This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (go háirithe Airteagal 72), a tháinig i bhfeidhm in 2009, in éineacht leis an gCairt um Chearta Bunúsacha leagadh síos an bhunchloch le haghaidh bheartas slándála an Aontais Eorpaigh a fhorbairt bunaithe ar an smacht reachta, ar mheas ar chearta bunúsacha agus ar dhlúthpháirtíocht.
I ndiaidh chlár Stócólm a ghlacadh (clár AE um cheartas agus gnóthaí baile don tréimhse 2010-2014), ghlac an tAontas Eorpach, in 2010, a straitéis slándála inmheánaí (SSI). Toisc gur ceisteanna trasteorann agus trasearnála iad cuid mhaith de na dúshláin slándála (cibearchoireacht, sceimhlitheoireacht, inimirce neamhdhleathach agus coireacht eagraithe), níl aon Bhallstát aonair AE as féin in ann freagairt go héifeachtach do na bagairtí sin. Ina theannta sin, b’éigean don Eoraip a athléimneacht i leith géarchéimeanna agus tubaistí a fheabhsú. Ba é an SSI clár oibre comhpháirteach AE chun na hacmhainní agus an saineolas go léir a bhí ar fáil a úsáid chun dul i ngleic leis na dúshláin sin.
Ina dhiaidh sin, sa bhliain 2015, tháinig an Clár oibre Eorpach maidir leis an tslándáil 2015-2020, inar cuireadh béim mhór ar dhul i ngleic le ceisteanna sceimhlitheoireachta agus radacaithe chomh maith le coireacht eagraithe agus cibearchoireacht i ndiaidh ionsaithe Charlie Hebdo i bPáras an bhliain sin.
In 2020, leag an tAontas Eorpach a chuid príomhthosaíochtaí amach don tréimhse 2020-2025 ina straitéis an Aontais Eorpaigh um an aontas slándála. Leagtar amach sa straitéis ceithre thosaíocht straitéiseacha ar leibhéal an Aontais: