This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) (2014-2020)
Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 — an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
Féachtar leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) cuidiú a thabhairt do phobail chósta agus dóibh siúd atá ag obair sna hearnálacha iascaireachta agus dobharshaothraithe oiriúnú do chomhbheartas iascaigh (CBI) nua–athchóirithe an Aontais Eorpaigh don tréimhse 2014-2020.
Tá buiséad €6.5 billiún ag CEMI don tréimhse 2014-2020, agus féachtar leis an gciste sin:
Is é CEMI an ionstraim airgeadais lena dtacaítear le CBI don tréimhse 2014-2020. Tá sé ar cheann de na cúig cinn de Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta AE a chomhlánaíonn a chéile agus a bhfuil sé mar aidhm leo fás agus poist a chur chun cinn.
Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) 2328/2003, (CE) Uimh. 861/2006, (CE) Uimh. 1198/2006 agus (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, , lgh. 1-66).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí