EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Infheistíocht fhadtéarmach sa gheilleagar AE a mhaoiniú
Infheistíocht fhadtéarmach sa gheilleagar AE a mhaoiniú
ACHOIMRE AR:
Cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha - Rialachán (AE) 2015/760
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN?
Leagtar amach sa rialachán rialacha a chuirtear i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le húdarú, le beartais infheistíochta agus le dálaí oibriúcháin na gCistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna)*.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ní mór do ELTIF cloí leis an rialachán seo chun é a mhargú in AE.
Cineálacha infheistíochta
Bíonn ELTIFanna dírithe ar chineálacha infheistíochta malartaí, lena n-áirítear:
— |
cuideachtaí neamhliostaithe;
|
— |
ionstraimí fiachais a bhfuil sé deacair ceannaitheoir a aithint dóibh;
|
— |
sócmhainní réadacha* ar gá infheistiú go mór iontu i dtús báire;
|
— |
fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhfuil caipitil suas le EUR 500 acu agus ar glacadh leo chun trádáil ar mhargadh rialaithe.
|
Údarú
Ní mór do na nithe seo a leanas a bheith curtha san áireamh in iarratas chun ELTIF a chur ar bun:
— |
rialacha an chiste nó na hionstraimí ionchorpraithe*;
|
— |
faisnéis faoi aitheantas an bhainisteora atá molta le haghaidh an ELTIF agus taithí agus stair reatha agus roimhe seo an duine sin maidir le bainistíocht cistí;
|
— |
faisnéis faoi aitheantas na taisclainne*;
|
— |
cur síos ar an bhfaisnéis atá le tabhairt d’infheisteoirí, lena n-áirítear na socruithe chun déileáil le gearáin ó infheisteoirí miondíola.
|
Chun iarratas a dhéanamh ar údarú agus chun údarú a fháil, ní mór do bhainisteoirí cistí a bheith údaraithe freisin faoi Threoir 2011/61/AE. Coimeádann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí clár poiblí lárnach de na ELTIFanna údaraithe agus de bhainisteoirí agus údaráis inniúla na ELTIFanna sin.
Dliteanas
Bíonn bainisteoirí freagrach as comhlíonadh an rialacháin a chinntiú agus as aon sáruithe air. Bíonn siad freagrach freisin as aon chaillteanais nó damáistí a bhíonn de thoradh ar neamhchomhlíonadh.
Beartas infheistíochta
Cuirtear rialacha sonracha infheistíochta i bhfeidhm maidir le ELTIFanna, mar shampla:
— |
ní mór dóibh 70 % dá gcaipiteal ar a laghad a infheistiú i gcatagóirí sócmhainní incháilithe atá leagtha amach go soiléir;
|
— |
ní ceadmhach dóibh ach 30 % nó níos lú dá gcaipiteal a infheistiú i sócmhainní seachas sócmhainní infheistíochta fadtéarmaí.
|
Is féidir infheistíocht a fháil le haghaidh cineálacha difriúla sócmhainní, lena n-áirítear:
— |
sócmhainní réadacha a bhfuil luach de bhreis is EUR 10 milliún orthu lena mbaineann sochar eacnamaíoch agus sóisialta;
|
— |
réadmhaoin nó tithíocht tráchtála a chuireann le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach nó le beartais fuinnimh, réigiúnacha agus chomhtháthaithe an Aontais Eorpaigh.
|
Infheisteoirí a chosaint
Leagtar rialacha amach sa rialachán chun cur le cosaint infheisteoirí:
— |
ba cheart do bhainisteoir an ELTIF nó do dháileoir a chinntiú nach ndéanann infheisteoir miondíola (a bhfuil punann EUR 500 000 nó níos lú aige nó aici) breis is 10 % de phunann an infheisteora a infheistiú in ELTIFanna;
|
— |
ba cheart go mbeadh ELTIF ábalta deis a thabhairt dá infheisteoirí, faoi dhálaí áirithe, a gcuid aonad nó scaireanna a fhuascailt sula dtiocfadh deireadh le ré an chiste. Ba cheart go mbeadh na cearta sin agus a bpríomhghnéithe réamhshainithe agus nochta go soiléir i rialacha nó ionstraimí ionchorpraithe an ELTIF;
|
— |
más rud é go mairfidh ELTIF a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí miondíola nó a shocraítear leo ar feadh breis is 10 mbliana, ba cheart go léireodh an bainisteoir nó dáileoir go soiléir i scríbhinn go bhféadfadh nach mbeadh an ELTIF oiriúnach sa chás nach féidir leis an infheisteoir tacú le hinfheistíocht fhadtéarmach nó gur gá infheistíocht a bheith aige nó aici atá infhuascailte go héasca.
|
CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?
Ón 9 Nollaig, 2015 ar aghaidh.
CÚLRA
Cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha
EOCHAIRTHÉARMAÍ
*DírítearCistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna) ar bhainisteoirí ciste infheistíochta ar mian leo infheistíocht fhadtéarmach a chur ar fáil d’infheisteoirí institiúideacha agus príobháideacha ar fud na hEorpa. Dírítear iad ar chineálacha sonracha tionscadal, tionscadail a bhfuil infheistíocht fhadtéarmach de dhíth orthu chun dul chun cinn rathúil a dhéanamh ach a bhfuil sé deacair orthu maoiniú a fháil.
* Sócmhainní réadacha: sócmhainn a bhfuil a luach ceangailte lena hábhar agus airíonna féin, amhail ór, ola nó réadmhaoin.
* Ionstraimí ionchorpraithe: doiciméid fhoirmiúla a chuirtear i gcomhad le comhlacht rialtais chun cruthú cuideachta a chlárú go dlíthiúil.
* Taisclann: banc nó cuideachta a bhfuil cistí nó urrúis i seilbh aige nó aici, a cuireadh i dtaisce ag daoine eile, agus a dhéanann na hurrúis sin a mhalartú.
GNÍOMH
Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 |
8.6.2015 |
- |
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lgh. 1-73)
Nuashonraithe 15.10.2015