EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh
Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Tionscadal polaitiúil agus eagraíocht dhlíthiúil araon is ea an tAontas Eorpach (AE). Déanann sé beart i réimsí iomadúla a bhfuil tionchar acu ar shaol laethúil shaoránaigh na hEorpa. Cuirtear beartais an AE i bhfeidhm de réir na rialacha agus na rialachán atá leagtha amach i sraith Conarthaí.
Tá 27 mBallstát ina mball den Aontas Eorpach agus trí na Conarthaí seo, tá cumhachtaí ar leith géillte acu d’institiúidí an Aontais, agus dá bhrí sin tá a chumhachtaí eisiacha féin ag an Aontas sa bhreis ar na cinn a chomhroinneann sé leis na Ballstáit.Fanann cumhachtaí forchoimeádta eile i seilbh na mBallstát.
Is príomheilimint é prionsabal na coimhdeachta lena leagtar síos cathain a mbíonn údarás reachtaithe ag an AE. Mar sin, déantar cinntí chomh gaire agus is féidir leis na saoránaigh.