An Fhrainc
|
Légifrance
Cur i láthairLégifrance, sin an tseirbhís phoiblí chun eolas faoi dhlí na Fraince a dháileadh san idirlíon. Is ag ard-rúnaíocht an rialtais atá freagracht aisti. Stiúrthóireacht na faisnéise dlí is riaracháin a bhainistíonn í. Tugann Légifrance rochtain ar:
Na téacsanna a foilsíodh sa Journal officiel de la République française ó 1990 i leith, is féidir an leagan iomlán díobh a fháil. Do na hachtanna a foilsíodh idir 1947 is 1989, níl rochtain ach ar na tagairtí is ar fhacs. Ceadaíonn foirmeacha cuardaigh scrúdú a dhéanamh ar na bunachair sonraí éagsúla. Tá siad arna n-oiriúnú do na cinéalacha éagsúla achtanna is ar riachtanais na n-úsáideoirí (cuardach simplí, casta nó téamach). Achtanna dlí atá ar fáilAn dlí Is éard is reacht ann ná imshocrú dlíthiúl de raon ginearálta , ná fuil baint aige le duine amháin agus atá infheidhme ar chách. An Pharlaimint ((Assemblée nationale agus Sénat) a chaitheann vóta air, an t-uachtarán a fhógraíonn, agus foilsítear san Iris Oifigiúil. Reachtanna Reacht, sin acht rialach a cheadaíonn don rialtas, d'fhonn a chlár a chur i gcrích agus go ceann tréimhse teoranta, bearta a ghlacadh a bhaineann leis an dlí. Ní mór go n-údaródh dlí údarúcháin, ar ar vótáil an Pharlaimint, na reachtanna. Nithe eisceachtúla is ea iad. Ní mór do Chomhairle na nAirí iad a ghlacadh agus d'Uachtarán na Poblachta iad a shíniú. Ní mór iad a thíolacadh don Pharlaimint d'fhonn a ndaingnithe agus ansin easamhlaítear le dlíthe iad. Foraitheanta Foraitheanta, sin achtanna ginearálta nó indibhidiúla (.i. a bhaineann le duine – ainmniú, m.sh. ) a fhógraíonn an chumhacht fheidhmiúcháin édictés (Uachtarán na Poblachta agus an Príomh-Aire). Idirdhealaítear idir: Uath-fhoraitheanta, a ghlacann an Príomh-Aire laistigh de na teorainneacha a shainíonn an Bunreacht agus sna réimsí ná baineann le hinniúlacht Uachtarán na Poblachta, agus foraitheanta don chur chun feidhme, a ghlacann an Príomh-Aire freisin, is a shainíonn na coinníollacha chun dlíthe a chur chun feidhme. Fodhlíthe Ar tharmligean ón bPríomh-Aire, féadann airí, maoir agus méaraí rialacha a dhéanamh chun na coinníollacha chun dlí a chur chun feidhme a shainiú, ina gcuid réimsí inniúlachta faoi seach. Fodhlíthe ó airí, idir airí, ó mhaoir, nó bardasacha a thugtar orthu. Cinntí Cinntí, sin achtanna rialaitheacha a thagann ó údaráis riaracháin neamhspleácha, amhail Coimisiún Náisiúnta na Faisnéise is na Saoirsí nó an tÚdarás um Chumarsáid Leictreonach is Poist a rialú. Breithniúcháin (Les délibérations) Tugtar 'déliberation' ar an mbreithniúchán a dhéanann orgán tiomsaitheach sula nglacann sé cinneadh, agus ar thoradh an bhreithniúcháin sin, .i. ar an gcinneadh a ghlactar. Tugann Légifrance rochtain ar bhreithniúcháin na n-údarás riaracháin neamhspleách. Ciorcláin agus treoracha Níl aon luach rialaitheach ag na hachtanna seo. Ní dhéanann siad ach treoracha a thabhairt do sheirbhísí riaracháin, go háirithe laistigh de ranna stáit, maidir le dlíthe is foraitheanta a chur chun feidhme, ó chun sainiú a dhéanamh ar an tslí ina gcuirfead forálacha áirithe chun feidhme. Ní fhoilsítear san Iris Oifigiúil ach na cinn is tábhachtaí. Staidéir ar thionchar agus tuarascálacha Sin cáipéisí ullmhúcháin a dhéanann ranna stáit éagsúla chun iad a chur faoi bhráid an Phríomh-Aire nó Uachtarán na Poblachta. Foilsítear staidéir ar thionchair san aon am le dréacht-dhlíthe. Ní mór dóibh bheith le chéile (faoi Alt 39 den Bhunreacht agus dlí riaracháin an 15 Aibreán 2009). Bíonn tuarascálacha tíolactha i dteannta le téacsanna na bhforaitheanta is na n-orduithe a chuirtear faoi bhráid an Phríomh-Aire agus Uachtarán na Poblachta. Tuairimí Sin téacsanna a eisítear tar éis dul i gcomhairle le duine nó le foras. Tugann suíomh Légifrance rochtain ar thuairimí na ranna stáit éagsúla (m.sh. tuairim faoi fhad a chur le comh-choinbhinsiún) agus na n-údarás riaracháin neamhspleách. Foraitheanta-dhlíthe Bhíodh foraitheanta-dhlíthe i bhfeidhm ó 1924 go 1958. Achtanna rialaitheacha a bhíodh i gceist, a ghlacadh an rialtas ar údarú na Parlaiminte agus a chuirtí chuici lena ndaingniú, chun forálacha reachtacha a leasú nó a chealú. Ó 1958, ghlac orduithe a n-ionad. |
![]() |