This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Faigheann comhréiteach Ioannina a ainm as cruinniú neamhfhoirmiúil airí eachtracha AE i gcathair Ioannina sa Ghréig i ndeireadh mhí an Mhárta 1994. Ag an gcruinniú, ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le vótáil tromlaigh cháilithe in AE méadaithe de 16 bhall. Rinneadh an cinneadh a choigeartú níos déanaí mar gheall ar chinneadh na hIorua gan ballraíocht a ghlacadh.
Leagadh síos sa comhréiteach a rinneadh dá bharr, dá léireodh comhaltaí na Comhairle a raibh idir 23 (an seantairseach mionlach blocála — líon na vótaí a theastaíonn chun bac a chur ar chinneadh lena n–éilítear tromlach cáilithe lena fhaomhadh) agus 26 vóta (an tairseach mionlach blocála nua) a rún dul i gcoinne cinneadh ón gComhairle le tromlach cáilithe, dhéanfadh an Chomhairle gach rud go feadh a cumais, laistigh de thréimhse réasúnta ama, chun teacht ar réiteach sásúil a bhféadfadh 68 vóta ar a laghad as 87 vóta glacadh leis.
Tugtar sainiú úr isteach in Airteagal 16 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le riail an tromlaigh cháilithe a bheidh i bhfeidhm ón i leith.
Idir an dáta sin agus an , áfach, beidh gach Ballstát AE ábalta a iarraidh go gcuirfí na seanrialacha ualaithe i bhfeidhm. Bhí sé indéanta ‘comhréiteach Ioannina’ a chur i bhfeidhm freisin. Chuir sé sin ar chumas na dtíortha a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu do thrí thrian de dhaonra AE ar a laghad nó do thrí thrian de líon Bhallstáit AE ar a laghad a theastaíonn chun mionlach blocála a bhunú, dul i gcoinne an vóta maidir le gníomh ón gComhairle le tromlach cáilithe chun réiteach a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ama.
Ón i leith, bhí an riail úr um thromlach cáilithe éigeantach. Rinneadh céatadán gníomhachtaithe de “chomhréiteach Ioannina” a laghdú go 55% ar a laghad de dhaonra AE nó 55% ar a laghad de líon Bhallstáit AE a theastaíonn chun mionlach blocála a bhunú.