Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Chúirt Ghinearálta

Chomh maith leis an gCúirt Bhreithiúnais, tá an Chúirt Ghinearálta ar cheann de chúirteanna AE a chomhdhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Is é is aidhm leis na cúirteanna sin léirmhíniú agus forfheidhmiú aonfhoirmeach dhlí AE a áirithiú. Féadfar cinntí na Cúirte Ginearálta a achomharc chun na Cúirte Breithiúnais, ach ar phointe dlí amháin. Sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an , thugtaí an Chúirt Chéadchéime uirthi.

Tá freagracht ag an gCúirt Ghinearálta as déileáil leis an méid seo a leanas:

  • cásanna a chuireann daoine aonair nó cuideachtaí isteach i gcoinne gníomhartha a dhéanann institiúidí AE a dhíríonn orthu nó a bhainean leo go díreach agus ar bhonn indibhidiúil, lena n-áirítear cásanna ar chaidreamh fostaíochta idir institiúidí AE agus a mbaill foirne agus gníomhartha a bhaineann le cearta maoine intleachtúla;
  • caingne arna dtabhairt ag Ballstáit AE i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh;
  • caingne arna dtabhairt ag Ballstáit AE i gcoinne ghníomhartha áirithe na Comhairle;
  • caingne lena lorgaítear cúiteamh as damáiste a dhéanann institiúidí nó comhlachtaí AE.

Tá beirt bhreithiúna in aghaidh gach Ballstáit AE ar an gCúirt Ghinearálta. Ceaptar na breithiúna ar théarma in-athnuaite 6 bliana le comhaontú arna ghlacadh de thoil a chéile ag rialtais Bhallstáit AE. Ceapann breithiúna cláraitheoir ar feadh téarma 6 bliana.

FÉACH FREISIN

Top