This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Tarraingíonn beartas closamhairc an Aontais Eorpaigh (AE) ar bhunúis dhlí éagsúla sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arb iad na príomhchinn na rialacha maidir le saoirse bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar, mar aon le hAirteagal 167 ar chultúr agus ar chomhar cultúrtha agus ar Airteagal 173 ar thionscal an Aontais Eorpaigh. Bíonn tionchar mór ag rialacha AE eile, amhail rialacha maidir le hiomaíocht, Státchabhair agus oibleagáidí seirbhíse poiblí, ar an earnáil freisin.
Ba phríomhghné de ghníomhaíocht AE é nuair a cruthaíodh margadh aonair Eorpach um sheirbhísí closamhairc. Cuirtear creat ar fáil sa Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc 2010 chun saorghluaiseacht, táirgeadh agus dáileadh na gclár teilifíse Eorpach agus seirbhísí físeán ar éileamh a chur chun cinn. Chuir athbhreithniú 2018 ar an Treoir le cothrom na Féinne do chraoltóirí, do sholáthraithe seirbhísí físeán ar éileamh agus d’ardáin roinnte físe, agus neartaíodh cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha.
In 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta chun tacú le téarnamh agus claochlú earnáil na meán agus earnáil an chlosamhairc.
Tá sé mar aidhm ag clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021–2027) éagsúlacht chultúrtha na hEorpa a threisiú agus iomaíochas agus acmhainneacht eacnamaíoch na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a mhéadú, go háirithe an earnáil closamhairc.