EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0812
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on information provision and promotion measures for agricultural products on the internal market and in third countries
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha
/* COM/2013/0812 final - 2013/0398 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha /* COM/2013/0812 final - 2013/0398 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Is mór an cúnamh don Aontas Eorpach táirgeadh
agus tráchtáil na dtáirgí talmhaíochta agus táirgí próiseála bia. Is leis an
Aontas 18 % de na honnmhairí agus 20 % de na hallmhairí agus is
féidir a rá gurb é an t‑onnmhaireoir agus an t‑allmhaireoir táirgí
talmhaíochta is mó ar domhan é, é féin agus na Stáit Aontaithe. I dtaca leis an
tionscal monaraíochta san Eoraip de, tá an chéad áit ag an bpróiseáil bia: tá
13.5 % de na poist san earnáil sin agus tagann 12.9 den láimhdeachas
aisti. Tá 310 000 fiontar sa tionscal seo agus is fiontair bheaga agus
mheánmhéide 99.1 % acu[1].
Le himeacht na mblianta, tá an biashlabhra Eorpach á dhíriú ar an gcáilíocht
agus ar an faoi mbreisluach, ar bhreisluach táirgí próiseáilte, táirgí a bhfuil
an dúil iontu ag síormhéadú san Eoraip, ach ar fud an domhain freisin. Is
ionann luach na dtáirgí sin agus níos mó ná dhá thrian de luach onnmhairí
talmhaíochta an AE agus is féidir iad a fhorbairt go mór fós. Tá sé ríthábhachtach go gcaomhnóidh agus go
méadóidh an talmhaíocht Eorpach agus an tionscal próiseála bia, atá ag brath go
mór uirthi, a n‑acmhainn iomaíochta agus a sciaranna den mhargadh, sa
mhargadh inmheánach agus san onnmhairiú agus gealltanais an AE maidir lena
chaidreamh tráchtála idirnáisiúnta á gcomhlíonadh san am céanna. Os a choinne
sin, tá an talmhaíocht Eorpach i ngleic faoi láthair le timpeallacht atá i
bhfad níos iomaíche ná mar a bhí, mar gheall ar dhomhandú na margaí go
háirithe. Ba cheart go leanfaí den chlaonadh sin sna blianta romhainn agus is
féidir go dtabharfar chun críche babhta Doha agus comhaontuithe déthaobhacha
agus réigiúnacha atá faoi chaibidil faoi láthair. Cé go mbíonn eagla rompu, is
féidir go dtabharfaidh na comhaontuithe sin deiseanna móra don earnáil seo freisin. Dá ainneoin sin, ar an margadh inmheánach, níl
ach mionlach beag tomhaltóirí Eorpacha ar an eolas faoi na hiarrachtaí atá
déanta ag na feirmeoirí táirgeadh atá ar ardcháilíocht, atá sláintiúil agus
nach bhfuil contúirt leis a sholáthar. Ní aithníonn ach 14 % de na
hEorpaigh lógónna na dtáirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
(STFC) nó tásc geografach faoi chosaint (TGC) acu, agus is iad sin na
príomhchórais cháilíochta Eorpacha atá curtha ar bun ag an Aontas I gcás an
onnmhairiú mar an gcéanna, is mór an dúshlán don earnáil sin infheistiú a
dhéanamh sa mhargaíocht agus sa trádáil ar mhargaí i gcéin, ós rud é gur
fiontair bheaga agus mheánmhéide nó micrifhiontair féin formhór na bhfiontar
atá inti. Is cinnte gur dúshlán an cás seo d'fheirmeoirí
Eorpacha, ach tá deiseanna ann freisin ar cheart freastal orthu go
héifeachtach, trí ionstraimí an Chomhbheartais Talmhaíochta go háirithe. Mar
beidh an talmhaíocht ag brath ar a ábalta atá sí a sciaranna den mhargadh a
mhéadú agus ligean d'earnáil tlionscal an bhia, earnáil an‑iomaíoch, áit
thábhachtach a choinneáil i ngeilleagar agus i dtráchtáil an AE. Mar gheall ar an gcúlra sin, is gá beartas cur
chun cinn a bheidh nua-aimseartha agus ardaidhmeannach agus a mbeidh an taithí
a fuarthas ó na cláir chur chun cinn a bhí ann go dtí seo curtha san áireamh
ann agus a bheidh ina chéim bhreise i nuachóiriú an Chomhbeartais Talmhaíochta.
Is é an cuspóir atá ann tacú leis an earnáil talmhaíochta, go háirithe na
fiontair bheaga agus mheánmhéide atá ina mbonn ag an earnáil sin, chun gur
féidir leo cuidiú go láidir agus go dinimiciúil leis an Aontas ina iomláine
agus leis na limistéir thuaithe go háirithe. Chuige sin is gá an beartas cur
chun cinn a athstruchtúrú dá thairbhithe (eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí
gairmiúla agus idirchraoibhe, náisiúnta nó Eorpacha) le modhanna breise, ina
bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige don mhargadh inmheánach agus do na margaí
lasmuigh den Aontas araon. Maoineofar an togra seo, lena bhforáiltear do
mhéadú a dhéanfar de réir a chéile ach a bheidh suntasach ar an mbuiséad a
leithdháiltear ar bhearta cur chun cinn, le suimeanna dá bhforáiltear cheana do
Chomhbheartas Talmhaíochta an AE sa tréimhse 2014-2020. Rinneadh an meastachán
ar an gcaiteachas sin ar bhonn na ndeiseanna atá ann sna tríú tíortha mar
gheall ar an mborradh atá faoin iarraidh, mar atá san Áise, mar shampla, a
bhfuiltear ag súil go mbeidh méadú níos mó ná EUR 17 ar allmhairí
talmhaíochta inti, gan ach ballstáit ASEAN[2]
a chur sa chuntas[3]. Sa bhreis ar bhorradh a bheith faoin iarraidh
i margaí atá ag teacht chun cinn, ina bhfuil fás maidir le honnmhairí
próiseáilte bia cheana, tiocfaidh feabhas de reir a chéile ar an rochtain atá
againn ar an margadh ar an iomlán de réir mar a thabharfar i gcrích na gcaibidlí
iomadúla tráchtála atá ar siúl. Baineann na caibidlí saorthrádála atá ar siúl
cheana le margaí arb é a luach faoi láthair don earnáil próiseála bia tuairim
is EUR 35 billiún in aghaidh na bliana. Is dócha, mar gheall ar an luathú
atá ar iarraidh agus saoradh an chuid is mó de na malartuithe trí chaibidlí, go
dtiocfaidh méadú an‑sunasach ar an bhfigiúr sin. Mar shampla, as seo go
dtí 2027, is féidir go gcuirfidh comhaontú leis na Stáit Aontaithe méadú
tuairim is 15 % (EUR 1.7 billiún níos mó sa bhliain) ar onnmhairí
talmhaíochta as an AE agus méadú 45 % (EUR 13.4 billiún níos mó
sa bhliain) ar onnmhairí tairgí próiseáilte[4].
I gcás na Seapáine, dá gcuirfí i gcrích comhaontú ardaidhmeannach, thiocfadh
méadú 137 % (EUR 5.9 billiún níos mó sa bhliain) ar onnmhairí
próiseáilte bia san fhadtéarma[5]. Ina fhianaise sin, is léir go bhfuil deis
straitéiseach struchtúrúcháin don earnáil Eorpach próiseála bia, deis ar cheart
breith uirthi trí bheartas ardaidhmeannach nuálach agus tábhacht na bhFiontar
Beag agus Meánmhéide Eorpach san earnáil sin á cur san áireamh. Is gá
tacaíocht, saineolas agus spreagadh a thabhairt do na fiontair sin chun an deis
mhór sin a shaothrú. Chuige sin, is gá beartas poiblí cuimsitheach, ar
chomhchéim leis an deis sin, Leis na suimeanna atá sa togra seo léirítear gur
féidir an beartas sin a chur ar bun sna blianta beaga amach romhainn. Comhthéacs ginearálta Leis an gComhbheartas Talmhaíochta is féidir
acmhainní na hearnála talmhaíochta agus próiseála bia Eorpaí a shaoradh agus a shaothrú.
Tá próiseáil athchóiriúcháin ar siúl lena bhféadfaidh an beartas sin, tar éis
2013, cur leis an Straitéis Eorpach 2020 maidir le fás cliste,
inbhuanaithe agus uilechuimsitheach an oiread agus is féidir trí thacú le
cineál talmhaíochta as a dtiocfaidh sábháilteacht bia, úsáid inbhuanaithe
acmhainní nádúrtha agus dinimiciúlacht do na limistéir thuaithe. Is gá, san am
céanna, an beartas faisnéise agus cur chun cinn a bhaineann leis na táirgí
talmhaíochta, ar ceann d'ionstraimí an Chomhbheartais Talmhaíochta é, a athchóiriú.
Mar ionstraim de chuid an Chomhbheartais Talmhaíochta, ní mór an
beartas Eorpach cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta a bheith dírithe
ar chuspóirí athchóiriúcháin an Chomhbheartais Talmhaíochta as seo go dtí 2020
agus go háirithe an cuspóir maidir le hacmhainn iomaíochta na talmhaíochta
Eorpaí a neartú, ar an margadh inmheánach agus sna tríú tiortha araon trí
dhíriú ar na sainchuspóirí seo a leanas: –
An leibhéal eolais atá ag tomhaltóirí maidir le
buanna na dtáirgí talmhaíochta Eorpacha a mhéadú; –
Margaí nua le haghaidh táirgí talmhaíochta Eorpacha
a shaothrú agus a oscailt ar an margadh inmheánach agus sna tríú tíortha; –
Éifeachtacht agus éifeachtúlacht an bheartais a
fheabhsú. Maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta, tá
athrú tagtha ar an tacaíocht a thugann an tAontas uaidh i ndáil le faisnéis ar
tháirgí talmhaíochta agus a gcur chun cinn. Roimh 2000, bhí foráil maidir leis
na bearta faisnéise agus cur chun cinn ar leibhéal na hearnála. In 2000,
cumascadh na bearta earnála i gcóras cothrománach. Ó 2000 go dtí 2007, bhí na
gníomhaíochtaí sin faoi rialáil dhá Rialachán ar leith ar bhain ceann acu leis
an margadh inmheánach agus an ceann eile leis na tríú tíortha[6]. Ó bhí 2008 ann, cumascadh an
dá chur chuige sin i gcóras cothrománach aonair (Rialachán (CE)
Uimh 3/2008 ón gComhairle[7]
agus Rialachán (CE) Uimh. 501/2008 ón gCoimisiún[8]) gan aon mhórathrú ar an ábhar. Cuspóirí an togra Tá an togra seo dírithe ar a chur ar chumas na
ngníomhairí na bearta faisnéise agus cur chun cinn a dhéanamh sa mhargadh
inmheánach agus sna tríú tíortha a theastaíonn ón earnáil talmhaíochta chun na
dúshláin iomadúla atá roimpi a bhaineann leis an mborradh atá faoin iomaíocht
agus le hoscailt na margaí a shárú. Beidh an talmhaíocht ag brath ar a ábalta
atá sí a sciaranna den mhargadh a mhéadú agus ligean don earnáil tionscail bia
(an biashlabhra arb ionann é agus 6 % faoin gcéad d'olltáirgeacht intíre
(OTI) an Aontais), earnáil an‑iomaíoch, áit thábhachtach a choinneáil i
ngeilleagar agus i dtráchtáil an Aontais. Déanfar na bearta de réir straitéise Eorpaí
faisnéise agus cur chun cinn lena socrófar tosaíochtaí do na margaí agus do na
táirgí nó na teachtaireachtaí atá le saothrú (táirgí a bhfuil ard‑bhreisluach
acu, mar shampla). agus an chaibidlíocht ar chomhaontú saorthrádála, agus na
margaí is bisiúla á gcur san áireamh agus a áirithiú ar an dóigh sin nach
scaipfear agus nach spréifear na modhanna. Táthar ag súil go ndéanfar
athchothromú ar na bearta atá dírithe ar na tríú tíortha leis an togra seo. Chun líon na mbeart a mhéadú agus a gcáilíocht
a ardú, is cuí, i gcomhréir le hathchóiriú CBT 2020 lena spreagtar
feirmeoirí iad féin a struchtúrú, an córas a chur ar fáil do thairbhithe nua
amhail eagraíochtaí táirgeoirí. Is cuí freisin iarracht a dhéanamh an tairbhe
is fearr is féidir a bhaint as infheistíocht sna bearta seo agus srianta diana
a leagan síos maidir leis na roghanna a bheidh ann tionscnamh na dtáirgí nó na
mbrandaí tráchtála a lua chun an phríomhtheachtaireacht chineálach lena
gcuirtear an bhéim ar shaintréithe na dtáirgí talmhaíochta Eorpacha a léiriú. Cuireann na cláir a chuireann oibreoirí as
Ballstáit éagsúla ar fáil go mór leis an mbreisluach Eorpach, cuireann siad
chun tosaigh éagsúlacht na dtáirgí talmhaíochta Eorpacha agus cothófar iad leis
an athchóiriú. Mar gheall ar thionscnaimh an Choimisiúin
amhail na misin ardleibhéil tráchtála nó an rannpháirteachas in aontaí
idirnáisiúnta bíonn sé níos fusa táirgí talmhaíochta Eorpacha a chur ar mhargaí
nua. Foráiltear sa togra go bhforbrófar seirbhísí
nua tacaíochta do na páirtithe leasmhara lena gcuirfear chun cinn malartú
faisnéise ar bhearta faisnéise agus cur chun cinn nó dea-chleachtas agus lenar
féidir saineolas na bpáirtithe a fheabhsú. Dírítear leis freisin ar bhainistiú na
mbeartas faisnéise agus cur chun cinn a shimpliú. Beartaítear léi go mbeidh an
Coimisiún níos gníomhaí i mbainistiú na gclár ilnáisiúnta chun gur fusa iad a
chruthú agus a chur chun feidhme. Ní mór róil éagsúla an Bhallstáit agus an
Choimisiún maidir le faireachán ar na bearta agus a rialú a shoiléiriú chun
nach mbeidh dúbailt ná nósanna imeachta fada ann. Beartaítear gur ar leibhéal
an Choimisiún amháin a bheidh an roghnú. Ar deireadh, beartaítear go mbeidh measúnú
córasach ar an tionchar ag gabháil le gach beart chun a airithiú gur baineadh
amach na cuspóirí a leagadh síos. Cuirfear creat meastóireachtae ar bun chun
feidhmíocht na mbeartas cur chun cinn a mheas le sraith choiteann táscairí a
bhaineann lena gcuspóirí straitéiseacha, i gcomhréir le comhchreat faireacháin
agus meastóireachta an Chomhbheartais Talmhaíochta. Breisluach an AE Is beartas Eorpach an Beartas Talmhaíochta. In
ionad 28 beartas talmhaíochta a bheith ann, cuireann na Ballstáit acmhainní le
chéile chun beartas Eorpach a bhfuil comhbhuiséad aige a leanúint. Is í an
talmhaíocht an t‑aon earnáil amháin atá faoi réir comhbheartais agus a
bhfuil foráil ina leith sa Chonradh maidir le comhrialacha, lena n‑áirítear
rialacha maidir le cur chun cinn. Ní mór ionstraimí uile an bheartais sin a
theacht as an athchóiriú atá ar siúl ar an gComhbheartas Talmhaíochta. Go háirithe, i margadh aonair, beidh éifeacht
ghiarála mhóir ag beart ar leibhéal an AE maidir le (a) cur ar bun clár
faisnéise cineálaí arb annamh a chuireann Ballstáit ná fiontair chun feidhme
iad, mar gheall ar an gcineál cláir atá iontu, agus arb annaimhe arís a
chuirtear chun feidhme iad de dheasca na géarchéime eacnamaíche agus (b) cláir
ilnáisiúnta a chur chun feidhme a chuirfeadh malartú taithí ar fáil idir na
Ballstáit agus na stáit ag a bhfuil barainneachtaí scála. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Comhairliúchán le geallsealbhóirí Chuathas i gcomhairle le cuid mhór páirtithe
leasmhara. Sa Leabhar Glas a sheol an Coimisiún an 14 Iúil 2011, tosaíodh
ar phlé ar fógraíodh a thorthaí le linn na Comhdhála maidir le Cur chun Cinn a
d'eagraigh Uachtaránacht na Polainne ar an Aontas Eorpach i Samhain 2011. Ghlac
an Chomhairle conclúidí maidir leis an Leabhar Glas le linn a chruinnithe i
Nollaig 2011. Ghlac Parlaimint na hEorpa cinneadh an 20 Samhain 2012 tar
éis don Choimisiún teachtaireacht a ghlacadh maidir leis an ábhar sin. Bhí
comhairliúcháin ann freisin i gcomhthéacs an choiste chomhairligh maidir leis
an dul chun cinn agus i meitheal saineolaithe ar shimpliú an Chomhbheartais
Talmhaíochta le linn cruinnithe i Márta 2012. Measúnú ar an gcóras atá an faoi láthair In Eanáir 2012, foilsíodh measúnú a d'ordaigh an
Coimisiún Eorpach agus a rinne comhairleoir seachtrach. Is meastóireacht fhoriomlán
neamhspleách ar an gcóras atá ann faoi láthair é an measúnú sin. Scrúdaíodh
inti ábharthacht agus éifeacht bheartais faisnéise agus chur chun cinn an AE le
haghaidh táirgí talmhaíochta i dtaca leis na cuspóirí atá socraithe i Rialachán
(CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle chomh maith lena mhéid a bhí sé ag teacht
leis na bearta eile cur chun cinn a chuirtear i bhfeidhm faoin gComhbheartais
Talmhaíochta. Is iad na blianta 2002 go dtí 2010 atá cumhdaithe san anailís. Measúnú tionchair Ar bhonn an mheasúnaithe ar an gcreat beartas
atá ann faoi láthair, ar thaobh amháin, agus ar bhonn anailíse ar na dúshláin
agus ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo, tá measúnú agus comparáid idir
thrí chás éagsúla sa mheasúnú tionchair. Dréactaíodh na cásanna athchóirithe
sin ar bhonn trí eilimint idirdhealaitheacha a tháinig as an bplé poiblí agus
as seasaimh na ngeallsealbhóirí éagsúla, mar atá: an spriocmhargadh/na
spriocmhargaí, straitéis chur chun cinn Eorpach a bheith ann nó gan a bheith
ann, agus, ar deireadh, na rialacha maidir le brandaí príobháideacha agus
tionscnamh earraí. Ceapadh trí chás chun próiseas na cinnteoireachata a chothú: • Baineann an rogha 'feabhas ar an
status quo' le hoiriúnú teoranta a dhéanamh ar an mbeartas cur chun cinn.
Aithnítear sa rogha sin breisluach an bheartais chur chun cinn agus déantar
iarracht na laigí a sainaithníodh a leigheas chun go mbeidh an beartas níos
simplí agus níos inrochtana, chun é a chur ar chumas na dtairbhithe an tairbhe
is fearr is féidir a bhaint as na hionstraimí atá le fáil agus chun tacaíocht
theicniúil leordhóthanach a thabhairt dóibh. • Leis an 'sprioc-chás', chomh maith
leis na socruithe a bhaineann leis an 'bhFeabhas ar an Status Quo', dhéanfaí na
bearta cur chun cinn ar na margaí inmheánacha agus seachtracha a dhíriú níos
fearr trí bhíthin dréachtú agus cur chun feidhme straitéise. Leis an rogha sin
freisin, chuirfí chun tosaigh comhar idir oibreoirí Ballstát éagsúil (trí
chláir ilnáisiúnta a chur faoi bhainistíocht dhíreach). Lena chois sin, is
féidir raon na dtáirgí agus na dtéamaí is incháilithe don chóras cur chun cinn
a leathnú leis an straitéis sin. Ar deireadh, beartaítear leis an gcás seo go
mbainfearúsáid níos fearr as lipeadú maidir le tionscnamh táirgí agus as
brandaí tráchtála (e.g. brandaí 'meirge') • Tá an cás 'tríú tíortha amháin'
lán chomh hardaidhmeannach leis an 'sprioc-chás' maidir le feidhmíocht an
bheartais ach i gcás an cháisseo bheadh na bearta cur chun feidhme dírithe ar
na tríú tíortha amháin agus bheadh said faoi bhainistiú díreach an Choimsiúin,
i gcomhréir le straitéis roghnúcháin. Na heilimintí feabhsaithe atá beartaithe
sa chás 'feabhas ar an status quo' tá siad sa chás seo freisin. Lena chois sin,
chomh maith leis an gcur chun cinn cineálach, bheadh na bearta tráchtála ar son
brandaí príobháideacha aonair incháilithe freisin don chóras agus d'fhéadfadh
sé go mbeadh leathnú ar an liosta de tháirgí agus de théamaí incháilithe i
gceist sna bearta sin freisin. Ní cosúil go bhfuil an cás 'feabhas ar an
status quo' dírithe go leor ar bhearta a bhfuil breisluach mór acu don Aontas
Eorpach agus tá barraíocht riosca leis an gcás 'tríú tíortha amháin' i
bhfianaise a ísle atá an leibhéal eolais ar na táirgí talmhaíochta san Eoraip,
agus is léir i bhfianaise an mheasúnaithe tionchair gurb í an 'sprioc-chás' an
cás is cothromúla i dtaca le creat a dhearadh don chóras cur chun cinn is mó a
bheadh dírithe ar an ngá atá le fás eacnamaíoch sna hearnálacha agus sna margaí
talmhaíochta agus a d'ardódh leibhéal eolais na dtomhaltóirí agus iad os
comhair raon táirgí a bheidh ag síorleathnú. 3. An córas a bhainistiú Bainistíocht chomhroinnte (nasc idir an
príomhchaiteachas nasctha agus cur cun feidhme na gclár) agus bainistíocht
dhíreach (bearta eolas agus cur chun feidhme de thionscnamh an Choimisiúin) atá
ar an gcóras faoi láthair. Ba cheart go dtiocfadh as an Rialachán seo méadú a
bheadh ginearálta agus mór ar líon na mbeart a chuirtear chun feidhme agus, dá
bhrí sin, méadú ar an gcaiteachas ar bhainistíocht chomhroinnte agus ar
bhainistíocht dhíreach araon, agus méadú mór maidir le bearta faoi bhainistiú
díreach, de bharr athrú na gclár ilnáisiúnta go dtí an modh sin bainistíochta
chun gur fusa iad a chur chun feidhme. Ar bhonn anailíse costéifeachtachta, féadfaidh
an Coimisiún a chinneadh go dtabharfaidh sé cúraimí uile bhainistíocht an
chláir nó cuid acu do ghníomhaíocht feidhmiúcháin i gcomhreir le
hAirteagal 62 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle[9].
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún darb ainm 'Buiséad don Eoraip 2020'[10], mhol an Coimisiún go mbéarfaí
ar an bhfaill níos mó úsáide a bhaint as na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin atá
ann cheana. Ina fhianaise sin agus i gcomhréir le
forálacha Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón
gComhairle[11]
agus i gcomhréir le hAirteagal 6(g) de Rialachán (CE) Uimh. xxx/xxxx
maidir le hairgeadas, bainistíocht agus an Chomhbheartais Talmhaíochta[12] agus faireachán air [Rialachán
cothrománach maidir leis an CBT], tá sé de rún ag an gCoimisiún cúraimí áirithe
a bhaineann le bainistiú díreach na gclár faisnéise agus cur chun cinn, go
háirithe cúraimí a bhaineann leis na cláir ilnáisiúnta, a sheachfhoinsiú ó
ghníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana, chun cáilíocht na seirbhíse a
fheabhsú agus chun feiceálacht an AE ina bhearta faisnéise agus cur chun cinn
maidir le táirgí talmhaíochta a neartú. 4. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Bunús Dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 42 agus
ar Airteagal 43 den CFAE. Prionsabail na coimhdeachta agus na
comhréireachta · Prionsabal na coimhdeachta Déanann beartais chur chun cinn agus faisnéise
an AE forlíonadh agus treisiú ar na bearta a dhéanann na Ballstáit, go háirithe
tríd an íomhá atá ag tomhaltóirí san AE agus i dtríú tíortha a fheabhsú, maidir
le cáilíocht, gnéithe a bhaineann le cothú agus le sábháilteacht bia-ábhair
agus modhanna táirgthe go háirithe. Trí chuidiú a thabhairt margaí nua a
oscailt i dtríú tíortha, is é is dóichí go mbeidh éifeacht iolraitheora ar
thionscnaimh náisiúnta agus phríobháideacha ag an ngníomhaíocht sin. Tagann an togra faoi inniúlacht atá roinnte
idir an AE agus na Ballstáit agus comhlíonann sé prionsabal na coimhdeachta. · Prionsabal na comhréireachta Ós rud é go bhfuil an léirscaoileadh trádála
ag méadú, trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus bia go háirithe, tá an malartú
trádála idir Bhallstáit an AE agus tríú tíortha ag síormhéadú freisin. Mar
gheall air sin agus ar an gComhbheartas Talmhaíochta a bheith dírithe ag an
margadh, tá an rialachán maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le
haghaidh táirgí talmhaíochta sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha ina
uirlis ríthábhachtach agus tá sé ag teacht le creat nua chomhaontú an EDT ar
thalmhaíocht. Is faoin AE atá sé, ar ndóigh, caighdeán
ardcháilíochta tháirgí talmhaíochta an AE a chur chun cinn agus comhchláir chur
chun cinn a chothú ina mbeidh roinnt tíortha den AE nó roinnt earnálacha
talmhaíochta rannpháirteach. Comhlíonann an togra prionsabal na
comhréireachta. 5. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA I dtaca leis an gcás mar atá faoi láthair,
foráiltear sa togra do mhéadú a thiocfaidh de réir a chéila ach a bheidh mór ar
an mbuiséad a shanntar do bhearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh
táirgí talmhaíochta (méadú EUR 61.5 milliún in 2013 go dtí méadú EUR
200 milliún in 2020). Tá mionsonraí maidir leis na himpleachtaí buiséadacha le
fáil sa ráiteas airgeadais. Tá suimeanna na n‑íocaíochtaí díreacha
agus an chaiteachais a bhaineann leis na bearta margaidh, faoi Cholún I
den Chomhbheartais Talmhaíochta, sa togra a bhaineann leis an gcreat airgeadais
ilbhliantúil (CAI) 2014-2020. Ar eagla na heagla, tá conclúidí na Comhairle
Eorpaí an 8 Feabhra 2013 maidir leis an CAI curtha san áireamh ag an
gCoimisiún. Faoi réir ghlacadh an Rialacháin maidir leis an gComhbheartas
Talmhaíochta, maoineofar na bearta faisnéise agus cur chun cinn laistigh de na
suimeanna ar chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach orthu. 2013/0398 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn
le haghaidh táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2)
de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[13], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[14], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) I gcomhréir le Rialachán (CE)
Uimh. 3/2008 ón gComhairle[15],
féadfaidh an tAontas bearta faisnéise agus cur chun cinn a dhéanamh ar an margadh
inmheánach agus sna tríú tíortha le haghaidh táirgí talmhaíochta agus a modha
táirgthe agus táirgí áirithe próiseála bia atá déanta ar bhonn táirgí
talmhaíochta. (2) Is é is cuspóir do na bearta
sin acmhainn iomaíochta na talmhaíochta Eorpaí a neartú, ar an margadh
inmheánach agus sna tríú tíortha araon, trí leibhéal eolas na dtomhaltóirí a
ardú maidir le buanna na dtáirgí talmhaíochta agus na dtáirgí bia a dhéantar ar
bhonn tháirgí talmhaíochta an Aontais agus trí mhargaí nua a shaothrú agus a
oscailt. Comhlíontar agus neartaítear go héifeachtach na bearta a dhéanann na
Ballstáit leis na bearta sin. (3) I bhfianaise na taithí a
fuarthas ar thaobh amháin, agus i bhfianaise deiseanna forbartha san earnáil
talmhaíochta agus in earnáil na margaí, bíodh sé laistigh nó lasmuigh den
Aontas ar an taobh eile, ba cheart an córas a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 3/2008
a athbhreithniú agus é a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí. Dá
bhrí sin, is cuí Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 a aisghairm agus Rialachán
nua a chur ina ionad. (4) I gcomhréir leis na rialacha
iomaíochta, ní mór na bearta atá dírithe ar an margadh inmheánach a bheith
teoranta do bhearta faisnéise maidir le sonraíochtaí mhodhanna táirgiúlachta
talmhaíochta an Aontais nó maidir le téamaí atá ábhartha don Aontas, amhail na
córais cháilíochta Eorpacha a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16]. (5) Lena chois sin, ba cheart
foráil do bhearta a bhaineann le barántúlacht tháirgí an Aontais a chur chun
cinn chun eolas na dtomhaltóirí a fheabhsú maidir le cáilíochtaí na dtáirgí
barántúla i dtaca le táirgí bréige agus góchumtha; chuirfeadh sin go mór leis
an eolas laistigh den Aontas agus sna tríú tíortha maidir leis na siombailí,na
lipéid agus na giorrúcháin lena léirítear go bhfuiltear rannpháirteach sna
córais cháilíochta Eorpacha a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. (6) Táirgí talmhaíochta deiridh
is mó a onnmhaireann an tAontas, agus bíonn táirgí talmhaíochta nach mbaineann
le hIarscríbhinn I den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ('an
Conradh') ar na táirgí sin. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a thabhairt do
tháirgí bia áirithe atá déanta ar bhonn táirgí talmhaíochta ar an gcóras
faisnéise agus cur chun cinn, i gcomhréir le córais eile an Chomhbheartais
Talmhaíochta ('CBT'), ar córais cháilíochta Eorpacha iad, lena bhforáiltear
cheana do shocruithe oscailte maidir leis na táirgí sin. (7) Tá faisnéis ar fhíonta an
Aontais agus a gcur chun cinn ar eochairbhearta na gclár cabhrach san earnáil
fíonsaothrúcháin dá bhforáiltear leis an CBT. Dá bhrí sin, is cuí incháilitheacht an fhíona ar féidir bearta faisnéise agus cur
chun cinn a dhéanamh ina leith faoin gcreat atá ann faoi láthair a theorannú
don aon chás amháin ina mbaineann an fíon le táirge talmhaíochta nó bia eile. (8) Le linn na tréimhse 2001 -
2011, is ar éigin má bhí 30 % den bhuiséad a leithdháileadh ar bhearta
faisnéise agus cur chun cinn faoi Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 dírithe ar
mhargaí tríú tíortha, cé gur féidir fás mór a bheith ann sna margaí sin. Ba
cheart foráil do shocruithe sonracha chun go ndéanfar an líon is mó beart
faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta an Aontais sna
tríú tíortha is féidir, agus chun go mbainfear amach 75 % den chaiteachas
measta trí thacaíocht airgeadais a neartú go háirithe. (9) Chun a áirithiú go mbeidh an
tionchar ceart ag bearta faisnéise agus cur chun cinn, ba cheart iad a bheartú
faoin gcreat clár faisnéise agus cur chun feidhme. Ba iad na heagraíochtaí
gairmiúla nó idirchraoibhe a mholfadh na cláir sin go dtí seo. Chun líon agus
cáilíocht na mbeart a mholtar a mhéadú, is cuí eagraíochtaí táirgeoirí a chur
faoi raon na dtairbhithe freisin. Ar a bharr sin, ní mór é a bheith ar a chumas
ag an gCoimisiún na cláir sin a chomhlánú trí bhearta a dhéanamh dá thionscnamh
féin, go háirithe chun cur le hoscailteacht margaí nua. (10) Ní mór gné shonrach Eorpach a
bheith leis na bearta faisnéise agus cur chun cinn a chómhaoiníonn an tAontas.
Chuige sin, agus chun nach mbeidh scaipeadh modhanna ann agus chun
infheictheacht na hEorpa sna bearta sin faisnéise agus cur chun cinn maidir le
táirgí talmhaíochta a mhéadú, is cuí foráil do bhunú cláir oibre lena saineofar
tosaíochtaí straitéiseacha na mbeart sin, maidir le pobail, táirgí, téamaí nó
na margaí a bhfuiltear le díriú orthu, agus saintréithe na dteachtaireachtaí
faisnéise agus cur chun cinn. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh go háirithe go
bhfuil formhór na bhfiontar san earnáil próiseála bia ina bhfiontair bheaga
agus mheánmhéide, go bhfuil earnálacha ann a dtugtar tacaíocht dóibh le bearta
eisceachtúla dá bhforáiltear in Airteagal 154, in Airteagal 155 agus
in Airteagal 156 de Rialachán (AE) XXX/20… [ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an... lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí
talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair) (COM(2011)626)] agus na
comhaontuithe saorthrádála a bhaineann le beartas trádála an Aontais Eorpaigh
maidir leis na bearta atá dírithe ar thríú tíortha. (11) Chun a áirithiú go gcuirfear
chun feidhme na bearta faisnéise agus cur chun cinn go héifeachtach, ba cheart cúram
a bhfeidhmithe a thabhairt do chomhlachtaí feidhmiúcháin a roghnaíodh go cuí. (12) Chomh maith leis na bearta
faisnéise agus cur chun cinn, tá sé riachtanach go saothróidh agus go
gcomhordóidih an Coimisiún seirbhísí tacaíochta teicniúla ar an leibhéal
Eorpach chun cuidiú leis na hoibreoirí páirt a ghlacadh sna cláir
chómhaoinithe, feachtais éifeachtacha a chur i gcrích nó a ngníomhaíochtaí
onnmhairithe a shaothrú. (13) Níl na bearta faisnéise agus
cur chun cinn le haghaidh táirgí atá cómhaoinithe ag an Aontas dírithe de réir
brandaí tráchtála ná de réir a dtionscnaimh shonraigh. Dá ainneoin sin, is
féidir éifeacht ghiarála a bheith ag lipéadú de réir branda nó tionscnaimh i
gcomhthéacs beart cur chun cinn, sna tríú tíortha go háirithe. Dá bhrí sin, is
cuí bheith ábalta, i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha atá le socrú agus
go háirithe na cearta maidir le cosaint réadmhaoine tionscail, infheictheacht
níos mó a thabhairt do na brandaí agus don tionscnamh, gan an chothroime atá
idir sin agus cur chun tosaigh teachtaireachtaí cineálacha atá dírithe ar
shaintréithe na dtáirgí talmhaíochta agus bia atá déanta ar bhonn táirgí
talmhaíochta an Aontais a chailleadh. (14) Tá rún daingean ag an Aontas
timpeallacht rialála an CBT a shimpliú. Ba cheart an cur chuige sin a chur chun
feidhme ar an Rialachán a bhaineann le bearta faisnéise agus cur chun cinn le
haghaidh táirgí talmhaíochta freisin. Go háirithe, ba cheart na priosabail
maidir le bainistíocht riaracháin na gclár faisnéise agus cur chun cinn a athbhreithniú
chun iad a shimpliú agus chun gur féidir leis an gCoimisiún rialacha agus
nósanna imeachta a shocrú chun cur isteach agus roghnú tograí maidir le cláir a
rialú. (15) Cuireann an comhar idir
ghníomhairí eacnamaíocha as Ballstáit éagsúla go mór le méadú an bhreisluacha
Eorpaigh agus méadú infheictheacht éagsúlacht na dtáirgí talmhaíochta.
D'ainneoin gur tugadh tús áite do chláir a d'ullmhaigh eagraíochtaí tairisceana
de chuid Ballstát éagsúil, níorbh ionann iad sin ach 16 % den bhuiséad a
leithdháileadh ar bhearta faisnéise agus cur chun cinn faoi Rialachán (CE) Uimh. 3/2008
le linn na tréimhse 2001-2011. Ina fhianaise sin, is cuí foráil do shocruithe
nua, go háirithe maidir le bainistíocht buiséid chun na constaicí cur chun
feidhme atá ann faoi láthair a shárú. (16) Is cuí na critéir maidir le
maoiniú na mbeart sin a shainiú. Mar riail ghinearála, níor cheart don Aontas
ach cuid de chostais na gclár a chumhdach chun go nglacfaidh na heintitis
tairisceana leasmhara a bhfreagrachtaí de láimh. Tá costais áirithe riaracháin
agus phearsanra nach mbaineann leis an CBT a fheidhmiú ina gcuid dhílis de na
bearta faisnéise agus cur chun cinn agus is féidir go mbeidh siad incháilithe
do mhaoiniú ón Aontas. (17) Ní mór faireachán agus meastóireacht
a dhéanamh ar gach beart chun a cháilíocht a fheabhsú agus chun a éifeachtacht
a léiriú. Mar gheall air sin, ba cheart don Choimisiún liosta táscairí a shocrú
agus tionchar an bheartais chur chun cinn a mheas i dtaca lena chuspóirí
straitéiseacha. Is cuí go mbunófaidh an Coimisiún creat faireacháin agus meastóireachta
don bheartas sin i gcomhréir le comhchreat faireacháin agus meastóireachta an
CBT. (18) Chun a áirithiú go mbeidh na
bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo éifeachtach, go mbainisteofar go maith
iad agus go n‑úsaidfear maoiniú an Aontais go héifeachtach, is cuí é a
thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 290 den Chonradh, maidir leis na coinníollacha sonracha maidir
le hinfheictheacht agus lipéadaithe thionscnamh na dtáirgí, critéir
incháilitheachta na n‑eintiteas tairisceana, coinníollacha iomaíochta na n‑eagraíochtaí
feidhmiúcháin agus na coinníollacha faoina bhféadfar an t‑eintiteas
tairisceana a údarú codanna áirithe den chlár a fheidhmiú é féin agus, ar deireadh,
na coinníollacha sonracha incháilitheachta do chláir shimplí maidir le costais
na mbeart faisnéise agus cur chun cinn. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go
rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin chuí le linn a chuid réamhoibre,
lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Is cuí go ndéanfaidh
an Coimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú
agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go ndéanfar
doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa
agus chuig an gComhairle go comhuaineach, tráthúil cuí. (19) Chun an trasdul ón gcóras a
bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 chuig an gcóras a bhunófar leis an
Rialachán seo a éascú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i
dtaca le forálacha idirthréimhseacha a dhéanamh idir forálacha
Rialacháin (CE) Uimh. 3/2008 agus forálacha an Rialacháin seo. (20) Chun a áirithiú go mbeidh
coinníollacha cur chun feidhme an Rialacháin seo aonfhoirmeach, ba cheart na
hinniúlachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur
chun feidhme a ghlacadh maidir leis an gclár oibre lena socrófar na tosaíochtaí
straitéiseacha, roghnú na gclár simplí, na rialacha maidir le cur chun feidhme,
faireachán agus rialú na gclár simplí, na rialacha maidir le conarthaí a
thabhairt chun críche a bhaineann le cur chun feidhme na gclár simplí a
roghnaíodh faoin Rialacháin seo agus maidir leis an gcomhchreat le haghaidh
tionchar na gclár a mheas. Ba cheart na hinniúlachtaí sin a fheidhmiú i
gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle[17]..
(21) Chun go mbeidh na bearta cur
chun cinn i gColún I den CBT ag teacht le chéile níos fearr, is cuí go
mbeidh bearta faisnéise agus cur chun cinn faoi chreat Rialachán (CE) Uimh. …/20…
[COM(2011)626] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [18] ag luí leis na tosaíochtaí
straitéiseacha atá le sainiú ar leibhéal cothrománach ar bhonn an Rialacháin
seo. (22) Agus na naisc atá ann idir an
beartas cur chun cinn agus ionstraimí eile an CBT, is féidir cuspóirí an
Rialacháin seo a bhaint amach níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais trí
ráthaíocht ilbhliantúil an mhaoinithe ón Aontas agus trí dhíriú isteach ar
thosaíochtaí a sainíodh go soiléir. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo ag luí le
prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5(3) den
Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ós rud é go bhfuil raon feidhme an Rialacháin
seo teoranta don mhéid is gá chun na cuspóirí a bhaint amach, urramaíonn sé
freisin prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha síos in
Airteagal 5(4) den Chonradh sin. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Caibidil I FORÁLACHA
GINEARÁLTA Airteagal 1 Ábhar Féadfar na bearta faisnéise agus cur chun cinn
le haghaidh táirgí áirithe bia a dhéantar ar bhonn táirgí talmhaíochta ('bearta
faisnéise agus cur chun cinn' anseo feasta) a dhéantar sa mhargadh inmheánach
nó i dtríú tíortha a mhaoiniú as buiséad an Aontais, go hiomlán nó go
páirteach, faoi choinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Airteagal 2 Bearta maidir leis an margadh inmheánach Is iad seo a leanas na is incháilithe ar an
margadh inmheánach: (a) bearta faisnéise agus cur chun cinn atá
dírithe ar bhéim a leagan ar shonraíochtaí mhodhanna táirgthe talmhaíochta an
Aontais, go hairithe maidir le sábháilteacht bia, barántúlacht, gnéithe a
bhaineann le cothú agus sláinte, leas ainmhithe nó maidir leis an gcomhshaoil. (b) na bearta faisnéise faoi na
téama dá dtagraítear in Airteagal 5(4). Airteagal 3 Bearta maidir le Tríú Tíortha Is iad seo a leanas na is incháilithe sna
tríú tíortha: a) na bearta faisnéise atá dírtithe ar
bheim a leagan ar shainghnéithe na dtairgí talmhaíochta agus próiseáilte bia
agus ar na téamaí dá dtagraítear in Airteagal 5(4); b) na bearta cur chun cinn atá dírtithe
ar dhíol na dtairgí talmhaíochta agus próiseáilte bia de thionscnamh an AE a
mhéadú. Airteagal 4 Sainghnéithe na mBeart 1. Níl na bearta faisnéise agus
cur chun cinn dírithe de réir na mbrandaí tráchtála. Dá ainneoin sin, féadfaidh
brandaí na dtáirgí bheith infheicthe le linn taispeántais nó blaiste táirgí
agus ar an ábhar faisnéise agus cur chun cinn, faoi choinníollacha sonracha atá
le glacadh de bhun Airteagal 4(a). 2. Ní spreagfar daoine leis na
bearta faisnéisean táirge a chaitheamh de bharr a thionscnaim. Dá ainneoin sin,
féadfaidh tionscnamh na dtáirgí bheith infheicthe ar an ábhar faisnéise agus
cur chun cinn faoi choinníollacha sonracha atá le glacadh de bhun
Airteagal 6(b). 3. Cuirfear na bearta faisnéise
agus cur chun cinn chun feidhme faoi chreat: (a) clár faisnéise agus cur chun féidhme
('cláir' anseo feasta) atá dírithe ar an bhfaisnéis a mhéadú ar na
spriocthéamaí nó ar na táirgí lena mbaineann agus ar dhíol na dtáirgí sin trí thacar
beart comhleanúnach. (b) tionscnaimh de chuid an Choimisiún. Airteagal 5 Táirgí agus téamaí is incháilithe 1. Is féidir bearta faisnéise
agus cur chun cinn a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 3 i leith na
dtáirgí seo a leanas agus is féidir iad a úsáid chun na modhanna táirge agus na
téamaí dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3(a) a
thaispeáint: (a) na táirgí talmhaíochta atá sa liosta atá
le fáil in Iarscríbhinn I den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
('an Conradh' anseo feasta) seachas na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe
atá sa liosta in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. [COM(2011)416]
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[19]
agus an tobac; (b) na tairgí bia a dhéantar ar bhonn táirgí
talmhaíochta atá liostaithe i bpointe I d'Iarscríbhinn I a ghabhann
le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle. (c) na deochanna biotáilleacha a bhfuil tásc geografach
faoi chosaint leo faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[20]. 2. Is féidir bearta faisnéise
agus cur chun cinn a dhéanamh i leith an fhíona, ar choinníoll go bhfuil an
clár atá beartaithe dírithe freisin ar tháirgí eile dá dtagraítear i
mír 1(a) nó (b). 3. I gcás na ndeochanna
biotáilleacha dá dtagraítear i mír 1(c), agus i gcás an fhíona dá dtagraítear
i mír 2 tá na bearta atá dírithe ar an margadh inmheánach teoranta
d'fhaisnéis do thomhaltóirí maidir leis na córais cháilíochta Eorpacha maidir
leis na tásca geografacha. 4. Is iad seo a leanas na téamaí
dá dtagraítear in Airteagal 2(b) agus in Airteagal 3(a): (a) na córais cháilíochta a bunaíodh le
Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus
le hAirteagal 70 de Rialachán (AE) XXX/20… ó PHarlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle [an... lena bhunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí
talmhaíochta (Rialachán 'CEM aonair') (COM(2011)626)]; (b) an modh táirgthe bitheolaíoch, mar atá
sainithe i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle[21]; (c) lógónna na dtáirgí talmhaíochta ar
cháilíochtaí sonracha as na réigiúin sárimeallacha mar atá sainithe in
Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle[22]; Airteagal 6 Cumhachtaí tarmligthe Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 maidir leis na
nithe seo a leanas: (a) na coinníollacha sonracha
infheictheachta maidir leis na brandaí tráchtála le linn taispeántais nó
blaiseadh táirgí agus maidir leis an ábhar faisnéise agus cur chun cinn dá
dtagraítear in Airteagal 4(1); (b) na coinníollacha maidir le
tionscnamh táirgí a lua dá dtagraítear in Airteagal 4(2). Caibidil II Na BEARTA FAISNÉISE AGUS CUR CHUN CINN a chur chun feidhme Roinn 1 Forálacha comhchoiteanna Airteagal 7 Na heintitis tairisceana Is iad seo na heagraíochtaí a fhéadfaidh an clár
a thairiscint: (a) eagraíochtaí trádála nó idirthrádála
náisiúnta; (b) eagraíochtaí trádála nó idirthrádála
de chuid an Aontais; (c) eagraíochtaí táirgeoirí nó
comhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí mar atá sainithe in Airteagal 106
agus in Airteagal 107 de Rialachán (AE) (UE) XXX/20… ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle [an... lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i
dtáirgí talmhaíochta, [(Rialachán maidir le CEM Aonair) (COM(2011)626)]. Airteagal 8 An Clár Oibre 1. Cuireann na bearta faisnéise agus
cur chun cinn le neartú acmhainn iomaíochta na talmhaíochta Eorpaí ar an
margadh inmheánach agus sna tríú tíortha araon. Socrófar na cuspóirí atá le
baint amach sa chlár oibre dá dtagraítear i mír 2. 2. Glacfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomh cur chun feidhme, clár oibre ina mbeidh na cuspóirí atá le baint
amach, na tosaíochtaí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na rialacha maidir
le cur chun feidhme agus suim iomlán an phlean maoinithe leagtha amach. Beidh
tuairisc ann freisinar an príomhchriteir meastóireachta, ar na gníomhaíochtaí a
bheidh le maoiniú, léiriú na suimeanna a leithdháilfear ar gach cineál
gníomhaíochta, tráthchlár táscach cur chun feidhme agus, i gcás fordheontas, an
t‑uasmhéid cómhaoiniúcháin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear
sa chéad fhomhír i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 24(3). 3. Cuirfear
an clár oibre dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme tríd an gCoimisiún na
nithe seo a leanas a fhoilsiú: a) I gcás na gclár simplí, glao ar
thairiscintí ina mbeidh na coinníollacha rannpháirteachas agus na
príomhchritéir measúnaithe go háirithe. b) I gcás na
n‑ilchlár, glao ar thairiscintí i gcomhréir le teideal IV de
Roinn I de Rialachán (AE, Euratom) Uimh.°966/2012[23] Airteagal 9 Na cláir Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn: (a) 'clár simplí' clár is féidir le haon
eintiteas tairisceana amháin, dá dtagraítear in Airteagal 7(a) nó (c) nó
níos mó agus arb as aon Bhallstát amháin iad, a thíolacadh; (b) 'ilchlár' clár is féidir le roinnt
eintiteas tairisceana dá dtagraítear in Airteagal 7(a) nó (c) agus arb as roinnt
Ballstát iad nó le heintiteas amhain Eorpach dá dtagraítear in
Airteagala 7(b) nó níos mó, a thíolacadh. Airteagal 10 Bearta de thionscnamh an Choimisiún 1. Féadfaidh an Coimisiún aon
bheart amháin faisnéise agus cur chun cinn a dhéanamh de réir an chur síos
orthu in Airteagal 2 agus in Airteagal 3. Féadfaidh na bearta sin, go
háirithe, bheith i bhfoirm rannphairteachais in aontaí tráchtála nó i dtaispeántais a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta
ag baint leo, le seastáin nó le hoibriúcháin atá dírithe ar íomhá tháirgí an
Aontais a chur chun tosaigh. 2. Saothróidh
an Coimisiún seirbhísí tacaíochta teicniúla, go háirithe chun eolas ar na
margaí éagsúla a chothú, chun líonra gairmiúil dinimiciúil a bhaineann le
beartais faisnéise agus chur chun cinn a choinneáil ar bun agus an t‑eolas
ar na forálacha reachtacha maidir le cláir a tharraingt suas agus a chur chun
feidhme. Airteagal 11 An maoiniú dúbailte a chosc Ní fhéadfar ranníocaíocht ón AE a thabhairt do
bhearta faisnéise agus cur chun cinn atá ag fáil tacaíocht airgeadais eile de
bhun Rialachán (AE) XXXX/20.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an...
maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Talmhaiochta Eorpach
d’Fhorbairt Tuaithe (Feader) (COM(2011)627)[24]]
ou au titre du règlement (UE) XXX/20… [du Parlement européen et du Conseil du…
portant organisation commune des marchés des produits agricoles (règlement
"OCM unique") (COM(2011)626)], ne peuvent pas faire l’objet d’une
contribution financière de l’Union au titre du présent règlement. Roinn 2 Cláir shimplí a chur chun feidhme agus a bhainistiú Airteagal 12 Cláir shimplí a roghnú 1. Déanfaidh an Coimisiún na
tograí le haghaidh clár simplí a mheas agus a roghnú tar éis an ghlao ar thograí
dá dtagraítear in Airteagal 8(3)(a). 2. Déanfaidh an Coimisiún
cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir leis na cláir
shimplí a roghnaíodh, na hathruithe a bheidh le déanamh orthu, más ann dóibh,
agus na buiséid chomhfhreagracha. Glacfar na gníomhartha sin i gcomhréir leis
an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2). Airteagal 13 Comhlachtaí
a bheidh freagrach as na cláir shimplí a chur chun feidhme Tar éis tairiscintí iomaíochta a dhéanfar trí
bhíthin na modhanna is cuí, roghnóidh an t‑eintiteas tairisceana na comhlachtaí
a chuirfidh na cláir shimplí a roghnaíodh chun feidhme, go háirithe chun a
áirithiú go gcuirfear na bearta chun feidhme go héifeachtach. Airteagal 14 Na cláir shimplí a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh orthu agus
iad a rialú 1. Beidh na Ballstáit lena
mbaineann freagrach as na cláir shimplí a roghnaíodh agus na híocaíochtaí a
bhaineann leo a chur chun feidhme go héifeachtach de bhun Airteagal 9.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t‑ábhar faisnéise agus cur chun
feidhme a táirgeadh faoi chreat na gclár sin i gcomhréir le rialacha an
Aontais. 2. Cuirfidh na Ballstáit na
cláir shimplí chun feidhme, déanfaidh siad faireachán orthu agus rialóidh siad
iad i gcomhréir leis an Rialachán (AE) Uimh. XXX/20… ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle [an… maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a
mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air (COM(2011) 628] i
gcomhréir leis na rialacha atá le glacadh de bhun phointe (a) den chéad fhomhír
d'Airteagal 22. Airteagal 15 Forálacha airgeadais maidir leis na cláir shimplí 1. Ní bheidh ranníocaíocht an
Aontais do na cláir shimplí dá dtagraítear i mír 1 os cionn 50 % den
chaiteachas incháilithe. Is ar na heintitis tairisceana a bheidh an chuid eile
den chaiteachas, agus orthu sin amháin. 2. Féadfar an céatadán dá
dtagraítear i mír 1 a mhéadú go 60 % i gcás an méid seo a leanas: (a) clár simplí atá dírithe ar aon tír amháin
nó ar roinnt tíortha; (b) bearta faisnéise agus cur chun cinn
maidir le torthaí agus le glasraí atá dírithe go sonrach ar na leanaí in
institiúidí scolaíochta an Aontais. 3. Beidh na staidéir
mheastóireachta ar na bearta faisnéise agus cur chun cinn a dhéantar i
gcomhréir le hAirteagal 23 incháilithe do mhaoiniú ón Aontas i gcás dálaí
atá cosúil le dálaí an chláir shimplí. 4. Maoineoidh an tAontas go
hiomlán na gcostas ar shaineolas a bhaineann le roghnú na gclár i gcomhréir le
hAirteagal 4(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/20 ó Pharlaimint
na heorpa agus ón gComhairle [an… maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a
mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air (COM(2011) 628]. 5. Chun a áirithiú go gcuirfear
na cláir shimplí chun feidhme go cuí, taiscfidh na heagraíochtaí tairisceana
urrúis mar ráthú. 6. Déanfar na bearta faisnéise
agus cur chun cinn a chuirtear i bhfeidhm trí chláir shimplí i gcomhréir le
hAirteagal 4(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. XXXX/20. ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle [an... maidir le maoiniú, bainistiú agus faireachán a
dhéanamh ar an gcomhbheartas talmhaíochta (COM(2011) 628]. Roinn 3 Na hilchláir agus na bearta de thionscnamh an
Choimisiúin a chur chun feidhme agus a bhainistiú Airteagal 16 Cineálacha
maoiniúcháin 1. Féadfar aon cheann amháin nó
roinnt de na coinníollacha maoiniúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE,
Euratom) Uimh. 966/2012 a bheith ann agus is éard a bheidh iontu, go
háirithe: (a) foirdheontais do na hilchláir; (b) margaí do na bearta ar de thionscnamh an
Choimisiún iad. 2. Maoineofar na bearta
faisnéise agus cur chun cinn a chuirtear i bhfeidhm trí chláir shimplí nó de
thionscnamh an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(a) de Rialachán
(AE) Uimh. XXXX/20. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an...
maidir le maoiniú, bainistiú agus faireachán a dhéanamh ar an gcomhbheartas
talmhaíochta (COM(2011) 628]. Airteagal 17 Meastóireacht ar na hilcláir Déanfar na tograí le haghaidh ilchlár a
mheasúnú agus a roghnú ar bhonn a bheidh fógraithe sa ghlao ar thograí dá
dtagraítear in Airteagal 8(3)(b). Airteagal 18 Forálacha maidir le hilcháir Is é 60 % d'iomlán na gcostas is
incháilithe d'ilchláir an t‑uasmhéid cómhaoiniúcháin. Is ar na heintitis
tairisceana a bheidh an chuid eile den chaiteachas, agus orthu sin amháin. Airteagal 19 Soláthar do na bearta ar de thionscnamh
an Choimisiún iad. Beidh gach soláthar a dhéanfaidh an Coimisiún
thar a cheann féin nó i gcomhar leis na Ballstáit faoi réir na rialacha maidir
le soláthar atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 966/2012 agus i
Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012. Airteagal 20 Leas airgeadais an Aontais a chosaint 1. Glacfaidh an Coimisiún bearta
iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí a bheidh á
maoiniú faoin Roinn seo chun feidhme, go ndéanfar leas airgeadais an Aontais a
chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise,
éillitheachta nó aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha
éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na suimeanna a
íocadh go míchuí a aisghabháil agus, más cuí, trí phionóis riaracháin agus
airgeadais éifeachtacha comhréireacha díspreagthacha a ghearradh. 2. Beidh cumhacht
iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt
Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar
gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas. 3. Féadfaidh an Oifig Eorpach
Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear
seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus
na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (UE, Euratom) n° 883/2013[25] agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96
ón gComhairle[26]
chun a fháil amach an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht
neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais
maidir le comhaontuithe i leith deontas nó cinntí i leith deontas nó cinntí i
leith conarthaí a mhaoinítear faoin gClár. 4. Gan dochar do mhír 1, do
mhír 2 agus do mhí 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le
tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i
gcomhaontuithe i leith deontas agus i gcinntí i leith deontas, a thiocfaidh as
cur chun feidhme an Chláir seo lena dtabharfar de chumhacht go sainráite don
Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus d'OLAF na hiniúchtaí sin agus na
himscrúduithe sin a dhéanamh, de réir a gcuid inniúlachtaí féin. Roinn 4 Cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme Airteagal 21 Cumhachtaí tarmligthe Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 maidir leis
na nithe seo a leanas: (a)
na coinníollacha sonracha faoina bhféadfaidh gach
ceann de na heintitis tairisceana dá dtagraítear in Airteagal 7 clár a
chur isteach, go háirithe chun a áirithiú go mbeidh an clár an‑ionadaíoch
agus go mbeidh raon an‑leathan aige; (b)
na coinníollacha faoina bhféadfar údarú a thabhairt
d'eintiteas tairisceana codanna áirithe den chlár a chur chun feidhe é féin de
mhaolú ar Airteagal 13; (c)
na coinníollacha maidir le hiomaíocht idir na comhlachtaí
cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13; (d)
na coinníollacha sonracha incháilitheachta maidir
leis na cláir shimplí, maidir le costais na mbeart faisnéise agus cur chun cinn
agus, más gá, na costais riaracháin agus pearsanra. Airteagal 22 Cumhachtaí cur chun feidhme Glacfaidh an Coimisiún an méid a leanas trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, (a) na rialacha cur chun feidhme,
faireacháin agus rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2); (b) na rialacha maidir le conarthaí a
thabhairt i gcrích ar mhaithe le cur chun feidhme na gclár a roghnaíodh faoin
Rialachán seo, Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Caibidil III TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME,
IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH Roinn 1 TARMLIGEAN CUMHACHTAÍ AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME Airteagal 23 An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Is go ceann tréimhse
neamhchinntithe ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a thabharfar de
chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa Rialachán seo
a ghlacadh. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa Rialachán seo
a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le
tarmligean na cumhachta a shonrófar sa
chinneadh sin. Beidh éifeacht leis angcúlghairm
an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh cúlghairm a dhéanamh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní
dhéanfaidh sin difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm
cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm ach amháin mura
mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle faoi
cheann dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint
na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na
tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon
tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Féadfar
síneadh dhá mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na
hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 24 An Coiste 1. Beidh de chúnamh ag an
gCoimisiún an Coiste um Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh le
hAirteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. XXXX/20. ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle * an …. lena mbunaítear
comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair].
Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Roinn 2 Comhairliúchán, measúnú agus tuarascálacha Airteagal 25
Comhairliúchán Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme,
féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an ngrúpa comhairliúcháin 'cur
chun cinn na dtáirgí talmhaíochta' a bunaíodh le Cinneadh 2004/391/CE ón
gCoimisiún[27]. Airteagal 26 Meastóireacht ar thionchair na mbeart I gcomhréir leis an gcomhchreat faireacháin
agus meastóireachta don Chomhbheartas Talmhaíochta dá bhforáiltear in
Airteagal 119 de Rialachán (AE) Uimh. .../20... [COM(2011)628],
socróidh an Coimisiún, faoi Airteagal 21(2), an comhchreat faireacháin
agus measúnaithe don mheasúnú tionchair ar na cláir faisnéise agus chur chun
cinn a mhaoineofar faoin Rialachán seo, agus córas táscairí. Tabharfaidh na páirtithe uile lena mbaineann
don Choimisiún na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá chun gur féídir measúnú
tionchair a dhéanamh ar na bearta. Airteagal 27
Tuarascáil Faoin 1 Márta 2016, tíolacfaidh
an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur
chun feidhme an Rialacháin seo maille le tograí reachtacha cuí, más gá sin. Roinn 3 Forálacha leasúcháin, idirthréimhseacha agus deiridh Airteagal 28
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. …/20…
[COM(2011)626] Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. …/20…
[COM(2011)626] mar seo a leanas: (a) in Airteagal 34(2) cuirtear an
fhomhír seo a leanas le mír 3: 'Ní mór an straitéis náisiúnta a bheith i
gcomhréir leis na tosaíochtaí straitéiseacha atá sainithe sa chlár oibre dá
dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. XXX ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle*. * Rialachán (AE) Uimh. XXX dó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... maidir le bearta faisnéise agus
cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i
dtríú tíortha (IO L……..). (b) cuirtear an mhír seo a leanas le
hAirteagal 43: '5. Tá na bearta dá dtagraítear i mír 1
i gcomhréir leis na tosaíochtaí straitéiseacha atá sainithe sa chlár oibre dá
dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. XXX' Airteagal 29 Státchabhair De mhaolú ar
Airteagal 146 (AE) XXXX/20... [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an... lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta
(Rialachán 'CEM Aonair') (COM(2011) 626)] agus ar Airteagal 3 de Rialachán
(CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle[28], agus de
bhun chéad fhomhír Airteagal 42 den Conradh, níl feidhm ag
Airteagal 107, ag Airteagal 108 agus ag Airteagal 109 den
Chonradh ar íocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo agus
i gcomhréir lena fhorálacha, ná ar leithdháilte airgeadais as táillí
paraifhioscacha nó as ranníocaíochtaí éigeantacha ó na Ballstáit, i gcás na
gclár atá incháilithe do thacaíocht ón Aontas faoi fhomhír 2
d'Airteagal 42 den Chonradh, a roghnaigh an Coimisiún i gcomhréir leis an
Rialachán seo. Airteagal 30
Aisghairm Aisghairtear leis seo Rialachán
(CE) Uimh. 3/2008. Déantar tagairtí don Rialachán aisghairthe a
fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léitear iad i gcomhréir leis an
tábla comhghaoil atá leagtha amach in iarscríbhinní an Rialacháin seo. Airteagal 31 Forálacha
idirthréimhseacha Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an
trasdul idir forálacha Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 agus forálacha an
Rialacháin seo a áirithiú. Airteagal 32 Teacht i
bhfeidhm agus cur i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. [Beidh feidhm aige ón ...] Beidh an
Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go
díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN TÁBLA COMHGHAOIL DÁ dTAGRAÍTEAR in
Airteagal 30 Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 || An Rialachán seo Airteagal 1(1), an chéad fhomhír Airteagal 1(1), an dara fhomhír Airteagal 1(2) Airteagal 2 Airteagal 3 agus Airteagal 4 Airteagal 5 Airteagal 6(1) Airteagal 6(2) Airteagal 7 Airteagal 8 Airteagal 9 Airteagal 10 Airteagal 11 Airteagal 12(1) Airteagal 12(2) Airteagal 13(1) Airteagal 13(2), an chéad fhomhír Airteagal 13(2), an dara fomhír Airteagal 13(2), an tríú fomhír Airteagal 13(3)(4) agus (5) Airteagal 13(6) Airteagal 14 Airteagal 15 agus Airteagal 16 Airteagal 17 Airteagal 18 Airteagal 19 Airteagal 20 || Airteagal 1 Airteagal 4(3)(a) Airteagal 4(1) agus (2) Airteagal 2 agus Airteagal 3 Airteagal 5 Airteagal 8(2) Airteagal 7 --- --- Airteagal 12 agus Airteagal 17 --- Airteagal 10 Airteagal 13 --- Airteagal 14 Airteagal 16(1)(b) Airteagal 15(1) Airteagal 15(2) --- --- Airteagal 29 Airteagal 15(6) agus Airteagal 16(2) Airteagal 23 agus Airteagal 24 Airteagal 25 Airteagal 27 Airteagal 30 Airteagal 32 Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 arna ailíniú le forálacha Chonradh Liospóin faoin togra le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. COM(2011)663 || An Rialachán seo Airteagal 1(1), an chéad fhomhír Airteagal 1(1) an dar fomhír agus an tríú fomhír Airteagal 1(2) Airteagal 1(3) Airteagal 1(4) Airteagal 2 Airteagal 3 agus Airteagal 4 Airteagal 5 Airteagal 6(1) Airteagal 6(2) Airteagal 7 Airteagal 8 Airteagal 9 Airteagal 10 Airteagal 11 Airteagal 12(1) Airteagal 12(2) agus (3) Airteagal 13(1) Airteagal 13(2), an chéad fhomhír Airteagal 13(2), an dara fomhír Airteagal 13(2), an tríú fomhír Airteagal 13(3)(4) agus (5) Airteagal 13(6) Airteagal 13(7) Airteagal 13(8) Airteagal 13(9) Airteagal 14 Airteagal 15(a). Airteagal 16(a). Airteagal 16(b) Airteagal 17 Airteagal 18 Airteagal 19 Airteagal 20 || Airteagal 1 Airteagal 42(5) agus Airteagal 6(2) Airteagal 2(3) agus (4) Airteagal 6(2) Airteagal 18(d) Airteagal 2(1) agus (2) Airteagal 3 Airteagal 6(2) Airteagal 5 --- --- Airteagail 9, 14 agus 15 --- Airteagal 8 Airteagail 10, 16 agus 18(b) --- Airteagal 11 Airteagal 13(1)(b) Airteagal 12(1) Airteagal 12(2) --- --- Airteagal 26 Airteagal 12(5) Airteagal 12(6) Airteagal 19 Airteagal 12(7) agus Airteagal 13(2) --- Airteagal 20 Airteagal 21 Airteagal 22 Airteagal 24 Airteagal 27 Airteagal 29 RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. LEAGAN AMACH AN TOGRA Togra
le haghaidh Rialacháin (CE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir
le bearta faisnéise agus bearta cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta
ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha. 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[29] Réimse
beartais Theideal 05 de Cheannteideal 2. 1.3. Nádúr an togra x Baineann an togra le beart nua ¨ Baineann an togra le
beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[30] Baineann an togra le síneadh ar bheart atá ann
cheana ¨ Baineann an togra le
beart a atreoraíodh i dtreo birt nua Baineann an togra le síneadh ar bheart atá ann
cheana ach ar cuireadh gnéithe nua isteach ann. 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra dírithe Tá
an togra dírithe ar úsáid éifeachtach acmhainní le haghaidh fáis chliste,
inbhuanaithe agus uilechuimsithigh do thalmhaíocht an AE, i gcomhréir leis an
straitéis Eoraip 2020. Mar
ionstraim de chuid an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT), tá an beartas Eorpach
cur chun cinn maidir le táirgí talmhaíochta dírithe ar chuspóirí athchóirithe
an CBT as seo go 2020 agus go háirithe an cuspóir maidir leis hacmhainn
iomaíochta na hearnála Eorpaí a neartú, ar an margadh inmheánach agus sna tríú
tiortha. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir sonrach Iomaíocht
earnáil na talmhaíochta a fheabhsú agus cur lena luach sa slabhra bia Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann 05
02 'Idirghabhálacha i margaí talmhaíochta' 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuiltear ag súil leis Faoin
togra seo, beidh straitéis fhoriomlán ag an mbeartas cur chun cinn lenar féidir
freagairt ar dhóigh dhírithe agus éifeachtach do na deiseanna eacnamaíocha i
dtríú tíortha, mar shampla i ndáil leis na comhaontuithe saorthrádála, agus
riar ar an riachtanas atá le faisnéis ar bhuanna táirgí talmhaíochta Eorpacha. Is
sa straitéis chur chun cinn a shaineofar na teachtaireachtaí atá le cur amach
agus a lena gcuirfear chun cinn eilimintí sonracha an CBT go háirithe, lena
n–áirítear a mhodhanna táirgthe inbhuanaithe agus a chórais cháilíochta. Maidir
le poist, beidh baint idir an tionchar a bheidh ag an togra agus na hiarmhairtí
eacnamaíocha a bhfuiltear ag súil leo, ach ba cheart go mbeadh an togra seo ina
chuidiú ag coinneáil na bpost san earnáil talmhaíochta agus bhia, go háirithe
sna fiontair bheaga agus mheánmhéide (ó tá tosaíocht tugtha do na fiontair sin
sa straitéis) arb ionann iad agus 99 % de na poist san earnáil sin. Táthar
ag súil go méadófar go mór líon na gclár a bhfuil baint ag eagraíochtaí as
tíortha éagsúla den AE leo (ar a dtugtar 'cláir ilnáisiúnta'), ag a bhfuil
breisluach Eorpach mór, mar gheall ar an simpliú ar an mbainistíocht atá déanta
anois ar leibhéal an Choimisiúin, gan na Ballstáit a bheith i gceist ag céim
idirthréimhseach. 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Trí
leibhéal táscairí de réir na gcuspóirí Táscairí Iarmharta - Comhordú
trádála talmhaíochta Eorpaí; - Ioncam
talmhaíochta. Táscairí toraidh - Onnmhairí
talmhaíochta Eorpacha; - Luach
an táirgthe faoi shonraíochtaí cáilíochta Eorpacha agus méid na talmhaíochta
bitheolaíocha (táscairí lena dtomhaistear feidhmíocht na straitéise go
hindíreach – téamaí tosaíochta...): - Tuairimí
na dtomhaltóirí ar íomhá na dtáirgí (suirbhéanna, tuarascála
Eorabharaiméadair...). Táscaire sprice aschuir - Líon
na gclár (Margadh inmheánach/Tríú tír); - Tairbhithe
nua (líon na n‑eagraíochtaí tairisceana nua i gcoibhneas le líon iomlán
na n‑eagraíochtaí tairisceana); - Líon
na gclár ilnáisiúnta. 1.5. Na forais leis an togra 1.5.1. na riachtanais ar a bhfuil le
riar sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Is
é an phríomhfhadhb go bhfuil méadú ar an mbrú ar acmhainn iomaíochta na
hearnála talmhaíochta, as a dtagann trí ní éagsúla: - Iomaíocht
láidir ar thaobh na dtríú tíortha maidir leis na táirgí talmhaíochta Eorpacha; - Méadú
ar na ceanglais atá le comhlíonadh ag na feirmeoirí agus ar na costais ar an
ngeilleagar san AE. Mar shampla, le linn na tréimhse 2000-2012, tháinig méadú
82 % ar phraghsanna talmhaíochta domhanda, ach tháinig ollmhéadú 261 %
ar na praghsanna fuinnimh agus 286 % ar phraghsanna an aoiligh; sin an
tréimhse is mó athruithe le tríocha bliain anuas; - Leibhéal
íseal eolais faoi bhuanna tháirgí talmhaíochta an AE, go háirithe ar an margadh
inmheánach. Mar shampla, measann formhór na nEorpach gurb é is
príomhthosaíocht ag an gCoimisiún Eorpach maidir le beartais talmhaíochta agus
forbairt tuaithe, a áirithiú go mbeidh na táirgí talmhaíochta ar ardchaighdeán,
go mbeidh siad sláintiúil agus nach mbeidh contúirt leo. San am céanna, ní
aithníonn ach 14 % de na hEorpaigh lógónna (STFC)[31]/TCG[32], ceann de na príomhchórais
cháilíochta a chuir an tAontas ar bun. 1.5.2. Breisluach a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Is
beartas Eorpach i bhfírinne an Comhbheartas Talmhaíochta. In ionad 28 beart a
bheith acu, cuirfidh na Ballstáit acmhainní le chéile chun beartas Eorpach a
oibriú a bhfuil comhbhuiséad agus comhrialacha aige, go háirithe rialacha a
bhaineann le cur chun cinn. Go háirithe, i margadh aonair, beidh éifeacht
ghiarála mhór ag beart ar leibhéal an AE maidir le cur ar bun clár faisnéise
cineálaí, nach minic a chuireann Ballstáit ná fiontair i bhfeidhm iad, mar
gheall ar an gcineál cláir atá iontu, agus arb annaimhe arís a chuirtear i
bhfeidhm iad ó theacht na géarchéime eacnamaíche, agus (b) cláir ilnáisiúnta a
chur chun feidhme a chuirfidh malartú taithí ar fáil idir na Ballstáit agus na
stáit a bhfuil barainneacht scála acu. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí ábhartha Tá
bearta faisnéise agus cur chun cinn ina gcuid den CBT ó chéadchuireadh ar bun
é. Ó 1999, tá bearta faisnéise agus cur chun cinn san earnáil Eorpach
talmhaíochta agus próiseála bia sa mhargadh inmheánach agus sna tríú tíortha ag
fáil tacaíochta ón CBT trí bhíthin córais chothrománaigh faisnéise agus chur
chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta. Léiríonn
roinnt eilimintí go bhfuil ról dearfach ag na beartais Eorpacha cur chun cinn
agus gur féidir, in fine, cúiteamh a thabhairt do tháirgeoirí
talmhaíochta Eorpacha sna hiarrachtaí a dhéanann siad táirgeadh de réir
chaighdeáin ard an CBT: - In
2009, rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh ar an gcóras maidir lena
éifeachtaí a bhí bearta faisnéise agus cur chun cinn agus a rialta a bhí an
caiteachas. Is é tuairim na Cúirte Iniúchóirí gur maith an córas, cé gur
deacair a thionchar a chainníochtú[33]; - Bhíothas
in ann tuarascáil ar an gcóras mar atá faoi láthair a bhunú ar chonclúidí na
meastóireachta ar an gcóras freisin[34]; - Cé
go mbaineann sé le beartas poiblí eile, is é an tuairim atá i staidéar costais
is tairbhe ar na cláir forbartha margaí a raibh Roinn Talmhaíochta na Stát
Aontaithe ina bhun go bhfuil méadú 35 USD ag teacht ar na honnmhairí
Meiriceánacha in aghaidh gach USD breise a chaitear trí na cláir chur chun cinn
sin agus go dtiocfadh laghdú measta 9Mds USD ar onnmhairí talmhaíochta as
ciorrú 50 % ar an mbuiséad poiblí cur chun cinn. Cé nach féidir a rá go
bhfuil na cóimheasa sin iomlán cruinn, is fiú a lua go bhfuil siad dearfach ar
an iomlán agus gur léiriú é sin ar luach dearfach na mbeartas poiblí faisnéise
agus cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta[35]. 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
cuí eile agus sineirgíocht is féidir a bheith ann: Agus
sonraíochtaí na n‑earnálacha éagsúla á gcur san áireamh ann, tá an togra
dírithe ar na sineirgíochtaí idir an córas cothrománach cur chun cinn sin agus
na córais earnála atá ann cheana sa CBT a neartú trí bhíthin na straitéise le
haghaidh céannacht choiteann a chur chun cinn ina bhfuil eilimintí amhairc agus
ábhair do na bearta cur chun cinn uile. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra d'fhad teoranta –
¨ Togra a bheidh i bhfeidhm ón... go dtí an... –
¨ Tionchar airgeadais ón go dtí... X Togra d'fhad teoranta –
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse
tosaigh: (Féach pointe 3.2.1 thíos) –
agus beidh feidhm iomlán aige tar a éis sin. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[36] X Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún –
¨ Ag a ranna, lena n‑áirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí
an Aontais; –
X ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; X Bainistíocht chomhpháirteach leis na
Ballstáit ¨ Bainistíocht indíreach trí chúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad; –
¨ comhlachtaí idirnáisiúnta agus a
ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí); –
¨BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta; –
¨ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 den Rialachán
Airgeadais. –
¨ comhlachtaí dlí phoiblí; –
¨ comhlachtaí faoi réir an dlí phríobháidigh ag a bhfuil misean
seirbhíse poiblí ar choinníoll go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha
airgeadais ar fáil; –
¨ comhlachtaí faoi réir dlí phríobháidigh Ballstáit, ar comhlachtaí iad
ar cuireadh de chúram orthu comhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha a chur
chun feidhme agus ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil; –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh
sa CES de bhun Theideal V den CAE agus a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha. – I gcás ina sonraítear níos mó ná modh
bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil. Nótaí Bainistíocht
chomhroinnte (an príomhchaiteachas nasctha le cur cun feidhme na gclár) agus
bainistíocht lárnach dhíreach (bearta eolas agus cur chun feidhme de
thionscnamh an Choimisiúin) atá ar an gcóras faoi láthair. Is iad an
bhainistíocht chomhpháirteach agus an bhainistíocht dhíreach na modhanna a
mbaineann an togra leo. I gcomhréir le
forálacha Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003, tá sé de
rún ag an gCoimisiún cúraimí áirithe a bhaineann le bainistiú díreach na gclár
faisnéise agus cur chun cinn a sheachfhoinsiú, go háirithe na cláir
ilnáisiúnta, ó ghníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana, chun seirbhís níos
éifeachtúla a chur ar fáil agus feiceálacht an AE a neartú ina bhearta
faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe: Foráiltear leis na rialacha sin go
ndéanfar measúnú ar na cláir. Faoi láthair, déantar na measúnuithe sin gach
bliain agus comhlánaítear iad le measúnú foriomlán ag deireadh an chláir.
Bunófar comhchreat le haghaidh measúnú a dhéanamh ar na bearta, i gcomhréir le
comhchreat faireacháin agus meastóireachta an CBT. Comhlánófar na bearta faisnéise agus cur
chun cinn trí mheasúnuithe seachtracha a dhéanamh go rialta ar an gcóras. Foráiltear go dtabharfaidh an Coimisiún
tuarascáil ar an gcóras don Pharlaimint agus don Chomhairle an 31 Nollaig
[2020] ar a dhéanaí. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh. Tá
an córas cothrománach faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí
talmhaíochta ann ó 2000. Déantar seiceálacha rialta agus coigeartuithe ar na
nósanna imeachta faireacháin a bhonn na seiceálacha sin nuair a mheastar gur gá
sin. Ar bhonn iniúchtaí comhréireachta a dhéanann AS AGRI agus iniúchtaí a
dhéanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, déantar nasc idir na príomhrioscaí a
sainaithníodh maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn agus
neamhábharthacht caiteachais áirithe agus déanamh beart lasmuigh de chríocha an
Aontais Eorpaigh. 2.2.2. Faisnéis faoin gcóras
rialaithe inmheánaigh Chun
na rioscaí a mhaolú, saineofar rialacha roghnúcháin, faireacháin, rialaithe
agus measúnaithe. Leagfaidh
an Coimisiún síos nósanna imeachta maidir le roghnú na gclár is fearr go
háirithe agus cuirfidh sé isteach sna hionstraímí dlíthiúla iad. Lena chois
sin, leagfaidh sé síos coinníollacha sonracha incháilitheachta maidir le
costais na mbeart agus féadfaidh sé cnapshuimeanna, bunscálaí costas etc. a
úsáid de réir chineál an chaiteachais. Cuirfidh sé san áireamh an cur chun
feidhme a dhéanann comhlachtaí speisialaithe cur chun feidhme, lasmuigh den
Aontas Eorpach in amanna, ar chláir. Leagfar síos rialacha rialaithe maidir le
gach modh bainistíochta buiséadaí caiteachais. I
gcás bainistíochta comhpháirtí, beidh an creat rialaithe bunaithe ar na
rialacha coiteanna rialaithe don CBT mar atá athbhreithnithe faoi chreat an
athchóirithe (COM(2011) 628) agus go háirithe an ráiteas ráthaíochta atá
le cur isteach ag an duine is freagrach i ngach gníomhaireacht íocaíochta. I
gcás na bainistíochta dírí, beidh an creat rialaithe fóirdheontas
bunaithe ar rialacha Rialachán Airgeadais (AE, Euratom) Uimh. 966/2012
agus go háirithe cur chun feidhme chaighdeáin rialaithe inmheánacha an
Choimisiúin, na rialuithe ex ante maidir leis na dearbhuithe uile
agus dearbhú na modhanna i gcomparáid leis na costais agus na hiniúchtaí ex
post ar shampla de na dearbhuithe. Maidir
le cúraimí bainistíochta an chláir chur chun cinn, déanfaidh na Coimisiún na
bearta rialaithe is gá i gcás na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin i gcomhréir le
hAirteagal 65 den Rialachán Airgeadais freisin. Déanfaidh sé maoirseacht
ar an ngníomhaireacht feidhmiúcháin agus áiritheoidh sé go mbainfidh an
ghníomhaireacht sin na cuspóirí cuí amach maidir le rialú ar na bearta a mbeidh
a mbainistíú faoina cúram. Forálfar don mhaoirseacht sin le rialacha maidir le
comhar idir an Ard‑Stiúrthóireacht is freagrach agus an ghníomhaireacht. Déanfar
rialuithe an Choimisiúin trí bhíthin cur chuige riosca-bhunaithe chun a
áirithiú go mbeidh a iniúchtaí dírithe ar na réimsí is mó riosca. 2.2.3. Meastachán ar chostais agus ar
shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear
ag súil leis Beidh
na bearta faisnéise agus cur chun cinn fós faoi chumhdach an chórais
bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh caiteachais an Chiste Eorpaigh um
Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta atá ann cheana. Maidir
leis an gcostas a bheidh ar na Ballstáit mar gheall ar na rialuithe, tá anailís
ar fáil in Iarscríbhinn 8 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis na
beartais reachtacha maidir le hathchóiriú ar an CBT (COM(2011)626). Maidir
leis na costais a bheidh ar an gCoimisiún, tiocfaidh méadú orthu i dtaca leis
an gcás mar atá mar gheall ar mhéadú an chaiteachais ina iomláine (a mbeidh
dúbailt ar an gcaiteachas atá ann faoi láthair ina cuid de) agus go háirithe an
caiteachas a bhaineann leis na cláir a mbeidh bainistíocht dhíreach á déanamh
orthu. Gné
nua den chóras sin bainistiú díreach na n‑ilchlár. An t‑aon mheastachán
is féidir a dhéanamh, meastachán ar bhonn na gcostas ar rialú cláir den chineál
céanna. Mar shampla, is féidir na cláir acmhainne iomaíochta do na fiontair
agus do na fiontair bheaga agus mheánmhéide (COM(2001)834) a lua. Is
é a mheastar nach dtiocfaidh méadú ar rátaí earráide an Chiste Eorpaigh um
Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta mar gheall ar an togra. 2.3. Bearta le haghaidh calaois
agus neamhrialtachtaí a chosc Sa
phacáiste reachtach le haghaidh an CBT a athchóiriú, go háirithe an togra le
haghaidh rialacháin maidir leis an gcomhbheartas a mhaoiniú, a bhainistiú agus
faireachán a dhéanamh air, beartaítear na córais mhionsonraithe reatha do
rialuithe agus do phionóis atá le cur i bhfeidhm ag gníomhaireachtaí
íocaíochtaí a chothabháil agus a neartú, le bunghnéithe coiteanna agus rialacha
speisialta arna n‑oiriúnú do shainiúlachtaí gach córais cabhrach. Beidh
feidhm ag an Rialachán maidir le maoiniú, bainistiú agus faireachán a dhéanamh
ar an CBT ar an Rialachán atá le bheith ann i réimse an bheartais chur chun
cinn. Déantar
foráil sna córais rialaithe de ghnáth maidir le rialuithe uileghabhálacha
riaracháin ar 100 % de na hiarratais ar chabhair, cros‑seiceálacha
le bunachair shonraí eile i gcás ina meastar gur cuí sin, chomh maith le seiceálacha
ar an láthair réamhíocaíochta ar íosmhéid idirbheart, ag brath ar an riosca a
bhaineann leis an gcóras atá i gceist. Má léirítear sna seiceálacha ar an
láthair sin líon mór neamhrialtachtaí, ní mór tuilleadh seiceálacha a dhéanamh. Beartaítear
freisin sa phacáiste reachtach le haghaidh an CBT a athchóiriú go ndéanfaidh na
Ballstáit neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú,
pionóis atá éifeachtach athchomhairleach comhréireach i gcomhréir le
reachtaíocht an Aontais nó an dlí náisiúnta a fhorchur, agus aon íocaíochtaí
neamhrialta agus an t‑ús a bhaineann leo a aisghabháil. Áirítear ann
sásra imréitigh uathoibríoch do chásanna neamhrialtachtaí, ina bhforáiltear,
más rud é nach ndéanfar an aisghabháil faoi cheann ceithre bliana ó dháta an
iarratais ar aisghabháil, nó faoi cheann ocht mbliana i gcás imeachtaí
dlíthiúla, go n‑íocfaidh an Ballstát lena mbaineann na méideanna nár
aisghabháladh. Dreasacht láidir do na Ballstáit íocaíochtaí neamhrialta a
aisghabháil chomh tapa agus is féidir a bheidh sa sásra sin. Ar a bharr sin,
maidir le cúraimí seachfhoinsithe a bhaineann le bainistiú an bheartais chur
chun cinn atá le bheith ann, beidh ar an ngníomhaireacht feidhmiúcháin an
Coimisiún a chur ar an eolas faoi chalaois agus neamhrialtachtaí is féidir a
bheith ann de réir cáis agus an fhaisnéis sin a chur sna tuarascálacha a
fhoilseoidh sé go rialta. Is
amhlaidh is tábhachtaí go mbeidh córas dian rialaithe ann ó nach bhféadfaidh
ach na comhlachtaí cur chun feidhme a bhfuil nasc conarthach ag na tairbhithe
amháin leo bearta cur chun cinn a dhéanamh. Ós comhlachtaí tráchtála iad na comhlachtaí
cur chun feidhme a bhfuil sé de cheart acu brabús a bhaint as a gcuid
gníomhaíochta, ní mór a áirithiú go críochnúil go gcuirfear na bearta chun
feidhme go rialta. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Cineál caiteachais || Rannpháirtíocht Líon [Tuairisc…..] || LD/LN ([37]) || ó thíortha CSTE[38] || ó thíortha is iarrthóirí[39] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 2. || 05 02 10 01 – Bearta cur chun cinn — Íocaíochtaí ó na Ballstáit 05 02 10 02 – Bearta cur chun cinn — Íocaíochtaí díreacha ón Aontas || Neamhdhifreáilte LD || NÍL NÍL || NÍL NÍL || NÍL NÍL || NÍL NÍL · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Cineál caiteachais || Rannpháirtíocht Líon [Tuairisc…..] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 2. || 05 01 04 xx – Gníomhaireacht feidhmiúcháin || Neamhdhifreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL Nótaí: Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cuid den
chur chun feidhme a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin. Sa chás
sin, tá línte buiséid le cruthú i gCeannteideal 05. 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas Sna milliúin euro Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 2. || Fás inbhuanaithe: Acmhainní nádúrtha Fo-uasteorainn 'Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha' AS: AGRI (*) || || || 2014.[40] || 2015.[41] || 2016. || 2017. || 2018. || 2019. || 2020. || IOMLÁN Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || 05 02 10 01 || Gealltanais || (1) || 0.0. || 0.0. || 4.0. || 5.0. || 9.0. || 36.0. || 36.0. || 90.0. Íocaíochtaí || (2) || 0.0. || 0.0. || 4.0. || 5.0. || 9.0. || 36.0. || 36.0. || 90.0. 05 02 10 02 || Gealltanais || (1a) || 0.5. || 0.5. || 15.0. || 54.0. || 90.0. || 103.0. || 103.0. || 366.0. Íocaíochtaí || (2 a) || 0.2. || 0.2. || 0.5. || 12.7. || 31.1. || 58.6. || 84.2. || 187.5. Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[42] || || || || || || || || 05 01 04 01 xx || || (3) || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm IOMLÁN leithreasuithe i gcomhair DG AGRI || Gealltanais || =1+1a +3 || 0.5. || 0.5. || 19.0. || 59.0. || 99.0. || 139.0. || 139.0. || 456.0 Íocaíochtaí || =2+2a +3. || 0.2. || 0.2. || 4.5. || 17.7. || 40.1. || 94.6. || 120.2. || 277.5. IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 0.5. || 0.5. || 19.0. || 59.0. || 99.0. || 139.0. || 139.0. || 456.0. Íocaíochtaí || (5) || 0.2. || 0.2. || 4.5. || 17.7. || 40.1. || 94.6. || 120.2. || 277.5. IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 0.5. || 0.5. || 19.0. || 59.0. || 99.0. || 139.0. || 139.0. || 456.0. Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0.2. || 0.2. || 4.5. || 17.7. || 40.1. || 94.6. || 120.2. || 277.5. (*) Nótaí: - Is ionann na suimeanna atá léirithe agus
meastachán ar an tionchar breise airgeadais i gcomparáid le buiséad 2013.
D'fhéadfaí an miondealú de réir na línte buiséid a choigeartú de réir chur chun
feidhme na gclár. - Tá sé
beartaithe ag an gCoimisiún cuid den chur chun feidhme a tharmligean chuig
gníomhaireacht feidhmiúcháin ó 2016 ar aghaidh. Is féidir gur gá suimeanna agus
miondealú na gcostas measta a choigeartú de réir an leibhéil tarmligthe a údarófar
ar deireadh. Mar eolas: meastachá ar an gcaiteachas iomlán || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || Sna milliúin euro Bliain buiséid || || || || || || Buiséad 2013 || 2014. || 2015. || 2016. || 2017. || 2018. || 2019. || 2020. || IOMLÁN 2014-2020 || || || || || || || || || || || || || || || 05 02 10 01 - Bearta cur chun cinn - Íocaíochtaí ó na Ballstáit || || 60.0. || 60.0. || 60.0. || 64.0. || 65.0. || 69.0. || 96.0. || 96.0. || 510.0. 05 02 10 02 - Bearta cur chun cinn - Íocaíochtaí díreacha ón Aontas || Gealltanais || 1.0. || 1.5. || 1.5. || 16.0. || 55.0. || 91.0. || 104.0. || 104.0. || 373.0. || || || || || || Íocaíochtaí || 1.1. || 1.4. || 1.4. || 1.6. || 13.9. || 32.2. || 59.8. || 85.4. || 195.5. || || || || || || || || || || || || || || || 05 01 04 xx – Gníomhaireacht feidhmiúcháin || || || || || || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm || pm || || || || || || || || || || || || || || || IOMLÁN || || || || || || Gealltanais || 61.0. || 61.5. || 61.5. || 80.0. || 120.0. || 160.0. || 200.0. || 200.0. || 883.0. || || || || || || Íocaíochtaí || 61.1. || 61.4. || 61.4. || 65.6. || 78.9. || 101.2. || 155.8. || 181.4. || 705.5. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5. || 'Caiteachas Riaracháin' (i gcomparáid le buiséad 2013) Sna
milliún euro (go dtí an tríú deachúil) || || || 2014. || 2015. || 2016. || 2017. || 2018. || 2019. || 2020. || IOMLÁN AS: AGRI || Acmhainní daonna || 0,019 || 0,099 || -0.499 || -0.147 || 0.188 || 0.675 || 0,922 || 1,257 Caiteachas riaracháin eile || 0,000 || 0,000 || 0,002 || 0,006 || 0,003 || -0,001 || -0,001 || 0,009 IOMLÁN AS AGRI || Creidmheasa || 0,019 || 0,099 || -0,497 || -0,141 || 0,191 || 0,674 || 0,921 || 1,266. IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0,019 || 0,099 || -0,497 || -0,141 || 0,191 || 0,674 || 0,921 || 1,266 Sna
milliún euro (go dtí an tríú deachúil) || || || 2014. || 2015. || 2016. || 2017. || 2018. || 2019. || 2020. || IOMLÁN IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDIL 1 go dtí 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0,519 || 0,559 || 18,501 || 58,583 || 99,188 || 139,675 || 139,922 || 457,266 Íocaíochtaí || 0,219 || 0,299 || 4,003 || 17,559 || 40,291 || 95,274 || 121,122 || 278,766 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí –
X Éilíonn an togra go n‑úsáidfear
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí sna milliúin
euro Sonraigh cuspóirí agus aschuir || || || 2014. || 2015. || 2016. || 2017. || 2018. || 2019. || 2020. || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[43] || Meánchostas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon iomlán || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH[44] || Acmhain iomaíochta earnáil na talmhaíochta a fheabhsú agus cur lena luach sa slabhra bia Aschur[45] || Líon na gclár (Margadh inmhéanach/Tríú tíortha) || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur45 || Tairbhithe nua (líon na n‑eagraíochtaí tairisceana nua i gcoibhneas le líon iomlán na n‑eagraíochtaí tairisceana); || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur45 || Líon na glcár ilnáisiúnta. || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || || 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
¨ Ní éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál
riaracháin –
X Éilíonn an togra go n‑úsáidfear
leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos: Sna milliún euro (go dtí an tríú deachúil) || 2014. || 2015. || 2016. || 2017. || 2018. || 2019. || 2020. || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 2,508 || 2,588 || 1,990 || 2,342 || 2,677 || 3,164 || 3,411 || 18,680 Caiteachas riaracháin eile || 0,110 || 0,110 || 0,111 || 0,116 || 0,113 || 0,109 || 0,109 || 0,778 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 2,618 || 2,698 || 2,101 || 2,458 || 2,790 || 3,273 || 3,520 || 19,458 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[46] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || || Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || IOMLÁN (*) || 2,618 || 2,698 || 2,101 || 2,458 || 2,790 || 3,273 || 3,520 || 19,458 D’fhéadfaí na
figiúirí sin a choigeartú mar thoradh ar an nós imeachta tarmligthe atá
beartaithe. 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a
mheastar a bheidh riachtanach –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna –
X Éilíonn an togra go n‑úsáidfear acmhainní
daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || || 2014. || 2015. || 2016. || 2017. || 2018. || 2019. || 2020. || || Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) || || XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 19 || 19.5. || 13.7. || 15.3. || 17.1. || 20.1. || 21.6. || || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[47] || XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || 0. || 0.2. || 2.6. || 4.6. || 6.0. || 7.3. || 8.0. || || XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || || || || || XX 01 04 bb [48] || - sa cheanncheathrú || || || || || || || || || - Toscaireachtaí || || || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) || || || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || || || IOMLÁN (*) || 19 || 19.7. || 16.3. || 19.9 || 23.1 || 27.4 || 29.6 || Is é XX an réimse beartais nó an teideal
buiséid lena mbaineann Soláthrófar na hacmhainní
daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht
an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh
den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a
d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta
faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise
na srianta buiséadacha. (*)Ta an togra seo ina
chuid de na cláir a bhfuil sé beartaithe iad a tharmligean chuig gníomhaireacht
feidhmiúcháin. Dá bhrí sin,
d’fhéadfaí na figiúirí sin a choigeartú mar thoradh ar an tarmligean arna údarú. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus pearsanra sealadach || Cur chun feidhme an bheartais chur chun cinn maidir le táirgí talmhaíochta Foireann sheachtrach || 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil –
X Tá an togra comhoiriúnach leis na TOGRAÍ DON
chreat airgeadais ilbhliantúil do 2014-2020 –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil san áireamh sa togra. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Nótaí: Tá
suimeanna na n‑íocaíochtaí díreacha agus an chaiteachais a bhaineann leis
an margadh, faoi Cholún I den Chomhbheartas Talmhaíochta, sa togra a
bhaineann leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2014-2020[49]. Ar eagla na heagla, tá
conclúidí na Comhairle Eorpaí an 8 Feabhra 2013 maidir leis an CAI curtha
san áireamh ag an gCoimisiún. Faoi réir ghlacadh an Rialacháin maidir leis an
gComhbheartas Talmhaíochta, maoineofar na bearta cur chun cinn laistigh de na
suimeanna faoi bhun na huasteorann ar chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach orthu
an 8 Feabhra 2013. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
Ní dhéantar foráil sa togra maidir le cómhaoiniú a
dhéanann tríú páirtithe –
X Déantar foráil sa togra maidir le cómhaoiniú atá
réamh‑mheasta thíos: Tá na híocaíochtaí ón
Aontas do bhearta an chláir léirithe in Airteagal 115 agus in
Airteagal 18 den togra le haghaidh Rialacháin. I láthair na huaire, ní
féidir suim iomlán na n‑íocaíochtaí ó thríú páirtithe a chainníochtú ós
rud é go n‑athraíonn na rátaí ranníocaíochta de réir na gcoinníollacha
atá sainithe in Airteagal 115 agus in Airteagal 18. 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an
togra ar ioncam. –
¨ Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach [1] Foinse: Tuarascáil bhliantúil 2010 ón CIAA. [2] Comlachas Náisiún Oirdhesceart na hÁise. [3] Tuarascáil: ‘An rud atá an Áise a iarraidh, Claonaí
fadtéarmacha tomhaltais bhia san Áise’ Oifig Eacnamaíocta Acmhainní agus
Eolaíochtaí na hAstráile, Deireadh Fómhair 2013 [4] Foinse: Ionad Taighde ar Bheartais Eacnamaíocha (2013):
Laghdú ar Bhacainní roimh Thrádáil agus Infheistíocht (arna ullmhú do AS na
Trádála), Londain. [5] Foinse: Eacnamíocht Chóbanhávan (2010) Measúnú ar
Bhacainní roimh Thrádáil agus Infheistíocht idir an AE agus an tSeapáin
(tuarascáil deiridh chuig AS na Trádála).. [6] Rialachán (CE) Uimh. 2826/2000 ón gComhairle an
19 Nollaig 2000 maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh
táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach (IO L 328 an 23.12.2000,
lch. 2) agus Rialachán (CE) Uimh. 2702/1999 ón gComhairle an 14
Nollaig 1999 maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí
talmhaíochta i dtríú tíortha (IO L 327 an 21.12.1999, lch. 7). [7] Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle an 17
Nollaig 2007 maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí
talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha (IO L 3 an 5.1.2008,
lch. 1). [8] Rialachán (CE) Uimh. 501/2008 ón gCoimisiún an
5 Meitheamh 2008 ina bhfuil rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán
(CE) Uimh 3/2008 ón gComhairle maidir le bearta faisnéise agus cur chun
cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú
tíortha (IO L 147 an 6.6.2008, lch. 3). [9] Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012
maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta
an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom)
Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1). [10] COM(2011)500 (pointe 6.1.3). [11] Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an
19 Nollaig 2002 maidir le stádas na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin a bhfuil
cúraimí áirithe orthu a bhaineann le bainistiú clár de chuid an Chomhphobail
(IO L 11 an 16.1.2003, Uimh. 1). [12] Rialachán (AE)…, IO… [13] IO C …, lch . [14] IO C …, lch . [15] Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle an
17 Nollaig 2007 maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh
táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha (IO L 3 an
5.1.2008, lch. 1). [16] Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le córais cháilíochta
is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta agus bia-earraí (IO L 343 an
14.12.12, lch. 1). [17] Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus
na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na rialacha maidir leis na Ballstát
rialú a dhéanamh ar an bhfeidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme a dhéanann an
Coimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch 13), [18] Rialachán (AE) Uimh. XXX/20 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an... lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí
talmhaíochta, IO.... [19] Rialachán (AE) Uimh. [COM(2011)416] an... lena
mbunaítear Comheagraíocht Mhargaidh in earnáil na dtáirgí iascaigh agus
dobharshaothraithe. [20] Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i
láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha agus lena
n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39,
13.2.2008, lch. 16). [21] Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28
Meitheamh 2007 maidir le táirgeacht orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus
lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189,
20.7.2007, lch. 1). [22] Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don
talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 78 an 20.3.2013,
Uimh. 247). [23] Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na
rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus
lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón
gComhairle an 26.10.2012 (IO L 298 an 26.10.2012, lch. 1). [24] Rialachán (AE) Uimh.°... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle.. maidir le comheagraíocht na margaí i dtairgí talmhaíochta, IO... [25] Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Mean Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a
dhéanann an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh ° 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
agus Rialachán (Euratom) ) Uimh ° 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248 an 18.9.2013, lgh. 1–22). [26] Rialachán (Euratom, CE) Uimh°2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain
1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an
gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ó
chalaois agus ó mhírialtacht eile (IO L 292 an 15.11.1996, lgh. 2–5). [27] Cinneadh 2004/391/CE ón gCoimisiún an 23 Aibreán
2004 maidir le feidhmiú grúpaí comhairliúcháin i réimse an Chomhbheartais
Talmhaíochta (IO L 120 an 24.4.2004, lch. 50). [28] Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle an
24 Iúil 2006 lena ndéantar rialacha áirithe iomaíochta a chur i bhfeidhm
maidir le táirgí áirithe talmhaíochta (IO L 214 an 4.8.2006, Uimh. 7). [29] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí - ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [30] Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den
Rialachán Airgeadais [31] Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint [32] Tásc geografach faoi chosaint [33] Pointe V den achoimre ar thuarascáil
Uimh. 10/2009 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 'Bearta faisnéise agus cur
chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta'. [34] http://ec.europa.eu/agriculture/eval/reports/promotion/index_en.htm
[35] http://www.wheatworld.org/wp-content/uploads/trade-global-insight‑map-report‑march2010-20100423.pdf
[36] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [37] LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe
neamhdhifreáilte [38] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [39] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is cuí, tíortha sna
Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí . [40] Is í bliain N an bhliain a gcuirfear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. Glactar leis sna meastacháin go dtosóidh an cur
chun feidhme in 2016. [41] Tá suimeanna 2015 – faoin gcóras roimh an athchóiriú –
curtha i láthair , mar threoir, gan athrú ó 2014 agus gan dochar do na
meastacháin mionsonraithe do 2015 a shocrófar faoi chreat
dhréachtbhuiséad 2015. [42] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe
le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach,
taighde díreach a chur chun feidhme. [43] Tagraíonn na haschuir do tháirgí agus seirbhísí a
sholáthrófar (mar shampla: líon malartuithe mac léinn a maoiníodh, líon km. na
mbóithre a tógadh etc.). [44] Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí
sonracha...' [45] I gcomhréir leis an gcomhchreat faireacháin agus
meastóireachta don Chomhbheartas Talmhaíochta dá bhforáiltear in
Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. [xxx/xxxx] maidir leis an
gcomhbheartas a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air
[Rialachán cothrománach maidir leis an CBT], bunófar comhchreat faireacháin
agus meastóireachta agus, dá bharr sin, líonfar isteach táblaí táscairí mar is
cuí tar a éis sin. [46] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde
indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [47] CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE=
Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED =
Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht). [48] Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [49] COM(2011)500 an 29.6.2011