Faoi N-Lex

Cad a chuireann N-Lex ar fáil?

  • Torthaí cuardaigh go díreach ó bhunachair shonraí náisiúnta
  • Cur síos ar chlár bunachar sonraí agus roghanna cuardaigh do gach tír (réimsí cuardaigh agus cineálacha éagsúla dlí náisiúnta)
  • Foclóir ilteangach (EUROVOC) chun cabhrú leat cuardaigh téacs a dhéanamh i dteangacha eachtrannacha
  • Cabhair comthéacsa - chun tuilleadh faisnéise a thabhairt duit faoi réimsí cuardaigh sainiúla nó chun samplaí a thaispeáint duit

Cad iad spriocghrúpaí N-Lex?

Dearadh N-Lex chun cabhrú le cuideachtaí, le státseirbhísí agus parlaimintí náisiúnta, le hollscoileanna, le heolaithe dlí agus leis an bpobal i gcoitinne. Tig léi a bheith úsáideach má:

  • Tá sé ar intinn agat staidéar nó obair a dhéanamh thar lear
  • Tá baint agat le gnóthaí idirnáisiúnta
  • Tá suim agat, nó más gá duit, córas dlí ballstáit AE áirithe a iniúchadh

Cathain agus conas a forbraíodh N-Lex?

Seoladh N-Lex an 28 Aibreán 2006. De réir mar a d'fhás spéis sa tionscadal, mhéadaigh líon na suíomh náisiúnta ó 4 ar dtús go dtí 23 inniú – is é cuspóir fadtéarmach an tionscadail gach tír san AE a bheith rannpháirteach ann.

Oifig na bhFoilseachán AE i gcomhar le rialtais an AE a d'fhorbair an suíomh. Agus é fós ina threoirthionscadal, is gá mórchomhoibriú leanúnach ar an dá thaobh do N-Lex, chun córas caighdeánaithe cobhsaí a chruthú.

Publications Office
Suímh Eile
a bhainistíonn
Oifig na bhFoilseachán

EU Bookshop
Foilseacháin go léir an AE ar fáil duit

TED
Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh

Cordis
Tairseach um thaighde agus fhorbairt Eorpach

Whoiswho
Eolaire oifigiúil an Aontais Eorpaigh