EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh
Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Is fíorthábhachtach iad gnóthais ó thaobh post agus fáis de tar éis na géarchéime eacnamaíche sa bhliain 2008, agus is é cuspóir an Aontais Eorpaigh (AE) ná geilleagair a chruthú a chothaíonn tionscnaíocht, fiontraíocht agus comhar chun a mhó a dhéanamh dá chumas.
Mar chuid den straitéis “Eoraip 2020”, tá beartas an AE á athdhréachtú chun bonn tionsclaíoch láidir, éagsúil agus iomaíoch a chinntiú, ata tíosach ar acmhainní, leis na dúshláin a bhaineann leis an margadh domhanda a chomhlíonadh.
Faoi Airteagal 173 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chinn an AE na dálaí is fearr is féidir a chruthú le go mbeidh an t-iomaíochas i réim.