EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Arna chruthú in 1992 faoi Chonradh Maastricht, agus arna bhunú in 1994, tionól polaitiúil is ea Coiste Eorpach na Réigiún (ar a dtugtar Coiste na Réigiún (CnaR) chomh maith) a dhéanann ionadaíocht d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais Eorpaigh.
Ag gníomhú dó i gcáil chomhairleach, cuidíonn CnaR leis an bParlaimint, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún ar thopaicí áirithe a théann i gcion ar leasanna áitiúla nó réigiúnacha (Airteagal 307 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ní mór dul i gcomhairle le CnaR sna réimsí seo a leanas:
Féadfaidh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún dul i gcomhairle le CnaR ar ábhar ar bith eile a mheasfaidh siad iomchuí, agus féadfaidh CnaR tuairimí a dhréachtú dá thionscnamh féin.
Is ionadaithe iad comhaltaí CnaR ó chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla ag a bhfuil sainordú toghchánach ó údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá cuntasach go polaitiúil do thionól tofa (Airteagal 300 CFAE). Is é 350 líon uasta na gcomhaltaí de CnaR agus ceapann Comhairle an Aontais Eorpaigh iad ar feadh téarma 5 bliana i gcomhréir leis an moltaí arna ndéanamh ag gach tír AE (Airteagal 305 CFAE).
Tá sé de cheart ag Coiste na Réigiún chomh maith caingne dlí a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in 2 chás:
FÉACH FREISIN