An Ísiltír
|
Reachtaíocht Cur síosWet-en Regelgeving (Reachtaíocht), sin an foshuíomh dlí do thairseach Rialtas na hÍsiltíre ar an Idirlíon, Overheid.nl. An chuideachta phríobháideach SDU Uitgevers a bhainistíonn é agus tá sé faoi fhreagracht na Roinne Airgeadais. Tugann an suíomh Wet-en Regelgeving rochtain ar théacsanna comhdhlúite reachtaíocht na hÍsiltíre atá i bhfeidhm nó a aisghaireadh ón 1 Bealtaine 2002. Ceithre chatagóir atá ann: Dlíthe (Wetten); Bearta um bainistiú ginearálta (AMvB) agus foraitheanta ríoga (Koninklijkebesluiten); Rialacháin inmheánacha (Reglementvanorde); Rialacháin ó Airí (Ministeriëleregeling). Na téacsanna comhdhlúite atá inrochtana ó Wet-en Regelgeving, níl siad oifigiúil. Níl oifigiúil ach na téacsanna a d'fhoilsigh an Stát sna hirisí oifigiúla (Staatsblad maidir le dlíthe, Staatscourant maidir le rialacháin). Gníomhartha dlíDlíthe (Wetten): Norm dlíthiúil a ghlactar de réir nós imeachta Bhunreacht na hÍsiltíre (1815). Vótálann an pharlaimint air agus ansin formheasann an rialtas é. Bearta um bainistiú ginearálta (Algemene maatregel van Bestuur, AMvB): Foraitheanta curtha chun feidhme ar cuid de dhlí iad. An rí nó an rialtas a fhoraithníonn iad d'éis tuairim fhabhrach a fháil ó Chomhairle an Stáit (Raad van State). Bíonn feidhm ghinearálta leo is bíonn siad i bhfeidhm ó am a bhfoilsithe san iris oifigiúil. Foraitheanta ríoga (Koninklijk Besluit): Go hoifigiúil is cinntí a ghlacann an rí iad, ach go praiticiúil is iad na hairí a ghlacann iad, ós orthu atá an fhreagracht pholaitiúil. Gnéithe na foraithne ar leith a bhíonn acu, le feidhm ar leith. Tharlódh go mbainfidís le méara a ainmniú nó le gradam ríoga a bhronnadh. Ní bhíonn gá acu le formheas na Comhairle Stáit, ná le formheas Chomhairle na nAirí, i bhformhór na gcásanna. Rialacháin inmheánacha (Reglementvanorde): Socraíonn siad rialacha feidhmiúchán na gcomhairlí áitiúla, na gcomhairlí riaracháin agus na gcuideachtaí srl. Rialacháin ó Airí (Ministeriëleregeling): Rialacháin um chur chun feidhme a ghlacann na hairí, nó a ghlactar faoi fhreagracht na n-airí, sna réimsí ina mbíonn inniúlacht acu. Faoi réir an dlí a chuirtear chun feidhme iad. |
![]() |