EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Nithe cultúrtha a aistríodh go mídhleathach ó thír eile in AE a fháil ar ais
Nithe cultúrtha a aistríodh go mídhleathach ó thír eile in AE a fháil ar ais
Leis an dlí seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), déantar soiléiriú agus cuirtear síneadh ar rialacha atá ann cheana maidir le fáil ar ais nithe cultúrtha a mheasann tír AE gur seoid náisiúnta iad agus a aistríodh go mídhleathach óna críoch tar éis an 1 Eanáir 1993.
ACHT
Treoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le nithe cultúrtha a aistríodh go mídhleathach ó chríoch Ballstáit a fháil ar ais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.(Athmhúnlaithe)
ACHOIMRE
CAD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?
Leis an dlí seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), déantar soiléiriú agus cuirtear síneadh ar rialacha atá ann cheana maidir le fáil ar ais nithe cultúrtha a mheasann tír AE gur seoid náisiúnta iad agus a aistríodh go mídhleathach óna críoch tar éis an 1 Eanáir 1993.
POINTÍ LÁRNACHA
Raon feidhme
Clúdaíonn an dlí nithe ar ábhar spéise iad ó thaobh na staire, na pailé-ointeolaíochta, na heitneagrafaíochta nó na moneolaíochta, nó nithe a bhaineann luach eolaíochta leo. Féadfaidh sé go bhfuil nó nach bhfuil na nithe ina gcuid de bhailiúcháin phoiblí nó de bhailiúcháin eile, nó féadfaidh sé gur míreanna aonair iad nó nach ea. D'fhéadfadh sé gur tháinig siad ó thochailtí rialta nó ó thochailtí mídhleathacha, ach ní mór go mbeidís aicmithe nó sainithe mar sheoid náisiúnta.
Níl an ceanglas ann a thuilleadh go mbainfeadh nithe le catagóirí nó go gcloífidís le tairseacha a bhaineann lena n-aois nó lena luach airgid d'fhonn a bheith incháilithe lena bhfáil ar ais.
Comhar idir tíortha AE
Tá sé de cheangal ar ghníomhaireachtaí náisiúnta rialtais ó thíortha AE comhoibriú go héifeachtúil lena chéile agus sonraí a mhalartú ar nithe cultúrtha a aistríodh go mídhleathach trí bhíthin chóras faisnéise an mhargaidh inmheánaigh de chuid AE.
Teorainneacha ama maidir le seiceálacha agus fáil ar ais
Tar éis do thír AE eile í a chur ar an airdeall go bhfuil ní cultúrtha aimsithe, bíonn tréimhse 6 mhí ag tír chun seiceáil an amhlaidh gur seoid náisiúnta é.
An tír ónar aistríodh an ní cultúrtha go mídhleathach, tá 3 bliana aici chun imeachtaí aisdúichithe a thionscnamh ón uair a mbeidh sí feasach ar láthair an ní agus ar chéannacht a úinéara/shealbhóra.
Ní fhéadfar imeachtaí aisdúichithe a thionscnamh níos mó ná 30 bliain tar éis gur baineadh an ní cultúrtha go mídhleathach ón tír AE iarrthach. Bíonn teorainn ama níos faide, 75 bliana, i gceist i gcás nithe cultúrtha atá ina gcuid de bhailiúcháin phoiblí nó d'institiúidí reiligiúnacha (i dtíortha ina bhfuil feidhm ag rialacha cosanta speisialta ina leith).
Cúiteamh
Ag brath ar chúinsí an cháis, agus sa chás inar féidir leis an sealbhóir a léiriú gur glacadh cúram cuí agus aird chuí agus an ní cultúrtha á shealbhú aige nó aici (i.e. nach bhféadfadh sé nó sí a bheith ar an eolas go ndearnadh gáinneáil mhídhleathach air), ní mór don chúirt sa tír AE ar iarradh uirthi an ní sin a thabhairt ar ais cúiteamh cóir a dheonú. Bíonn an cruthúnas sin bunaithe ar dhoiciméid maidir leis an áit as ar tháinig an ní cultúrtha, aon cheadanna bainte a éilítear faoi dhlí na tíre iarrthaí, an praghas a íocadh agus cibé ar cheadaigh nó nár cheadaigh an sealbhóir aon chlár inrochtana de nithe cultúrtha goidte.
CÉN UAIR A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?
Faoi Threoir 2014/60/AE, déanfar aisghairm ar an dlí atá ann faoi láthair, Treoir 93/7/CEE, le héifeacht ón 19 Nollaig 2015.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
17.6.2014 |
18.12.2015 |
||
- |
- |
Nuashonraithe 10.09.2015