Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhionannas deiseanna

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar shraith luachanna ina gcuimsítear neamh–idirdhealú, comhionannas agus urraim do dhínit an duine agus do chearta an duine, lena n–áirítear cearta daoine a bhaineann le mionlaigh, (Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach — CAE). Tá an cumas ag AE an t–eisiamh sóisialta agus an t–idirdhealú a chomhrac agus ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, comhionannas idir fir agus mná, dlúthpháirtíocht idir na glúine agus cosaint chearta an linbh a chur chun cinn.

Tugtar cumhacht don Aontas Eorpach le hAirteagal 8 den Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) chun bearta a thabhairt isteach ina ndéantar éagothroime a dhíothú agus spreagann sé é chun comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn ina bheartais.

Cuirtear buntaca le hAirteagal 153 de CFAE faoi ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh sa réimse um chomhdheiseanna agus um chóir chomhionann i gcúrsaí fostaíochta agus ceirde agus in Airteagal 157 de CFAE aithnítear an prionsabal gur chóir d’fhir agus do mhná pá comhionann a fháil d’obair chomhionann ar pá comhionann. Le hAirteagal 19 de CFAE, cuirtear ar chumas AE an t–idirdhealú bunaithe ar na nithe seo a leanas a chomhrac: inscne, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.

Ghlac AE roinnt treoracha lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná agus idir daoine beag beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar threoshuíomh gnéasach, ar aois nó ar mhíchumas i réimsí éagsúla an tsaoil.

  • Treoir 79/7/CEE maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile.
  • Treoir 2000/43/CE lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine beag beann ar a mbunús cine ná a mbunús eitneach.
  • Treoir 2000/78/CE lena mbunaítear creat ginearálta ar son na córa comhionainne i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha.
  • Treoir 2004/113/CE lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na cora comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain agus soláthar earraí agus seirbhísí;
  • Treoir 2006/54/CE maidir le cur chun feidhmefeidhme phrionsabal na gcomhdheiseanna agus na cora comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha.
  • Treoir 2010/41/AE maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá féinfhostaithe a chur i bhfeidhm.

Tá caibidil dar teideal “Comhionannas” mar chuid de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh atá mar aguisín leis an gConradh Liospóin. Leagtar amach prionsabail an neamh–idirdhealaithe (Airteagal 21), na héagsúlachta cultúrtha, creidimh agus teangeolaíche (Airteagal 22) agus comhionannas idir fir agus mná (Airteagal 23). Cumhdaítear cearta an linbh (Airteagal 24), daoine scothaosta (Airteagal 25) agus daoine faoi mhíchumais (Airteagal 26) inti chomh maith.

FÉACH FREISIN

Top