Fógra dlí

Is faoi réir fógra séanta, faoi réir fógra cóipchirt agus faoi réir na rialachán a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a thugtar an fhaisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo.

 Séanadh

Tá de chuspóir ag suíomh seo Oifig na bhFoilseachán tacú le rochtain an phobail ar bhunachair sonraí reachtaíochta oifigiúila Bhallstát an Aontais Eorpaigh.   Tá faoi thairseach N-Lex a cheadú do gach saoránach de chuid an Aontais rochtain a fháil ar shuímh náisiúnta na mBallstát agus taighde a dhéanamh ina t(h)eanga sna bunachair sonraí sin. Féachaimid le gach faisnéis a choimeád nuashonraithe agus cruinn faoi bhunachair sonraí gach tíre, a chomhdhéanamh agus inneachar gach córais reachtaíochta náisiúnta.   Sa spiorad sin, má tharraingítear ár n-aird ar earráidí, déanaimid iarracht iad a cheartú. Ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht ná aon dliteanas, áfach, i leith an ábhair atá ar an suíomh gréasáin seo.

Maidir leis an bhfaisnéis atá ar an tairseach N-Lex:

  • faisnéis ghinearálta is ea í, nach bhfuil i gceist léi plé le staideanna ar leith;

  • faisnéis í nach gá a bheith cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta;

  • faisnéis í a bhíonn nasctha uaireanta le suímh eile nach dtagann faoi rialú Oifig na bhFoilseachán in aon slí agus nach nglacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht chuici ina leith;

  • faisnéis nach comhairle ghairmiúil ná comhairle dhlíthiúil í (má theastaíonn comhairle shonrach uait, ba chóir duit dul i gcomhairle le duine gairmiúil atá cáilithe go cuí).

Tugtar faoi deara freisin nach féidir a ráthú gur cóip chruinn de dhoiciméad a glacadh go hoifigiúil aon doiciméad atá ar fáil ar líne.

Is mian linn na míchaoithiúlachtaí i ngeall ar earráidí teicniúla a theorannú chomh fada agus is féidir. Tá seans ann, áfach, gur cruthaíodh nó gur leagadh amach cuid de na sonraí atá ar ár suíomh gréasáin, a bhfuil bunús seachtrach leo, i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráid, agus nílimid in ann a ráthú nach gcuirfeadh na hearráidí sin isteach ar an tseirbhís nó nach gcuirfidís stop léi. Ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht chuici as fadhbanna de dheasca úsáid a bhaint as suíomh N-Lex nó as aon suíomh seachtrach atá nasctha leis.

Ní féidir freagracht a chur ar Oifig na bhFoilseachán as an bhfaisnéis, as na tuairimí nó as na doiciméid atá ar na bunachair sonraí náisiúnta reachtaíochta a dtreoraíonn naisc an tsuímh ghréasáin N-Lex chucu, ná as ábharthacht na nasc sin, ná as aon fhadhb eile a thagann de dheasca úsáid  na mbunachar sonraí sin.   Moltar duit an fógra séanta agus na coinníollacha is sonraí praiticiúla úsáide a bhaineann le gach ceann de na bunachair sonraí seo a léamh go cúramach.

Níor leagadh amach an séanadh seo chun teorainn a chur le dliteanas Oifig na bhFoilseachán, de shárú ar aon cheanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme, ná chun a dliteanais a eisiamh maidir le hábhair nach féidir a eisiamh faoin dlí sin.

 Fógra Cóipchirt

© An tAontas Eorpach, 2006-2011

Mura luaitear a mhalairt, údaraítear íoslódail agus atáirgeadh an eolais ghinearálta thosaigh maidir le clár bhunachair náisiúnta na mBall Stát den Aontas Eorpach, inrochtana trí shuíomh gréasáin N-Lex, don úsáid phearsanta nó le haghaidh scaipthe neamhthráchtála nó tráchtála breise, faoi réir na gcoinníollacha go dtugtar aitheantas iomchuí mar seo a leanas:

"© Aontas Eorpach, http://eur-lex.europa.eu/n-lex/".

Ní bhaineann an cead deimnithe thuas le haon téacsanna dlíthiúla nó doiciméid atá á dtaispeáint ar na bunachair náisiúnta. Maidir le híoslódáil, atairgeadh nó aistriúchán téacsanna dlíthiúla agus doiciméid taispeánta ar na bunachair náisiúnta, ní mór d'úsáideorí an fógra coipchirt bainteach agus a choinníollacha atá sa bhunachar sonraí a cheadú.

I gcás amhrais faoi athúsáid ábhar téacsúil N-Lex, ba chóir ceisteanna a chur i scríbhinn chuig:

  

Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh

Stiúrthóireacht na hIrise Oifigiúla agus an Taighde

Unité «Questions juridiques et documentaires, consolidation et copyright»

Section «Copyright / Licences, précontentieux et questions juridiques»

2, rue Mercier, 2985 Luxembourg, LUXEMBOURG

Facs:   +352 2929-42755

R-phost: copyright-info@publications.europa.eu

 

Cosaint sonraí pearsanta

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do phríobháideacht sonraí.

Tá an beartas um chosaint daoine aonair maidir le láimhseáil a gcuid sonraí pearsanta sna hinstitiúidí agus sna comhlachtaí Comhphobail bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000.

An fáth a bpróiseáiltear na sonraí

Bailítear sonraí pearsanta fút agus próiseáiltear iad le go mbeidh Oifig na bhFoilseachán in ann do chuid fiosruithe a fhreagairt.

Próiseáiltear na sonraí sin de réir an bheartais a gcuirtear síos air sa Rialachán thuasluaite.

Is í foireann Oifig na bhFoilseachán agus a fochonraitheoirí amháin a dhéanann na sonraí a phróiseáil agus ní dhéantar iad a phróiseáil ach amháin chun do chuid fiosruithe a fhreagairt agus aon earráidí a thaifeadadh, ar mhaithe leis an tseirbhís a fheabhsú.

Bailítear na sonraí le toiliú na ndaoine lena mbaineann.

An duine atá freagrach as na sonraí a phróiseáil

Is é ceann aonaid OPOCE.A.1 in Oifig na bhFoilseachán atá freagrach as na sonraí a phróiseáil. Má tá aon cheist agat maidir le próiseáil do ríomhphoist nó le sonraí pearsanta a ghabhann leis, is féidir leat na ceisteanna sin a lua i do theachtaireacht, go háirithe má theastaíonn uait aon sonraí pearsanta a bhaineann leat a fheiceáil, a athrú nó a scriosadh. Is féidir ríomhphost a sheoladh freisin chuig: eurlex-helpdesk@publications.europa.eu.

Na sonraí a bhailítear

Ainm, sloinne agus ríomhphost (fearainn éigeantacha).

Eagraíocht, tír (fearainn roghnacha).

Cé dó a dtugtar do chuid sonraí?

Déantar na sonraí a bhailítear a phróiseáil faoi rún agus is í seirbhís cabhrach agus eolais EUR-Lex agus foireann EUR-Lex Oifig na bhFoilseachán agus a fochonraitheoirí amháin a úsáideann na sonraí sin.

Ní chuirfear aon sonraí ar aghaidh chuig tríú páirtithe nach n-áirítear i measc na bhfaighteoirí nó faoin gcreat dlíthiúil thuasluaite, gan dochar dá dtarchur chuig comhlachtaí a bheadh freagrach as faireachán nó iniúchadh i gcomhréir le dlí an Chomhphobail, m.sh. OLAF nó breitheamh imscrúdaithe.

Ní roinnfidh Oifig na bhFoilseachán do shonraí pearsanta le tríú páirtithe ar mhaithe le margaíocht dhíreach.

Cén fhad a choimeádtar do chuid sonraí?

Ceithre bliana ar a mhéad a choimeádtar na sonraí. Tar éis na tréimhse sin scriostar iad, ach amháin más gá iad a choimeád níos faide ar mhaithe le riachtanais fiosrúcháin.

Conas is féidir do shonraí a fheiceáil, a gcruinneas a sheiceáil agus iad a cheartú más gá?

Tá sé de cheart agat i gcónaí cóip de do shonraí pearsanta a iarraidh ar mhaithe le cruinneas na faisnéise atá ann a sheiceáil agus/nó iad a cheartú nó a nuashonrú. Is féidir leat a iarraidh freisin do shonraí pearsanta a scriosadh go hiomlán mura bhfuil aon fhiosrú uait idir lámha.

Chun do phríobháideacht agus do shlándáil a chosaint, déanfaimid gach beart is gá chun a bheith cinnte cé thú féin sula dtabharfaimid rochtain duit ar do shonraí, nó sula bhféadfaidh tú iad a cheartú.

Cad iad na teicníochtaí agus na bearta slándála atá i bhfeidhm chun aon mhí-úsáid nó rochtain neamhúdaraithe a sheachaint?

Tá bearta slándála, leictreonacha agus riaracháin i bhfeidhm ag Oifig na bhFoilseachán chun aon rochtain neamhúdaraithe a sheachaint, agus chun slándáil na sonraí agus úsáid cheart an eolais a bhailítear a chosaint. Déantar na bearta sin a mheas agus a nuashonrú go rialta.

Coimeádtar gach iarratas a fhaightear uait ar fhreastalaí ár bhfochonraitheora sula bpróiseáiltear iad. Féadfar iad a chur ar aghaidh freisin trí ríomhphost chuig an saineolaí atá freagrach as freagra a thabhairt orthu.

Shínigh na fochonraitheoirí seachtracha conradh le hOifig na bhFoilseachán agus, de bhun an chonartha sin, tá sé de cheangal orthu an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint agus le próiseáil sonraí pearsanta a urramú, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Tá dualgas ar bhaill foirne Oifig na bhFoilseachán a bhfuil rochtain acu ar shonraí lenar féidir daoine a aithint na sonraí sin a chosaint i gcomhréir leis an bhFógra Príobháideachta seo, agus ní fhéadfaidh siad na sonraí sin a úsáid chun aon chríche eile seachas chun na seirbhísí a bhfuil gá leo a sholáthar.

Cá seoltar ceisteanna agus gearáin? 

Féadfaidh tú sonraí pearsanta a bhaineann leat a fheiceáil, a scriosadh nó a cheartú trí ríomhphost a sheoladh chuig: eurlex-helpdesk@publications.europa.eu

I gcás easaontais, is féidir na gearáin a sheoladh chuig oifigeach cosanta sonraí an Choimisiúin nó chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Athrú ar an bhFógra Príobháideachta seo

Má dhéantar aon athrú ar an bhFógra Príobháideachta seo, foilseofar leagan nuashonraithe den Fhógra ar an leathanach seo: [http://eur-lex.europa.eu/n-lex/disclaimer/disclaimer_ga.htm]. Molaimid duit an leathanach seo a cheadú go rialta ionas go mbeidh tú ar an eolas faoin gcineál faisnéise a bhailímid, faoin tslí ina bpróiseáiltear an fhaisnéis sin agus faoi na coinníollacha, más ann dóibh, faoina roinnimid an fhaisnéis sin le tríú páirtithe.

Publications Office
Suímh Eile
a bhainistíonn
Oifig na bhFoilseachán

EU Bookshop
Foilseacháin go léir an AE ar fáil duit

TED
Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh

Cordis
Tairseach um thaighde agus fhorbairt Eorpach

Whoiswho
Eolaire oifigiúil an Aontais Eorpaigh