Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
In 2010, chódaigh AE treoir 2007 maidir le seirbhísí meán closamhairc. Tá sé mar aidhm aige creat a chur ar fáil le haghaidh seirbhísí meán closamhairc trasteorann d’fhonn an margadh um tháirgeadh agus um dháileadh clár inmheánach a neartú agus chun coinníollacha maidir le hiomaíochas cothrom a ráthú.
Cuirtear san áireamh ann forbairtí teicneolaíochta san earnáil meán closamhairc cosúil leis an gcóineasú idir seirbhísí agus teicneolaíocht agus an tábhacht mhéadaithe atá le seirbhísí neamhlíneacha (mar shampla, físeán ar éileamh). Tháinig sé in ionad na treorach “teilifís gan teorainneacha” 1989.
Tá rialacha sa Treoir maidir le comhordú ar fud AE ar reachtaíocht náisiúnta maidir le gach meán closamhairc (cibé teilifís nó seirbhísí ar éileamh). Áirítear ann gnéithe amhail cosaint mionaoiseach, cosc ar ghríosú chun fuatha, riachtanais inrochtaineachta daoine faoi mhíchumas amhairc nó éisteachta, agus rialacha maidir le fógraíocht agus socrú táirge.
Cruinníonn an Coiste Teagmhála ionadaithe na dtíortha AE le chéile chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na treorach agus ar fhorbairtí san earnáil.
In 2014, bhunaigh an Coimisiún Eorpach Grúpa Eorpach Rialaitheoirí le haghaidh Seirbhísí Meán Closamhairc chun comhairle a thabhairt dó maidir le cur i bhfeidhm na treorach.
FÉACH FOSTA