Elija las funciones experimentales que desea probar

Este documento es un extracto de la web EUR-Lex

Gníomhartha neamhreachtacha

I gcomhréir le hAirteagal 289 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

  • cinntí is ea iad gníomhartha neamhreachtacha a ghlacann an Coimisiún Eorpach go ginearálta, i ndiaidh tarmligin (gníomhartha tarmligthe) nó chun gníomh reachtach a chur chun feidhme (gníomhartha cur chun feidhme).
  • cinntí is ea iad gníomhartha reachtacha a ghlactar faoi ghnáthnós imeachta reachtach nó faoi nós imeachta reachtach speisialta.

Dá bhrí sin, chun go nglacfar gníomh neamhreachtach, ní mór go ndéanfaí an chumhacht chun é ghlacadh a tharmligean le gníomh reachtach chuig an gCoimisiún ar dtús. Ní foláir nó go bhfuil cuspóirí, inneachar, raon feidhme agus fad tharmligean na cumhachta chuig an gCoimisiún sainithe leis an ngníomh reachtach;

Tá tarmligean na cumhachta faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

  • féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cinneadh a dhéanamh an tarmligean a chúlghairm;
  • féadfar an gníomh tarmligthe a chur i bhfeidhm fad is nach gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in iúl laistigh den spriocdháta arna leagan síos leis an ngníomh reachtach.

Roinnt gníomhartha neamhreachtacha a ghlacadh i bhfoirm rialachán, treoracha nó cinntí nach sonraítear leo cé chucu a bhfuil siad dírithe. Sa chás sin, déanann Uachtarán na hinstitiúid a ghlac iad iad a shíniú.

Déantar rialachán agus treoracha a dhírítear ar gach tír AE, agus cinntí nach sonraítear leo cé chucu a bhfuil siad dírithe, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirtear iad sin i bhfeidhm ar an dáta atá sonraithe iontu nó, mura bhfuil dáta sonraithe, ar an 20ú lá i ndiaidh a bhfoilsithe.

Cuirtear treoracha agus cinntí eile lena sonraítear cé chucu a bhfuil siad dírithe, in iúl dóibh siúd a bhfuil siad dírithe chucu agus glacann siad éifeacht nuair a fhoilsítear iad.

FÉACH FREISIN

Arriba