This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is é an ceart achainí ná an ceart atá ag saoránach an Aontais Eorpaigh (AE) agus ag duine nádúrtha nó dlíthiúil ar bith, a bhfuil cónaí air nó uirthi nó a bhfuil oifig chláraithe aige i mBallstát AE, chun iarratas nó gearán a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le hábhar ar bith a thagann faoi réimsí gníomhaíochta AE agus a mbíonn tionchar díreach aige air nó uirthi (Airteagal 227 den Chonradh ar Fheidhmiú AE).
Sainítear achainíocha mar seo a leanas:
Is é an Coiste um Achainíocha de chuid na Parlaiminte, a oibríonn ar son shaoránaigh agus chónaitheoirí AE, a dhéanann cinneadh maidir le cibé an mbíonn iarratais dá leithéid inghlactha. Féadfaidh an coiste ceist a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman má mheasann sé go bhfuil sé cuí. Nuair a bhíonn tuairim á dréachtú aige maidir le hachainí a mheastar a bheith inghlactha, féadfaidh an coiste doiciméid nó faisnéis a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach. Féadfaidh sé an achainí a chur ar aghaidh freisin chun críocha faisnéise chuig coistí parlaiminteacha eile chun go bhféadfadh na coistí sin beart a dhéanamh. I gcásanna áirithe eisceachtúla, is féidir leis an gCoiste um Achainíocha tuairisc a chur faoi bhráid na Parlaiminte chun glacadh leis an achainí le linn seisiúin iomlánaigh nó chun dul i mbun misin faisnéise.