EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Tomhaltóirí

consumers

Faoi Airteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féachtar leis an mbeartas um thomhaltóirí sláinte, sábháilteacht agus leasanna beagnach leath billiún tomhaltóir ionchasach, a bhfuil ról ríthábhachtach eacnamaíoch agus polaitiúil acu sa tsochaí a chosaint.

Ó lár na 1970í, tá leasanna tomhaltóirí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) á gcosaint trí bhearta sonracha iomadúla. Oibríonn an tAontas Eorpach chun reachtaíocht a chomhchuibhiú chun tomhaltóirí agus a gcearta a chosaint agus ardleibhéal cosanta a áirithiú ar fud an mhargaidh aonair, lena n–áirítear i réimsí atá ag forbairt go gasta amhail trádáil ar líne, soláthairtí fuinnimh agus seirbhísí airgeadais. Cuidíonn sé chomh maith leis na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí cearta tomhaltóirí ar fhaisnéis agus ar oideachas a chur chun cinn, mar aon lena gceart um eagrú chun a leasanna a chosaint. Soláthraíonn sé cúnamh i ndáil le díospóirí trasteorann.