Gnóthaí institiúideacha

Cabhair Easpórtáil mar PDF Priontáil an leathanach seo 
Employment and social policy

Tionscadal polaitiúil agus eagraíocht dhlíthiúil araon is ea an tAontas Eorpach (AE). Déanann sé beart i réimsí iomadúla a bhfuil tionchar acu ar shaol laethúil shaoránaigh na hEorpa. Cuirtear beartais an AE i bhfeidhm de réir na rialacha agus na rialachán atá leagtha amach i sraith Conarthaí.

Ocht mBallstát fichead atá san Aontas Eorpach, a bhfuil cumhachtaí áirithe tarmligthe acu, trí Chonarthaí éagsúla, d’institiúidí an AE. Mar sin tá a chumhachtaí eisiacha féin ag an AE agus cumhachtaí eile i bpáirt aige lena Bhallstáit. Fanann cumhachtaí forchoimeádta eile i seilbh na mBallstát.

Is príomheilimint é prionsabal na coimhdeachta lena leagtar síos cathain a mbíonn údarás reachtaithe ag an AE. Mar sin, déantar cinntí chomh gaire agus is féidir leis na saoránaigh.