This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Toirmisctear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) iompar in aghaidh trustaí (frithiomaíoch) sna foirmeacha seo a leanas:
Toirmisctear faoi Airteagal 101 socruithe (.i. cairtéil) ina ndéanann dhá ghnólacht nó níos mó iarracht srian a chur le hiomaíocht. Féadfaidh comhaontuithe cothrománacha (idir iomaitheoirí ar an leibhéal céanna den slabhra soláthair, a mbíonn praghas-socrú ar siúl acu nó a chuireann teorainn le táirgeadh) nó comhaontuithe ingearacha (idir monaróir agus dáileoir mar shampla) a bheith i gceist. Féadfar socruithe sriantacha a cheadú faoi Airteagal 101(3), áfach, más rud é go mbaineann níos mó tionchar dearfach ná tionchar diúltach leo (má thagann feabhas ar tháirgeadh nó ar dháileadh táirgí, mar shampla).
Faoi Airteagal 102, ní ceadmhach do ghnólacht mí-úsáid a bhaint as a ceannasacht (.i. sciar tábhachtach den mhargadh) trí phraghsanna ró-ísle a ghearradh ar thomhaltóirí chun cosc a chur ar ghnólachtaí eile dul isteach sa mhargadh nó trí idirdhealú a dhéanamh idir comhpháirtithe tráchtála.
Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha móra a fhorchur ar ghnólachtaí as a leithéid de chleachtais neamhdhlíthiúla ghnó. Tugadh cumhacht do na húdaráis iomaíochta náisiúnta sa bhliain 2004 chun rialacha in aghaidh trustaí an AE a chur i bhfeidhm ar shocruithe agus ar mhí-úsáid ceannasachta ar an chaoi chéanna is a chuirtear i bhfeidhm iad ag an Choimisiún.