Margadh inmheánach

Cabhair Easpórtáil mar PDF Priontáil an leathanach seo 
Employment and social policy

Margadh aonair is ea margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh (AE) ina ndéantar talamh slán de shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine agus inar féidir le saoránaigh Eorpacha dul i mbun cónaithe, i mbun oibre, i mbun staidéir agus i mbun gnó faoi shaoirse.

Ó cruthaíodh é sa bhliain 1993 tá an margadh aonair níos oscailte anois maidir le hiomaíocht, tá poist nua cruthaithe aige agus tá mórán bacainní trádála laghdaithe aige. Cuireadh an Gníomh um an Margadh Aonair chun cinn ina dhá chuid, sna blianta 2011 agus 2012, ina bhfuil tograí chun na deiseanna a bhaineann leis an margadh aonair a shaothrú sa bhreis, le fostaíocht a spreagadh agus le muinín sa ghnó Eorpach a fheabhsú.