Elija las funciones experimentales que desea probar

Este documento es un extracto de la web EUR-Lex

Critéir um chóineasú

Chun an euro a ghlacadh mar a n–airgeadra, ní mór do thíortha AE a reachtaíocht náisiúnta a chur ar aon dul le dlí ábhartha an Aontais Eorpaigh. Lena chois sin, ní mór dóibh na ceithre choinníoll shonracha seo a leanas, ar a dtugtar na critéir um chóineasú, a comhaontaíodh in Maastricht in 1991, a chomhlíonadh.

  • Cobhsaíocht praghsanna. Feidhmíocht phraghais atá inbhuanaithe agus lena mbaineann meánbhoilsciú nach mó ná 1,5 pointe céatadáin os cionn ráta na dtrí thír is fearr feidhmiú sa limistéar euro.
  • Airgead poiblí fónta agus inbhuanaithe. Ní foláir nó nach mbeidh an tír faoi réir an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach.
  • Marthanacht an chóineasaithe. Ní foláir nó nach mbeidh an ráta úis ainmniúil fadtéarmach níos mó ná 2 phointe céatadáin os cionn ráta na dtrí thír is fearr feidhmiú sa limistéar euro maidir le cobhsaíocht praghsanna.
  • Cobhsaíocht an ráta malairte. Rannpháirtíocht i sásra ráta malairte (ERM II) ar feadh 2 bhliain ar a laghdú gan ghéartheannas, go háirithe gan díluacháil in aghaidh an euro, lena thaispeáint gur féidir leis an tír a geilleagar a bhainistiú gan dul i muinín luaineachtaí airgeadra iomarcacha.

Tá rialacha sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 140 agus prótacal innéacsaithe) maidir le hathrú chuig an tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, arb é sin an uair a ghlacann tíortha AE leis an euro mar airgeadra.

FÉACH FREISIN

Arriba