This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Tá ceann de na sraitheanna rialacha is cuimsithí ar domhan maidir le leas ainmhithe ag an Aontas Eorpach (AE), ina gclúdaítear ainmhithe feirme ar an bhfeirm, le linn iompair agus nuair a mharaítear iad.
Léirítear sna rialacha sin na cúig shaoirse atá i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cosaint Ainmhithe a Choinnítear le haghaidh Feirmeoireachta:
Leagtar síos le hAirteagal 13 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (AE) gur cheart aird iomlán a thabhairt ar riachtanais leasa ainmhithe, mar gheall gur neacha mothaitheacha iad.
Ó 1974, nuair a glacadh an chéad reachtaíocht AE maidir le leas ainmhithe, tá ceanglais maidir le leas ainmhithe tagtha chun cinn bunaithe ar eolas eolaíoch fónta, ag feabhsú cáilíocht beatha ainmhithe de réir ionchais na saoránach agus éilimh an mhargaidh.
Sa lá atá inniu ann, tá leas ainmhithe i gcroílár na hinbhuanaitheachta, toisc go bhfuil leibhéal maith leasa ainmhithe nasctha le níos lú úsáid a bheith á baint as antaibheathaigh, ainmhithe níos sláintiúla ag dul isteach sa bhiashlabhra agus laghdú ar thras–seoladh galar ó ainmhithe go daoine.
Is gné riachtanach den straitéis “Ón bhfeirm go dtí an forc” é leas ainmhithe, mar phríomhchuid lárnach i bhfeirmeoireacht stoic, a ghlac an Coimisiún Eorpach i mí Bealtaine 2020 i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Laistigh dá chreat, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le leas ainmhithe chun í a ailíniú leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí, a raon feidhme a leathnú, chun é a dhéanamh níos éasca í a fhorfheidhmiú agus ar deireadh chun leibhéal níos airde leasa ainmhithe a áirithiú. Bainfear úsáid as na conclúidí ón meastóireacht ar straitéis an Aontais maidir le cosaint agus leas ainmhithe 2012–2015 sa chomhthéacs sin. Breithneoidh an Coimisiún roghanna maidir le lipéadú i ndáil le leas ainmhithe freisin chun luach a tharchur ar bhealach níos fearr tríd an mbiashlabhra.
Cé go bpléitear le leas ainmhithe ar leibhéal AE den chuid is mó, níl inniúlacht eisiach aige ann. Tá an fhreagracht as ábhair amhail úsáid ainmhithe ag seónna, ócáidí cultúrtha nó spóirt ar thíortha AE ar leibhéal náisiúnta.