maidir le bainistíocht riosca, i gcás go bhfuil an seans ann go ndéanfaí dochar don phobal nó don chomhshaol le beartas nó le gníomh ar leith agus mura bhfuil ann go fóill do chomhaontú eolaíochta maidir leis an tsaincheist, nár cheart an beartas nó an gníomh a dhéanamh. D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeartas nó ar an ngníomh, áfach, nuair a bheidh níos mó faisnéis eolaíoch ar fáil. Tá an prionsabal leagtha amach in Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
Leagadh amach coincheap phrionsabal an réamhchúraim den chéad uair i dteachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach a glacadh i mí Feabhra 2000, inar sainmhíníodh an coincheap agus inar beartaíodh conas a chuirfí i bhfeidhm é.
Ní ceadmhach prionsabal an réamhchúraim a agairt ach amháin má tá riosca féideartha ann agus ní féidir é a úsáid chun údar a thabhairt le cinntí aondeonacha dá bharr.
Áirítear le samplaí inar chuir an tAontas Eorpach prionsabal an réamhchúraim i bhfeidhm a chreat rialála maidir le ceimiceáin (Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 — ar a dtugtar REACH) agus an Rialachán ginearálta maidir le dlí an bhia (Rialachán (CE) Uimh. 178/2002).