EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

An margadh aonair digiteach

information_society

Faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagail 179-180), tá sé d’aidhm ag an Aontas deiseanna digiteacha a chur ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí, agus leas iomlán á bhaint as acmhainneacht na sonraí digiteacha ar mhaithe leis an ngeilleagair agus leis an tsochaí.

Tá sé d’aidhm ag an Aontas a mhargadh aonair a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Fágann sé sin nach mór bacainní rialála nach bhfuil gá leo a bhaint agus aistriú ó mhargaí náisiúnta aonair go leabhar rialacha aonair ar fud an Aontais.