EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Cabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta

humanitarian_aid

Tá cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta mar chuid de ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais Eorpaigh (AE) (cumhdaithe in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)). Go sonrach, faoi Airteagal 21 (2)(g) CAE, tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach cuidiú le daonraí, tíortha agus réigiúin atá ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine.

Tá sé beartaithe le gníomhaíocht dhaonnúil, atá bunaithe ar bhunphrionsabail dhaonnúla na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais, cúnamh ad hoc, faoiseamh agus cosaint a sholáthar do dhaoine i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad ar íospartaigh i dtubaistí nádúrtha nó i dtubaistí de dhéantús an duine iad.

Is é Airteagal 214 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús le hoibríochtaí cabhrach daonnúla AE agus le Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil a chruthú.

Tá na rialacha maidir le cabhair dhaonnúil a sholáthar, lena n–áirítear na hionstraimí maoiniúcháin, leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle (an Rialachán maidir le Cabhair Dhaonnúil). Tugtar achoimre ar an gcreat beartais foriomlán maidir le cabhair dhaonnúil sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil (2007). I mí an Mhárta 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach teachtaireacht maidir le gníomhaíocht dhaonnúil AE ina luaitear “dúshláin nua, na prionsabail chéanna”. Moltar leis sin sraith gníomhaíochtaí chun obair dhaonnúil dhomhanda AE a neartú, chun freastal ar an méadú suntasach atá tagtha ar riachtanais dhaonnúla a bhí níos measa mar gheall ar phaindéim COVID-19.

Tá an inniúlacht maidir le cosaint shibhialta bunaithe ar Airteagal 196 (CFAE) agus rialaítear í le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE lena gcruthaítear an Sásra um Chosaint Shibhialta(SCS). Rinneadh an cinneadh sin a leasú dhá uair le déanaí d’fhonn cumas comhchoiteann AE a neartú chun tubaistí a chosc, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh agus — le déanaí — chun freagairt ar bhealach níos gasta agus níos éifeachtaí do ghéarchéimeanna amach anseo a mbeidh impleachtaí trasteorann ag baint leo, amhail géarchéim COVID-19. Cé go dtagann comhar cosanta sibhialta AE faoi bheartais agus faoi ghníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais Eorpaigh, tá comhpháirt sheachtrach an–tábhachtach ag baint leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta ar féidir é a ghníomhachtú freisin i gcás tubaistí a bhuaileann tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

Tá Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Oibríochtaí Cosanta Sibhialta Eorpacha agus um Oibríochtaí Cabhrach Daonnúla Eorpacha (ECHO) i gceannas ar chabhair dhaonnúil agus ar chosaint shibhialta. Oibríonn an tArd–Stiúrthóireacht sin mar dheontóir cabhrach daonnúil AE agus mar chomhordaitheoir agus éascaitheoir oibríochtaí cosanta sibhialta ar leibhéal AE tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.