EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Iompar

transport

Is é is cuspóir le beartas iompair an Aontais Eorpaigh (AE) gluaiseacht réidh, éifeachtúil, shábháilte agus faoi shaoirse daoine agus earraí ar fud AE a áirithiú trí ghréasáin chomhtháite agus gach modh iompair á úsáid (bóithre, iarnród, uisce agus aer). 

Tá sé mar aidhm leis réitigh shoghluaisteachta a bheidh éifeachtúil, sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a sholáthar laistigh de AE agus na dálaí a chruthú le haghaidh tionscal iomaíoch ina gcruthófar fás agus poist.

Déileáiltear i mbeartas iompair AE freisin le ceisteanna chomh fairsing leis an athrú aeráide, cearta paisinéirí, breoslaí glana, etc., gach ceist iompair ar féidir dul i ngleic leo ar bhealach níos fearr ar leibhéal AE.

Arna rialú le hAirteagal 4(2)(g) agus Teideal VI (Airteagail 90–100) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá iompar ar cheann de na comhbheartais is straitéisí in AE.