EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Cearta an duine

human_rights

tAontas Eorpach (AE) bunaithe ar chearta bunúsacha, ar dhaonlathas agus ar an smacht reachta.

Go deimhin, de réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach: “Tá an tAontas bunaithe ar luachanna um meas ar dhínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n–áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.”

Tá dlúthnasc idir na luachanna sin agus treoraítear gníomhaíochta inmheánacha agus gníomhaíochtaí seachtracha AE leo.

Tá gníomhaíochtaí AE sa réimse sin bunaithe ar chonarthaí AE agus ar Chairt AE um Chearta Bunúsacha, a bhfuil an luach céanna leis na conarthaí leo. Cuimsítear sa Chairt na cearta bunúsacha a sholáthraítear do daoine san Aontas Eorpach. Is ionstraim chuimsitheach nua–aimseartha í lena ndéantar cearta agus saoirsí daoine a chosaint agus a chur chun cinn i bhfianaise na n–athruithe ar an tsochaí, an dul chun cinn shóisialta agus forbairtí eolaíochta agus teicneolaíocha.

Tá feidhm ag an gCairt i gcomhar le córais náisiúnta agus idirnáisiúnta um chosaint ceart, lena n–áirítear an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.