EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Cánachas

taxation

Dhá chomhpháirt atá sa bheartas cánachais san Aontas Eorpach (AE): cánachas díreach, a fhanann ina fhreagracht aonair de chuid na mBallstát, agus cánachas indíreach, a bhfuil tionchar aige ar shaorghluaiseacht earraí agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar sa mhargadh aonair.

Maidir le cánachas díreach, tá caighdeáin chomhchuibhithe curtha ar bun ag an AE maidir le cánachas cuideachta agus pearsanta, agus tá comhbhearta glactha ag Ballstáit chun seachaint cánach agus cánachas dúbailte a chosc.

Maidir le cánachas indíreach, déanann an AE an dlí maidir le cáin bhreisluacha (CBL) agus le dleachtanna máil a chomhordú agus a chomhchuibhiú. Cinntíonn an AE nach saobhtar iomaíocht idir Bhallstáit ar an margadh inmheánach de thoradh difríochtaí i rátaí agus i gcórais chánachais indírigh, difríochtaí a thugann buntáiste éagórach do ghnóthais i dtír amháin.