Help Print this page 

Document 32013R1308

Title and reference
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE)Uimhi 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle

OJ L 347, 20.12.2013, p. 671–854 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj
Languages, formats and link to OJ
BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV
HTML html BG html ES html CS html DA html DE html ET html EL html EN html FR html GA html HR html IT html LV html LT html HU html MT html NL html PL html PT html RO html SK html SL html FI html SV
PDF pdf BG pdf ES pdf CS pdf DA pdf DE pdf ET pdf EL pdf EN pdf FR pdf GA pdf HR pdf IT pdf LV pdf LT pdf HU pdf MT pdf NL pdf PL pdf PT pdf RO pdf SK pdf SL pdf FI pdf SV
Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal Display Official Journal
 To see if this document has been published in an e-OJ with legal value, click on the icon above (For OJs published before 1st July 2013, only the paper version has legal value).
Multilingual display
Text

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

671


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1308/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE)Uimhi 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 42 agus d'Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a bheith curtha chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal "An CBT as seo go 2020: Na dúshláin a bhaineann le bia, acmhainní nádúrtha agus críocha a bhaint amach sa todhchaí" leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treoshuímh a d'fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta ("CBT") tar éis 2013. I bhfianaise na díospóireachta i dtaobh na Teachtaireachta sin, ba cheart an CBT a athchóiriú le héifeacht ón 1 Eanáir 2014. Ba cheart príomhionstraimí uile an Chomhbheartais Talmhaíochta a chumhdach leis an athchóiriú sin, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 (5).I bhfianaise raon feidhme an athchóirithe, is iomchuí an Rialachán sin a aisghairm agus rialachán nua maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta a chur ina ionad. Ba cheart na forálacha, a oiread is féidir, a chomhchuibhiú, a chuíchóiriú agus a shimpliú leis an athchóiriú, go háirithe na forálacha sin a chumhdaíonn níos mó ná earnáil amháin talmhaíochta, lena n-áirítear trína áirithiú go bhféadfaidh an Coimisiún eilimintí neamhriachtanacha de bhearta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(2)

Ba cheart eilimintí bunúsacha uile chomheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta a bheith sa Rialachán seo.

(3)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach táirge talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach ("CAE"") agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE")(le chéile, "na Conarthaí") chun a áirithiú gurb ann do chomheagrú an mhargaidh i gcás gach táirge den sórt sin, de réir mar atá ceangailte in Airteagal 40(1) CFAE.

(4)

Ba cheart a shoiléiriú gur cheart, i bprionsabal, feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus ag na forálacha a ghlactar dá bhun maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo. Go háirithe, tá forálacha leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí atá leagtha síos i bhforálacha a bhaineann le CBT, lena n-áirítear seiceálacha agus cur i bhfeidhm beart riaracháin agus pionós riaracháin i gcás neamhchomhlíonta, agus rialacha a bhaineann le hurrúis a thaisceadh agus a urscaoileadh agus le híocaíocht neamhdhlite a aisghabháil.

(5)

De bhun Airteagal 43(3) CFAE tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus srianta cainníochtúla a shocrú. Ar mhaithe le soiléireacht, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 43(3) CFAE, ba cheart a mhaíomh go sainráite sa Rialachán seo gur ar an mbonn dlíthiúil sin a ghlacfaidh an Chomhairle bearta.

(6)

D'fhonn gnéithe áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE. Tá sé fíorthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(7)

Ba cheart sainmhínithe áirithe a bhaineann le hearnálacha áirithe a leagan amach sa Rialachán seo. Chun saintréithe sonrachasaintréithe sonracha earnáil na ríse a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na ríse a leasú, a mhéid is gá chun iad a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh.

(8)

Sa Rialachán seo déantar tagairt do thuairisc na dtáirgí agus do thagairtí do cheannteidil nó d'fhocheannteidil na hainmníochta comhcheangailte. De bharr leasuithe ar ainmníocht na Comhtharaife Custaim, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le coigeartuithe teicniúla iarmhartacha ar an Rialacháin seo. Chun na leasuithe sin a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na coigeartuithe teicniúla atá riachtanach a dhéanamh. Ar mhaithe le soiléireacht agus simplíocht, ba cheart Rialachán (CEE) Uimh 234/79 (7) ón gComhairle, ina ndéantar foráil dá leithéid de chumhacht, a aisghairm agus an chumhacht sin a chomhtháthú leis an Rialachán seo.

(9)

Ba cheart blianta margaíochta a shocrú do ghránaigh, rís, siúcra, farae triomaithe, síolta, fíon, ola olóige agus ológa boird, líon agus cnáib, torthaí agus glasraí, torthaí agus glasraí próiseáilte, bananaí, bainne agus táirgí bainne agus seiriceáin, agus a chur in oiriúint a oiread is féidir do thimthriallta táirgthe bitheolaíocha gach ceann de na táirgí sin.

(10)

Chun na margaí a chobhsú agus chun caighdeán maireachtála cothrom a áirithiú don phobal talmhaíochta, forbraíodh córas difreáilte maidir le tacaíocht mhargaidh sna hearnálacha éagsúla agus tugadh scéimeanna tacaíochta díreacha isteach, lena gcuirtear san áireamh na riachtanais éagsúla atá ag gach ceann de na hearnálacha sin ar thaobh amháin agus idirthuilleamaíocht na n-earnálacha éagsúla ar an taobh eile. Déantar na bearta sin i bhfoirm idirghabháil phoiblí nó i bhfoirm cabhair a íoc don stóráil phríobháideach. Is gá ann i gcónaí bearta tacaíochta margaidh a choimeád ach iad a chuíchóiriú agus a shimpliú.

(11)

Ba cheart scála Aontais chun conablaigh a aicmiú, a aithint agus a thíolacadh in earnálacha na mairteola agus na laofheola, na muiceola agus na caoireola agus feola gabhair a shocrú chun críche praghsanna a thaifeadadh agus chun na socruithe idirghabhála sna hearnálacha sin a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, tacaíonn scálaí Aontais den sórt sin leis an gcuspóir an margadh a dhéanamh níos trédhearcaí.

(12)

Ba cheart na forálacha maidir le hidirghabháil phoiblí a chur faoi réir struchtúir choitinn, ar mhaithe le soiléireacht agus le trédhearcacht, agus leanúint den bheartas atá á chur i bhfeidhm i ngach earnáil faoi láthair. Chun na críche sin, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir tairseacha tagartha agus praghsanna idirghabhála agus is iomchuí praghsanna idirghabhála a shainmhíniú. Agus sin á dhéanamh, tá tábhacht ar leith ag baint lena shoiléiriú nach gcomhfhreagraíonn ach praghsanna idirghabhála i gcomhair idirghabhála poiblí do na riarphraghsanna feidhmithe dá dtagraítear sa chéad abairt de mhír 8 d'Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Comhaontú maidir le Talmhaíocht na hEagraíochta Trádála Domhanda (i.e. tacaíocht do phraghsanna margaidh). Sa chomhthéacs seo, ba cheart a thuiscint go bhféadtar idirghabháil mhargaidh a dhéanamh i bhfoirm idirghabhála poiblí, chomh maith le foirmeacha eile idirghabhála nach n-úsáideann táscairí praghais a bunaíodh ex-ante.

(13)

De réir mar is iomchuí do gach earnáil i bhfianaise an chleachtais agus na taithí ó chomheagraíochtaí na margaí (CEManna) roimhe seo, ba cheart an córas idirghabhála poiblí a bheith ar fáil le linn tréimhsí áirithe den bhliain agus ba cheart, le linn na dtréimhsí sin, é a bheith ar oscailt ar bhonn buan nó ba cheart é a oscailt ag brath ar phraghsanna margaidh.

(14)

Ba cheart gurb é a bheadh sa phraghas idirghabhála poiblí praghas socraithe i gcomhair cainníochtaí áirithe i gcás táirgí áirithe agus i gcásanna eile ba cheart dó brath ar thairiscint, agus an cleachtas agus an taithí ó CEManna roimhe seo á léiriú.

(15)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis an deis táirgí arna gceannach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt. Ba cheart bearta mar sin a dhéanamh ar bhealach nach suaitheann an margadh agus a áirithíonn go mbeidh rochtain chothrom ar earraí agus go gcaithfear go cothrom le ceannaitheoirí.

(16)

An scéim atá ann faoi láthair chun bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas, scéim a glacadh faoi CBT, ba cheart Rialachán ar leith a bheith ann di a ghlacfaí chun cuspóirí comhtháthaithe sóisialta na scéime sin a léiriú. Mar sin féin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo ionas gur féidir táirgí, ar táirgí iad atá á gcoinneáil trí idirghabháil phoiblí, a dhiúscairt trína gcur ar fáil i gcomhair a n-úsáide sa scéim sin.

(17)

Chun an margadh a chothromú agus a chuid praghsanna a chobhsú, d'fhéadfadh sé bheith riachtanach cabhair a dheonú do stóráil phríobháideach táirgí áirithe talmhaíochta. Chun foráil do thrédhearcacht sa mhargadh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfaidh sé a chinneadh cabhair a dheonú don stóráil phríobháideach, agus staid an mhargaidh á cur san áireamh.

(18)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí nó atá faoi réir cabhrach le haghaidh stórála príobháidí oiriúnach chun a stórála fádtéarmaí agus gur de cháilíocht fhónta, chothrom agus indíolta a bheidh siad, agus chun saintréithe sonracha na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh chun feidhmiú costéifeachtach na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí a áirithiú, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na ceanglais agus na coinníollacha atá le comhlíonadh ag na táirgí sin i dtaca lena gcáilíocht agus lena n-incháilitheacht a leagan síos, de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

(19)

Chun saintréithe sonracha na n-earnálacha gránach agus ríse a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na critéir cháilíochta a leagan síos i ndáil le na táirgí sin a cheannach isteach agus a dhíol.

(20)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh toilleadh iomchuí stórála ann agus go mbeidh córas na hidirghabhála poiblí éifeachtúil a mhéid a bhaineann le costéifeachtacht, dáileadh agus rochtain d'oibreoirí, agus chun cáilíocht na dtáirgí sin a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí lena ndiúscairt ag deireadh na tréimhse stórála a choinneáil, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag ionaid stórála i gcás na dtáirgí uile atá faoi réir na hidirghabhála poiblí, agus rialacha áirithe a ghlacadh maidir le stóráil táirgí laistigh nó lasmuigh den Bhallstát atá freagrach astu agus as a gcóireáil maidir le dleachtanna custaim agus aon mhéideanna eile atá le deonú nó le gearradh faoi CBT.

(21)

Chun a áirithiú go mbeidh an éifeacht inmhianaithe ag stóráil phríobháideach ar an margadh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme i gcás inar lú an chainníocht atá á stóráil ná an chainníocht atá ar conradh; agus coinníollacha faoina ndeonófar réamhíocaíocht; agus na coinníollacha is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear le conarthaí stórála príobháidí a athmhargú nó a dhiúscairt.

(22)

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh córais na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí mar is cuí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh chun foráil d'úsáid nósanna imeachta tairisceana; agus lena leagtar síos coinníollacha breise atá le comhlíonadh ag oibreoirí; agus do cheanglas atá orthu urrús a thaisceadh.

(23)

Chun na forbairtí teicniúla agus riachtanais earnáil na mairteola agus na laofheola, na muiceola, agus na caoireola agus na feola gabhair a chur san áireamh, chomh maith leis an ngá go ndéanfar cur i láthair na dtáirgí difriúla a chaighdeánú chun feabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh, ar thaifeadadh praghsanna agus ar chur i bhfeidhm na bearta idirghabhála sa mhargadh, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le scálaí aicmithe an Aontais do chonablaigh sna hearnálacha sin a chur in oiriúint agus a thabhairt cothrom le dáta, agus lena leagtar síosmaidir le forálacha agus maoluithe breise áirithe a bhaineann leis sin a leagan síos.

(24)

Ba cheart leanaí a spreagadh chun torthaí agus glasraí, agus bainne agus táirgí bainne a ithe, d'fhonn méadú a dhéanamh go marthanach ar chion na dtáirgí sin i gcothú leanaí scoile ag an tráth sin nuair atá a nósanna itheacháin á múnlú, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú le cuspóirí CBT a bhaint amach, go háirithe maidir le margaí a chobhsú agus soláthairtí reatha agus soláthairtí as seo amach a áirithiú. Ba cheart cabhair ón Aontas a chur chun cinn dá bhrí sin chun soláthar táirgí den sórt sin do pháistí i bhforais oideachais a mhaoiniú nó a chómhaoiniú.

(25)

Chun bainistíocht bhuiséadach fhónta a áirithiú ar scéimeanna torthaí agus glasraí scoile agus scéimeanna bainne scoile an Aontais, ba cheart forálacha comhchuibhithe a bhunú. Níor cheart cabhair ón Aontas a úsáid in ionad chistiú aon scéime scoile náisiúnta maidir le torthaí agus glasraí atá ann cheana agus scéimeanna bainne scoile. I bhfianaise na srianta buiséadacha, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach a úsáid in ionad a ranníocaíochtaí airgeadais féin do na scéimeanna sin. Ionas go mbeidh a scéimeanna torthaí agus glasraí scoile agus éifeachtach, d'fhéadfadh bearta tionlacain a bheith riachtanach agus ba cheart go gceadófaí dóibh cabhair náisiúnta a dheonú dóibh sin. Ba cheart do na Ballstáit atá rannpháirteach sna scéimeanna an ról fóirdheonaitheach atá ag cabhair an Aontais a phoibliú.

(26)

Chun nósanna itheacháin sláintiúla a chur chun cinn i measc leanaí agus chun a áirithiú go mbeidh an chabhair dírithe ar leanaí atá ag freastal go rialta ar fhorais oideachais atá á riar nó aitheanta ag na Ballstáit, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an scéim torthaí agus glasraí scoile i ndáil leis na critéir bhreise a bhaineann le cabhair a dhíriú agus le hiarratasóirí cabhrach a fhormheas agus a roghnú agus i ndáil le straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha a dhréachtú agus i ndáil le bearta tionlacain.

(27)

D'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear Cistí an Aontais ar bhealach éifeachtúil agus spriocdhírithe ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an scéim torthaí agus glasraí scoile a bhaineann leis an modh chun cabhair a athdháileadh ar na Ballstáit bunaithe ar iarrataí a fhaightear ar iarratais cabhrach, na costais atá incháilithe do chabhair an Aontais, lena n-áirítear go bhféadfaí uasteorainn fhoriomlán a shocrú do na costais sin; agus an dualgas atá ar Bhallstáit faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht a scéimeanna torthaí agus glasraí scoile.

(28)

Chun feasacht faoin scoile torthaí agus glasraí scéim a chur chun cinn, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an gceanglas ar na Ballstáit a bhfuil scéim torthaí agus glasraí scoile acu poiblíocht a thabhairt do ról fóirdheonaitheach chabhair an Aontais.

(29)

Chun an éabhlóid i bpatrúin tomhaltais do tháirgí déiríochta a chur san áireamh, mar aon leis na nuálaíochtaí agus na forbairtí i margadh na dtáirgí déiríochta, infhaighteacht na dtáirgí ar mhargaí éagsúla an Aontais agus gnéithe cothaitheacha, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an scéim bainne scoile a bhaineann leis an méid a leanas: na táirgí is incháilithe don scéim; straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha na mBallstát, lena n-áirítear bearta tionlacain i gcás inarb infheidhme; agus faireachán agus meastóireacht ar an scéim.

(30)

Chun a áirithiú go gcáilíonn na tairbhithe agus na hiarratasóirí iomchuí le haghaidh na cabhrach, agus go mbaintear leas éifeachtúil agus éifeachtach as an g cabhair sin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na rialacha i ndáil leis na tairbhithe agus na hiarratasóirí atá incháilithe don chabhair, an ceanglas go mbeadh iarratasóirí formheasta ag na Ballstáit, agus úsáid na dtáirgí déiríochta chun na béilí i bhforais oideachais a ullmhú.

(31)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh iarratasóirí cabhrach na hoibleagáidí atá acu, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an gceanglas maidir le hurrús a thaisceadh i gcás ina réamhíoctar cabhair.

(32)

D'fhonn aird a tharraingt ar an scéim bainne scoile, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith na gcoinníollacha faoina gcaithfidh na Ballstáit rannpháirteachas an Choimisiúin sa scéim sin a phoibliú agus go bhfuil fóirdheontas á fháil acu ón Aontas.

(33)

Chun a áirithiú go léirítear an chabhair i bpraghas na dtáirgí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le faireachán ar phraghsanna faoin scéim bainne scoile a chur ar bun.

(34)

Tá gá le maoiniú ón Aontas chun eagraíochtaí aitheanta de tháirgeoirí, comhlachais aitheanta d'eagraíochtaí táirgeoirí nó d'eagraíochtaí idirchraobhacha aitheanta a spreagadh chun cláir oibre a tharraingt suas chun feabhas a chur ar táirgeadh agus ar mhargaíocht ola olóige agus ológ boird. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a fhoráil sa Rialachán seo go leithdháilfí tacaíocht ón Aontas de réir na dtosaíochtaí a thugtar do na gníomhaíochtaí a ghabhtar ar láimh laistigh de na cláir oibre faoi seach. Ba cheart cómhaoiniú a laghdú áfach chun éifeachtúlacht na gclár sin a fheabhsú.

(35)

D'fhonn a áirithiú go mbainfear leas éifeachtúil, éifeachtach as an gcabhair ón Aontas a dheonfar d'eagraíochtaí de tháirgeoirí, do chomhlachais d'eagraíochtaí de tháirgeoirí nó d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnálacha na hola olóige agus na n-ológ boird chun cáilíocht táirgthe ola olóige agus ológ boird a fheabhsú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith na mbeart sonrach a fhéadfar a mhaoiniú leis an gcabhair ón Aontas agus na gníomhaíochtaí agus na costais nach bhféadfar a mhaoiniú; an maoiniú íosta ón Aontas atá le leithdháileadh ar réimsí sonracha; an ceanglas urrús a thaisceadh; na critéir a bheidh le cur san áireamh ag na Ballstáit agus cláir oibre á roghnú agus á bhformheas.

(36)

Sa Rialachán seo, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir torthaí agus glasraí, atá beartaithe le caitheamh go díreach ag an tomhaltóir agus torthaí agus glasraí atá beartaithe lena bpróiseáil, ar thaobh amháin, agus torthaí agus glasraí próiseáilte, ar an taobh eile. Níor cheart go mbeadh feidhm ag rialacha i dtaca le cistí oibríochtúla, le cláir oibriúcháin agus le cúnamh airgeadais an Aontais ach amháin maidir leis an gcéad chatagóir, agus ba cheart caitheamh leis an dá chineál torthaí agus glasraí sa chatagóir sin go comhcosúil.

(37)

Tá sé deacair táirgeadh torthaí agus glasraí a thuar agus tá na táirgí meatach. Féadann barrachais theoranta fiú amháin an margadh a shuaitheadh go suntasach. Dá bhrí sin, ba cheart bearta a bhunú i gcomhair bainistiú géarchéimeanna agus ba cheart leanúint de na bearta sin a chomhtháthú le cláir oibriúcháin.

(38)

Agus torthaí agus glasraí á dtáirgeadh agus á margú, ba cheart saincheisteanna comhshaoil a chur san áireamh ina n-iomláine, lena n-áirítear cleachtais saothraithe, bainistiú ábhar dramhaíola agus diúscairt táirgí a tharraingítear siar ón margadh, go háirithe maidir le cosaint cháilíocht an uisce agus cothabháil na bithéagsúlachta agus na tuaithe.

(39)

Ba cheart tacaíocht chun grúpaí de tháirgeoirí a bhunú a thabhairt do gach earnáil i ngach Ballstát faoin mbeartas forbartha tuaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an tacaíocht shonrach in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí.

(40)

Chun breis freagrachta a thabhairt d'eagraíochtaí de tháirgeoirí agus a gcomhlachais in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí as a gcinntí airgeadais agus chun na hacmhainní poiblí a shanntar dóibh a dhíriú ar riachtanais a bheidh ann amach anseo, ba cheart téarmaí a leagan amach maidir le húsáid na n-acmhainní sin. Is réiteach iomchuí é go ndéanfaí cistí oibriúcháin a bhunaigh eagraíochtaí de tháirgeoirí agus a gcomhlachais a chómhaoiniú. Ba cheart scóip bhreise a údarú do mhaoiniú i gcásanna áirithe. Níor cheart cistí oibriúcháin a úsáid ach amháin chun cláir oibriúcháin in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a mhaoiniú. Chun caiteachas an Aontais a rialú, ba cheart uasteorainn a bheith ar chúnamh a dheonaítear d'eagraíochtaí de tháirgeoirí agus a gcomhlachais lena mbunaítear cistí oibriúcháin.

(41)

I réigiúin inar lag eagrúchán an táirgthe in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ba cheart cead a thabhairt ranníocaíochtaí náisiúnta breise a dheonú. I gcás Ballstát atá faoi mhíbhuntáiste ar leith maidir le struchtúir, ba cheart don Aontas na ranníocaíochtaí sin a aisíoc.

(42)

Chun tacaíocht éifeachtúil, spriocdhírithe agus inbhuanaithe a áirithiú do ghrúpaí de tháirgeoirí agus a gcomhlachais in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le cistí oibriúcháin agus cláir oibriúcháin, i ndáil leis an gcreat náisiúnta agus i ndáil leis an straitéis náisiúnta maidir le cláir oibríochtúla i ndáil leis an oibleagáid faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na gcreataí náisiúnta agus na straitéisí náisiúnta; Cúnamh airgeadais ón Aontas; bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú; agus cúnamh airgeadais náisiúnta.

(43)

Tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le bearta tacaíochta in earnáil an fhíona a neartaíonn struchtúir iomaíocha. Cé gur cheart don Aontas na bearta sin a shainiú agus a mhaoiniú, ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit an tsraith beart iomchuí a roghnú chun riachtanais a gcomhlachtaí réigiúnacha a shásamh, ag cur a dtréithe ar leith san áireamh, más gá, agus iad a chomhtháthú ina gcláir náisiúnta thacaíochta freisin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as na cláir sin a chur chun feidhme.

(44)

Ba cheart cur chun cinn agus margú fhíonta an Aontais a bheith ina eochairbheart ar leith atá incháilithe le haghaidh clár náisiúnta tacaíochta. Le tacaíocht don nuálaíocht, féadtar indíoltacht agus iomaíochas táirgí fíniúnacha an Aontais a mhéadú. Ba cheart leanúint de ghníomhaíochtaí athstruchtúraithe agus athchóirithe a chumhdach i ngeall ar a dtionchair struchtúracha dhearfacha ar earnáil an fhíona. Ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil freisin d'infheistíochtaí in earnáil an fhíona ar infheistíochtaí iad atá dírithe ar fheidhmíocht eacnamaíoch na ngnóthas a fheabhsú. Ba cheart beart maidir le tacaíocht do dhriogadh fotháirgí a bheith ar fáil do Bhallstáit ar mian leo a leithéid d'ionstraim a úsáid chun cáilíocht an fhíona a áirithiú, agus an comhshaol a chosaint ag an am céanna.

(45)

Ba cheart ionstraimí coisctheacha a bheith ann amhail árachas buainte, cistí frithpháirteacha agus glasbhuaint incháilithe chun tacaíocht a fháil faoi na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona chun cur chuige freagrach a spreagadh i gcás géarchéimeanna.

(46)

Rinneadh foralácha cinntitheacha de na foralácha a chinn na Ballstáit maidir le tacaíocht do shaothraithe fíniúnacha trí theidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh amhail ón mbliain airgeadais 2015 faoi Airteagal 103n de Rialachán (CE) Uimhir 1234/2007 agus faoi reir na gcoinníollacha a leagtar amach san fhoráil sin.

(47)

Chun a áirithiú go mbainfidh cláir thacaíochta fíona na mBallstát a gcuid cuspóirí amach agus go n-úsáidtear cistí de chuid an Aontais ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le: rialacha maidir leis an bhfreagracht as caiteachas idir an dáta a bhfaigheann an Coimisiún na cláir thacaíochta, agus i ndáil le leasuithe ar na cláir agus a dáta infheidhmeachta; rialacha maidir le hábhar na gclár tacaíochta agus maidir leis an gcaiteachas, na costais riaracháin agus pearsanra agus na hoibríochtaí a fhéadfar a áireamh i gcláir thacaíochta na mBallstát agus na coinníollacha faoina bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh trí idirghabhálaithe i gcás tacaíochta d'árachas buainte; rialacha maidir leis an gceanglas chun urrús a thaisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht; rialacha maidir le húsáid téarmaí áirithe; rialacha maidir le huasteorainn a shocrú don chaiteachas maidir le hathphlandú fíonghort ar chúiseanna sláinte/ nó fíteashláintíochta; rialacha maidir le cistiú dúbailte a sheachaint; rialacha faoina n-aistarraingeoidh táirgeoirí fotháirgí na fíonóireachta, agus maidir le heisceachtaí ón oibleagáid sin chun ualach breise riaracháin a sheachaint agus rialacha maidir le deimhniúchán deonach na ndriogairí; agus rialacha lena gceadaítear do Bhallstáit coinníollacha a chur ar bun chun bearta tacaíochta a chur ag feidhmiú ar bhealach cuí.

(48)

Saintréith de chuid na beachaireachta is ea an éagsúlacht a bhaineann lena dálaí táirgthe agus leis an táirgeacht a fhaightear uaithi agus a scaipthe agus a éagsúla atá na hoibreoirí eacnamaíocha ag na céimeanna táirgthe agus margaíochta araon. Ina theannta sin, i bhfianaise an mhéadaithe ar ionsaithe coirceog i ndáil le sláinte na mbeach agus go háirithe i bhfianaise leathadh na varróise i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas agus na bhfadhbanna a bhaineann do tháirgeadh meala de bharr an ghalair sin, tá sé fós riachtanach go ndéanfadh an tAontas gníomh ós rud é nach féidir an varróis a dhíothú ina hiomláine agus toisc nach mór táirgí formheasta a úsáid chun í a chóireáil. I bhfianaise na n-imthosca sin agus chun feabhas a chur ar tháirgeadh agus ar mhargú táirgí beachadóireachta san Aontas, ba cheart cláir náisiúnta don earnáil a tharraingt suas gach trí bliana d'fhonn feabhas a chur ar na dálaí ginearálta a bhaineann le táirgeadh agus margú táirgí beachadóireachta. Ba cheart don Aontas na cláir náisiúnta sin a mhaoiniú i bpáirt.

(49)

Ba chóir na bearta is féidir a áireamh sa chlár beachadóireachta a shonrú. Chun a áirithiú go gcuirfear scéim cabhrach an Aontais in oiriúint do na forbairtí is déanaí agus go mbeidh na bearta a chlúdófar éifeachtach ó thaobh feabhas a chur ar na coinníollacha ginearálta do tháirgeadh agus margú táirgí beachadóireachta, ba cheart a tabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh lena dtabharfar liosta na mbeart cothrom le dáta trí na bearta atá ann cheana a oiriúnú nó trí bhearta eile a chur leo.

(50)

Lena áirithiú go n-úsáidfear cistí beachadóireachta an Aontais ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh chun cistiú dúbailte idir na cláir bheachadóireachta agus cláir forbartha tuaithe a sheachaint agus ar bhonn leithdháileadh ranníocaíocht airgeadais an Aontais ar gach Ballstát rannpháirteach.

(51)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (8), rinneadh an íocaíocht i leith limistéar leannlusanna a dhíchúpláil ón 1 Eanáir 2010. D'fhonn na heagraíochtaí leannlusanna a údarú leanúint dá ngníomhaíochtaí mar a rinne siad roimhe, ba cheart foráil shonrach a dhéanamh go n-úsáidfí méideanna coibhéiseacha sna Ballstáit lena mbaineann i gcomhair na ngníomhaíochtaí céanna. D'fhonn a áirithiú go maoinítear aidhmeanna na n-eagraíochtaí de tháirgeoirí leis an gcabhair mar a leagtar amach é sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le hiarratais ar chabhair, rialacha maidir le limistéir incháilithe leannlusanna agus maidir le cabhair a ríomh.

(52)

Ba cheart cabhair ón Aontas do thógáil seiriceán a dhíchúpláil agus a chomhtháthú isteach i gcóras na n-íocaíochtaí díreacha de réir an chur chuige a leanadh maidir le cúnamh in earnálacha eile.

(53)

An cúnamh le haghaidh bainne bhearrtha agus púdair bhainne bhearrtha a táirgeadh san Aontas lena n-úsáid mar ábhar beatha agus le próiseáil chun cáiséin agus cáiséanáití a dhéanamh de, ní raibh sé éifeachtach mar thacaíocht don mhargadh agus ba cheart deireadh a chur leis dá bhrí sin, maille leis na rialacha maidir le húsáid cáiséine agus cáiséanáití i monarú cáise.

(54)

Tá bonn leis an gcinneadh go gcuirfí deireadh leis an gcosc idirthréimhseach ar fhíniúnacha a phlandú ar leibhéal an Aontais ós rud é go bhfuil príomhspriocanna athchóiriú 2008 ar eagrú mhargadh fíona AE bainte amach, go háirithe gur cuireadh deireadh le barrachas fadtréimhseach struchtúrach tháirgeadh an fhíona agus gur cuireadh feabhas de réir a chéile ar iomaíochas agus ar threoshuíomh margaidh earnáil an fhíona san Aontas. Bhí forbairtí dearfacha den sórt sin de thoradh ar laghdú suntasach ar limistéir faoi fhíniúnacha ar fud an Aontais, scor táirgeoirí beagiomaíocha, agus céimniú amach beart áirithe tacaíochta margaidh a bhain an dreasacht d'infheistíochtaí gan inmharthanacht eacnamaíoch. Leis an laghdú ar an gcumas soláthair agus an tacaíocht do bhearta struchtúracha agus do chur chun cinn onnmhairithe, ligeadh d'oiriúnú níos fearr d'éileamh laghdaithe ar leibhéal an Aontais, atá de thoradh ar laghdú de réir a chéile ar thomhaltas sna Ballstáit a mbíodh traidisiún acu an fhíon a tháirgeadh.

(55)

Is dreasacht é áfach chun an cumas soláthair a mhéadú agus fíniúnacha nua a phlandú dá réir sna deich mbliana atá le teacht go mbeidh an t-éileamh ag dul i méid ar leibhéal an mhargaidh dhomhanda. Cé gur cheart leanúint leis an príomhsprioc iomaíochas earnáil fíona an Aontais a mhéadú ionas nach gcaillfear sciar den mhargadh ar an margadh domhanda, d'fhéadfadh sé gurbh é an toradh a bheas ar mhéadú tapa iomarcach ar phlanduithe fíniúnacha nua mar fhreagairt ar dhul chun cinn beartaithe ar éileamh idirnáisiúnta go dtiocfadh cumas soláthair iomarcach de bheith ann sa mheántéarma lena mbeadh iarmhairtí sóisialta agus comhshaoil i limistéir áirithe táirgthe fíona. Chun a áirithiú go mbeidh fás ordúil ar phlanduithe fíniúnacha le linn na tréimhse idir 2016 agus 2030, ba cheart córas nua chun planduithe nua a bhainistiú a bhunú ar leibhéal an Aontais; i bhfoirm scéime údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha.

(56)

Faoin gcóras nua sin, féadfar údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a dheonú gan costas a ghearradh ar na táirgeoirí, agus ba cheart go n-éagfadh sé tar éis trí bliana mura n-úsáidfear iad. Chuirfeadh sé sin le húsáid phras agus dhíreach na n-údaruithe i measc na dtáirgeoirí fíona a raibh siad tugtha dóibh, agus ar an gcaoi sin amhantraíocht a sheachaint.

(57)

Ba cheart méadú ar phlanduithe nua fíniúnacha a chur i gcreat sásra cosanta ar leibhéal an Aontais, bunaithe ar an oibleagáid go gcuirfeadh na Ballstáit údaruithe ar fáil ar bhonn bliantúil i gcomhair planduithe nua comhionann is 1 % de limistéir fíniúnacha phlandaithe nua, ag ligean do sholúbthacht áirithe chun freagairt d'imthosca sonracha gach Ballstáit. Ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann cinneadh a dhéanamh an bhfuil limistéir níos lú le cur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear ar leibhéil limistér atá i dteideal sonrúcháin shonracha tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha sonracha faoi chosaint, ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, agus á áirithiú go bhfuil na teorainneacha a fhorchuirtear níos mó ná 0 % agus nach bhfuil siad ró-shriantach maidir leis na spriocanna atá á saothrú.

(58)

Chun a áirithiú go ndeonófar údaruithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ba cheart critéir áirithe a leagan síos, agus go háirithe nuair a sháraíonn líon na n-iarratas a dhéanann táirgeoirí líon iomlán na heicteár arna gcur ar fáil leis na húdaruithe a chuireann Ballstáit ar fáil.

(59)

Ba cheart údaruithe a dheonú go huathoibríoch do tháirgeoirí a ghrafann limistéar fíniúna atá ann cheana ach iarratas a chur isteach agus neamhspleách ar an sásra cosanta do phlanduithe nua a údarú, toisc nach gcuireann sé le méadú iomlán ar na limistéir faoi fhíniúnacha. I limistéir áirithe atá incháilithe le haghaidh fíonta a tháirgeadh a bhfuil tásc tionscnaimh nó geografach atá faoi chosaint acu, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann srian a chur ar dheonú na n-údaruithe sin d'athphlanduithe ar bhonn moltaí ó eagraíochtaí gairmiúla aitheanta agus ionadaíocha.

(60)

Ba cheart nach mbeadh feidhm ag an scéim nua seo d'údaruithe do phlandú nua fíniúnacha maidir le Ballstáit nach bhfuil córas idirthréimhseach an Aontais i ndáil le cearta plandaithe á chur i bhfeidhm acu agus go mbeadh sé roghnach do na Ballstáit sin a bhfuil na cearta plandaithe i bhfeidhm acu ach inar lú an limistéar plandaithe finiúna ná tairseach áirithe.

(61)

Ba cheart forálacha idirthréimhseacha a leagan síos chun trasdul réidh idir an córas um chearta plandaithe a bhí ann roimhe agus scéim nua, go háirithe chun planduithe iomarcacha a sheachaint roimh an scéim nua a thosú. Ba cheart go mbeadh solúbthacht áirithe ag na Ballstáit maidir le cinneadh a dhéanamh i leith an spriocdháta chun iarrataí a chur isteach maidir le cearta plandaithe a thiontú go húdaruithe ón 31 Nollaig 2015 go dtí an 31 Nollaig 2020.

(62)

Chun a áirithiú go mbeidh an scéim nua d'údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha á cur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe agus éifeachtach, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith na gcoinníollacha maidir le planduithe fíniúnacha áirithe a dhíolmhú ón scéim, na rialacha a bhaineann leis na critéir incháilitheachta agus tosaíochta, critéir a chur isteach maidir le hincháilitheacht agus tosaíocht, le cómhaireachtáil fíniúnacha a bheidh le grafadh taobh le fíniúnacha nua-phlandaithe agus na forais arbh fhéidir leis na Ballstáit fad srianadh a chur ar údarú athphlanduithe a dheonú.

(63)

Ba cheart rialú nabplanduithe neamhúdaraithe a dhéanamh go héifeachtach chun a áirithiú go gcomhlíonfaí rialacha na scéime nua.

(64)

Nuair a chuirtear caighdeáin i bhfeidhm maidir le margaíocht táirgí talmhaíochta féadfaidh siad cuidiú na dálaí eacnamaíocha a fheabhsú don táirgeadh agus don mhargú agus le cáilíocht na dtáirgí sin a fheabhsú. Dá bhrí sin, bheadh sé chun leasa na dtáirgeoirí, na dtrádálaithe agus na dtomhaltóirí a leithéid de chaighdeáin a chur i bhfeidhm.

(65)

Tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus díospóireachtaí ina dhiaidh sin, meastar gurb iomchuí caighdeáin mhargaíochta de réir earnálacha nó táirgí a choimeád, chun ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus chun cuidiú na dálaí eacnamaíocha a fheabhsú do tháirgeadh agus do mhargú táirgí talmhaíochta agus lena gcáilíocht.

(66)

Ba cheart forálacha de chineál cothrománach a bhunú maidir le caighdeáin mhargaíochta.

(67)

Ba cheart na caighdeáin mhargaíochta a roinnt go soiléir idir rialacha éigeantacha d'earnálacha nó do tháirgí sonracha agus téarmaí roghnacha a bheidh le bunú ar bhonn earnála nó ar bhonn táirge.

(68)

Ba cheart feidhm a bheith, i bprionsabal, ag caighdeáin mhargaíochta maidir leis na táirgí talmhaíochta uile lena mbaineann a chuirtear ar an margadh san Aontas.

(69)

Ba cheart na hearnálacha agus na táirgí a bhféadfadh caighdeáin mhargaíochta a bheith i bhfeidhm ina dtaobh a liostú sa Rialachán seo. Mar sin féin, chun ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus an gá atá le cáilíocht táirgí talmhaíochta a fheabhsú mar aon leis na dálaí eacnamaíocha dá dtáirgeadh agus dá margú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an liosta sin a leasú, faoi réir coinníollacha dochta.

(70)

Chun ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus chun dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargú táirgí talmhaíochta a fheabhsú chomh maith le cáilíocht táirgí áirithe talmhaíochta a fheabhsú, agus chun iad a chur in oiriúint do na dálaí margaidh atá ag síorathrú agus do na hathruithe ar éilimh na dtomhaltóirí, agus chun forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh agus ionas nach gcruthófar constaicí i nuálaíocht táirgí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le caighdeáin mhargaíochta a ghlacadh de réir earnálacha nó táirgí, ag gach céim den mhargaíocht, agus i ndáil le maoluithe agus díolúintí ar na caighdeáin sin. Ba cheart a chur san áireamh leis na caighdeáin mhargaíochta, i measc nithe eile, saintréithe nádúrtha agus bunriachtanacha na dtáirgí lena mbaineann agus ar an mbealach sin athruithe substaintiúla ar ghnáth-chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann a sheachaint. Fairis sin, ba cheart a chur san áireamh sna caighdeáin mhargaíochta an riosca a d'fhéadfadh a bheith i gceist tomhaltóirí a chur amú mar gheall ar a gcuid ionchas agus a gcuid braistintí. Níor cheart go mbeadh costais bhreise a bheadh le híoc ag feirmeoirí amháin i gceist le haon mhaolú nó le haon díolmhú ó na caighdeáin.

(71)

Ba cheart caighdeáin mhargaíochta a bheith infheidhme ionas gur féidir táirgí de cháilíocht chaighdeánaithe shásúil a sholáthar go réidh don mhargadh agus ba cheart iad a bheith ag baint go háirithe, le sainmhínithe teicniúla, aicmithe, cur i láthair, marcáil agus lipéadú, pacáistiú, modh táirgthe, caomhnú, stóráil, iompar, doiciméid riaracháin ghaolmhara, deimhniúchán agus teorainneacha ama, srianta ar úsáid agus ar dhiúscairt.

(72)

Ag cur san áireamh leas na dtáirgeoirí saintréithe an táirge agus na tréithe feirmeoireachta a chur in iúl agus leas na dtomhaltóirí i dtaca le faisnéis leordhóthanach agus thrédhearcach a fháil faoi tháirgí, ba cheart a bheith in ann an áit feirmeoireachta agus/nó an áit tionscnaimh a chinneadh, ar bhonn gach cáis faoi leith ar an leibhéal geografach is iomchuí, ach saintréithe sonracha earnálacha áirithe a chur san áireamh, go háirithe maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte.

(73)

Ba cheart rialacha speisialta a chur ar fáil i ndáil le táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha má tá forálacha náisiúnta i bhfeidhm i dtríú tíortha a thugann údar le maoluithe ó chaighdeáin mhargaíochta agus má thugtar ráthaíocht go bhfuil siad comhionann le reachtaíocht an Aontais. Is iomchuí freisin rialacha a chinneadh maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán margaíochta is infheidhme maidir leis na táirgí a ollmhaireofar ón Aontas.

(74)

Níor cheart táirgí de chuid earnáil na dtorthaí agus na nglasraí atá ceaptha lena ndíol leis an tomhaltóir agus iad úr a mhargú ach amháin má tá siad de cháilíocht shlán chóir agus indíolta agus má léirítear an tír tionscnaimh. D'fhonn an ceanglas sin a chur i bhfeidhm mar is cuí agus chun cásanna sonracha áirithe a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le maoluithe sonracha ón gceanglas sin.

(75)

Ba cheart cloí le beartas cáilíochta ar fud an Aontais trí nós imeachta deimhniúcháin a chur i bhfeidhm maidir le táirgí in earnáil na leannlusanna agus trí chosc a chur ar tháirgí den sórt sin a mhargú, nach bhfuil deimhniú eisithe dóibh. D'fhonn é a áirithiú go gcuirfear an ceanglas sin i bhfeidhm mar is cuí agus chun cásanna sonracha áirithe a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith beart de mhaolú ar an gceanglas chun ceanglais trádála roinnt tríú tíortha a chomhlíonadh nó do tháirgí atá beartaithe d'úsáid speisialta.

(76)

I gcás roinnt earnálacha agus/nó táirgí, eilimintí tábhachtacha is ea sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin chun dálaí iomaíochta a chinneadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin a leagan síos d'earnálacha áirithe agus/nó táirgí, nár cheart iad a úsáid ach amháin san Aontas chun táirgí atá i gcomhréir leis na ceanglais chomhfhreagracha a mhargú.

(77)

D'fhonn na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin a oiriúnú go cinnte maidir leis na riachtanais a eascraíonn as éilimh na gcustaiméirí a bhíonn ag athrú, an dul chun cinn teicniúil agus an gá le nuálaíocht na dtáirgí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le modhnuithe, maoluithe nó díolúintí is gá i leith sainmhínithe agus tuairiscí díolacháin.

(78)

Chun a áirithiú go bhfuil tuiscint shoiléir cheart ag oibritheoirí agus ag na Ballstáit ar na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin a leagtar síos d'earnálacha áirithe, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis na rialacha dá sonrúchán agus dá gcur i bhfeidhm.

(79)

Chun sainiúlacht gach táirge nó earnála a chur san áireamh, mar aon leis na céimeanna difriúla margaíochta, na coinníollacha teicniúla, aon mhórdheacracht phraiticiúil a d'fhéadfadh a bheith ann, agus cruinneas agus in-atrialltacht na modhanna anailíse, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le lamháltas le haghaidh ceann amháin nó níos mó de chaighdeáin shonracha faoina bhféadfaí a mheas go raibh ag teip ar bhaisc iomlán na dtáirgí an caighdeán sin a chomhlíonadh.

(80)

Ba cheart cleachtais áirithe fhíoneolaíocha agus srianta áirithe a chinneadh i gcás táirgthe fíona, go háirithe i ndáil le cumasc agus úsáid cineálacha áirithe úrfhíona fíonchaor, sú fíonchaor agus fíonchaor úr de thionscnamh tríú tíortha. Chun na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh, i gcás cleachtas fíoneolaíocha breise, ba cheart don Choimisiún na cleachtais fíoneolaíocha atá molta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona (OIV) a chur san áireamh.

(81)

Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le haicmiú cineálacha fíonchaor, agus de réir na rialacha sin ba cheart go leanfadh na Ballstáit a tháirgeann níos mó ná 50 000 heictilítear in aghaidh na bliana de bheith freagrach as aicmiú na gcineálacha fíonchaor ónar féidir fíon a dhéanamh ina gcríocha. Ba cheart cineálacha áirithe fíonchaor a eisiamh.

(82)

Ba cheart bheith ar chumas na mBallstát rialacha náisiúnta áirithe a choimeád nó a ghlacadh maidir le leibhéil cháilíochta i ndáil le saillte inleata.

(83)

I gcás earnáil an fhíona, ba cheart na Ballstáit a údarú teorainn a chur le húsáid cleachtas fíoneolaíoch áirithe nó iad a eisiamh agus srianta níos déine a choimeád i gcás fíonta a tháirgtear ina gcríocha, chomh maith lena cheadú go n-úsáidfear ar bhonn turgnamhach cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe.

(84)

Chun a áirithiú go gcuirtear chun feidhme i gceart agus go trédhearcach rialacha náisiúnta le haghaidh táirgí áirithe agus/nó earnálacha áirithe maidir le caighdeáin mhargaíochta, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le coinníollacha a bhunú le haghaidh caighdeáin mhargaíochta den sórt sin a chur i bhfeidhm chomh maith leis na coinníollacha le haghaidh na táirgí arna bhfáil ó na cleachtais thurgnamhacha a choimeád, a chur i gcúrsaíocht agus a úsáid.

(85)

I dteannta na gcaighdeán margaíochta, ba cheart téarmaí cáillíochta roghnacha a bhunú chun a áirithiú nach mbainfear mí-úsáid sa mhargadh as téarmaí a chuireann síos ar thréithe táirgí sonracha nó ar airíonna feirmeoireachta nó próiseála agus go bhféadfaidh tomhaltóirí muinín a bheith acu as na téarmaí sin agus cáilíochtaí éagsúla táirgí á sainaithint acu. I bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo agus ar mhaithe le soiléire, ba cheart téarmaí roghnacha cáilíochta atá ann cheana a liostú sa Rialachán seo.

(86)

Ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le táirgí fíona a dhiúscairt nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo. Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm rialacha náisiúnta maidir le táirgí fíona i gceart agus ar bhealach trédhearcach, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le coinníollacha a shocrú i ndáil le táirgí fíona a úsáid nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh acu.

(87)

D'fhonn an cás sa mhargadh a chur san áireamh mar aon le forbairtí sna caighdeáin mhargaíochta agus sna caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith téarma roghnach coimeádta breise a fhorchoimeád agus lena leagtar síos coinníollacha maidir lena úsáid, agus lena leasaítear na coinníollacha úsáide i ndáil le téarma roghnach coimeádta, mar aon le téarma roghnach coimeádta a chur ar ceal.

(88)

Chun saintréithe earnálacha áirithe agus ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith sonraí breise maidir leis na ceanglais chun téarma coimeádta breise a thabhairt isteach.

(89)

Chun a áirithiú go mbeidh na táirgí a ndéantar tuairisc orthu le téarmaí roghnacha coimeádta i gcomhréir leis na coinníollacha úsáide infheidhme, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le rialacha breise i ndáil le húsáid téarmaí roghnacha coimeádta.

(90)

Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe agus nádur speisialta táirgí áirithe talmhaíochta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na coinníollacha faoina measfar go bhfuil táirgí allmhairithe i gcomhréir, go leibhéal coibhéiseach, le ceanglais an Aontais a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta agus lena n-údarófar bearta a dhéanfaidh maolú ó na rialacha nach margófaí táirgí san Aontas ach amháin i gcomhréir le caighdeáin den sórt sin agus leis na rialacha a bhaineann leis na caighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm ar tháirgí a onnmhairítear ón Aontas.

(91)

Ba cheart forálacha maidir le fíon a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE.

(92)

Tá coincheap na bhfíonta d'ardchaighdeán san Aontas bunaithe ar, inter alia, na saintréithe sonracha inchurtha i leith thionscnamh geografach an fhíona sin. Aithnítear na fíonta sin do na tomhaltóirí trí shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint. Ionas go mbeidh creat trédhearcach agus níos mionléirithe mar chranntaca don cháilíocht a mhaíonn na táirgí lena mbaineann, ba cheart córas a bhunú ina ndéantar iarratais ar shonrúchán tionscnaimh nó ar thásc geografach a scrúdú i gcomhréir leis an gcur chuige a leantar de réir bheartas cáilíochta cothrománach an Aontais, ar beartas é is infheidhme maidir le bia-ábhair nach fíon nó biotáillí iad a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(93)

Chun na tréithe cáilíochta ar leith a chaomhnú atá ag fíonta ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, ba cheart na Ballstáit a údarú rialacha níos déine a chur i bhfeidhm ina leith sin.

(94)

Chun cáiliú do chosaint san Aontas, ba cheart sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i gcomhair fíona a aithint agus a chlárú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le rialacha nós imeachta arna leagan síos ag an gCoimisiún.

(95)

Ba cheart cosaint a bheith ar fáil do shonrúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha tríú tíortha i gcás ina bhfuil siad faoi chosaint ina dtír thionscnaimh.

(96)

Ba cheart, de bharr an nós imeachta clárúcháin, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige i mBallstát nó i dtríú tír a bheith in ann a chearta a fheidhmiú trí fhógra a thabhairt i dtaobh a agóidí.

(97)

Ba cheart sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha atá cláraithe a chosaint ar úsáidí a bhaineann leas as clú na dtáirgí a chomhlíonann na coinníollacha. Chun iomaíocht chothrom a chur chun cinn agus ionas nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart leis an gcosaint sin go gcuimseofaítáirgí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo, lena n-áirítear na cinn nach bhfuil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí.

(98)

Chun cleachtais lipéadaithe atá ann cheana a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil lena cheadú ainm cineáil fíonchaor a úsáid ar sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint é nó a bhfuil an sonrúchán sin nó an tásc sin mar chuid de.

(99)

Chun saintréithe sonrachasaintréithe sonracha an táirgthe sa limistéar geografach críochaithe a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na critéir bhreise a bhaineann le críochú an limistéir gheografaigh, na srianta agus na maoluithe a bhaineann leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe.

(100)

Chun cáilíocht agus inrianaitheacht táirgí a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na coinníollacha faoina bhféadtar ceanglais bhreise a áireamh sna sonraíochtaí táirgí.

(101)

Chun cosaint cearta nó leasanna dlisteanacha táirgeoirí agus oibreoirí a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an gcineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh; na coinníollacha atá le comhlíonadh i ndáil le hiarratas ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh, grinnscrúdú a dhéanann an Coimisiún, an nós imeachta agóide, agus nós imeachta maidir le leasú, cealú agus tiontú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint; na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais trasteorann; na coinníollacha i gcomhair iarratas a bhaineann le limistéir gheografacha i dtríú tír; an dáta óna mbeidh feidhm ag cosaint nó ag leasú ar chosaint; agus na coinníollacha a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí.

(102)

Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le srianta ar an ainm faoi chosaint.

(103)

Chun a áirithiú nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo dochar míchuí d'oibreoirí eacnamaíocha ná d'údaráis inniúla a mhéid is a bhaineann le hainmneacha fíonta dár deonaíodh cosaint roimh an 1 Lúnasa 2009, nó a ndearnadh iarratas ar chosaint ina leith roimh an dáta sin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le rialacha idirthréimhseacha a leagan síos i ndáil le hainmneacha fíonta mar sin, fíonta a cuireadh ar an margadh nó a lipéadaíodh roimh dháta sonrach.

(104)

Úsáidtear téarmaí áirithe go traidisiúnta san Aontas lena dtugtar faisnéis do na tomhaltóirí faoi thréithe ar leith agus faoi cháilíocht na bhfíonta lena gcomhlánaítear an fhaisnéis a thugtar sna sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus sna tásca geografacha faoi chosaint. Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus iomaíocht chothrom a áirithiú agus ionas nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart na téarmaí traidisiúnta sin a bheith incháilithe chun cosaint a fháil san Aontas.

(105)

Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an teanga agus le litriú téarma traidisiúnta atá le cosaint.

(106)

Chun cosaint cearta dlisteanacha táirgeoirí agus oibreoirí a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an gcineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint téarma traidisiúnta; coinníollacha bailíochta iarratais ar chosaint téarma traidisiúnta; na forais le hagóid a dhéanamh i gcoinne aitheantais bheartaithe le haghaidh téarma traidisiúnta; raon feidhme na cosanta, lena n-áirítear an gaol le trádmhairc, téarmaí traidisiúnta faoi chosaint, sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint, comhainmneacha, nó ainmneacha áirithe fíonchaor; na forais le cealú téarma traidisiúnta; an dáta a gcuirfear isteach iarratas nó iarraidh; agus na nósanna imeachta atá le leanúint i ndáil le hiarratas ar chosaint téarma traidisiúnta, lena n-áirítear grinnscrúdú atá le déanamh ag an gCoimisiún, nósanna imeachta agóide agus na nósanna imeachta maidir le cealú agus modhnú.

(107)

Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfar téarmaí traidisiúnta a úsáid ar tháirgí ó thríú tíortha agus lena bhforálfar do mhaoluithe gaolmhara.

(108)

Is féidir le tuairisc, sonrúchán agus cur i láthair táirgí de chuid earnáil an fhíona, atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, tionchar suntasach a imirt ar indíoltacht na dtáirgí sin. D'fhéadfadh difríochtaí idir dlíthe na mBallstát maidir le lipéadú táirgí fíona bac a chur ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart dá bhrí sin rialacha a leagan síos ina gcuirtear san áireamh leasa dlisteanacha na dtomhaltóirí agus na dtáirgeoirí. Ar an ábhar sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha de chuid an Aontais i dtaca le lipéadú agus le cur i láthair.

(109)

D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar cleachtais lipéadaithe atá ann cheana, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le himthosca eisceachtúla a thugann bonn cirt na téarmaí 'sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint' nó 'tásc geografach faoi chosaint' a fhágáil ar lár.

(110)

Chun na saintréithe sonrachasaintréíthe sonracha in earnáil an fhíona a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith cur i láthair agus úsáid sonraí lipéadaithe seachas na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo; sonraí áirithe éigeantacha agus roghnacha.

(111)

Chun cosaint leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le fíonta a lipéadú agus a chur i láthair go sealadach a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach acu, i gcás ina gcomhlíonann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin na ceanglais is gá.

(112)

Chun a áirithiú nach ndéanfar dochar d'oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith forálacha idirthréimhseacha maidir le fíonta a chuirtear ar an margadh agus atá lipéadaithe i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Lúnasa 2009.

(113)

Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil táirgí earnáil an fhíona idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndail leis na maoluithe ar rialacha maidir le lipéadú agus le cur i láthair i ndáil le táirgí atá le honnmhairiú i gcás ina gceanglaítear sin de réir dhlí an tríú tír lena mbaineann.

(114)

Beidh ionstraimí sonracha ag teastáil fós agus deireadh tagtha leis an gcóras cuóta chun cothroime ceart agus oibleagáidí a áirithiú idir gnóthais siúcra agus saothraithe biatais siúcra. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha caighdeánacha lena rialaítear comhaontuithe i scríbhinn laistigh den thrádáil a thugtar chun críche eatarthu a bhunú.

(115)

Leis an athchóiriú a rinneadh ar an gcóras siúcra in 2006, tugadh isteach athruithe forleathana ar earnáil an tsiúcra san Aontas. Ionas go mbeidh saothraithe biatais siúcra in ann a n-oiriúnú don staid mhargaidh nua agus do treoshuíomh margaidh méadaithe na hearnála a thabhairt chun críche, ba cheart síneadh a chur le córas na gcuótaí siúcra atá ann faoi láthair go dtí go gcuirfear deireadh leis ag deireadh na bliana margaíochta 2016/2017.

(116)

Chun saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an sainmhínithe teicniúla i ndáil le hearnáil an tsiúcra a thabhairt cothrom le dáta; na téarmaí ceannaigh do biatais a leagtar síos sa Rialachán seoa thabhairt cothrom le dáta; agus tuilleadh rialacha maidir le cinntí i dtaca le hollmheáchan, táir agus cion biatas siúcra a sheachadtar chuig gnóthas chomh maith le rialacha maidir le laíon biatais.

(117)

Léirítear leis an taithí atá faighte le déanaí an gá atá le bearta sonracha chun soláthar leordhóthanach siúcra chuig margadh an Aontas a áirithiú i rith thréimhse na gcuótaí siúcra atá fágtha.

(118)

D'fhonn saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra a chur san áireamh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear leas na bpáirtithe go léir san áireamh mar is cuí, agus ó tharla gur gá aon suaitheadh ar an margadh a chosc, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith téarmaí ceannaigh agus conarthaí seachadta; nuashonrú na dtéarmaí ceannaigh le haghaidh biatais a leagtar síos sa Rialachán seo, agus na critéir sin atá le cur i bhfeidhm ag gnóthais siúcra nuair atá na cainníochtaí biatais atá le cumhdach ag conarthaí réamhchurtha seachadta á leithdháileadh i measc díoltóirí biatais.

(119)

D'fhonn forbairtí teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh, i ndáil le liosta táirgí a bhunú a bhféadfar siúcra tionsclaíoch, iseaglúcós tionsclaíoch nó sioróip ionúiline thionsclaíoch a úsáid lena dtáirgeadh.

(120)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gnóthais formheasta a tháirgeann siúcra, iseaglúcós nó síoróip ionúiline a n-oibleagáidí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh, maidir le formheas a dheonú do na gnóthais sin agus a tharraingt siar uathu, chomh maith leis na critéir le haghaidh pionóis riaracháin.

(121)

D'fhonn saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra a chur san áireamh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear leas na bpáirtithe go léir san áireamh mar is cuí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le brí na dtéarmaí le haghaidh oibriú an chórais cuótaí agus maidir leis na coinníollacha lena rialaítear díolacháin chuig na réigiúin is forimeallaí.

(122)

D'fhonn a áirithiú go bhfuil dlúthbhaint ag na saothraithe le cinneadh cainníocht áirithe den táirgeadh a thabhairt ar aghaidh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le siúcra a thabhairt ar aghaidh.

(123)

Chun na deiseanna fíonsaothrúcháin a bhainistiú níos fearr ba cheart do na Ballstáit fardal a n-acmhainneachta táirgthe, bunaithe ar an gclár fíonghort, a chur i bhfios don Choimisiún. Chun na Ballstáit a spreagadh chun an fardal a chur in iúl, ba cheart don tacaíocht d'athstruchtúrú agus d'athchóiriú a bheith teoranta do na Ballstáit sin a chuir an fardal in iúl.

(124)

Chun a éascú do Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar an acmhainneacht táirgthe agus í a fhíorú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le hábhar an chláir fíonghort agus i ndáil le díolúintí.

(125)

Chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal sásúil inrianaitheachta do na tairgí lena mbaineann, go háirithe ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, ba cheart go gceanglófaí go mbeadh doiciméad tionlacain ag gabháil le táirgí uile earnáil an fhíona atá cumhdaithe ag an Rialachán seo agus iad ag cúrsáil laistigh den Aontas.

(126)

Chun iompar táirgí fíona agus fíorú an iompair sin ag Ballstáit a éascú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha maidir leis an doiciméad faoi iamh agus úsáid an doiciméid sin maidir leis na coinníollacha faoina measfar go bhfuil sonrúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha faoi chosaint á ndeimhniú ag doiciméad faoi iamh; maidir le hoibleagáid clár a choimeád agus maidir le húsáid an chláir sin; maidir lena shonrú cé a choimeádfaidh clár agus maidir le díolúintí ón oibleagáid clár a choimeád; agus maidir leis na hoibríochtaí atá le bheith ar áireamh sa chlár.

(127)

In éagmais reachtaíochta de chuid an Aontais maidir le conarthaí scríofa agus curtha ar bhonn foirmiúil, féadfaidh Ballstáit, faoin dlí náisiúnta na gconarthaí, cinneadh a dhéanamh go mbeidh úsáid na gconarthaí sin éigeantach ar choinníoll go n-urramofaí dlí an Aontais sa dóigh sin agus go háirithe go n-urramofaí feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus chomheagraíocht an mhargaidh. I bhfianaise éagsúlacht na gcásanna ar fud an Aontais, agus chun leasa na coimhdeachta, ba cheart an cinneadh sin a fhágáil faoi na Ballstáit. Chun íoschaighdeáin iomchuí a áirithiú do na conarthaí sin in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, áfach, mar aon le feidhmiú chuí an mhargaidh inmheánaigh agus chomheagraíocht na margaí, ba cheart roinnt coinníollacha bunúsacha a leagan síos ar leibhéal an AE maidir le húsáid na gconarthaí sin. Ba cheart na coinníollacha bunúsacha sin go léir a chaibidliú go neamhshrianta. Ós rud é go bhféadfadh sé go bhfuil rialacha leis an éifeacht chéanna ag comharchumainn déiríochta áirithe ina reachtanna, ba cheart iad a dhíolmhú, ar mhaithe le simplíocht, ón gceanglas maidir le conarthaí a dhéanamh. Chun éifeachtacht córais conarthaí den sórt sin a neartú, ba cheart do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ar cheart go mbeadh feidhm acufreisin i gcás ina mbailíonn páirtithe idirmheánacha bainne ó fheirmeoirí lena sheachadadh chuig lucht próiseála.

(128)

Chun a áirithiú go ndéanfar táirgeadh a fhorbairt ar bhealach inmharthana agus mar thoradh ar sin caighdeán réasúnta maireachtála a áirithiú d'fheirmeoirí déiríochta, ba cheart a gcumhacht margála i dtaobh próiseálaithe a neartú agus ba cheart leithdháileadh níos cothroime ar an mbreisluach feadh an tslabhra soláthair a bheith mar thoradh air sin. Chun na cuspóirí sin de chuid CBT a bhaint amach, ba cheart foráil a ghlacadh de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) CFAE chun a cheadú d'eagraíochtaí táirgeoirí comhdhéanta d'fheirmeoirí déiríochta nó dá gcomhlachais, téarmaí conartha, lena n-áirítear praghas, a chaibidil go comhpháirteach i gcomhair tháirgeadh bhainne amh a gcomhaltaí ar fad nó cuid díobh le déirí. Chun iomaíocht éifeachtach sa mhargadh déiríochta a choimeád, ba cheart an deis seo a bheith faoi réir srianta iomchuí cainníochtúla. Ionas nach mbainfear an bonn d'fheidhmiú éifeachtach comharchumann agus ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a shonrú i gcás ina ngabhann, le ballraíocht feirmeora i gcomharchumann, oibleagáid a bheith ann i dtaca le táirgeadh bainne uile an fheirmeora sin, nó cuid de, bainne amh a sheachadadh, a bhfuil na coinníollacha chuige sin leagtha amach laistigh de reachta an chomharchumainn nó sna rialacha nó sna cinntí atá bunaithe orthu siúd, níor cheart go mbeadh na coinníollacha sin faoi réir caibidlíochta trí eagraíocht táirgeoirí.

(129)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, go háirithe do réigiúin íogaire tuaithe, agus chun an breisluach a áirithiú agus chun cáilíocht cáiseanna a bhaineann tairbhe as sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus as tásca geografacha, go háirithe, a choimeád, agus i gcomhthéacs chóras na gcuótaí bainne a bheidh ag dul in éag, ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit rialacha a chur i bhfeidhm chun soláthar iomlán na cáise sin a bheidh á táirgeadh sa limistéar geografach sainithe a rialú arna iarraidh sin d'eagraíocht idirchraoibhe, eagraíocht táirgeoirí nó grúpa táirgeoirí mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimhir 1151/2012. Ba cheart go mbeadh an iarraidh sin á tacú ag tromlach mór de tháirgeoirí bainne, ar tromlach é a sheasann do thromlach mór na toirte bainne a úsáidtear don cháis sin, agus i gcás grúpaí agus eagraíochtaí idirchraoibhe, ag tromlach mór de tháirgeoirí cáise a sheasann do thromlach mór de thoirt na cáise.

(130)

D'fhonn na forbairtí sa mhargadh a leanúint, tá faisnéis thráthúil ar thoirt an bhainne amh arna sheachadadh de dhíth ón gCoimisiún. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfeadh an chéad cheannaitheoir an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit ar bhonn tráthrialta agus go dtabharfadh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi sin.

(131)

Is féidir ról fónta a bheith ag eagraíochtaí táirgeoirí agus ag a gcomhlachais leis an soláthar a chomhchruinniú agus maidir le margaíocht agus pleanáil a fheabhsú, le táirgeacht a oiriúnú don éileamh, le barrfheabhas a chur ar na costais táirgthe, le praghsanna táirgeoirí a chobhsú, le taighde a dhéanamh, le dea-chleachtais a chur chun cinn, le cúnamh teicniúil a chur ar fáil, le fotháirgí a bhainistiú agus le huirlisí bainistithe riosca a bhainistiú atá ar fáil dá gcuid comhaltaí, agus ag rannchuidiú ar an gcaoi sin le seasamh na dtáirgeoirí sa slabhra bia a neartú.

(132)

Féadfaidh eagraíochtaí idirchraoibhe ról tábhachtach a bheith acu maidir le hidirphlé a cheadú gníomhairí i slabhra soláthair agus i ndea-chleachtais agus trédhearcacht sa mhargadh a chur chun cinn.

(133)

Na rialacha atá ann faoi láthair maidir le heagraíochtaí táirgeoirí, a gcomhlachais agus a n-eagraíochtaí idirchraoibhe a shainmhíniú agus aitheantas a thabhairt dóibh, ba cheart iad a chomhchuibhiú, a shruthlíniú agus a shíneadh chun foráil d'aitheantas a d'fhéadfaí a bheith i gceist ach é a iarraidh faoi reachtanna a leagtar amach i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcás earnálacha áirithe. Go háirithe, ba cheart a áirithiú le critéir agus reachtanna aitheantais na n-eagraíochtaí táirgeoirí go bhfoirmeofar na comhlachtaí ar thionscnamh na dtáirgeoirí agus go rialófar iad i gcomhréir leis na rialacha lena gcumasófar do chomhaltaí táirgeora a n-eagraíocht agus a cuid cinntí a scrúdú ar bhealach daonlathach.

(134)

Na forálacha atá ann faoi láthair in earnálacha éagsúla, ar forálacha iad lena méadaítear tionchar eagraíochtaí táirgeoirí, a gcomhlachas agus eagraíochtaí idirchraoibhe trína cheadú do Bhallstáit, i ndálaí áirithe, rialacha áirithe d'eagraíochtaí den sórt sin a shíneadh go hoibreoirí nach baill iad, is léir go bhfuil siad éifeachtach agus ba cheart iad a chomhchuibhiú, a chuíchóiriú agus a shíneadh go gach earnáil.

(135)

Ba cheart foráil a dheanamh go bhféadfaí bearta áirithe a ghlacadh chun oiriúnú an tsoláthair do riachtanais an mhargaidh a éascú, rud a d'fhéadfadh a bheith ina chuidiú chun na margaí a chobhsú agus caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don phobal talmhaíochta lena mbaineann.

(136)

Chun eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe a spreagadh chun gníomhaíochta maidir leis an soláthar a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh, seachas gníomhaíocht a bhaineann le tarraingt siar ón margadh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le bearta lena ndéantar an cháilíocht a fheabhsú; eagrú feabhsaithe an táirgthe, na próiseála agus na margaíochta a chur chun cinn; taifeadadh treochtaí i bpraghsanna an mhargaidh a éascú; agus chun a cheadú réamh-mheastacháin ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha a bhunú ar bhonn na modhanna táirgthe a úsáideadh.

(137)

Chun feidhmiú an fhíonmhargaidh a fheabhsú, ba cheart na Ballstáit a bheith ábalta cinntí arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirchraoibhe a chur chun feidhme. Ba cheart cleachtais a d'fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh go mór a bheith ar eisiamh ó raon feidhme na gcinntí sin, áfach.

(138)

Cé go gcumhdaítear conarthaí scríofa, curtha ar bhonn foirmiúil, san earnáil bhainne le forálacha ar leith, d'fhéadfadh úsáid na gconarthaí sin cabhrú le freagracht na n-oibreoirí in earnálacha eile agus a bhfeasacht a mhéadú maidir leis an ngá le comharthaí an mhargaidh a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, tarchur praghsanna a fheabhsú agus soláthar a oiriúnú don éileamh, chomh maith le cleachtais tráchtála mhíchothroma áirithe a sheachaint. In éagmais reachtaíocht Aontais maidir le conarthaí den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, faoin dlí náisiúnta conarthaí, úsáid na gconarthaí sin a dhéanamh éigeantach ar choinníoll go n-urramaítear dlí an Aontais agus an méid sin á dhéanamh agus go háirithe go n-urramaítear feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus comheagrú an mhargaidh.

(139)

Chun forbairt inmharthana táirgthe agus dá bhrí sin caighdeán maireachtála atá cothrom do tháirgeoirí sna hearnálacha mairteola, laofheola agus ola olóige, agus do tháirgeoirí barra curaíochta áirithe a áirithiú, ba cheart a gcumhacht margála i dtaobh oibreoirí iartheachtacha a neartú, agus ar an gcaoi sin dáileadh níos cothroime luacha a bhaint amach feadh an tslabhra soláthair. Chun na cuspóirí CBT sin a bhaint amach, ba cheart go mbeadh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta in ann caibidlíocht a dhéanamh, faoi réir teorainneacha cainníochtúla, téarmaí na gconarthaí seachadta, lena n-áirítear praghsanna, i leith roinnt de tháirgeacht na gcomhaltaí, ar choinníoll go saothraíonn na heagraíochtaí ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na cuspóirí maidir le, soláthar a chomhchruinniú, na táirgí a tháirgeann a gcuid comhaltaí a chur ar an margadh agus barrfheabhas a chur ar chostais táirgthe agus go n-eascrófadh as saothrú na gcuspóirí sin comhtháthú na ngníomhaíochtaí agus ar an gcoinníoll go nginfear leis an gcomhtháthú sin éifeachtúlacht shonrach ionas go gcuirfidh gníomhaíochtaí na heagraíochta táirgeoirí ina hiomlán le baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE. D'fhéadfaí é sin a bhaint amach ar choinníoll go ndéanfadh an eagraíocht táirgeoirí gníomhaíochtaí sonracha áirithe agus go mbeadh na gníomhaíochtaí sin suntasach i dtéarmaí mhéid na táirgeachta lena mbaineann agus i dtéarmaí chostas na táirgeachta agus chostas an táirge a chur ar an margadh.

(140)

Chun an breisluach a áirithiú, agus chun caighdeán liamháis shaillte a bhaineann leas as sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint a choimeád ar bun, ba cheart ligean do Bhallstáit, faoi réir coinníollacha dochta, rialacha a chur i bhfeidhm chun soláthar an liamháis shaillte sin a rialáil, ar choinníoll go dtacaíonn tromlach mór tháirgeoirí an liamháis sin na rialacha sin agus, i gcás inarb iomchuí, tromlach mór tháirgeoirí na muc sa limistéar geografach a bhaineann leis an liamhás sin.

(141)

Beart dian is ea clárú gach conartha soláthair a bhaineann le leannlusanna arna dtáirgeadh san Aontas agus ba cheart deireadh a chur leis.

(142)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar cuspóirí agus freagrachtaí eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe a shainiú go soiléir chun cur lena éifeachtaí atá gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí agus na gcomhlachas sin gan ualach riaracháin míréireach agus gan baint de phrionsabail shaoirse an chomhlachais go háirithe i ndáil le neamh-chomhaltaí na n-eagraíochtaí sin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na rialacha i ndáil leis an méid a leanas:

na cuspóirí sonracha a fhéadfaidh, a chaithfidh nó nach gcaithfidh na heagraíochtaí sin agus na comhlachais sin a shaothrú agus i gcás inarb iomchuí a chur leis na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo; rialacha na n-eagraíochtaí agus na gcomhlachas sin, reachtanna eagraíochtaí seachas eagraíochtaí táirgeoirí, na coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le reachtanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí in earnálacha áirithe, lena n-áirítear maoluithe, an struchtúr, an tréimhse ballraíochta, méid, cuntasacht dhaonlathach agus gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin agus na gcomhlachas sin, na héifeachtaí a eascraíonn as an aitheantas as cumaisc; na coinníollacha maidir leis an aitheantas, le haitheantas a tharraingt siar nó a chur ar fionraí, na héifeachtaí a thagann astu sin, chomh maith leis na ceanglais maidir le bearta feabhais a dhéanamh mura n-urramaítear na critéir aitheantais;

eagraíochtaí trasnáisiúnta agus comhlachais thrasnáisiúnta agus na rialacha a bhaineann le cúnamh riaracháin i gcás comhair thrasnáisiúnta; na hearnálacha atá faoi réir údarú na mBallstát a bhfuil feidhm ag seachfhoinsiú maidir leis agus coinníollacha agus cineál na ngníomhaíochtaí a fhéadfar a sheachfhoinsiú agus soláthar acmhainní teicniúla ag eagraíochtaí nó comhlachais; an bonn ar a ríomhfar íosmhéid nó íosluach de tháirgeadh indíolta eagraíochtaí agus comhlachas; rialacha maidir le ríomh mhéid an bhainne amh a chumhdaítear le caibidlíocht ag eagraíocht táirgeoirí, glacadh comhaltaí nach táirgeoirí iad i gcás eagraíochtaí táirgeoirí nó nach eagraíochtaí táirgeoirí iad i gcás comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí;

rialacha áirithe de chuid na n-eagraíochtaí a shíneadh go táirgeoirí nach comhaltaí iad agus íocaíocht éigeantach síntiús ag táirgeoirí nach comhaltaí iad, lena n-áirítear an úsáid a bhaineann na heagraíochtaí sin as an íocaíocht sin agus an bealach a leithdháiltear í agus liosta de rialacha táirgthe atá níos déine is féidir a shíneadh, tuilleadh ceanglas maidir le hionadaíochas, na limistéir eacnamaíocha lena mbaineann, lena n-áirítear grinnscrúdú ar a sainiú ag an gCoimisiún, íostréimhsí inar cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha lena linn sula gcuirfear síneadh leo, na daoine nó na heagraíochtaí is féidir na rialacha nó na ranníocaíochtaí a chur i bhfeidhm orthu, agus na himthosca inar féidir leis an gCoimisiún a éileamh go ndéanfaí síneadh na rialacha nó na ranníocaíochtaí éigeantacha a shéanadh nó a aistarraingt.

(143)

Is é an rud is tábhachtaí maidir le faireachán sreabha tráchtála bainistiú a dhéanamh ar bhealach solúbtha. Ba cheart an cinneadh a dhéanamh faoi cheanglais cheadúnaithe a thabhairt isteach ag cur san áireamh an gá atá le ceadúnais ó thaobh bhainistiú na margaí lena mbaineann agus, go háirithe, chun faireachán a dhéanamh ar allmhairiú nó ar onnmhairiú na dtáirgí atá i gceist.

(144)

D'fhonn a chur san áireamh oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na caighdeáin sóisialta, comhshaoil agus leasa ainmhithe is infheidhme de chuid an Aontais, an gá atá le faireachán a dhéanamh ar fhorás na trádála agus forbairtí sa mhargadh, ar allmhairiú agus ar onnmhairiú na dtáirgí, mar aon leis an ngá atá ann an margadh a bhainistiú ar bhonn fónta agus an gá atá leis an ualach riaracháin a laghdú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le liosta na dtáirgí a bheidh faoi réir ceadúnais onnmhairithe nó allmhairithe a thíolacadh; agus na cásanna agus na staideanna nach bhfuil sé de cheangal iontu ceadúnas allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin a thíolacadh.

(145)

Chun gnéithe eile de chóras na gceadúnas a chur ar fáil, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha maidir leis an méid seo a leanas:na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthófar ón gceadúnas agus a éifeachtaí dlíthiúla agus na cásanna ina bhfuil feidhm ag lamháltas maidir le hurramú na hoibleagáide allmhairiú nó onnmhairiú a dhéanamh ar an méid atá luaite sa cheadúnas nó i gcás ina luafar an tionscnamh, foráil a dhéanamh go mbeidh eisiúint ceadúnais allmhairiúcháin nó scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta faoi réir tíolacadh doiciméid arna eisiúint ag tríú tír nó ag eintiteas a dheimhníonn, inter alia, tionscnamh, barántúlacht agus saintréithe cáilíochta na dtáirgí; aistriú an cheadúnais nó srianta ar an inaistritheacht sin; coinníollacha breise do cheadúnais allmhairiúcháin i gcomhair cnáibe agus prionsabal an chúnaimh riaracháin idir Bhallstáit chun calaois nó neamhrialtachtaí a chosc nó chun déileáil leo; agus na cásanna agus na himthosca a chinneadh a bhfuil sé de cheangal iontu nó nach bhfuil sé de cheangal iontu urrús a thaisceadh lena ráthaítear go ndéanfar na táirgí a allmhairiú nó a onnmhairiú laistigh de thréimhse bailíochta an cheadúnais.

(146)

Tá eilimintí riachtanacha na ndleachtanna custaim is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta, lena léirítear comhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála, leagtha síos sa Chomhtharaif Chustaim. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún bearta a ghlacadh chun dleachtanna allmhairiúcháin a ríomh go mionsonraithe de bhun na n-eilimintí riachtanacha sin.

(147)

Ba cheart córas an phraghais iontrála a choimeád do tháirgí áirithe. Chun éifeachtúlacht chóras an phraghais iontrála a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith fírinneacht phraghas dearbhaithe na coinsíneachta a sheiceáil trí leas a bhaint as luach allmhairiúcháin ar ráta comhréidh agus na coinníollacha a sholáthar faoina gceanglófar urrús a thaisceadh.

(148)

Ba cheart dleacht bhreise a bheith iníoctha i gcás allmhairiú táirgí áirithe talmhaíochta, má chomhlíontar coinníollacha áirithe, chun cosc a chur ar na tionchair dhíobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ag allmhairí de na táirgí dá leithéid ar mhargadh an Aontais nó le dul i ngleic leis na tionchair sin.

(149)

Is iomchuí, faoi choinníollacha áirithe, cuótaí taraifí allmhairiúcháin a oscailt agus a riar, ar cuótaí taraifí iad a thagann ó chomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE nó ó ghníomhartha eile. An modh riaracháin a ghlacfar, ba cheart leis, i gcás cuótaí taraifí allmhairiúcháin, an aird is cuí ar riachtanais soláthair mhargadh táirgthe, próiseála agus tomhaltais an Aontais, idir an táirgeadh atá ann cheana agus an táirgeadh atá ag teacht chun cinn, i dtaca le hiomaíochas, le deimhneacht agus le leanúnachas an tsoláthair agus ar an ngá atá le cothromaíocht an mhargaidh a chosaint.

(150)

Chun na gealltanais a tugadh faoi na comhaontuithe a tugadh chun críche le linn Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála maidir le cuótaí taraife i leith 2 000 000 tona arbhair Indiaigh agus 300 000 tona sorghuim a allmhairiú isteach sa Spáinn, agus maidir le cuótaí ráta taraife i leith 500 000 tona abhair Indiaigh a allmhairiú isteach sa Phortaingéil, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na forálacha is gá a bhunú chun na hallmhairithe cuóta taraife a thabhairt chun críche agus, i gcás inarb iomchuí, maidir leis na méideanna arna n-allmhairiú ag gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát lena mbaineann a stóráil go poiblí.

(151)

Chun rochtain chothrom ar na cainníochtaí atá ar fáil a áirithiú agus chun cóir chomhionann d'oibreoirí laistigh den chuóta taraife a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an méid seo a leanas: lena gcinnteofar na coinníollacha agus na ceanglais cháilitheachta nach mór d'oibreoir a chomhlíonadh chun iarratas a chur isteach laistigh den chuóta taraife; lena mbunófar rialacha maidir le cearta a aistriú idir oibreoirí agus i gcás inar gá, na teorainneacha le haistriú laistigh de bhainistiú an chuóta taraife; rannpháirtíocht sa chuóta taraife a chur faoi réir urrús a thaisceadh; foráil a dhéanamh, i gcás inar gá, d'aon saintréithe sonracha, riachtanais nó srianta is infheidhme maidir leis an gcuóta taraife arna leagan amach sa chomhaontú idirnáisiúnta nó i ngníomh eile lena mbaineann.

(152)

I gcásanna áirithe féadfar leas a bhaint as cóireáil speisialta allmhairiúcháin do tháirgí talmhaíochta i dtríú tíortha má chomhlíonann na táirgí sonraíochtaí áirithe agus/nó coinníollacha maidir le praghsanna. Ní mór comhar riaracháin a bheith ann idir údaráis na tríú tíre allmhairiúcháin agus an tAontas lena áirithiú go gcuirfear an córas sin i bhfeidhm i gceart. Chuige sin, ba cheart deimhniú arna eisiúint san Aontas a bheith in éineacht leis na táirgí.

(153)

Chun a áirithiú go bhféadfadh táirgí onnmhairithe tairbhe a bhaint as cóir speisialta ar a n-allmhairiú isteach i dtríú tír má urramaítear coinníollacha áirithe, de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas i gcomhréir le CFAE, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na rialacha lena gceanglaítear ar údaráis inniúla Ballstát, arna iarraidh sin agus tar éis seiceálacha iomchuí, doiciméad a eisiúint lena ndeimhnítear go bhfuil na coinníollacha comhlíonta.

(154)

Chun cosc a chur ar an suaitheadh a d'fhéadfadh barra mídhleathacha a dhéanamh ar an margadh i gcomhair cnáibe le haghaidh snáithín, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán maidir le seiceáil a dhéanamh ar allmhairí cnáibe agus síl chnáibe lena áirithiú go dtabharfar ráthaíochtaí faoina gcion de theitrihidreacannaibionól atá sna táirgí sin. Ina theannta sin ba cheart leanúint de chóras rialaithe a chur i bhfeidhm i gcás allmhairí síl chnáibe a bhfuiltear ag súil iad a úsáid i gcomhair cuspóirí eile seachas iad a chur, ar córas rialaithe é ina bhforáiltear maidir le húdarú na n-allmhaireoirí lena mbaineann.

(155)

Tá beartas cáilíochta á leanúint ar fud an Aontais maidir le táirgí in earnáil na leannlusanna. I gcás táirgí allmhairithe, ba cheart na forálacha lena n-áirithítear nach n-allmhairítear ach na táirgí a chomhlíonann na híostréithe cáilíochta comhionanna a chur san áireamh sa Rialachán seo. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith na gcoinníollacha a shocrú nach bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí maidir le fianú coibhéise agus lipéadú pacáistithe fúthu.

(156)

Tá an tAontas tar éis roinnt mhaith socruithe fabhracha maidir le rochtain ar an margadh le tríú tíortha a thabhairt chun críche lena gceadaítear do na tíortha sin cána siúcra a onnmhairiú chuig an Aontas faoi choinníollacha fabhracha. Ba cheart na forálacha lena mbaineann a choimeád ar feadh tréimhse áirithe maidir le measúnú ar an ngá atá ag na scagairí le haghaidh siúcra lena scagadh, agus faoi choinníollacha áirithe, ceadúnais allmhairiúcháin a fhorchoimeád d'úsáideoirí speisialaithe de chainníochtaí suntasacha shiúcra cána amh allmhairithe, a mheastar gur scagairí lánaimseartha iad san Aontas. D'fhonn é a áirithiú go scagfar siúcra allmhairithe lena scagadh i gcomhréir leis na ceanglais sin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith téarmaí a úsáid le haghaidh oibriú na socruithe allmhairiúcháin; na coinníollacha agus na ceanglais incháilitheachta nach mór d'oibreoir a chomhlíonadh chun iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin a thaisceadh, lena n-áirítear urrús a thaisceadh, agus rialacha maidir le pionóis riaracháin a bheidh le gearradh.

(157)

Is féidir gach beart cosanta eile ag teorainneacha seachtracha an Aontais a ligean thar ceal de bharr an chórais dleachta custaim atá ann anois. D'fhéadfadh sé tarlú in imthosca eisceachtúla nár leormhaith an margadh inmheánach agus an mheicníocht dleachta. I gcásanna den sórt sin, ba cheart é a bheith ar chumas an Aontais gach beart atá riachtanach a chur i bhfeidhm gan mhoill i dtreo is nach mbeadh margadh an Aontais gan cosaint in aghaidh suaitheadh a d'fheadfadh a leanúint astu. Ba cheart do na bearta sin gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh.

(158)

Is iomchuí go mbeifí ábalta úsáid socruithe próiseála amach agus isteach a chur ar fionraí i gcás ina dtarlaíonn suaitheadh i margadh an Aontais nó i gcás ina bhfuil baol ann go dtarlódh suaitheadh ar an margadh de dheasca na socruithe sin.

(159)

Aisíocaíochtaí a thabhairt ar onnmhairithe do thríú tíortha, bunaithe ar an difríocht idir praghsanna laistigh den Aontas agus ar mhargadh an domhain, agus a thagann faoi réim na dteorainneacha atá leagtha síos sna gealltanais a tugadh san EDT, ba cheart iad a choinneáil mar bheart a bhféadfar leis táirgí áirithe a chumhdach a bhfuil feidhm ag an Rialacháin seo maidir leo nuair a thagann dálaí an mhargaidh inmheánaigh faoi réim na ndálaí sin a gcuirtear síos orthu i gcás beart eisceachtúil. Ba cheart onnmhairithe a dtugtar fóirdheontais dóibh a bheith faoi réir teorainneacha ó thaobh luacha agus cainníochta de, agus gan dochar do chur i bhfeidhm beart eisceachtúil, ba cheart gur nialas a bheadh san aisíocaíocht.

(160)

Ba cheart comhlíonadh na dteorainneacha luacha a áirithiú nuair atá na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin á socrú trí fhaireachán a dhéanamh ar íocaíochtaí faoi na rialacha a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta. Is féidir an faireachán a éascú trí na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a shocrú go héigeantach roimh ré, agus an deis a cheadú fós, i gcás aisíocaíochtaí difreáilte, an ceann scríbe sonraithe a athrú laistigh de limistéar geografach áirithe a bhfuil feidhm ag ráta aisíocaíochta onnmhairiúcháin aonair maidir leis. Ba cheart an aisíocaíocht onnmhairiúcháin is infheidhme maidir leis an gceann scríbe iarbhír a íoc nuair a athraítear ceann scríbe, agus an uasteorainn don mhéid is infheidhme maidir leis an gceann scríbe a shocrú roimh ré.

(161)

Ba cheart córas faireacháin atá iontaofa agus éifeachtach a úsáid lena áirithiú go gcomhlíontar na teorainneacha cainníochta. Chuige sin ba cheart ceadúnas onnmhairiúcháin a bheith tugtha sula ndeonaítear aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin. Ba cheart aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a dheonú suas go dtí na teorainneacha atá ar fáil ag brath ar chás faoi leith gach táirge atá i gceist. Níor cheart eisceachtaí a dhéanamh maidir leis an riail sin ach amháin i gcás táirgí próiseáilte nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí, agus nach bhfuil feidhm ag teorainneacha méide maidir leo. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar chomhlíonadh docht na rialacha bainistithe i gcás nach dócha go sáróidh na honnmhairithe sin a bhfuil aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ag dul leo an chainníocht atá leagtha síos.

(162)

I gcás onnmhairiú bó-ainmhithe beo, níor cheart aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a dheonú agus a íoc ach amháin ar choinníoll go n-urramófar forálacha reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe agus go háirithe na forálacha sin a bhaineann le cosaint ainmhithe agus iad á n-iompar.

(163)

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin mar is ceart, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an gceanglas urrús a thaisceadh lena ráthófar go gcuirfear oibleagáidí na n-oibreoirí i gcrích.

(164)

Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí agus ar údaráis a laghdú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le gníomhartha chun tairsí a shocrú nach mbeidh gá leis an oibleagáid ceadúnas onnmhairiúcháin a sholáthar faoina mbun, chun cinn scríbe nó oibríochtaí a ainmniú inar féidir údar maith a thabhairt maidir le díolúine ón oibleagáid ceadúnas onnmhairiúcháin a thíolacadh agus chun deonú ex-post ceadúnas onnmhairiúcháin a cheadú i staideanna ina bhfuil údar maith leis.

(165)

Chun aghaidh a thabhairt ar chásanna praiticiúla ina bhfuil údar maith le incháilitheacht iomlán nó pháirteach chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fháil, agus chun cuidiú le hoibreoirí dul tríd an tréimhse idir an t-iarratas ar aisíocaíocht onnmhairiúcháin agus íocaíocht dheireanach na haisíocaíochta onnmhairiúcháin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith rialacha maidir leis an méid a leanas: dáta eile don aisíocaíocht; réamhíocaíocht aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin lena n-áirítear na coinníollacha maidir le hurrús a thaisceadh agus a scaoileadh; cruthúnas breise i gcás amhrais faoi fhíorcheann scríbe na dtáirgí agus an deis d'ath-allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais; cinn scríbe a ndéileáiltear leo mar onnmhairí ón Aontas, agus áireamh ceann scríbe laistigh de chríoch chustaim an Aontais atá cáilithe chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fháil.

(166)

Chun rochtain comhionann a áirithiú ar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin d'onnmhaireoirí na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí agus d'onnmhaireoirí táirgí a phróiseáiltear as na táirgí sin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha áirithe le haghaidh táirgí talmhaíochta a chur i bhfeidhm maidir le táirgí arna n-onnmhairiú i bhfoirm earraí próiseáilte.

(167)

D'fhonn a áirithiú go n-onnmhaireofar táirgí a thairbheoidh d'aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ó chríoch chustaim an Aontais, agus nach dtiocfaidh siad ar ais go dtí an chríoch sin agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú d'oibreoirí agus iad ag fáil cruthúnais agus á thíolacadh gur shroich táirgí aisíocaíochta tír a gcinn scríbe le haghaidh aisíocaíochtaí difreáilte, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha maidir leis an méid seo a leanas: an teorainn ama nach mór an imeacht ó chríoch chustaim an Aontais a thabhairt chun críche fúithi, lena n-áirítear an t-am i gcomhair athiontrála sealadaí; an phróiseáil a fhéadfar a dhéanamh i rith na tréimhse sin ar tháirgí atá ag tairbhiú d'aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin; an cruthúnas gur sroicheadh ceann scríbe chun aisíocaíochtaí difreáilte a fháil; na tairseacha agus na coinníollacha aisíocaíochta faoina bhféadfar díolúine ón gcruthúnas sin a thabhairt d'onnmhaireoirí; agus coinníollacha maidir le formheas an chruthúnais, arna chur ar fáil ag tríú páirtithe neamhspleácha, gur sroicheadh ceann scríbe i gcás ina bhfuil feidhm ag inaisíocaíochtaí difreáilte.

(168)

Chun onnmhaireoirí a spreagadh chun dálaí leasa ainmhithe a urramú agus chun na húdaráis inniúla a chumasú chun caiteachas ceart aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fhíorú i gcás ina bhfuil sé sin ag brath ar cheanglais maidir le leas ainmhithe a urramú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le ceanglais leasa ainmhithe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear tríú páirtithe neamhspleácha a úsáid.

(169)

Chun aird a thabhairt ar shaintréithe sonracha na n-earnálacha éagsúla, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le ceanglais shonracha agus coinníollacha sonracha maidir le hoibreoirí agus maidir leis na táirgí a bheidh cáilithe d'aisíocaíocht onnmhairiúcháin, agus maidir le bunú comhéifeachtaí chun críocha aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a ríomh lena dtabharfar aird ar an bpróiseas aosaithe i leith deochanna biotáille ar leith a thagann ó ghránaigh.

(170)

Níl íosphraghsanna onnmhairiúcháin do bhleibíní bláthanna úsáideach a thuilleadh agus ba cheart iad a dhíothú.

(171)

I gcomhréir le hAirteagal 42 CFAE níl feidhm ag na forálacha de chuid an Chonartha a bhaineann le hiomaíocht maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta ach amháin sa mhéid a chinnfidh reachtaíocht an Aontais faoi chuimsiú Airteagal 43(2) CFAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos iontu.

(172)

I bhfianaise shaintréithe sonracha na hearnála talmhaíochta agus a mhéid a bhraitheann sé ar fheidhmiú ceart slabhra sholáthar iomlán an bhia, lena n-áirítear na rialacha iomaíochta a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir leis na hearnálacha uile lena mbaineann sa slabhra bia iomlán, arbh fhéidir a bheith an-chomhchruinnithe, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta dá dtagraítear in Airteagal 42 CFAE h. Chun na críche sin, tá gá le dlúthchomhar idir an Coimisiún agus údaráis iomaíochta na mBallstát. Thairis sin, is ionstraim oiriúnach iad na treoirlínte, arna nglacadh ag an gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí, chun treoir a thabhairt do ghnóthais agus do pháirtithe leasmhara eile lena mbaineann.

(173)

Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag na rialacha maidir le hiomaíocht a bhaineann leis na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 101 CAE, agus le mí-úsáid ceannasachta maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta, fad is nach gcuireann cur i bhfeidhm na rialacha sin baint amach chuspóirí an CBT i gcontúirt.

(174)

Ba cheart cur chuige speisialta a cheadú i gcás eagraíochtaí feirmeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí nó a gcomhlachas arb é an aidhm atá acu comhtháirgeadh nó cómhargú táirgí talmhaíochta, nó leas a bhaint as saoráidí comhchoiteanna, ach amháin má eisíonn comhghníomhaíochtaí den sórt sin iomaíochas nó má chuireann siad baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE i gcontúirt.

(175)

Gan dochar don rialú maidir le táirgí áirithe a sholáthar, amhail cáis agus liamháis a tharbhaíonn de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, nó fíon, atá á rialú ag sraith áirithe rialacha, ba cheart cur chuige speisialta a leanúint maidir le gníomhaíochtaí áirithe de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe ar choinníoll nach mbeidh idir-roinnt margaí mar thoradh orthu, nach gcuirfidh siad isteach ar fheidhmiú fónta CEM, nach ndéanfaidh siad iomaíocht a shaobhadh ná a dhíothú, nach mbeidh socrú praghsanna nó cuótaí i gceist leo, agus nach gcruthóidh siad idirdhealú.

(176)

Chuirfí feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh i gcontúirt dá gcuirfí cabhair náisiúnta ar fáil. Dá bhrí sin ba cheart, mar riail ghinearálta, forálacha an Chonartha maidir le Státchabhair a bheith infheidhme maidir le tairgí talmhaíochta. Mar sin féin, ba cheart eisceachtaí a cheadú i gcásanna áirithe. I gcás ina bhfuil feidhm ag na heisceachtaí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann liosta a tharraingt suas den chabhair náisiúnta atá ann, atá nua nó atá molta, agus barúlacha iomchuí a thabhairt do na Ballstáit agus bearta oiriúnacha a mholadh.

(177)

Níor cheart do na forálacha maidir leis an bpréimh grafa ná bearta áirithe faoi chláir thacaíochta in earnáil an fhíona bac a chur iad féin ar íocaíochtaí náisiúnta a dhéantar chun na críocha céanna.

(178)

De barr na staide eacnamaíche sonraí ina bhfuil táirgeadh agus margú réinfhianna agus táirgí réinfhianna, ba cheart don Fhionlainn agus don tSualainn leanúint d'íocaíochtaí náisiúnta a dheonú ina leith sin.

(179)

Baineann dálaí geografacha agus aeráide faoi leith le saothrú biatais siúcra san Fhionlainn a mbeidh tionchar níos díobhálaí acu ar an earnáil thar thionchar ginearálta an leasaithe siúcra. Ba cheart, dá bhrí sin, an Ballstát sin a údarú, ar bhonn buan, le híocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh lena shaothraithe biatais siúcra.

(180)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh chun na bearta beachadóireachta a chómhaoiniú, ar bearta iad a leagtar síos sa Rialachán seo, agus chun beachlanna a chosaint ar beachlanna iad atá faoi mhíbhuntáiste de dheasca dálaí struchtúracha nó nádúrtha nó atá faoi chláir forbartha eacnamaíocha seachas na cinn sin atá leithdháilte le haghaidh táirgthe nó trádála.

(181)

Na Ballstáit atá rannpháirteach sna scéimeanna chun rochtain ar bhia do leanaí a fheabhsú, ba cheart go mbeidís in ann, cabhair náisiúnta de bhreis ar an gcabhair Chomhphobail a dheonú chun táirgí sláintiúla a sholáthar agus ar mhaithe le costais ghaolmhara áirithe.

(182)

Chun aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime a bhfuil údar maith leo, fiú tar éis dheireadh na hidirthréimhse, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh maidir le driogadh éigeandála laistigh de theorainn bhuiséadach iomlán 15 % de luach bhuiséad bliantúil ábhartha an Bhallstáit le haghaidh a chláir náisiúnta thacaíochta. Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi íocaíochtaí náisiúnta den sórt sin agus iad a fhormheas sula ndeonaítear iad.

(183)

Ba cheart a cheadú do Bhallstáit leanúint d'íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh i gcomhair cnónna dá bhforáiltear faoi láthair faoi Airteagal 120 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 chun na héifeachtaí a mhaolú a thagann ó dhíchúpláil na scéimeanna cabhrach de chuid an Aontais a bhí ann i gcomhair cnónna. Ar mhaithe le soiléireacht, ós rud é go bhfuil an Rialachán le haisghairm, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na híocaíochtaí náisiúnta sin sa Rialachán seo.

(184)

Ba cheart a fhoráil maidir le bearta idirghabhála speisialta chun freagairt go héifeachtúil agus go héifeachtach ar bhagairtí suaite sa mhargadh. Ba cheart raon feidhme na mbeart sin a shainiú.

(185)

Chun freagairt ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach ar bhagairtí suaite sa mhargadh, ar bhagairtí iad arb é arduithe nó laghduithe suntasacha i bpraghsanna ar an margadh inmheánach nó seachtrach is cúis leo nó imeachtaí nó imthosca eile lena ndéanfar na margaí a shuaitheadh go suntasach nó lena mbaineann bagairt go suaithfí na margaí, ar dócha go leanfaidh an staid sin nó a cuid éifeachtaí ar an margadh ar aghaidh nó go rachaidh siad chun donais, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar staid an mhargaidh, agus aon oibleagáid atá mar thoradh ar na comhaontuithe idirnáisiúnta á n-urramú ar choinníoll go bhfuil an chuma air nach bhfuil aon bhearta eile atá ar fáil faoin Rialachán seo leordhóthanach, lena n-áirítear bearta chun an raon feidhme, ré nó gnéithe eile de bhearta eile dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a shíneadh nó a mhodhnú, nó foráil d'aisíocaíochtaí onnmhairithe nó dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí ina n-iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear i gcás cainníochtaí nó tréimhsí áirithe, de réir mar is gá.

(186)

D'fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann sa mhargadh i mBallstát amháin nó níos mó de thoradh laincisí a bheith curtha ar shaorghluaiseacht de bharr bearta chun cosc a chur ar leathadh galar ainmhithe a chosc. Is léir ón taithí atá faighte gur féidir suaitheadh mór ar an margadh, amhail laghdú suntasach ar thomhaltas nó ar phraghsanna, a chur i leith chailleadh a muiníne ag tomhaltóirí de dheasca rioscaí a bhaineann leis an tsláinte phoiblí nó le sláinte ainmhithe nó plandaí. I bhfianaise na taithí a fuarthas, ba cheart bearta a bhaineann le tomhaltóirí ag cailleadh muiníne a shíneadh chuig táirgí plandaí.

(187)

Ba cheart baint dhíreach a bheith ag na bearta eisceachtúla um thacaíocht mhargaidh do mhairteoil agus laofheoil, bainne agus táirgí bainne, muiceoil, caoireoil agus feoil ghabhair, uibheacha agus feoil éanlaithe clóis le bearta tréidliachta nó sláinte a ghlacfar chun leathadh galar a chomhrac. Ba cheart na bearta sin a dhéanamh arna iarraidh sin do Bhallstáit chun míshocracht mhór na margaí a sheachaint.

(188)

D'fhonn bheith in ann freagairt d'imthosca eisceachtúla, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith liosta na dtáirgí a leathnú, mar a leagtar amach sa Rialachán seo é, ar féidir bearta eisceachtúla tacaíochta a ghlacadh ina leith.

(189)

Ba cheart an Coimisiún a údarú chun na bearta riachtanacha a ghlacadh chun fadhbanna sonracha a réiteach i gcás éigeandála.

(190)

D'fhéadfadh freagairt éifeachtúil agus éifeachtach do bhagairtí suaite margaidh bheith thar a bheith tábhachtach d'earnáil an bhainne. Ar an gcuma chéanna, d'fhéadfadh fadhbanna ar leith teacht chun cinn i gcás éigeandála. Tá sé riachtanach dá bhrí sin é a aibhsiú go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar earnáil an bhainne, má ghlacann an Coimisiún na bearta thuasluaite i gcás suaitheadh ar an margadh, lena n-áirítear míchothromaíocht ar an margadh, nó iad sin is gá chun fadhbanna ar leith a réiteach i gcás éigeandála.

(191)

Chun freagairt do thréimhsí míchothromaíochtaí tromchúiseacha ar an margadh, féadfaidh catagóirí áirithe de chomhghníomhaíochtaí ó oibreoirí príobháideacha bheith iomchuí mar bhearta eisceachtúla d'fhonn na hearnálacha lena mbaineann a chobhsú, faoi réir cosaintí, teorainneacha agus coinníollacha beachta. I gcás ina d'fhéadfadh gníomhaíochtaí den sórt sin bheith faoi réir raon feidhme Airteagal 101(1) CFAE, ba cheart a cheadú don Choimisiún maolú teoranta a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí sin ag teacht le gníomhaíocht an Aontais i gcreat na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí nó bearta eisceachtúla a bheartaítear leis an Rialachán seo, agus nár cheart dóibh chur isteach ar fheidhmiú an mhargaidh aonair.

(192)

Ba cheart go mbeifí in ann a cheangal ar ghnóthais, ar Bhallstáit /nó ar thríú tíortha teachtaireachtaí a chur isteach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, an margadh i dtáirgí talmhaíochta a anailisiú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, trédhearcacht sa mhargadh a áirithiú, agus dea-fheidhmiú bhearta an CBT a áirithiú, dea-fheidhmiú bhearta seiceála, rialaitheacha, faireacháin, meastóireachta agus iniúchta an CBT a áirithiú, agus na ceanglais a leagtar síos sna comhaontuithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais faoi na comhaontuithe sin maidir le fógra a thabhairt. Chun cur chuige comhchuibhithe, cuíchóirithe agus simplithe a áirithiú, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta riachtanacha a ghlacadh maidir le teachtaireachtaí. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart dó na riachtanais sonraí agus na sineirgí idir foinsí ionchasacha sonraí a chur san áireamh.

(193)

D'fhonn sláine na gcóras faisnéise a áirithiú agus barántúlacht agus dlisteanacht na ndoiciméad agus na sonraí tarchurtha lena mbaineann a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an gcineál agus an sórt faisnéise atá le tabhairt san fhógra; na catagóirí sonraí a bheidh le próiseáil agus na huastréimhsí coinneála; an chúis próiseála, go háirithe i gcás sonraí den sórt sin a fhoilsiú mar aon leis na sonraí sin a aistriú go tríú tíortha; na cearta rochtana ar an bhfaisnéis nó ar córais faisnéise a chuirtear ar fáil; agus na coinníollacha maidir le foilsiú na faisnéise.

(194)

Tá feidhm agdlí an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht na sonraí sin, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(195)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus thug sé a thuairim uaidh an 14 Nollaig 2011 (12).

(196)

Ba cheart cistí a aistriú ón gCúltaisce le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta faoi na coinníollacha agus an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimhir 1306/2013 agus mír 22 den 17 Nollaig 2013 Chomhaontú Idirinstitiúideach de idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (13),agus ba cheart a shoiléiriú gurb é an Rialachán seo an bunghníomh is infheidhme.

(197)

Chun aistriú rianúil a áirithiú idir na socruithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus na socruithe atá leagtha síos sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na bearta riachtanacha a bhunú, go háirithe na bearta sin is gá chun cearta faighte agus ionchais dhlisteanacha gnóthas a chosaint.

(198)

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh faoin Rialachán seo, ba cheart úsáid nós imeachta práinne a fhorchoimeád do chásanna eisceachtúla nuair a éileoidh mórchúiseanna práinne é chun bagairtí go suaithfí an margadh a fhreagairt go héifeachtúil agus go héifeachtach nó i gcás ina bhfuil suaitheadh ar an margadh. Ní foláir údar maith a bheith le rogha nós imeachta práinne agus ba cheart na cásanna inar ceart an nós imeachta práinne a úsáid a shonrú.

(199)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(200)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha a ghlacadh lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme ó tharla go mbaineann na gníomhartha sin leis an CBT dá dtagraítear i bpointe(b)(ii) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid, áfach, chun na gníomhartha lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme a ghlacadh, ar gníomhartha iad a bhaineann le hábhair iomaíochta, ó tharla go n-úsáidtear an nós imeachta comhairliúcháin go ginearálta chun gníomhartha cur chun feidhme i réimse an dlí iomaíochta a ghlacadh.

(201)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme infheidhme a ghlacadh gan mhoill, a bhaineann le bearta cosanta de chuid an Aontais a ghlacadh, a leasú nó a chúlghairm, le húsáid socruithe próiseála nó próiseála isteach nó amach a chur ar fionraí, más gá sin chun freagairt láithreach ar staid an mhargaidh, agus le fadhbanna sonracha a réiteach i gcás éigeandála, más gá gníomhaíocht láithreach den sórt sin chun déileáilleo, más gá sin ar mhórchúiseanna práinne,. i gcásanna ina bhfuil údar maith iomchuí leo.

(202)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm, i gcás beart ar leith faoin Rialachán seo a bhfuil gníomh tapa riachtanach ina leith nó nach bhfuil i gceist leo ach forálacha ginearálta a chur i bhfeidhm maidir le staideanna sonracha gan rogha a bheith i gceist leo.

(203)

Ba cheart tuilleadh cumhachta a thabhairt don Choimisiún cúraimí áirithe riaracháin nó bainistíochta a chur i gcrích nach bhfuil glacadh gníomhartha tarmligthe ná gníomhartha cur chun feidhme i gceist leo.

(204)

Ba cheart go bhforálfaí, leis an Rialachán seo, do rialacha sonracha áirithe maidir leis an gCróit i gcomhréir le hIonstraim Aontachais na Cróite (15).

(205)

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 rachaidh roinnt beart de réir earnála in éag laistigh de thréimhse réasúnta tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tar éis chúlghairm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha ábhartha go dtí deireadh na scéimeanna lena mbaineann.

(206)

Tá Rialachán (CEE) Uimhir 992/72 (16) ón gComhairle maidir le cabhair do sheiriceáin don bhliain tógála 1972/1973 imithe i léig anois; cuirtear an Rialachán seo in ionad Rialachán (CEE) Uimhir 234/79 (17) maidir leis na nósanna imeachta le haghaidh ainmníocht na Comhtharaife Custaim a choigeartú; Beart sealadach is ea Rialachán (CE) Uimh. 1601/96 ón gComhairle (18) maidir le cabhair do tháirgeoirí leannlusanna le haghaidh bhuaint 1995, agus de réir chineál an bhirt féin, tá sé imithe i léig anois. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle (19) lena n-údaraítear tairiscint agus seachadadh fíonta áirithe, tá sé imithe i léig de bhrí gur cuireadh forálacha an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le trádáil i bhfíon arna ghlacadh le Cinneadh 2006/232/CE (20) ón gComhairle ina ionad. Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil ba cheart na Rialacháin sin a aisghairm.

(207)

Tá rialacha áirithe tagtha i bhfeidhm le déanaí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, go háirithe maidir le caidreamh conarthach agus caibidlíocht, soláthar cáise a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint aici a rialú, dearbhuithe ó na chéad cheannaitheoirí, ó eagraíochtaí táirgeoirí, ó chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe, agus tá údar maith leo fós i ngeall ar imthosca eacnamaíocha reatha an mhargaidh dhéiríochta agus struchtúr an tslabhra sholáthair. Ba cheart dá bhrí sin iad a chur i bhfeidhm san earnáil sin ar feadh tréimhse fada go leor (roimh agus tar éis na cuótaí bainne a dhíothú) chun go mbeidh lán-éifeacht acu. Ba cheart, áfach, go mbeadh na rialacha sin de chineál sealadach, agus faoi réir athbhreithnithe. Ba cheart don Choimisiún tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt an mhargaidh bhainne, lena gcumhdaítear go háirithe dreasachtaí a d'fhéadfaí a thabhairt d'fheirmeoirí chun iad a spreagadh chun comhaontuithe comhtháirgthe a dhéanamh, ar tuarascálacha iad sin atá le tíolacadh faoin 30 Meitheamh 2014 agus faoin 31 Nollaig 2018 faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID I

FORÁLACHA TOSAIGH

Airteagal 1

Raon Feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo comheagrú na margaí i gcás táirgí talmhaíochta, lena gcuimseofar na táirgí ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí cé is moite de na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. mar a shainmhínítear iad i gníomhartha reachtacha Aontais maidir le comheagraíocht an mhargaidh i dtáirgí iascaigh agus uisceshaothraithe.

2.   Déanfar táirgí talmhaíochta mar atá sainithe i mír 1 a roinnt idir na hearnálacha a leanas mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I:

(a)

gránaigh, Cuid I;

(b)

rís, Cuid II;

(c)

siúcra, Cuid III;

(d)

farae triomaithe, Cuid IV;

(e)

síolta, Cuid V;

(f)

leannlusanna, Cuid VI;

(g)

ola olóige agus ológa boird, Cuid VII;

(h)

líon agus cnáib, Cuid VIII;

(i)

torthaí agus glasraí, Cuid IX

(j)

táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte, Cuid X;

(k)

bananaí, Cuid XI;

(l)

fíon, Cuid XII;

(m)

crainn bheo agus plandaí eile, bleibeanna, fréamhacha agus rudaí mar iad, bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach, Cuid XIII;

(n)

tobac, Cuid XIV;

(o)

mairteoil agus laofheoil, Cuid XV;

(p)

bainne agus táirgí bainne, Cuid XVI;

(q)

muiceoil, Cuid XVII;

(r)

caoireoil agus feoil ghabhair, Cuid XVIII;

(s)

uibheacha, Cuid XIX;

(t)

feoil éanlaithe clóis, Cuid XX;

(u)

alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, Cuid XXI;

(v)

táirgí beachadóireachta, Cuid XXII;

(w)

seiriceáin, Cuid XXIII;

(x)

táirgí eile, Cuid XXIV.

Airteagal 2

Forálacha ginearálta an chomhbheartais talmhaíochta (CBT)

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus ag na forálacha arna nglacadh dá bhun maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe maidir le hearnálacha áirithe mar atá siad leagtha amach in Iarscríbhinn II.

2.   Ní bheidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn B de Chuid II go dtí deireadh na bliana margaíochta 2016/2017 i gcás an tsiúcra.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus i Rialachán (AE) Uimh. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

4.   D'fhonn saintréithe sonracha earnáil na ríse a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leasaítear na sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na ríse atá leagtha amach i gCuid I d'Iarscríbhinn II a mhéid is gá chun na sainmhínithe a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh.

5.   Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn "réigiúin lagfhorbartha" na réigiúin sin atá sainithe amhlaidh i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(b)

ciallaíonn 'teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha' aimsir amhail sioc, cloichshneachta, leac oighir, báisteach nó triomach a scriosann níos mó ná 30 % de mheántáirgeacht bhliantúil feirmeora ar leith sna trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar thréimhse cúig bliana roimhe sin, gan an iontráil is airde ná an ceann is ísle a áireamh.

Airteagal 4

Coigeartuithe ar ainmníocht na Comhtharaife Custaim a úsáidtear i gcás táirgí talmhaíochta

I gcás inar gá chun leasuithe ar an ainmníocht chomhcheangailte a chur san áireamh, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena ndéanfar coigeartú ar thuairisc táirgí agus ar thuairisc na dtagairtí sa Rialachán seo do cheannteidil nó d'fho-cheannteidil na hainmníochta comhcheangailte.

Airteagal 5

Rátaí comhshó i gcomhair ríse

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh:

(a)

lena socraífar na rátaí comhshó i gcomhair ríse ag céimeanna éagsúla próiseála, chomh maith leis na costais phróiseála agus luach na bhfotháirgí;

(b)

lena nglactar na bearta riachtanacha uile maidir le rátaí comhshó a chur i bhfeidhm i gcomhair ríse.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 6

Blianta margaíochta

Bunófar na blianta margaíochta seo a leanas:

(a)

an 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de bhliain áirithe i gcomhair earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus earnáil na mbananaí;

(b)

an 1 Aibreán go dtí 31 Márta na bliana dár gcionn i gcomhair d' earnáil an fharae thriomaithe agus d' earnáil na seiriceán:

(c)

an 1 Iúil go dtí 30 Meitheamh na bliana dár gcionn i gcomhair:

(i)

earnáil na ngránach;

(ii)

earnáil na síolta;

(iii)

earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird;

(iv)

earnáil an lín agus na cnáibe;

(v)

earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

(d)

an 1 Lúnasa go dtí 31 Iúil na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an fhíona;

(e)

an 1 Meán Fómhair go dtí 31 Lúnasa na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil na ríse;

(f)

an 1 Deireadh Fómhair go dtí 30 Meán Fómhair na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an tsiúcra.

Airteagal 7

Tairseacha tagartha

1.   Tá na tairseacha tagartha seo a leanas socraithe:

(a)

maidir le hearnáil na ngránach, EUR 101,31 in aghaidh an tonna, i ndáil leis an gcéim mhórdhíola i gcás earraí arna seachadadh do thrádstóras, sula ndéanfar iad a dhíluchtú;

(b)

maidir le rís gan scilligeadh, EUR 150 in aghaidh an tonna i gcás na cáilíochta caighdeánaí atá sainithe i bpointe A d'Iarscríbhinn III, i ndáil leis an gcéim mhórdhíola i gcás earraí arna seachadadh do thrádstóras, sula ndéanfar iad a dhíluchtú;

(c)

maidir le siúcra de cháilíocht chaighdeánach atá sainithe i bpointe B d'Iarscríbhinn IV, i ndáil le siúcra nach bhfuil pacáilte, ón monarcha:

(i)

i gcás siúcra bháin: EUR 404,4 in aghaidh an tona;

(ii)

i gcás siúcra amh: EUR 335,2 in aghaidh an tona;

(d)

maidir le hearnáil na mairteola agus na laofheola, EUR 2 224 in aghaidh an tona i gcomhair conablach bó-ainmhithe fireanna de ghrád aicme crutha/clúdach saille R3 mar a leagtar síos i scála an Aontais um aicmiú conablach bó-ainmhithe atá ocht mí d'aois nó níos sine dá dtagraítear i bpointe A d'Iarscríbhinn IV;

(e)

maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne:

(i)

EUR 246,39 in aghaidh 100 cileagram i gcomhair ime;

(ii)

EUR 169,80 in aghaidh 100 cileagram i gcomhair púdair bhainne bhearrtha;

(f)

maidir le muiceoil, EUR 1 509,39 in aghaidh an tona i gcomhair conablach muc de cháilíocht chaighdeánach arna sainiú i dtéarmaí meáchain agus cion feola trua mar atá leagtha síos i scála an Aontais um aicmiú conablach muc dá dtagraítear i bpointe B d'Iarscríbhinn IV mar seo a leanas:

(i)

conablaigh a bhfuil idir 60 agus níos lú ná 120 cileagram iontu: grád E;

(ii)

conablaigh a bhfuil idir 120 agus 180 cileagram iontu: grádR;

(g)

maidir le hearnáil na hola olóige:

(i)

EUR 1 779/ an tona i gcomhair ola olóige úríon;

(ii)

EUR 1 710 /an tona i gcomhair ola olóige íon;

(iii)

EUR 1 524 i gcomhair ola olóige lampante a bhfuil dhá chéim saoraigéadachta inti arna laghdú faoi EUR 36,70 in aghaidh an tona i gcás gach céim aigéadachta bhreise eile.

2.   Coimeádfaidh an Coimisiún na tairseacha tagartha dá bhforáiltear i mír 1 faoi athbhreithniú, agus cuirfidh sé na critéir oibiachtúla san áireamh, go háirithe forbairtí i dtáirgeadh, i gcostais táirgeachta (go háirithe ionchuir) agus i dtreochtaí an mhargaidh. Más gá, déanfar na tairseacha tagartha sin a nuashonrú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachta i bhfianaise na bhforbairtí i dtáirgeadh agus sna margaí.

CUID II

AN MARGADH INMHEÁNACH

TEIDEAL I

IDIRGHABHÁIL MHARGAIDH

CAIBIDIL I

Idirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórálá príobháidí

Roinn 1

Forálacha ginearálta maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórálá príobháidí

Airteagal 8

Raon Feidhme

Leagtar síos sa Chaibidil seo rialacha maidir le hidirghabháil mhargaidh i dtaobh an méid seo a leanas:

(a)

idirghabháil phoiblí, i gcás ina gceannaíonn údaráis inniúla na mBallstát táirgí isteach agus stórálann siad iad go dtí go ndiúscraítear iad, agus

(b)

deonú cabhrach le haghaidh stórála táirgí ag oibreoirí príobháideacha.

Airteagal 9

Áit tionscnaimh táirgí incháilithe

Táirgí atá incháilithe i gcomhair a gceannaithe isteach faoi idirghabháil phoiblí nó i gcomhair deonú cabhrach le haghaidh stórála príobháidí, beidh siad de thionscnamh an Aontais. Ina theannta sin, má thagann siad ó bharra, beidh na barra sin arna mbuaineadh agus má thagann siad ó bhainne, beidh an bainne sin arna tháirgeadh san Aontas.

Airteagal 10

Scála an Aontais um aicmiú conablach muc

Beidh feidhm ag scálaí an Aontais um aicmiú conablach i gcomhréir le pointe A agus pointe B faoi seach d'Iarscríbhinn IV in earnálacha na mairteola agus na laofheola maidir le conablaigh bó-ainmhithe atá ocht mí d'aois nó níos sine agus in earnáil na muicfheola maidir le muca seachas iad sin a úsáideadh chun críche síolrúcháin.

In earnáil na caoireola agus na feola gabhair, féadfaidh Ballstáit scála an Aontais maidir le haicmiú conablach caorach a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i bpointe C d'Iarscríbhinn IV.

Roinn 2

Idirghabháil phoiblí

Airteagal 11

Táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabhála poiblí

Beidh feidhm ag idirghabháil phoiblí maidir leis na táirgí seo a leanas i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus le haon cheanglas agus coinníoll breise a d'fhéadfaí a bheith le cinneadh ag an gCoimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 19 agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 20,

(a)

gnáthchruithneacht, cruithneacht chrua (durum), eorna agus arbhar Indiach;

(b)

rís gan scilligeadh;

(c)

feoil úr nó fuaraithe ó earnáil na mairteola agus na laofheola a thagann faoi réim chóid AC 0201 10 00 agus 0201 20 20 go 0201 20 50;

(d)

im a táirgeadh go díreach ó uachtar paistéartha agus uaidh sin amháin a fuarthas go díreach ó bhainne bó agus uaidh sin amháin i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion saille ime íosta 82 % de réir meáchain agus cion uisce uasta 16 % de réir meáchain inti;

(e)

púdar bainne bhearrtha den chaighdeán is airde a táirgeadh trí spraephróiseas ó bhainne bó i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion próitéine íosta 34,0 % de réir meáchain ann san ábhar tirim saor ó shaill.

Airteagal 12

Tréimhsí idirghabhála poiblí

Beidh idirghabháil phoiblí le fáil i gcomhair an méid seo a leanas:

(a)

gnáthchruithneacht, cruithneacht chrua (durum), eorna agus arbhar indiach, ón 1 Samhain go dtí an 31 Bealtaine;

(b)

rís gan scilligeadh, ón 1 Aibreán go dtí an 31 Iúil;

(c)

mairteoil agus laofheoil, ar feadh na bliana;

(d)

im agus bainne bearrtha triomaithe, ón 1 Márta go 30 Meán Fómhair.

Airteagal 13

Idirghabháil phoiblí a oscailt agus a dhúnadh

1.   Maidir le hidirghabháil phoiblí, i gcaitheamh na dtréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 11:

(a)

beidh sí ar oscailt i gcomhair gnáthchruithneachta, ime agus púdair bhainne bhearrtha;

(b)

féadfaidh an Coimisiún í a oscailt, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhair cruithneachta crua (durum), eorna, arbhair indigh agus ríse gan scilleagadh (lena n-áirítear cineálacha nó tíopaí sonracha ríse gan scilleagadh), más gá de bharr staid an mhargaidh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2);

(c)

féadfaidh an Coimisiún í a oscailt i gcomhair mairteola agus laofheola, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, más rud é gur lú ná 85 % den tairseach tagartha a leagtar síos i bpointe (d) d'Airteagal 7(1) meánphraghas an mhargaidh in imeacht tréimhse ionadaíche arna chinneadh de bhun phointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 20 i mBallstát nó i réigiún i mBallstát agus arna thaifeadadh ar bhonn scála an Aontais um aicmiú conablach bó-ainmhithe dá dtagraítear i bpointe A d'Iarscríbhinn IV.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndúntar idirghabháil phoiblí i gcomhair earnáil na mairteola agus na laofheola, i gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh, thar thréimhse ionadaíoch arna chinneadh de bhun phointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 20, na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

Airteagal 14

Ceannach isteach ar phraghas socruithe nó trí thairiscintí

I gcás ina bhfuil idirghabháil phoiblí ar oscailt de bhun Airteagal 13(1), déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, bearta chun na praghsanna don cheannach isteach a shocrú do na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus, i gcás inarb iomchuí, bearta maidir le srianta cainníochtúla i gcás ina ndéantar an ceannach isteach ar phraghas socraithe.

Airteagal 15

Praghasidirghabhála poiblí

1.   Ciallaíonn praghas idirghabhála poiblí an méid seo a leanas:

(a)

an praghas ar a gceannófar táirgí isteach faoi idirghabháil phoiblí i gcás ina ndéanfar sin ar phraghas socruithe; nó

(b)

an t-uasphraghas ar ar féidir táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabhála poiblí a cheannach isteach i gcás ina ndéanfar sin trí thairiscintí.

2.   Déanfaidh an Chomhairle na bearta chun leibhéal phraghas na hidirghabhála poiblí a shocrú, lena n-áirítear méid na méaduithe agus na laghduithe, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CAE.

Airteagal 16

Prionsabail ghinearálta maidir le diúscairt ó idirghabháil phoiblí

1.   Déanfar táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt ar bhealach a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

(a)

aon suaitheadh sa mhargadh a sheachaint,

(b)

rochtain chomhionann ar earraí agus cóireáil chomhionann ceannaitheoirí a áirithiú agus

(c)

na gealltanais a chomhlíonadh a thagann as comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE.

2.   Féadfar táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt trína gcur ar fáil i gcomhair a n-úsáide sa scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas amhail a leagtar amach sma gníomrartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. I gcásanna den sórt sin, beidh luach cuntasaíochta na dtáirgí sin ar an leibhéal céanna leis an bpraghas socraithe idirghabhála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo.

3.   Foilseoidh an Coimisiún sonraí gach bliain faoi na coinníollacha faoinar díoladh táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí an bhliain roimhe sin.

Cuid 3

Cabhair le haghaidh stórála príobháidí

Airteagal 17

Táirgí cáilithe

Féadfar cabhair a dheonú le haghaidh stórála príobháidí i gcás na dtáirgí seo a leanas i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus le haon cheanglas agus le haon choinníoll eile atá le glacadh ag an gCoimsiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 18(1) nó Airteagal 19 agus gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 18(2) nó Airteagal 20:

(a)

siúcra bán;

(b)

ola olóige;

(c)

snáithín lín;

(d)

feoil úr nó fuaraithe ó bhó-ainmhithe atá ocht mí d'aois nó níos sine;

(e)

im a táirgeadh go díreach ó bhainne bó agus uaidh sin amháin;

(f)

cáis;

(g)

púdar bainne bhearrtha a rinneadh as bainne bó;

(h)

muiceoil;

(i)

caoireoil agus feoil ghabhair.

Tá pointe (f) den chéad mhír srianta do cháis a bheidh ag tairbhiú de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint faoi Rialachán (EU) Uimh. 1151/2012, ar cáis é a stóráiltear níos sia ná an tréimhse aibiúcháin a leagtar síos sa tsonraíocht táirge i gcás an táirge dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin agus/nó, más iomchuí, ar feadh tréimhse aibiúcháin a chuireann le luach na cáise.

Airteagal 18

Coinníollacha maidir le deonú

1.   D'fhonn trédhearcacht sa mhargadh a sholáthar, nuair is gá, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir leis cinneadh a dhéanamh cabhair stórála príobháidí a dheonú le haghaidh na dtáirgí atá liostaithe in Airteagal 17, agus an méid seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

meánphraghsanna taifeadta an mhargaidh san Aontas na tairseacha tagartha agus na costais táirgthe le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann; agus/nó

(b)

an gá freagairt a thabhairt go tráthúil ar staid an-achrannach sa mhargadh nó ar dhálaí eacnamaíocha a bhfuil an-drochthionchar acu ar chorrlaigh san earnáil sin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh:

(a)

lena ndeonaítear cabhair stórála príobháidí le haghaidh na dtáirgí atá liostaithe in Airteagal 17, ag cur na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo san áireamh;

(b)

lena gcuirtear srian ar dheonú cabhrach don stóráil phríobháideach

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

3.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir leis na méideanna cabhrach a shocrú don stóráil phríobháideach i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

Roinn 4

Forálacha ginearálta maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórála príobháidí

Airteagal 19

Cumhachtaí tarmligthe

1.   D'fhonn a áirithiú go mbeidh táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí nó atá faoi réir cabhrach le haghaidh stórála príobháidí oiriúnach chun a stórála fadtéarmaí agus gur de cháilíocht chothrom, fhónta agus indíolta a bheidh siad agus chun saintréithe sonracha na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh chun feidhmiú costéifeachtach na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na ceanglais agus na coinníollacha atá le comhlíonadh ag na táirgí sin, de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Leis na ceanglais agus leis na coinníollacha sin, féachfar leis an méid a leanas a ráthú, i leith na dtáirgí a cheannaítear isteach agus a stóráiltear:

(a)

a gcáilíocht maidir le paraiméadair cháilíochta, grúpaí cáilíochta, gráid cháilíochta, catagóirí, saintréithe táirgí agus maidir le haoiseanna;

(b)

a gcáilitheacht, maidir le cainníochtaí, pacáistiú lena n-áirítear lipéadú, caomhnú, réamhchonarthaí stórála, formheas gnóthas agus céim na dtáirgí lena mbaineann na praghsanna idirghabhála poiblí agus an chabhair le haghaidh stórála príobháidí.

2.   Chun saintréithe sonrachasaintréithe sonracha earnáil na ngránach agus earnáil na ríse gan scilligeadh a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar síos na critéir cháilíochta i ndáil le gnáthchruithneacht, cruithneacht chrua, eorna, arbhar indiach agus rís gan scilleagadh a cheannach isteach agus a dhíol araon.

3.   D'fhonn a áirithiú go mbeidh toilleadh iomchuí stórála ann agus go mbeidh córas na hidirghabhála poiblí éifeachtúil a mhéid a bhaineann le costéifeachtacht, dáileadh agus rochtain d'oibreoirí, agus chun cáilíocht na dtáirgí sin a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí lena ndiúscairt ag deireadh na tréimhse stórála a choinneáil, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos:

(a)

na ceanglais atá le comhlíonadh ag áiteanna stórála do na táirgí uile a bheidh faoi réir na hidirghabhála poiblí;

(b)

rialacha maidir le stóráil táirgí laistigh nó lasmuigh den Bhallstát atá freagrach astu agus as cóireáil na dtáirgí sin maidir le dleachtanna custaim agus aon mhéideanna eile atá le deonú nó le gearradh faoin CBT.

4.   D'fhonn a áirithiú go mbeidh an éifeacht inmhianaithe ag stóráil phríobháideach ar an margadh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos:

(a)

na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme i gcás inar lú an chainníocht atá á stóráil ná an chainníocht atá ar conradh;

(b)

na coinníollacha faoina ndeonófar réamhíocaíocht den chabhair sin;

(c)

na coinníollacha faoina bhféadfar cinneadh a dhéanamh go bhféadfar táirgí a chumhdaítear le conarthaí príobháideacha stórála a athmhargú nó a dhiúscairt.

5.   Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh córais na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí mar is cuí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227:

(a)

lena bhforáiltear d'úsáid nósanna imeachta tairisceana lena ráthaítear rochtain chomhionann ar earraí agus cóireáil chomhionann d'oibreoirí;

(b)

lena leagtar síos na coinníollacha breise atá le comhlíonadh ag oibreoirí le gur fusa a bheidh sé do na Ballstáit agus do na hoibreoirí an córas a bhainistiú agus a rialú go héifeachtach;

(c)

lena leagtar síos an ceanglas ar oibreoirí urrús a thaisceadh lena ráthaítear go gcuirfear a gcuid oibleagáidí i gcrích.

6.   Chun na forbairtí teicniúla agus riachtanais na n-earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 a chur san áireamh, chomh maith leis an ngá go ndéanfar cur i láthair na dtáirgí difriúla a chaighdeánú chun feabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh, ar thaifeadadh praghsanna agus ar chur i bhfeidhm na mbeart idirghabhála sa mhargadh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena gcuirfear in oiriúint agus lena dtabharfar suas chun dáta forálacha Iarscríbhinn IIIa maidir le scálaí an Aontais um chonablaigh a aicmiú, a shainiú agus a chur i láthair agus:

(a)

lena ndéantar fórálacha Iarscríbhinn IV maidir le scálaí an Aontais um chonablaigh a aicmiú, a shainiú agus a chur i láthair a mhodhnú agus a uasdatú;

(b)

lena leagtar síos forálacha breise maidir le haicmiú, lena n-áirítear aicmiú á dhéanamh ag aicmitheoirí cáilithe, grádú lena n-áirítear grádú á dhéanamh le teicnící uathoibritheacha grádaithe, sainiú, meá agus marcáil conablach, agus maidir le ríomh gnáthphraghsanna an Aontais agus na comhéifeachtaí ualaitheacha a úsáidtear chun na praghsanna sin a ríomh;

(c)

lena leagtar síos maoluithe ó fhorálacha agus maoluithe sonracha a d'fhéadfadh na Ballstáit a thabhairt do sheamlais nach maraítear ach líon beag bó-ainmhí iontu, agus forálacha breise i leith na dtáirgí lena mbaineann, lena n-áirítear na haicmí comhlíonta agus clúdaigh shaille in earnálacha na mairteola agus na laofheola agus in earnáil na caoireola, agus forálacha breise maidir le meáchan, dath na feola agus an chlúdaigh shaille agus na critéir aicmithe do chaoirigh éadroma;

(d)

údarú a thabhairt do na Ballstáit gan an scála grádaithe a chur i bhfeidhm maidir le haicmiú conablach muc agus chun critéir mheasúnaithe a úsáid mar aon le meáchan agus leis an gcion feola trua measta nó lena leagtar síos maoluithe ón scála sin.

Airteagal 20

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagtar síos na bearta is gá chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach. Féadfaidh baint a bheith ag na bearta sin leis an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

na costais is iníoctha ag an oibreoir i gcás nach gcomhlíontar, le táirgí a sheachadtar le haghaidh idirghabhála poiblí, na híoscheanglais cháilíochta;

(b)

íostoilleadh stórála a shocrú d'áiteanna stórála idirghabhála;

(c)

na tréimhsí, na margaí agus na praghsanna margaí ionadaíocha is gá chun an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm;

(d)

seachadadh na dtáirgí atá le ceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí, na costais iompair atá le híoc ag an tairgeoir, gabháil ar láimh na dtáirgí ag na gníomhaireachtaí íocaíochta agus an íocaíocht;

(e)

na hoibríochtaí éagsúla a bhaineann leis an bpróiseas díchnámhaithe i gcás earnáil na mairteola agus na laofheola;

(f)

na socruithe praiticiúla do tháirgí a phacáistiú, a mhargú agus a lipéadú;

(g)

na nósanna imeachta chun gnóthais a tháirgeann im agus púdar bainne bearrtha chun críocha na Caibidile seo;

(h)

aon údarú ar stóráil lasmuigh de chríoch an Bhallstáit inar ceannaíodh isteach agus inar stóráladh na táirgí;

(i)

díol nó diúscairt táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí, go háirithe, maidir le praghsanna díolta, na coinníollacha maidir leis na táirgí a bhaint ó stóras, úsáid nó ceann scríbe iardain na dtáirgí a scaoiltear, lena n-áirítear nósanna imeachta a bhaineann le táirgí a chuirtear ar fáil i gcomhair a n-úsáide sa scéim dá dtagraítear in Airteagal 16(2), lena n-áirítear aistrithe idir Ballstáit;

(j)

i leith táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil poiblí, na forálacha maidir le díol cainníochtaí beaga atá fós á stóráil nó cainníochtaí nach féidir a athphacáistiú a thuilleadh nó atá meathlaithe sna Ballstáit, atá le cur i gcrích faoina gcúram féin;

(k)

maidir le stóráil phríobháideach, tabhairt i gcrích agus ábhar na gconarthaí idir údarás inniúil an Bhallstáit agus na hiarratasóirí;

(l)

táirgí a chur agus a choimeád i stóráil phríobháideach agus iad a bhaint amach ón stóras;

(m)

fad na tréimhse stórála príobháidí agus na forálacha ar dá réir a fhéadfar tréimhsí den sórt sin, ach iad a bheith sonraithe sna conarthaí, a chiorrú nó a fhadú;

(n)

na nósanna imeachta atá le leanúint chun ceannach isteach ar phraghas socraithe, lena n-áirítear na nósanna imeachta don urrús atá le taisceadh agus méid an urrúis sin nó do chabhair a réamhshocraítear a dheonú do stóráil phríobháideach;

(o)

úsáid nósanna imeachta tairisceana, i gcomhair idirghabhála poiblí agus stórála príobháidí, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

forthairiscintí nó tairiscintí a chur isteach, agus an t-íosmhéid i gcomhair iarratais nó tíolactha;

(ii)

na nósanna imeachta don urrús atá le taisceadh agus méid an urrúis sin; agus

(iii)

tairiscintí a roghnú lena n-áiritear go dtabharfar tús áite do na cinn sin is fabhraí ó thaobh an Aontais de, ach a cheadú nach gá go mbronnfar conradh dá bharr.

(p)

scálaí an Aontais um chonablaigh mart, muc nó caoracha a aicmiú a chur chun feidhme;

(q)

cur i láthair eile conablach agus leathchonablach seachas an ceann a leagtar síos i bpointe A.IV d'Iarscríbhinn IV chun praghsanna margaidh a chinneadh;

(r)

na fachtóirí ceartaitheacha atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit a úsáidfear do chur i láthair difriúil conablach mairteola agus caorach i gcás nach n-úsáidtear an cur i láthair tagartha;

(s)

na socruithe praiticiúla chun conablaigh aicmithe a mharcáil agus le go ríomhfaidh an Coimisiún meánphraghas ualaithe an Aontais do chonablaigh mairt, muc agus caorach;

(t)

a údarú do Bhallstáit go bhforálfaí, i ndáil le muca a mharaítear ina gcríoch féin, go bhféadfaí conablaigh muc a chur i láthair ar bhealach eile seachas an cur i láthair a leagtar amach i bpointe B.III d'Iarscríbhinn IV, má chomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

má tá an gnáthchleachtas tráchtála ar a gcríoch difriúil ón gcur i láthair caighdeánach a shainmhínítear sa chéad fhomhír de phointe B III d'Iarscríbhinn IV;

(ii)

má dhlíonn na ceanglais theicniúla é;

(iii)

má dhéantar seithe conablach a bhaint ar bhealach aonfhoirmeach.

(u)

na forálacha go ndéanfadh coiste de chuid an Aontais, ar a mbeidh saineolaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe a cheapfaidh na Ballstáit, athbhreithniú ar an láthair ar chur i bhfeidhm aicmiú conablach sna Ballstáit, chun cruinneas agus iontaofacht a áirithiú i leith aicmiú conablach. Leis na forálacha sin, féadfar a fhoráil gurb é an tAontas a íocfaidh na costais a bheidh ann de bharr an athbhreithnithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 21

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme chun údarú a thabhairt do na Ballstáit i ndáil le huain ar lú meáchan a gconablach ná 13 kg, na critéir a leanas a úsáid don aicmiú, de mhaolú ar phointe C.III d'Iarscríbhinn IV:

(a)

meáchan an chonablaigh;

(b)

dath na feola;

(c)

clúdach saille.

Glacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL II

Scéimeanna cabhrach

Roinn 1

Scéime chun an rochtain ar bhia a fheabhsú

Airteagal 22

Spriocghrúpa

Scéimeanna cabhrach atá ceaptha le feabhas a chur ar dháileadh táirgí talmhaíochta agus ar nósanna itheacháin i measc páistí, tá siad dírithe ar pháistí a fhreastlaíonn go rialta ar naíonraí, réamhscoileanna nó ar fhorais oideachais bunscoile nó dara leibhéil atá á riaradh ag údaráis inniúla na mBallstát nó a bhfuil aitheantas acu uathu.

Foroinn 1

Scéimeanna torthaí scoile

Airteagal 23

Cabhair chun torthaí agus glasraí, torthaí agus glasraí próiseáilte agus táirgí ó bhananaí a sholáthar do leanaí

1.   Deonófar tacaíocht ón Aontas maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

táirgí earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus earnáil na mbananaí a sholáthar do leanaí sna forais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 22;

(b)

costais ghaolmhara áirithe a bhaineann le cúrsaí lóistíochta agus dáileacháin, le trealamh, le poiblíocht, le faireachán, le meastóireacht agus le bearta tionlacain.

2.   Na Ballstáit sin ar mian leo páirt a ghlacadh sa scéim, dréachtóidh siad réamhstraitéis, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, lena cur chun feidhme. Déanfaidh siad foráil freisin maidir leis na bearta tionlacain is gá, lena n-áireofaí faisnéis faoi bhearta le haghaidh oideachais faoi nósanna sláintiúla itheacháin, faoi shlabhraí bia áitiúla agus faoi chur amú bia a chomhrac, chun go mbeadh an scéim éifeachtach.

3.   Agus a straitéisí á dtarraingt suas acu, tarraingeoidh na Ballstáit suas liosta de tháirgí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus in earnáil na mbananaí a bheidh incháilithe faoina scéimeanna faoi seach. Ní chuirfear sa liosta seo táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn V.

Ach, i gcásanna cuí-réasúnaithe, mar shampla i gcás inar mhian le Ballstát a áirithiú go mbeadh réimse leathan táirgí faoina scéim féin nó go inar mian leis a scéim a dhéanamh níos tarraingtí, féadfar a fhoráil lena straitéis go bhféadfadh táirgí mar sin bheith incháilithe mura gcuirtear leo ach méideanna teoranta de na substaintí dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtacóidh a n-údaráis inniúla sláinte le liosta na dtáirgí sin atá incháilithe faoina scéim.

Roghnóidh na Ballstát na táirgí ar bhonn critéar oibiachtúil a bhféadfaidh breithnithe sláinte agus comhshaoil, séasúracht, éagsúlacht, nó fáil a bheith ar an táirge a bheidh ar áireamh iontu, agus tús áite á thabhairt a mhéid is féidir do tháirgí de thionscnamh an Aontais, agus go háirithe do cheannach go háitiúil, do mhargaí áitiúla, do shlabhraí gearra soláthair nó do thairbhí don chomhshaol.

4.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir leis an gcabhair ón Aontas dá dtagraítear in mír 1 a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

5.   Déanfar an chabhair ón Aontas, dá dtagraítear i mír 1, a leithdháileadh do gach Ballstát ar bhonn na gcritéar oibiachtúil a bheidh bunaithe ar chionmhaireacht na bpáistí idir sé bliana agus deich mbliana d'aois.

Na Ballstáit sin a mbeidh páirt á glacadh acu sa scéim, cuirfidh siad isteach ar chabhair ón Aontas gach bliain ar bhonn na straitéise dá dtagraítear i mír 2 a bheidh acu.

Déanfaidh an Chomhairle bearta maidir leis an íosmhéid do chabhair ón Aontas a shocrú do gach Ballstát atá rannpháirteach sa scéim agus bearta maidir le leithdháiltí críochnaitheacha, táscacha na cabhrach do na Ballstáit a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

6.   Ní úsáidfear an chabhair ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 in ionad cistiú le haghaidh aon cheann de na scéimeanna náisiúnta torthaí scoile atá ann cheana agus trína gcuirtear torthaí agus glasraí, torthaí agus glasraí próiseáilte, agus bananaí ar fáil nó in ionad aon scéimeanna dáileacháin eile a bhfuil a leithéid de tháirgí san áireamh iontu.

Má tá scéim á reáchtáil ag Ballstát cheana féin, áfach, a bheadh incháilithe chun cabhair a fháil ón Aontas faoin Airteagal seo agus má tá sé ar intinn aige é a shíneadh nó é a dhéanamh níos éifeachtaí, lena n-áirítear ó thaobh spriocghrúpa na scéime, fad na scéime agus táirgí incháilithe na scéime de, féadfar cabhair ón Aontas a dheonú ar choinníoll go n-urraimítear leis na teorainneacha a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE ó thaobh coibhneas idir cabhair ón Aontas agus an ranníocaíocht náisiúnta iomlán. I gcás den sórt sin, léireoidh an Ballstát ina straitéis cur chun feidhme conas atá sé ar intinn aige an scéim a shíneadh nó í a dhéanamh níos éifeachtaí.

7.   Féadfaidh na Ballstáit, sa bhreis ar chabhair ón Aontas, cabhair náisiúnta a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 152.

8.   Beidh scéim torthaí agus glasraíscoile an Aontais gan dochar d'aon scéimeanna náisiúnta torthaí agus glasraí scoile ar leithligh atá ag luí le dlí an Aontais.

9.   Féadfaidh an tAontas maoiniú a thabhairt, faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1306/2013, do bhearta faisnéise, faireacháin agus meastóireachta maidir leis an Scéim Torthaí agus Glasraí Scoile, lena n-áirítear bearta maidir le feasacht an phobail ina leith a ardú, agus bearta líonraithe gaolmhara.

10.   Poibleoidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa scéim, ag na hionad a bhfuil an bia á dháileadh, go bhfuil siad páirteach sa scéim chabhrach agus go bhfuil fóirdheontas á fháil acu ón Aontas.

Airteagal 24

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun nósanna itheacháin sláintiúla a chur chun cinn i measc páistí agus chun a áirithiú go mbeidh an chabhair dírithe ar leanaí atá sa spriocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 22, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 a bhaineann le rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na critéir bhreise maidir le cabhair a bheith á spriocdhíriú ag na Ballstáit;

(b)

na hiarratasóirí ar chabhair a bheith á bhformheas agus á roghnú ag na Ballstáit;

(c)

na straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha a dhréachtú agus maidir le bearta tionlacain.

2.   D'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais ar bhealach éifeachtúil agus spriocdhírithe, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an modh chun leithdháileadh táscach na cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 23(5) a ath-leithdháileadh i measc na mBallstát ar bhonn na n-iarratas a fuarthas ar chabhair;

(b)

na costais i straitéisí na mBallstát atá incháilithe don chabhair ón Aontas agus go bhfeádfaí tairseach fhoriomlán a shocrú do chostais shonracha;

(c)

an dualgas ar na Ballstáit faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht a scéimeanna torthaí agus glasraí scoile.

3.   Chun feasacht faoin scéim a chur chun cinn, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena gcuirfear de cheangal ar na Ballstáit a bhfuil scéim torthaí agus glasraí scoile acu poiblíocht a thabhairt do ról fóirdheonaitheach na cabhrach ón Aontas.

Airteagal 25

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta ar fad is gá chun an Fhoroinn seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis atá le bheith i straitéisí na mBallstát;

(b)

na hiarratais ar chabhair agus íocaíochtaí;

(c)

na modhanna poiblithe agus bearta líonraithe i leith na scéime;

(d)

tíolacadh, formáid agus ábhar na dtuarascálacha faireacháin agus meastóireachta a dhéanfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach i scéim torthaí agus glasraí scoile an Aontais.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Foroinn 2

Scéim bainne scoile

Airteagal 26

Cabhair chun bainne agus táirgí bainne a sholáthar do leanaí

1.   Deonófar cabhair ón Aontas chun táirgí áirithe bainne agus bainne phróiseáilte a sholáthar do leanaí i bhforais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 22, ar táirgí iad a thagann faoi réim chóid AC 0401, 0403, 0404 90 agus 0406 nó chóid AC 2202 90.

2.   Ón 1 Lúnasa 2015 beidh straitéis roimh ré ag Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, ar mian leo páirt a ghlacadh sa scéim lena cur chun feidhme. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh freisin do na bearta tionlacain is gá, lena n-áireofaí faisnéis faoi bhearta le haghaidh oideachais faoi nósanna sláintiúla itheacháin, faoi shlabhraí bia áitiúla agus faoi chur amú bia a chomhrac, chun go mbeadh an clár éifeachtach.

3.   Agus a gcuid straitéisí á ndréachtú acu, cuirfidh na Ballstáit liosta le chéile den bhainne agus de na táirgí bainne a bheidh incháilithe faoina scéimeanna faoi seach, i gcomhréir leis na rialacha a ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 27.

4.   Ní úsáidfear an chabhair ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 in ionad cistiú le haghaidh aon cheann de na scéimeanna náisiúnta atá ann cheana maidir le bainne agus táirgí bainne ná in ionad cistiú le haghaidh scéimeanna eile dáileacháin a áiríonn bainne nó táirgí bainne, ach amháin chun béilí a dháileadh saor in aisce ar leanaí i bhforais oideachais. Má tá scéim á reáchtáil ag Ballstát cheana féin, áfach, a bheadh incháilithe chun cabhair a fháil ón Aontas faoin Airteagal seo agus má tá sé ar intinn aige é a shíneadh nó é a dhéanamh níos éifeachtaí, lena n-áirítear ó thaobh spriocghrúpa na scéime de, fad na scéime agus táirgí incháilithe na scéime, féadfar cabhair ón Aontas a dheonú. I gcás den sórt sin, léireoidh an Ballstát ina straitéis cur chun feidhme conas atá sé ar intinn aige an scéim a shíneadh nó í a dhéanamh níos éifeachtaí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit, sa bhreis ar chabhair ón Aontas, cabhair náisiúnta a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 217.

6.   Beidh scéim bainne agus táirgí bainne an Aontais gan dochar d'aon scéimeanna náisiúnta scoile ar leithligh a spreagann páistí le bainne agus táirgí bainne a chaitheamh agus atá ag luí le dlí an Aontais.

7.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir le cabhair ón Aontas i gcomhair an bhainne ar fad agus i gcomhair táirgí báinne agus maidir leis an uaschainníocht atá incháilithe don chabhair ón Aontas dá bhforáiltear i mír 1 a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

8.   Poibleoidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa scéim, ag na hionad a bhfuil an bia á dháileadh, go bhfuil siad páirteach sa scéim chabhrach agus go bhfuil fóirdheontas á fháil acu ón Aontas.

Airteagal 27

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun an éabhlóid i bpatrúin tomhaltais do tháirgí déiríochta a chur san áireamh, mar aon leis na nuálaíochtaí agus na forbairtí i margadh na dtáirgí déiríochta, infhaighteacht na dtáirgí ar mhargaí éagsúla an Aontais agus gnéithe cothaitheacha, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena gcinnfear:

(a)

na táirgí atá incháilithe don scéim, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 26(1) agus na gnéithe cothaitheacha á gcur san áireamh;

(b)

na straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit, lena n-áirítear na bearta tionlacain i gcás inarb infheidhme; agus

(c)

na bearta is gá chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh.

2.   D'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear an chabhair ón Aontas ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

rialacha i ndáil leis na tairbhithe agus na hiarratasóirí atá incháilithe don chabhair;

(b)

an ceanglas go mbeadh na hiarratasóirí faofa ag na Ballstáit;

(c)

úsáid na dtáirgí déiríochta atá ag baint tairbhe as an gcabhair in ullmhú na mbéilí i bhforais oideachais.

3.   D'fhonn a áirithiú go n-urramóidh iarratasóirí ar chabhair a n-oibleagáidí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le bearta i ndáil leis an gceanglas urrús a thaisceadh i gcás ina réamhíocfar cabhair.

4.   D'fhonn feasacht faoin scéim a chur chun cinn, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena sonrófar na coinníollacha ar i gcomhréir leo a gcaithfidh na Ballstáit a phoibliú go bhfuil siad rannpháirteach sa scéim chabhrach agus go bhfuil fóirdheontas á fháil acu ón Aontas.

5.   D'fhonn a áirithiú go léirítear an chabhair sna praghsanna ar a gcuirtear táirgí ar fáil faoin scéim, cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos rialacha maidir le faireachán ar phraghsanna a bhunú faoin scéim.

Airteagal 28

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta ar fad is gá chun an Fhoroinn seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta chun a áirithiú go n-urramófar an uaschainníocht atá incháilithe don chabhair;

(b)

na nósanna imeachta don urrús atá le taisceadh agus méid an urrúis sin i gcás ina ndéanfar réamhíocaíocht;

(c)

rialacha maidir leis an bhfaisnéis a sholáthrófar do na Ballstáit maidir le formheasadh, iarratais ar chabhair agus íocaíochtaí cabhrach;

(d)

na modhanna chun an scéim a phoibliú;

(e)

faireachán ar na praghsanna a bhainistiú de bhun Airteagal 27(5).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 2

Cabhair in earnáil na hola olóige agus na nológ boird

Airteagal 29

Cláir chun tacú le hearnáil na hola olóige agus na n-ológ boird

1.   Maoineoidh an tAontas cláir oibre trí bliana atá le tarraingt suas ag na heagraíochtaí oibreoirí a aithnítear faoi Airteagal 152, ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 156 nó ag na heagraíochtaí idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157 i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(a)

monatóireacht ar an margadh agus bainistiú an mhargaidh in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird;

(b)

feabhas a chur ar an tionchar atá ag saothrú ológ ar an gcomhshaol;

(c)

feabhas a chur ar an iomaíochas i dtaca le saothrú ológ trí nuachóiriú;

(d)

cáilíocht táirgthe na hola olóige agus na n-ológ boird a fheabhsú;

(e)

an córas inrianaitheachta, deimhniúchán agus cosaint cháilíocht ola olóige agus ológ boird, faoi údarás na riarachán náisiúnta, go háirithe trí fhaireachán a dhéanamh ar cháilíocht olaí olóige a dhíoltar chuig na tomhaltóirí deireanacha;

(f)

faisnéis a scaipeadh maidir leis na bearta atá á gcur i gcrích ag eagraíochtaí táirgeoirí, ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó ag eagraíochtaí idirchraoibhe chun feabhas a chur ar cháilíocht na hola olóige agus na n-ológ boird.

2.   Is mar seo a leanas a bheidh maoiniú an Aontais do na cláir oibre dá dtagraítear i mír 1:

(a)

EUR 11 098 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na Gréige;

(b)

EUR 576 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na Fraince; agus

(c)

EUR 35 991 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na hIodáile.

3.   Beidh uasmhéid an chistithe ón Aontas i gcomhair na gclár oibre dá dtagraítear i mír 1 cothrom leis na méideanna a choinníonn na Ballstáit siar. Is iad seo a leanas uasmhéideanna an chistithe don chostas incháilithe:

(a)

75 % i gcomhair gníomhaíochtaí sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1;

(b)

75 % i gcomhair infheistíochtaí i sócmhainní seasta agus 50 % i gcomhair gníomhaíochtaí eile sa réimse dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1;

(c)

75 % i gcomhair clár oibre a dhéanann eagraíochtaí aitheanta dá dtagraítear i mír 1 ó dhá Bhallstát táirgeora ar a laghad a chur i gcrích i dtrí thríú tír ar a laghad nó i mBallstáit nach dtáirgeann na hearraí sin, agus an obair sin sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) de mhír 1, agus 50 % i gcomhair na ngníomhaíochtaí eile sna réimsí sin.

Áiritheoidh an Ballstát go gcuirfear maoiniú comhlántach ar fáil suas le 50 % de na costais nach bhfuil cumhdaithe ag cistiú ón Aontas.

Airteagal 30

Cumhachtaí tarmligthe

D'fhonn a áirithiú go mbainfear leas éifeachtúil, éifeachtach as an gcabhair ón Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 27 chun cáilíocht táirgthe ola olóige agus ológ boird a fheabhsú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

i leith na réimsí sin dá dtagraítear in Airteagal 29(1), na bearta sonracha a fhéadfar a mhaoiniú leis an gcabhair ón Aontas agus na gníomhaíochtaí agus na costais nach bhféadfar a mhaoiniú;

(b)

leithdháileadh íosta na mBallstát, ar réimsí sonracha, de mhaoiniú ón Aontas;

(c)

an ceanglas chun urrús a thaisceadh nuair a thíolactar iarratas ar chlár oibre a fhormheas agus nuair a dhéantar réamhíocaíocht de chabhair;

(d)

na critéir atá le cur san áireamh ag na Ballstáit agus cláir oibre á roghnú agus á bhformheas.

Airteagal 31

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta ar fad is gá chun an Roinn seo a chur chun feidhme maidir leis an méid a leanas:

(a)

cláir oibre a chur chun feidhme agus leasuithe ar na cláir sin;

(b)

cabhair a íoc, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí de chabhair;

(c)

na nósanna imeachta don urrús atá le taisceadh agus méid an urrúis sin nuair a thíolactar iarratas ar chlár oibre a fhormheas agus nuair a dhéantar réamhíocaíocht de chabhair.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 3

Cabhair in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

Airteagal 32

Cistí oibriúcháin

1.   Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus/nó a gcomhlachais agus na nglasraí ciste oibriúcháin a bhunú. Cuirfear maoiniú ar fáil don chiste:

(a)

trí ranníocaíochtaí airgeadais uathu seo a leanas:

(i)

comhaltaí d'eagraíochtaí táirgeoirí agusnó an eagraíocht táirgeoirí í féin; nó

(ii)

comhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí trí chomhaltaí na gcomhlachas sin;

(b)

trí chúnamh airgeadais ón Aontas a fhéadfar a dheonú d'eagraíochtaí táirgeoirí, nó do chomhlachais dá gcuid, i gcás ina bhfuil clár oibriúcháin nó cuid de chlár oibriúcháin á thíolacadh, á bhainistiú agus á chur chun feidhme acu, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 37 agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 38.

2.   Ní úsáidfear cistí oibriúcháin ach amháin chun cláir oibriúcháin a cuireadh faoi bhráid na mBallstát agus a d'fhormheas siad a mhaoiniú.

Airteagal 33

Cláir oibriúcháin

1.   Maidir le cláir oibriúcháin in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, mairfidh siad ar feadh trí bliana ar a laghad agus ar feadh cúig bliana ar a mhéid. Beidh dhá cheann ar a laghad de na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 152(1) nó dhá cheann de na cuspóirí seo a leanas ag baint leo:

(a)

táirgeadh a phleanáil, lena n-áirítear réamh-mheastachán ar tháirgeadh agus ar thomhaltas agus obair leantach ina leith;

(b)

cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú, bíodh siad úr nó próiseáilte;

(c)

luach tráchtála na dtáirgí a mhéadú;

(d)

cur chun cinn na dtáirgí, bíodh siad úr nó próiseáilte;

(e)

bearta comhshaoil, go háirithe iad siúd a bhaineann le huisce, agus modhanna táirgthe a chosnaíonn an comhshaol, lena n-áirítear feirmeoireacht orgánach;

(f)

géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú.

Cuirfear cláir oibríochta faoi bhráid na mBallstát lena bhformheas.

2.   Féadfaidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí clár iomlán oibriúcháin nó páirt de chlár oibriúcháin a thíolacadh freisin ar a mbeidh na bearta a shainaithin eagraíochtaí is comhaltaí faoina gcláir oibriúcháin, ach nach mbeidh curtha i bhfeidhm acu. Beidh na cláir oibriúcháin faoi réir na rialacha céanna is atá cláir oibriúcháin na eagraíochtaí is comhaltaí agus breithneofar iad in éindí le cláir oibriúcháin na n-eagraíochtaí is comhaltaí.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar bearta faoi chláir oibriúcháin chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a mhaoiniú go hiomlán le ranníocaíochtaí ó na heagraíochtaí is comhaltaí den chomhlachas i dtrácht agus go mbaileofar an maoiniú sin ó chistí oibriúcháin na n-eagraíochtaí sin is comhaltaí;

(b)

go sainaithnítear na bearta agus a gcion airgeadais chomhfhreagrach i gclár oibriúcháin gach eagraíochta is comhalta;

(c)

nach bhfuil aon dúbláil ar an maoiniú.

3.   Bainfidh cosc agus bainistiú géarchéimeanna, dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír de mhír 1, le géarchéimeanna i margaí na dtorthaí agus na nglasraí a sheachaint agus déileáil leo má tharlaíonn siad, agus sa chomhthéacs sin beidh an méid seo a leanas cumhdaithe:

(a)

infheistíochtaí a fhágann go ndéanfar na méideanna a chuirtear ar an margadh a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla;

(b)

bearta oiliúna agus malartú dea-chleachtais;

(c)

cur chun cinn agus cumarsáid, ar mhaithe le cosc nó le linn géarchéime;

(d)

tacaíocht maidir leis na costais riaracháin a bhaineann le bunú cistí frithpháirteacha;

(e)

athphlandú úllord más gá sin tar éis grafa éigeantaigh ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta ar threoir a fháil chuige sin ó údarás inniúil an Bhallstáit;

(f)

tarraingt siar ón margadh;

(g)

glasbhuaint torthaí agus glasraí nó gan iad a bhuaint in aon chor;

(h)

árachas buainte.

Cabhróidh tacaíocht i gcomhair árachais bhuainte le hioncam táirgeoirí a chosaint nuair a théann tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, galair nó inmhíolú lotnaidí i gcion ar a n-ioncam.

Éileofar le conarthaí árachais go gcuirfidh tairbhithe na bearta is gá i bhfeidhm maidir le riosca a chosc.

Ní chosnóidh bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú, lena n-áirítear aon aisíocaíocht caipitil agus úis dá dtagraítear sa chúigiú fomhír, níos mó ná aon trian den chaiteachas faoin gclár oibriúcháin.

Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí iasachtaí a fháil ar théarmaí tráchtála chun bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú a mhaoiniú. Féadfaidh aisíocaíocht ar chaipiteal agus ús na n-iasachtaí sin a bheith mar chuid den chlár oibriúcháin sa chás sin agus féadfaidh sé a bheith incháilithe chun cúnamh airgeadais a fháil ón Aontas faoi Airteagal 34. Féadfar aon bheart sonrach um chosc agus um bainistiú géarchéimeanna a mhaoiniú trí na hiasachtaí sin, go díreach nó ar an dá bhealach.

4.   Chun críocha na Roinne seo:

(a)

ciallaíonn "glasbhuaint" buaint iomlán táirgí réamhaibí i limistéar áirithe ar táirgí iad nach féidir a mhargú agus nach ndearnadh damáiste dóibh roimh an nglasbhuaint, bíodh sin i ngeall ar chúiseanna aeráide, galair nó eile;

(b)

ciallaíonn "gan bhuaint" go bhfuil deireadh leis an timthriall reatha táirgthe sa limistéar lena mbaineann i gcás ina bhfuil an táirge forbartha go maith, de cháilíocht shlán, chóir agus indíolta. Ní mheastar go bhfuil táirgí "gan bhuaint" má scriostar iad de dheasca na drochaimsire nó de dheasca galair.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

go mbeidh dhá bheart comhshaoil nó níos mó ar áireamh sna cláir oibriúcháin; nó

(b)

go mbainfidh 10 % ar a laghad den chaiteachas faoi na cláir oibriúcháin le bearta comhshaoil.

Urramóidh bearta comhshaoil na ceanglais maidir le híocaíochtaí agra-chomhshaoil-aeráid a leagtar síos in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

I gcás ina bhfuil 80 % ar a laghad de na comhaltaí ar táirgeoirí iad in eagraíocht táirgeoirí faoi réir gealltanais agra-chomhshaoil-aeráid amháin nó níos mó dá bhforáiltear in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, glacfar le gach ceann de na gealltanais sin mar bheart comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo.

Cumhdóidh tacaíocht i gcomhair na mbeart comhshaoil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo costais bhreise agus ioncam tarscaoilte de thoradh an bhirt.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar infheistíochtaí a chuireann brú breise ar an gcomhshaol ach amháin sna cásanna sin ina gcuirtear cosaintí éifeachtacha i bhfeidhm chun an comhshaol a chosaint ó na brúnna sin.

Airteagal 34

Cúnamh airgeadais ón Aontas

1.   Beidh an cúnamh airgeadais ón Aontas cothrom le méid na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(1) a íoctar go hiarbhír iad agus ní bheidh sé níos mó ná 50 % den chaiteachas iarbhír a thabhaítear.

2.   Do gach eagraíochta táirgeoirí agus comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, Cuirfear teorainn uasmhéid ar chúnamh airgeadais ón Aontas i dtreo nach sáróidh sé 4,1 % de luach a táirgthe arna mhargú

Féadfar, áfach, i gcás na n-eagraíochtaí is comhaltaí an céatadán sin a mhéadú go 4,6 % de luach an táirgthe arna mhargú ar choinníoll go mbaintear leas as an méid atá de bhreis ar 4,1 % de luach an táirgthe arna mhargú le haghaidh beart chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú agus lena n-aghaidh sin amháin.

I gcás comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, féadfar an céatadán sin a ardú go 4,7 % de luach an táirgthe arna mhargú, ar choinníoll go n-úsáidtear an méid atá de bhreis ar 4,1 % de luach an táirgthe arna mhargú le haghaidh beart chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú agus lena n-aghaidh sin amháin, ar bearta iad a bheidh á gcur chun feidhme ag an gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí thar ceann na gcomhaltaí.

3.   Arna iarraidh sin d'eagraíocht táirgeoirí, méadófar an teorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 1 go 60 % i gcomhair cláir oibriúcháin nó i gcomhair cuid de chlár oibriúcháin nuair a chomhlíonann sé ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

thíolaic roinnt eagraíochtaí táirgeoirí de chuid an Aontais é, ar eagraíochtaí iad a oibríonn i mBallstáit éagsúla ar scéimeanna trasnáisiúnta;

(b)

thíolaic eagraíocht táirgeoirí amháin nó níos mó é, ar eagraíocht í nó ar eagraíochtaí iad a oibríonn ar scéimeanna a chuirtear i gcrích ar bhonn idirchraoibhe;

(c)

ní chumhdaíonn an clár nó cuid de ach tacaíocht shonrach chun táirgí orgánacha a chumhdaítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (24) a tháirgeadh;

(d)

is é an chéad cheann é a thíolaic eagraíocht aitheanta táirgeoirí atá mar thoradh ar chumasc idir dhá eagraíocht aitheanta táirgeoirí;

(e)

is é an chéad cheann é a thíolaic comhlachas aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí;

(f)

thíolaic eagraíochtaí táirgeoirí é, ar eagraíochtaí táirgeoirí iad i mBallstáit ina gcuireann eagraíochtaí táirgeoirí níos lú ná 20 % den táirgeadh torthaí agus glasraí ar an margadh;

(g)

thíolaic eagraíocht táirgeoirí i gceann de na réigiúin is forimeallaí san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAEé.

4.   Méadófar an teorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 1 go 100 % i gcásanna ina dtarraingeofar siar torthaí agus glasraí ón margadh, ar tarraingt siar í sin nach sáróidh 5 % de mhéid an táirgthe arna mhargú de chuid gach eagraíochta táirgeoirí, agus ina ndéanfar iad a dhiúscairt:

(a)

trína ndáileadh saor in aisce ar eagraíochtaí agus fondúireachtaí carthanúla, arna bhformheas chuige sin ag na Ballstáit, lena n-úsáid ina ngníomhaíochtaí le cabhrú le daoine a aithnítear sa dlí náisiúnta go bhfuil siad i dteideal cúnamh poiblí a fháil, go háirithe toisc nach bhfuil an chóir mhaireachtála riachtanach acu; nó

(b)

trína ndáileadh saor in aisce ar aon cheann díobh seo a leanas: ar fhorais phionóis, ar scoileanna, ar na forais dá dtagraítear in Airteagal 22, ar champaí saoire leanaí, le hospidéil agus árais seanóirí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, a dhéanfaidh na bearta ar fad is gá lena áirithiú i gcás na gcainníochtaí a dháiltear gur cainníochtaí sa bhreis iad ar na cainníochtaí a dhéanann na forais sin a cheannach isteach de ghnáth.

Airteagal 35

Cúnamh airgeadais náisiúnta

1.   I réigiúin na mBallstát nach bhfuil na táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí eagraithe iontu ach ar éigin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-údarófar do na Ballstáit, ar iarraidh chuí-réasúnaithe uathu, cúnamh airgeadais náisiúnta a íoc le heagraíochtaí táirgeoirí arb ionann é agus 80 % ar a mhéid de na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(1). Beidh an cúnamh seo sa bhreis ar an gciste oibriúcháin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.   I réigiúin na mBallstát ina gcuireann eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus na grúpaí táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 níos lú ná 15 % de luach an táirgthe torthaí agus glasraí na réigiún sin ar an margadh agus inarb ionann a dtáirgeadh torthaí agus glasraí agus 15 % ar a laghad d'aschur iomlán talmhaíochta na réigiún sin, féadfaidh an tAontas an cúnamh airgeadais náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aisíoc arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an aisíocaíocht sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 36

Creat náisiúnta agus straitéis náisiúnta i gcomhair clár oibriúcháin

1.   Déanfaidh na Ballstáit creat náisiúnta a bhunú chun coinníollacha ginearálta a tharraingt suas ina mbeidh na bearta comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 33(5). Sa chreat sin forálfar, go háirithe, go gcomhlíonfaidh na bearta sin na ceanglais iomchuí i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagal 6 de.

Cuirfidh na Ballstáit a gcreat beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin, a fhéadfaidh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, modhnuithe a éileamh laistigh de thrí mhí ón dáta a dtíolacfar an creat beartaithte má chinneann sé nach gcuirfeadh an togra leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 191 CFAE agus sa seachtú clár beart comhshaoil de chuid an Aontais a bhaint amach. Déanfaidh infheistíochtaí ar ghabháltais indibhidiúla a bhfuil tacaíocht ó chláir oibriúcháin acu na cuspóirí sin a urramú freisin.

2.   Bunóidh gach Ballstát straitéis náisiúnta i gcomhair clár oibriúcháin inbhuanaithe i margadh na dtorthaí agus na nglasraí. Beidh an méid seo a leanas ar áireamh sa straitéis sin:

(a)

anailís ar an staid ina bhfuil cúrsaí ó thaobh láidreachtaí agus laigí agus ó thaobh acmhainneachta forbartha;

(b)

fírinniú maidir leis na tosaíochtaí a roghnaíodh;

(c)

cuspóirí na gclár oibriúcháin agus ionstraimí, mar aon le táscairí feidhmíochta;

(d)

measúnú ar chláir oibriúcháin;

(e)

oibleagáidí tuairiscithe i gcomhair eagraíochtaí táirgeoirí.

Lena chois sin déanfaidh an straitéis náisiúnta an creat náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a chomhtháthú.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir leis na Ballstáit nach bhfuil aon eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iontu.

Airteagal 37

Cumhachtaí tarmligthe

D'fhonn tacaíocht éifeachtúil, spriocdhírithe agus inbhuanaithe a áirithiú d'eagraíochtaí táirgeoirí agus dá gcomhlachais in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun rialacha a bhunú maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cistí oibriúcháin agus cláir oibriúcháin, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

na méideanna a mheastar, cinntí na n-eagraíochtaí táirgeoirí agus a gcomhlachas maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus úsáid na gcistí oibríochtúla;

(ii)

na bearta, na gníomhaíochtaí, an caiteachas agus na costais riaracháin agus pearsanra atá le cur san áireamh nó le heisiamh faoi chláir oibriúcháin, modhnú na gclár agus na riachtanais bhreise a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit;

(iii)

cistiú dúbláilte idir cláir oibriúcháin agus cláir forbartha tuaithe a sheachaint;

(iv)

cláir oibriúcháin comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí;

(v)

na rialacha sonracha is infheidhme i gcásanna ina bhfuil clár oibriúcháin nó cuid de chlár oibriúcháin á bhainistiú, á phróiseáil, á chur chun feidhme agus á thíolacadh ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí;

(vi)

an oibleagáid atá ann i leith comhtháscairí a úsáid chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chláir oibriúcháin;

(b)

an creat náisiúnta agus an straitéis náisiúnta le haghaidh clár oibriúcháin a bhaineann leis an oibleagáid chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí atá na creataí náisiúnta agus na straitéisí náisiúnta;

(c)

cúnamh airgeadais ón Aontas, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

an bonn ar a ríomhfar cúnamh airgeadais ón Aontas agus luach an táirgthe arna mhargú dá dtagraítear in Airteagal 34(2);

(ii)

tréimhsí tagartha is infheidhme maidir le ríomh na cabhrach;

(iii)

réamhíocaíochtaí a sholáthar agus an ceanglas chun urrús a thaisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht cabhrach;

(iv)

na rialacha sonracha is infheidhme maidir le cláir oibriúcháin chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a mhaoiniú, go háirithe na rialacha sin a bhaineann leis na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 34(2) a chur i bhfeidhm;

(d)

bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

go bhféadfadh na Ballstáit a chinneadh gan ceann amháin nó níos mó de na bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú a chur i bhfeidhm;

(ii)

na coinníollacha a bhaineann le pointe (a), le pointe (b) agus le pointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 33(3);

(iii)

cinn scríbe ceadaithe a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit i leith táirgí aistarraingthe;

(iv)

an t-uasleibhéal tacaíochta do tháirgí a tarraingíodh siar ón margadh;

(v)

an ceanglas maidir le fógra a thabhairt roimh ré i gcás táirgí a tarraingíodh siar ón margadh;

(vi)

bunús an ríomha a dhéantar ar mhéid an táirgthe arna mhargú lena leithdháileadh saor in aisce dá dtagraítear in Airteagal 34(4) agus uasmhéid an táirgthe arna mhargú a chinneadh i gcás táirgí a tarraingíodh siar;

(vii)

an ceanglas chun suaitheantas an Aontais a thaispeáint ar phacáistí táirgí atá le dáileadh saor in aisce;

(viii)

na coinníollacha d'fhaighteoirí táirgí a tarraingíodh siar;

(ix)

úsáid na dtéarmaí chun críocha na Roinne seo;

(x)

na coinníollacha, a bheidh le glacadh ag na Ballstáit, i ndáil leis an nglasbhuaint agus leis an ngan bhuaint;

(xi)

árachas buainte;

(xii)

cistí frithpháirteacha; agus

(xiii)

na coinníollacha a bhaineann le huasteorainneacha don chaiteachas maidir le athphlandú úllord ar chúiseanna sláinte/ nó fíteashláintíochta i gcomhréir le pointe (e) den chéad fhomhír d'Airteagal 33(3), agus na coinníollacha maidir leis na huasteorainneacha sin a shocrú;

(e)

cúnamh airgeadais náisiúnta, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí;

(ii)

an ceanglas maidir le hurrús a thaisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht;

(iii)

an t-uaschion aisíocaíochta ón Aontas den chúnamh airgeadais náisiúnta.

Airteagal 38

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos bearta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

bainistiú na gclár oibriúcháin;

(b)

an fhaisnéis atá le coinneáil i gcláir oibriúcháin, i gcreata náisiúnta agus i straitéisí naisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 36, cláir oibriúcháin a chur faoi bhráid na mBallstát, sprioc-amanna, doiciméid tionlacain agus formheas ó na Ballstáit;

(c)

cláir oibriúcháin a bheith á gcur chun feidhme ag eagraíochtaí táirgeoirí agus ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí;

(d)

formáid agus ábhar na dtuarascálacha faireacháin agus meastóireachta ar straitéisí náisiúnta agus ar chláir oibriúcháin agus iad a chur isteach;

(e)

iarratais ar chabhair agus íocaíochtaí cabhrach, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí agus íocaíochtaí páirteacha cabhrach;

(f)

socruithe praiticiúla chun suaitheantas an Aontais a thaispeáint ar phacáistí táirgí atá le dáileadh saor in aisce;

(g)

urramú na gcaighdeán margaíochta i gcás táirgí a tarraingíodh siar;

(h)

costais iompair, sórtála agus pacáistithe i gcás go ndéanfar dáileadh saor in aisce;

(i)

bearta cur chun cinn, cumarsáide agus oiliúna i gcás chosc agus bhainistiú géarchéimeanna;

(j)

oibríochtaí tarraingthe siar, bearta glasbhuainte, bearta gan bhuaint agus bearta árachais bhuainte a chur chun feidhme;

(k)

an cúnamh airgeadais náisiúnta a chur i bhfeidhm, a údarú, a íoc agus a aisíoc;

(l)

nósanna imeachta le haghaidh slándála, agus méid na slándála atá le taisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 4

Cláir thacaíochta in earnáil an fhíona

Foroinn1

Forálacha ginearálta agus bearta incháilithe

Airteagal 39

Raon Feidhme

Sa Roinn seo, leagtar síos na rialacha a rialaíonn leithdháileadh chistí an Aontais ar Bhallstáit agus úsáid na gcistí sin ag Ballstáit trí chláir náisiúnta thacaíochta cúig bliana ("cláir thacaíochta") chun bearta sonracha tacaíochta a mhaoiniú chun cabhrú le hearnáil an fhíona.

Airteagal 40

Comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht

1.   Luífidh na cláir thacaíochta le dlí an Aontais agus beidh siad comhsheasmhach le gníomhaíochtaí, beartais agus tosaíochtaí an Aontais.

2.   Beidh na Ballstáit féin freagrach as cláir thacaíochta agus áiritheoidh siad go bhfuil siad comhsheasmhach iontu féin agus go ndréachtófar iad agus go gcuirfear chun feidhme iad ar bhealach oibiachtúil, ag cur san áireamh staid eacnamaíoch na dtáirgeoirí lena mbaineann agus an gá atá ann gan caitheamh go míchothrom le táirgeoirí éagsúla mura bhfuil údar leis.

3.   Ní dheonófar aon tacaíocht maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tionscadail taighde agus bearta chun tacú le tionscadail taighde seachas na tionscadail dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 45(2);

(b)

bearta atá ina gcuid de chláir forbartha tuaithe na mBallstát faoi Rialachán (CE) Uimh. 1305/2013

Airteagal 41

Cláir thacaíochta a thíolacadh

1.   Cuirfidh gach Ballstát ar táirgeoir é agus a liostaítear in Iarscríbhinn VI dréachtchlár tacaíochta cúig bliana faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na bearta incháilithe a leagtar amach in Airteagal 38.

2.   Déanfar dréachtchláir tacaíochta na gclár tacaíochta a tharraingt suas ar an leibhéal geografach is iomchuí dar leis na Ballstáit. Rachaidh an Ballstát i gcomhairle leis na húdaráis inniúla agus leis na heagraíochtaí ag an leibhéal críochach iomchuí maidir leis an dréachtchlár tacaíochta sula gcuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é.

3.   Tíolacfaidh gach Ballstát dréachtchlár tacaíochta amháin agus féadfaidh an clár tréithe réigiúnacha ar leith a chur san áireamh.

4.   Beidh na cláir thacaíochta infheidhme trí mhí tar éis don dréachtchlár a bheith tíolactha don Choimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha chur chun feidhme a ghlacadh lena suítear nach gcomhlíonann an clár tacaíochta a tíolacadh na rialacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus féadfaidh sé an Ballstát a chur ar an eolas ina leith sin. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Ballstát dréachtchlár tacaíochta athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh an clár tacaíochta athbhreithnithe infheidhme dhá mhí tar éis a thíolactha mura bhfuil neamhluí fós ann agus sa chás sin beidh feidhm ag an bhfomhír seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

5.   Beidh feidhm ag mír 4 mutatis mutandis maidir le hathruithe ar na cláir thacaíochta is infheidhme a thíolacfaidh na Ballstáit.

Airteagal 42

Ábhar na gclár tacaíochta

Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad i gcláir thacaíochta:

(a)

tuairisc mhionsonraithe ar na bearta a bheartaítear chomh maith lena gcuspóirí cainníochtaithe;

(b)

torthaí na gcomhairliúchán a tharla;

(c)

breithmheas a léiríonn an tionchar teicniúil, eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta a bhfuiltear ag súil leis;

(d)

sceideal maidir leis na bearta a chur chun feidhme;

(e)

tábla ginearálta um maoiniú a léiríonn na hacmhainní atá le húsáid agus leithdháileadh táscach na n-acmhainní dá bhforáiltear i measc na mbeart i gcomhréir le huasteorainneacha búiséadacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VI;

(f)

na critéir agus na táscairí cainníochtúla atá le húsáid chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh chomh maith leis na bearta arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear na cláir thacaíochta chun feidhme go hiomchuí agus go héifeachtach; agus

(g)

ainmniú na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chláir thacaíochta.

Airteagal 43

Bearta incháilithe

Ní fhéadfaidh ach ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a bheith sna cláir thacaíochta:

(a)

cur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 45;

(b)

athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort i gcomhréir le hAirteagal 46;

(c)

glasbhuaint i gcomhréir le hAirteagal 47;

(d)

cistí frithpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 48;

(e)

árachas buainte i gcomhréir le hAirteagal 49;

(f)

infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 50;

(g)

nuáil in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 51;

(h)

driogadh fotháirgí i gcomhréir le hAirteagal 52.

Airteagal 44

Rialacha ginearálta maidir le cláir thacaíochta

1.   Leithdháilfear na cistí atá ar fáil ón Aontas laistigh de na teorainneacha fioscacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VI.

2.   Ní dheonófar tacaíocht ón Aontas ach do chaiteachas incháilithe arna thabhú tar éis thíolacadh an dréachtchláir tacaíochta ábhartha.

3.   Ní rannchuideoidh na Ballstáit le costais na mbeart arna maoiniú ag an Aontas faoi na cláir thacaíochta.

Foroinn 2

Bearta sonracha tacaíochta

Airteagal 45

Cur chun cinn

1.   Cumhdóidh tacaíocht faoin Airteagal seo bearta faisnéise nó bearta cur chun cinn maidir le fíonta de chuid an Aontais:

(a)

sna Ballstáit, d'fhonn tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir le fíon a thomhailt ar bhealach freagrach agus maidir le córais an Aontais lena gcumhdaítear sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha; nó

(b)

i dtríú tíortha, agus ar an gcaoi sin ag féachaint lena n-iomaíochas a fheabhsú.

2.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1maidir le fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu nó fíonta a bhfuil tásc faoin gcineál fíonchaor acu agus ní áireofar sna bearta sin ach ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a)

bearta caidrimh phoiblí, bearta cur chun cinn nó bearta fógraíochta, go háirithe bearta a leagann béim ar na hardchaighdeáin a bhaineann le táirgí an Aontais, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus sábháilteachta bia de nó ó thaobh an chomhshaoil de;

(b)

páirt a ghlacadh in imeachtaí, in aontaí nó i dtaispeántais a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo;

(c)

feachtais faisnéise, go háirithe faoi chórais de chuid an Aontais lena gcumhdaítear sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus táirgeadh orgánach;

(d)

staidéir ar mhargaí nua, atá riachtanach chun asraonta margaidh a leathnú;

(e)

staidéir chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na mbeart faisnéise agus na mbeart cur chun cinn.

3.   Ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais do bhearta faisnéise nó cur chun cinn dá dtagraítear i mír 1, 50 % den chaiteachas incháilithe.

Airteagal 46

Athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort

1.   Is é an cuspóir a bheidh ag bearta a bhaineann le hathstruchtúrú agus le hathchóiriú fíonghort cur le hiomaíochas táirgeoirí fíona.

2.   Tabharfar tacaíocht d'athstruchtúrú agus d'athchóiriú fíonghort má thíolacann na Ballstáit fardal a gcumais táirgthe i gcomhréir le hAirteagal 145(3).

3.   Tacaíocht i gcomhair athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort, ar tacaíocht é a d'fhéadfadh córais inbhuanaithe táirgthe a fheabhsú agus lorg earnáil an fhíona ar an gcomhshaol a laghdú, ní fhéadfaidh an tacaíocht sin ach ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a chumhdach:

(a)

athchóiriú cineálacha, lena n-áirítear athchóiriú trí bheangú;

(b)

athlonnú fíonghort;

(c)

athphlandú fíonghort más gá sin tar éis grafa éigeantaigh ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta, ar threoir a fháil chuige sin ó údarás inniúil an Bhallstáit;

(d)

teicnící bainistithe fíonghort a fheabhsú, go háirithe ardchórais táirgthe inbhuanaithe a thabhairt isteach.

Ní thabharfar aon tacaíocht maidir le gnáth-athnuachan fíonghort, is é sin le rá, athphlandáil na dáileachta talún céanna leis an gcineál fíonchaoire céanna i gcomhréir leis an gcóras céanna saothraithe fíniúna, nuair atá deireadh tagtha le saolré nádúrtha na bhfíniúnacha.

Féadfaidh na Ballstáit tuilleadh sonraíochtaí a leagan síos, go háirithe maidir le haois na bhfíonghort a gcuirfear fíonghoirt nua ina n-áit.

4.   Ní fhéadfar tacaíocht a thabhairt i gcomhair athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort, lena n-áirítear teicnící bainistithe fíonghort a fheabhsú, ach amháin ar na bealaí seo a leanas:

(a)

cúiteamh a thabhairt do na táirgeoirí maidir le caillteanas ioncaim de bharr chur chun feidhme an bhirt;

(b)

ranníocaíocht a dhéanamh i leith chostais an athstruchtúraithe agus an athchóirithe.

5.   Féadfaidh an cúiteamh do tháirgeoirí de bharr caillteanais ioncaim dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 suas le 100 % den chaillteanas ábhartha a chumhdach agus féadfar é a dhéanamh ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas:

(a)

d'ainneoin Fhoroinn II de Roinn IVa de Chaibidil III de Theideal I de Chuid II de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 lena leagtar amach an córas idirthréimhseach do chearta um plandú, cead fíniúnacha nua agus seanfhíniúnacha a fhás le chéile go dtí go mbeidh deireadh leis an gcóras idirthréimhseach ar feadh tréimhse uasta nach sáróidh trí bliana;

(b)

cúiteamh airgeadais.

6.   Ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais i leith na gcostas iarbhír le haghaidh athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort 50 %. I réigiúin lagfhorbartha, ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais i leith chostais an athstruchtúraithe agus an athchóirithe 75 %.

Airteagal 47

Glasbhuaint

1.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn "glasbhuaint" scriosadh iomlán nó asbhaint triopall fíonchaor fad is atá siad fós neamhaibí, ar an mbealach sin ag scriosadh tháirgeacht iomlán an limistéir sin.

Ní fhéachfar ar fhíonchaora tráchtála a bhfágfar ar na plandaí ag deireadh an ghnáth-thimthrialla táirgthe (gan bhaint) mar ghlasbhuaint.

2.   Cuideoidh an tacaíocht a thabharfar i gcomhair glasbhuainte le hathchothromú a dhéanamh ar sholáthar agus ar éileamh i margadh fíona an Aontais chun géarchéimeanna sa mhargadh a chosc.

3.   Féadfar tacaíocht a thabhairt i gcomhair glasbhuainte mar chúiteamh i bhfoirm íocaíochta ar ráta comhréidh in aghaidh an heicteáir atá le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. Ní sháróidh an íocaíocht sin 50 % de shuim na gcostas díreach maidir le scriosadh nó baint na dtriopall fíonchaor agus an chaillteanais ioncaim de bharr an scriosta nó na bainte sin.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann córas ar bun a bheidh bunaithe ar chritéir oibiachtúla lena áirithiú nach dtabharfar cúiteamh níos airde ná an uasteorainn a leagtar síos i mír 3 do tháirgeoirí aonair fíona de thoradh an bhirt maidir le glasbhuaint.

Airteagal 48

Cistí frithpháirteacha

1.   Cuirfidh an tacaíocht i gcomhair bunú cistí frithpháirteacha cúnamh ar fáil do tháirgeoirí ar mian leo árachas a fháil dóibh féin i gcoinne luaineachta margaidh.

2.   Féadfar tacaíocht i gcomhair bunú cistí frithpháirteacha a dheonú i bhfoirm cabhrach sealadaí agus cabhrach ar bhonn céimlaghdaitheach chun costais riaracháin na gcistí a chumhdach.

Airteagal 49

Árachas buainte

1.   Cabhróidh tacaíocht i gcomhair árachais bhuainte le hioncam táirgeoirí a chosaint nuair a bhíonn caillteanais de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhas díobhálach aeráide, galair nó inmhíolú lotnaidí.

Éileofar le conarthaí árachais go gcuirfidh tairbhithe na bearta is gá i bhfeidhm maidir le riosca a chosc.

2.   Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair árachais bhuainte i bhfoirm ranníocaíochta airgeadais ón Aontas nach mbeidh níos airde ná:

(a)

80 % de chostas na bpréimheanna árachais íoctha ag na táirgeoirí i gcomhair árachais in aghaidh caillteanas de bharr teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha;

(b)

50 % de chostas na bpréimheanna árachais íoctha ag na táirgeoirí i gcomhair árachais:

(i)

in aghaidh caillteanas dá dtagraítear i bpointe (a) agus in aghaidh caillteanas eile de bharr drochaimsire;

(ii)

in aghaidh caillteanas de bharr ainmhithe, galar plandaí nó inmhíolú lotnaidí.

3.   Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair árachais bhuainte mura dtugann na híocaíochtaí árachais cúiteamh do tháirgeoirí i gcomhair breis agus 100 % den chaillteanas ioncaim arna fhulaingt, ag cur san áireamh aon chúitimh a d'fhéadfadh a bheith faighte ag na táirgeoirí ó scéimeanna tacaíochta eile a bhaineann leis an riosca a bhfuarthas árachas ina aghaidh.

4.   Ní dhéanfaidh tacaíocht i gcomhair árachais bhuainte saobhadh ar iomaíocht sa mhargadh árachais.

Airteagal 50

Infheistíochtaí

1.   Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair infheistíochtaí inláimhsithe agus doláimhsithe i saoráidí próiseála, i mbonneagar fíonghort agus i struchtúir agus in uirlisí margaíochta. Beidh na hinfheistíochtaí sin beartaithe chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán an fhiontair agus lena oiriúnú don éileamh ar an margadh, agus cur lena chumas iomaíochta, agus bainfidh siad le táirgeadh nó le margaíocht táirgí finiúna dá dtagraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn VI, lena n-áirítear d'fhonn coigiltis fhuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh ar fud an domhain a fheabhsú agus d'fhonn próisis inbhuanaithe a fheabhsú freisin.

2.   Maidir le tacaíocht faoi mhír 1 ag an ráta is airde:

(a)

ní bheidh feidhm aici ach amháin maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (25)

(b)

lena chois sin, féadfaidh feidhm a bheith aici maidir le gach fiontar i gcás na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE agus na n-oileán beag Aeigéach de réir mar atá sainithe in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

Ní thabharfar ach leath den dhlús uasta cabhrach i gcás fiontar nach gcumhdaítear ag Airteagal 2(1) de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE a bhfuil níos lú ná 750 fostaí acu nó a bhfuil láimhdeachas níos lú ná EUR 200 milliún acu.

Ní dheonófar cabhair d'fhiontair atá i gcruachás de réir bhrí threoirlínte an Chomhphobail faoi Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (27).

3.   Ní áireofar sa chaiteachas incháilithe na costais nach bhfuil incháilithe dá dtagraítear in 'Airteagal 59(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

4.   Beidh feidhm ag na rátaí uasta cabhrach seo a leanas maidir le ranníocaíocht an Aontais do na costais infheistíochta incháilithe:

(a)

50 % i réigiúin lagfhorbartha;

(b)

40 % i réigiúin eile seachas réigiúin lagfhorbartha;

(c)

75 % sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;

(d)

65 % sna hoileáin Aeigéacha bheaga mar atá sainithe in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.

5.   Beidh feidhm ag Airteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mutatis mutandis maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 51

Nuáil in earnáil an fhíonar

Féadfar tacaíocht a dheonú d'infheistíochtaí inláimsithe nó doláimhsithe atá dírithe ar tháirgí nua, próisis nua agus teicneolaíochtaúí nua a fhorbairt maidir leis na táirgí dá dtagraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn VII. Beidh sé beartaithe leis an tacaíocht indíoltacht agus iomaíochas thairgí finiúna an Aontais a fhebhas agus féadfaidh aistriú eolais bheith san áireamh ann. Beidh na huasrátaí cabhrach maidir le ranníocaíocht an Aontais ton tacaíocht arna sholáthar faoin Airteagal seo mar an gcéanna leo siúd a leagtar amach in Airteagal 508(4).

Airteagal 52

Driogadh fotháirgí

1.   Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair driogadh deonach nó éigeantach fotháirgí fíona arna dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i Roinn D de Chuid II d'Iarscríbhinn VIII.

Déanfar méid na cabhrach a shocrú de réir % de thoirt agus in aghaidh an heictilítir alcóil arna tháirgeadh. Ní dheonfar aon chabhair i gcomhair mhéid an alcóil sna fotháirgí atá le driogadh atá nios mó ná 10 % de mhéid an alcóil atá san fhíon arna tháirgeadh

2.   Íocfar an chabhair le driogairí a phróiseálann fotháirgí na fíonóireachta a sheachadtar chun iad a dhriogadh ina n-alcól amh ag a bhfuil cion alcóil de 92 % toirte ar a laghad.

Féadfaidh na Ballstáit deonú na tacaíochta a dhéanamh coinníollach ar go ndéanfadh an tairbhí urrús a thaisceadh.

3.   Socróidh an Coimisiún na leibhéil uasta atá infheidhme i gcomhair cabhrach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 54 agus beidh siad bunaithe ar chostais bhailithe agus phróiseála.

4.   Áireoidh an chabhair ábhartha cnapshuim lena gcúiteofar na costais a bhaineann le fotháirgí na fíonóireachta a bhailiú. Déanfar an méid sin a aistriú ón driogaire chuig an táirgeoir, i gcás gurb é an táirgeoir a chlúdaíonn na costais ábhartha sin.

5.   Úsáidfear an t-alcól a thagann ón driogadh a fhaigheann tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh cuspóirí tionsclaíocha nó fuinnimh agus chucu sin amháin chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint.

Foroinn 3

Forálacha nós imeachta

Airteagal 53

Cumhachtaí tarmligthe

D'fhonn a áirithiú go mbainfidh cláir thacaíochta na mBallstát in earnáil an fhíona a gcuspóirí amach agus go n-úsáidfear cistí de chuid an Aontais ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun an méid seo a leanas a bhunú:

(a)

rialacha maidir leis an bhfreagracht as caiteachas idir an dáta a bhfaigheann an Coimisiún na cláir thacaíochta agus ar a ndéantar leasuithe ar na cláir agus dáta a n-infheidhmeachta;

(b)

rialacha maidir le hábhar na gclár tacaíochta agus maidir leis an gcaiteachas, na costais riaracháin agus pearsanra agus na hoibríochtaí a fhéadfar a áireamh i gcláir thacaíochta na mBallstát agus na coinníollacha faoina bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh trí idirghabhálaithe i gcás na tacaíochta d'árachás buainte dá bhforáiltear in Airteagal 49 agus an deis atá ann íocaíochtaí a dhéanamh ar an mbealach sin;

(c)

rialacha maidir leis an gceanglas chun urrús a thaisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht;

(d)

rialacha maidir le húsáid na dtéarmaí chun críocha na Roinne seo;

(e)

rialacha maidir le huasteorainneacha a shocrú don chaiteachas ar athphlandú fíonghort ar chúiseanna sláintenó fíteashláintíochta i gcomhréir le pointe (c) den chéad fomhír d'Airteagal 46(3);

(f)

rialacha maidir le cistiú dúbailte idir na gnéithe seo a leanas a sheachaint:

(i)

oibríochtaí difriúla chlár tacaíochta Ballstáit in earnáil an fhíona, agus

(ii)

clár tacaíochta Ballstáit in earnáil an fhíona agus cláir fhorbartha tuaithe nó cláir chur chun cinn an Bhallstáit;

(g)

rialacha faoina bhfuil táirgeoirí le fotháirgí na fíonóireachta a aistarraingt, agus eisceachtaí ón oibleagáid sin chun ualach breise riaracháin a sheachaint agus rialacha maidir le deimhniúchán deonach na ndriogairí;

(h)

rialacha lena gcceadaítear do na Ballstáit coinníollacha a chur ar bun chun bearta tacaíochta ina gcláir a chur ag feidhmiú ar bhealach cuí.

Airteagal 54

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos bearta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tíolacadh na gclár tacaíochta, an phleanáil airgeadais chomhfhreagrach agus athbhreithniú ar chláir thacaíochta;

(b)

nósanna imeachta cur i bhfeidhm, roghnúcháin agus íocaíochta;

(c)

tíolacadh, formáid agus ábhar thuarascálacha agus mheastóireachtaí chláir thacaíochta na mBallstát;

(d)

rátaí na cabhrach le haghaidh na glasbhuainte agus dhriogadh na bhfotháirgí a bheith á socrú ag na Ballstáit;

(e)

bainistiú airgeadais agus forálacha a bhaineann leis na bearta tacaíochta a bheith á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit;

(f)

nósanna imeachta le haghaidh slándála, agus méid na slándála atá le taisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 5

Cabhair in earnáil na beachadóireachta

Airteagal 55

Cláir náisiúnta agus maoiniú

1.   Chun feabhas a chur ar dhálaí ginearálta maidir le táirgeadh agus margú táirgí beachadóireachta, féadfaidh na Ballstáit cláir náisiúnta d'earnáil na beachadóireachta a tharraingt suas lena gcumhdófar tréimhse trí bliana ('cláir bheachadóireachta'). Forbrófar na cláir sin i gcomhar le heagraíochtaí ionadaíocha i réimse na beachadóireachta.

2.   Beidh ranníocaíocht an Aontais i leith na gclár beachadóireachta comhionann le 50 % den chaiteachas a luífidh ar na Ballstáit do na cláir sin, arna bhformheas i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 57.

3.   Chun a bheith incháilithe i gcomhair na ranníocaíochta ón Aontas dá bhforáiltear i mír 2, déanfaidh na Ballstáit staidéar ar an struchtúr táirgthe agus margaíochta in earnáil na beachaireachta ina gcríocha féin.

4.   Féadtar na bearta seo a leanas a áireamh i gcláir bheachadóireachta:

(a)

cúnamh teicniúil do bheachairí agus do ghrúpaí beachairí;

(b)

ionróirí coirceog beach agus galair sna coirceoga beach a chomhrac, go háirithe an varróis;

(c)

cuíchóiriú buailteachais;

(d)

bearta chun tacú le saotharlanna chun anailís a dhéanamh ar tháirgí beachadóireachta chun cuidiú le beachairí a gcuid táirgí a chur ar an margadh agus cur le luach na dtáirgí sin;

(e)

bearta le tacú le hathstocáil coirceog san Aontas;

(f)

comhoibriú le comhlachtaí speisialaithe maidir le cur chun feidhme na gclár taighde feidhmeach i réimse na beachadóireachta agus na dtáirgí beachadóireachta;

(g)

faireachán ar an margadh;

(h)

cur le cáilíocht na dtáirgí chun an leas is mó is féidir a bhaint as na táirgí atá ar an margadh.

Airteagal 56

Cumhachtaí tarmligthe

1.   D'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil i gcomhair na beachadóireachta, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cistiú dúbailte idir cláir bheachadóireachta na mBallstát agus cláir forbartha tuaithe a sheachaint;

(b)

bunús leithdháileadh ranníocaíocht an Aontais ar gach Ballstát rannpháirteach bunaithe ar, inter alia, líon iomlán na gcoirceog beach san Aontas.

2.   Chun a áirithiú go gcuirfear scéim cabhrach an Aontais in oiriúint do na forbairtí is déanaí agus go mbeidh na bearta a chlúdófar éifeachtach ó thaobh feabhas a chur ar na coinníollacha ginearálta do tháirgeadh agus margú táirgí beachadóireachta, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena dtabharfar cothrom le dáta na bearta dá dtagraítear in Airteagal 55(4) ar féidir a áireamh i gcláir bheachadóireachta na mBallstát, trí bhearta eile a chur leo nó trí na bearta sin a oiriúnú ach gan aon cheann acu a scriosadh. Agus na bearta sin á dtabhairt cothrom le dáta, ní bheidh aon tionchar ar na cláir náisiúnta a glacadh sular tháinig an gníomh tarmligthe i bhfeidhm.

Airteagal 57

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta atá riachtanach chun an Roinn seo a chur i bhfeidhm maidir leis an méid a leanas:

(a)

ábhar na gclár náisiúnta agus na staidéar a dhéanfaidh na Ballstáit maidir le struchtúr táirgthe agus margaíochta a n-earnálacha beachaireachta;

(b)

an nós imeachta maidir le cistí nár úsáideadh a ath-leithdháileadh;

(c)

na cláir bheachadóireachta atá curtha isteach ag na Ballstáit a fhormheas, lena n-áirítear leithdháileadh ranníocaíocht an Aontais do gach Ballstát rannpháirteach agus an leibhéal uasta cistiúcháin óna mBallstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 6

Cabhair in earnáil na leannlusanna

Airteagal 58

Cabhair d'eagraíochtaí táirgeoirí

1.   Deonóidh an tAontas cabhair d'eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na leannlusanna ar tugadh aitheantas dóibh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun maoiniú a chur ar fáil d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (c)(i),(ii) nó (iii) d'Airteagal 152(1) a bhaint amach.

2.   I gcás na Gearmáine, deonófar EUR 2 277 000 in aghaidh na bliana mar mhaoiniú ón Aontas don íocaíocht d'eagraíochtaí táirgeoirí dá bhforáiltear i mír 1.

Airteagal 59

Cumhachtaí tarmligthe

D'fhonn a áirithiú go maoineoidh an chabhair dá dtagraítear in Airteagal 58 an obair a bheidh ar bun chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 152 a bhaint amach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

iarratais ar chabhair, lena n-áirítear rialacha maidir le spriocdhátaí agus doiciméid tionlacain;

(b)

rialacha maidir le limistéir leannlusanna cháilithe agus ríomh na méideanna atá le híoc le gach eagraíocht táirgeoirí.

Airteagal 60

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta uile is gá a ghlacadh chun an Roinn seo a chur i bhfeidhm i dtaca le cabhair a íoc.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

CAIBIDIL III

Scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha

Airteagal 61

Scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo, beidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2030, agus déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú meántéarma chun meastóireacht a dhéanamh ar oibriú na scéime agus, más iomchuí, tograí a dhéanamh.

Roinn 1

Bainistiú scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha

Airteagal 62

Údaruithe

1.   Féadfar cineálacha fíniúna coitinne arna n-aicmiú i gcomhréir le hAirteagal 81(2) a phlandú nó a athphlandú má thugtar údarú i gcomhréir le hAirteagal 64, le hAirteagal 66 agus le hAirteagal 68 faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.

2.   Deonóidh na Ballstáit an t-údarú dá dtagraítear i mír 1, a chomhfhreagraíonn do limistéar sonrach arna léiriú i heicteáir, ar iarratas a chur isteach ó tháirgeoirí a chomhlíonann an sprioc agus critéir neamh-idirdhealaitheacha maidir le hincháilitheacht. Déanfar an t-údarú sin a dheonú gan táille a ghearradh ar na táirgeoirí.

3.   Beidh na húdaruithe dá dtagraítear i mír 1 bailí ar feadh trí bliana ón dáta ar deonaíodh iad. Táirgeoir nach mbainfidh leas as údarú a deonaíodh le linn tréimhse bailíochta an údaraithe sin, beidh sé faoi réir pionós riaracháin mar a fhoráiltear in Airteagal 89(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

4.   Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le limistéir a phlandú nó a athphlandú, ar limistéir iad atá beartaithe chun críocha turgnamhacha nó do phlandlanna beangaithe, ná maidir le limistéir a bhfuil a gcuid fíona nó a gcuid táirgí fíniúnacha beartaithe lena gcaitheamh ag teaghlach an tsaothróra fíniúna amháin ná maidir le limistéir atá le plandú as an nua mar thoradh ar cheannach éigeantach ar mhaithe le leas an phobail a glacadh faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 63

Sásra cosanta do phlanduithe nua

1.   Cuirfidh na Ballstáit údaruithe i gcomhair planduithe nua ar fáil gach bliain a chomhfhreagraíonn do 1 % den limistéar iomlán atá plandaithe go hiarbhír le fíniúnacha ar a gcríoch, mar a thomhaistear iad an 31 Iúil an bhliain roimhe.

2.   Déanfaidh na Ballstáit:

(a)

céatadán níos ísle a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta ná an céatadán atá leagtha amach i mír 1;

(b)

teorainn a chur le húdaruithe a eisiúint ar an leibhéal réigiúnach, do limistéir shonracha atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, do limistéir atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi thásc geografach faoi chosaint, nó do limistéir gan tásc geografach.

3.   Aon cheann de na teorainneacha dá dtagraítear i mhír 2, cuideoidh siad le fás ordúil phlanduithe fíniúnacha, socrófar iad ar leibhéal a bheidh os cionn 0 % agus beidh bonn cirt leo ar cheann amháin nó níos mó de na forais sonracha seo a leanas:

(a)

chun riosca dea-léirithe de rósholáthar táirgí fíona a sheachaint maidir le hionchais don mhargadh i leith na dtáirgí sin, gan níos mó ná an méid a bhfuil gá leis a dhéanamh chun an riachtanas sin a chomhlíonadh;

(b)

chun riosca dea-léirithe díluachála a sheachaint i gcás sonrúchán tionscnaimh áirithe faoi chosaint nó tásc geografach áirithe faoi chosaint.

4.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl go poiblí aon chinntí a ghlactar de bhun mhír 2, agus tabharfar bonn cirt cuí leis na cinntí sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na cinntí agus na boinn chirt sin.

Airteagal 64

Údaruithe a dheonú i gcomhair planduithe nua

1.   Mura rachaidh méid an limistéir iomláin a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe i mbliain ar leith thar mhéid an limistéir a chuir an Ballstát ar fáil, glacfar leis na hiarratais sin ar fad.

Féadfaidh na Ballstáit, chun críche an Airteagail seo, ceann amháin nó níos mó de na critéir incháilitheachta, atá oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chur i bhfeidhm:

(a)

beidh limistéar talmhaíochta ag an iarratasóir nach lú é ná an limistéar a bhfuil an t-údarú á lorg aige ina leith;

(b)

beidh scileanna gairme agus inniúlacht ghairme leordhóthanach ag an iarratasóir;

(c)

ní baol go ndéanfar mí-leithreasú ar chlú na sonrúchán tionscnaimh faoi leith atá faoi chosaint i ngeall ar an iarratas, rud a nglactar leis mura léiríonn na húdaráis phoiblí gurb ann don riosca sin;

(d)

má tá bonn cirt cuí leis, ceann amháin nó níos mó de na critéir dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go gcuirtear i bhfeidhm iad ar bhealach oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

2.   Má tá méid an limistéir iomláin a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe dá dtagraítear i mír 1, i mbliain ar leith, thar mhéid an limistéir a chuir an Ballstát ar fáil, deonófar údaruithe, de réir dháileadh pro-rata na heicteár, do na hiarratasóirí go léir ar bhonn an limistéir a ndearna siad iarratas ar údarú ina leith. Féadfar an deonú sin a dhéanamh go páirteach nó go hiomlán de réir cheann amháin nó níos mó de na critéir thosaíochta seo a leanas, ar critéir iad atá oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach:

(a)

táirgeoirí atá ag dul i mbun na hoibre den chéad uair, agus arb iad ceann a ngabháltais iad (iontrálaithe nua);

(b)

limistéir ina rannchuidíonn fíonghoirt leis an gcomhshaol a chaomhnú;

(c)

limistéir atá nua-phlandaithe i gcomhthéacs tionscadal um chomhdhlúthú talún;

(d)

limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile le sárú acu

(e)

inbhuanaitheacht tionscadail forbraíochta nó athphlandaithe bunaithe ar mheastóireacht eacnamaíoch;

(f)

limistéir a bheidh le plandú as an nua agus a chuirfidh leis an iomaíochas i ngabháltas feirme agus ar an leibhéal réigiúnach;

(g)

tionscadail lena bhféadfaí feabhas a chur ar cháilíocht na dtáirgí le tásca geografacha;

(h)

limistéir a bheidh le plandú as an nua i gcomhthéacs gabháltais bheaga agus mheánmhéide a mhéadú.

3.   Poibleoidh na Ballstáit na critéir dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bheidh á gcur i bhfeidhm acu agus tabharfaidh siad fógra láithreach don Choimisiún faoi na critéir sin.

Airteagal 65

Ról na n-eagraíochtaí gairmiúla

Agus Airteagal 63(2) á chur i bhfeidhm aige, féadfaidh an Ballstát a chur san áireamh na moltaí a thíolaic eagraíochtaí gairmiúla aitheanta a fheidhmíonn san earnáil fíona dá dtagraítear in Airteagail 152, in Airteagal 156 agusin Airteagal 157, nó na cinn a thíolaic grúpaí táirgeoirí leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 95, nó cineálacha eile eagraíochtaí gairmiúla a n-aithnítear iad ar bhonn reachtaíocht Bhallstáit, ar choinníoll go dtiocfaidh na páirtithe ionadaíochta ábhartha sa limistéar geografach tagartha ar chomhaontú roimh ré.

Ní bheidh feidhm ag na moltaí sin ar feadh níos mó ná trí bliana.

Airteagal 66

Athphlandú

1.   Deonóidh na Ballstáit údarú go huathoibríoch do tháirgeoirí a chuireann iarratas isteach a bhfuil limistéar grafta acu ar limistéar é a bhí faoi fhíniúnacha amhail ón 1 Eanáir 2016. Beidh údarú den sórt sin ar aon dul le coibhéis an limistéir sin ó thaobh bairr iarbhír de. Ní ríomhfar na limistéir a chumhdaítear le húdaruithe den sórt sin chun críocha Airteagal 63.

2.   Féadfaidh na Ballstáit údarú dá dtagraítear i mír 1 a dheonú do tháirgeoirí a thugann orthu féin limistéar a ghrafadh atá faoi fhíniúnacha má dhéantar grafadh an limistéir gheallta faoi dheireadh na ceathrú bliana ar a dhéanaí ón dáta ar cuireadh na fíniúnacha nua síos.

3.   Úsáidfear an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ar an ngabháltas céanna ar a ndearnadh an grafadh. Féadfaidh na Ballstáit, i limistéir fíona a tháirgeadh atá i dteideal sonrúcháin tionscnaimh atá faoi chosaint nó tásca geografacha atá faoi chosaint, srian a chur ar an athphlandú, bunaithe ar mholadh ó eagraíocht ghairmiúil i gcomhréir le hAirteagal 65, agus é a theorannú go fíniúnacha a bhfuil an tsonraíocht chéanna acu, maidir le sonrúchán tionscnaimh atá faoi chosaint nó tásc geografach atá faoi chosaint, is atá ag an limistéar a grafadh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás planduithe neamhúdaraithe a ghrafadh

Airteagal 67

De minimis

1.   Ní bheidh feidhm ag scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo sna Ballstáit sin nach raibh feidhm an 31 Nollaig 2007 ag an gcóras idirthréimhseach do chearta um plandú a bunaíodh i bhForoinn II de Roinn IVa de Chaibidil III de Theideal I de Chuid II de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

2.   Na Ballstáit sin ina raibh feidhm ag an gcóras dá dtagraítear i mír 1 an 31 Nollaig 2007, agus nach mó ná 10 000 heicteár na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i láthair na huaire, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh gan scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo a chur chun feidhme.

Airteagal 68

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Cearta um plandú a dheonaítear do tháirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 85h, le hAirteagal 85i nó le hAirteagal 85k de Rialachán (CE) Uimhir 1234/2007 roimh an 31 Nollaig 2015, nár úsáid na táirgeoirí sin agus atá fós bailí faoin dáta sin, féadfar iad a thiontú ina n-údaruithe faoin gCaibidil seo amhail ón 1 Eanáir 2016.

Tarlóidh tiontú den sórt sin arna iarraidh sin do na táirgeoirí sin roimh an 31 Nollaig 2015. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cead a thabhairt do tháirgeoirí an iarraidh sin a chur isteach ar chearta a thiontú ina n-údaruithe go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Na húdaruithe a dheonaítear de bhun mhír 1, beidh an tréimhse bailíochta chéanna acu is atá ag na cearta um plandú dá dtagraítear i mír 1. Mura mbaintear leas as na húdaruithe sin, rachaidh siad in éag faoin 31 Nollaig 2018 ar a dhéanaí, nó más rud é go mbeidh an cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 glactha ag na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanai.

3.   Ní ríomhfar chun críocha Airteagal 63 na limistéir a chumhdaítear le húdaruithe a dheonaítear de bhun mhír 1.

Airteagal 69

Cumhachtaí tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid a leanas:

(a)

na coinníollacha maidir leis an díolúine dá dtagraítear in Airteagal 62(4) a chur i bhfeidhm;

(b)

na rialacha a bhaineann leis na critéir dá dtagraítear in Airteagal 64(1) agus (2);

(c)

critéir a chur leis na cinn atá liostaithe in Airteagal 64 (1) (2);

(d)

fíniúnacha ar gheall an táirgeoir go ndéanfadh sé iad a ghrafadh a bheith ann taobh le fíniúnacha nua-phlandaithe de bhun Airteagal 66(2);

(e)

an bunús atá le cinntí na mBallstát faoi Airteagal 66(3).

Airteagal 70

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta riachtanacha maidir leis:

(a)

na nósanna imeachta maidir le húdaruithe a dheonú;

(b)

na taifid le coinneáil ag na Ballstáit agus na fógraí le cur chuig an gCoimisiún.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 2

Rialú scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha

Airteagal 71

Planduithe neamhúdaraithe

1.   Déanfaidh táirgeoirí grafadh ar a gcostas féin ar na limistéir a cuireadh faoi fhíniúnacha gan údarú.

2.   Mura ndéanfaidh táirgeoirí grafadh laistigh de cheithre mhí ón dáta a fuair siad fógra faoi neamhrialtacht, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na planduithe neamh-údaraithe sin a ghrafadh laistigh de dhá bhliain tar éis dul in éag don tréimhse ceithre mhí. Gearrfar an costas ábhartha ar na táirgeoirí lena mbaineann.

3.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún faoin 1 Márta gach bliain méid iomlán na limistéar ar fionnadh gur cuireadh faoi fhíniúnacha iad gan údarú tar éis an 1 Eanáir 2016, chomh maith leis na limistéir a grafadh i gcomhréir le mír 1 agus mír 2.

4.   I gcás nár chomhlíon táirgeoir na hoibleagáidí atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo, beidh sé faoi réir pionóis a bheidh le leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

5.   Ní bhainfidh limistéir ar cuireadh fíniúnacha iontu gan údarú leas as aon bhearta tacaíochta náisiúnta nó aon bhearta tacaíochta de chuid an Aontais.

Airteagal 72

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta riachtanacha lena leagtar amach na sonraí faoi riachtanais chumarsáide atá le comhlíonadh ag na mBallstáit, lena n-áirítear laghduithe a d'fhéadfaí a bheith i gceist ar uasteorainneacha buiséadacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI i gcás neamhchomhlíonta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

TEIDEAL II

RIALACHA MAIDIR LE MARGAÍOCHT AGUS EAGRAÍOCHTAÍ TÁIRGEOIRÍ

CAIBIDIL I

Rialacha maidir le margaíocht

Roinn 1

Caighdeáin mhargaíochta

Foroinn 1

Forálacha tosaigh

Airteagal 73

Raon Feidhme

Gan dochar d'aon fhorálacha eile is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta, agus gan dochar do na forálacha a glacadh in earnáil na tréidliachta, san earnáil fíteashláintíochta agus in earnáil an bhia lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí caighdeáin sláinteachais agus sláinte agus chun sláinte ainmhithe, plandaí agus daoine a chosaint, leagtar síos sa Roinn seo na rialacha maidir leis na caighdeáin mhargaíochta Roinnfear na rialacha éigeantacha agus ina dtéarmaí roghnacha forchoimeádta do tháirgí talmhaíochta.

Foroinn 2

Foroinn iii caighdeáin mhargaíochta de réir earnálacha nó táirgí

Airteagal 74

Prionsabal ginearálta

Ní fhéadfar na táirgí a bhfuil caighdeáin mhargaithe de réir earnálacha nó táirgí leagtha síos ina leith i gcomhréir leis an Roinn seo a chur ar an margadh san Aontas ach má tá siad i gcomhréir leis na caighdeáin sin.

Airteagal 75

Bunú agus ábhar

1.   Féadfaidh feidhm a bheith ag caighdeáin mhargaíochta maidir le ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha agus/nó de na táirgí seo a leanas:

(a)

ola olóige agus ológa boird;

(b)

torthaí agus glasraí;

(c)

táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte;

(d)

earnáil na mbananaí;

(e)

plandaí beo;

(f)

uibheacha;

(g)

feoil éanlaithe;

(h)

saillte inleata atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

(i)

leannlusanna;

2.   Chun ionchas na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus chun na dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargú táirgí thalmhaíochta a fheabhsú chomh maith le cáilíocht na dtáirgí talmhaíochta a chumhdaítear faoi mhír 1 agus faoi mhír 4 den Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le caighdeáin mhargaithe de réir earnálacha nó táirgí, ag gach céim sa mhargú, chomh maith le maoluithe agus díolúintí ó na caighdeáin sin chun iad a chur in oiriúint do dhálaí síorathraitheacha an mhargaidh, do na hathruithe ar éilimh na dtomhaltóirí, d'fhorbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus ionas nach gcruthófar constaicí do nuáil táirgí.

3.   Gan dochar d'Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), féadfaidh na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1 ceann amháin nó níos mó de nanithe seo a leanas a chuimsiú, ar nithe iad atá le cinneadh ar bhonn earnála nó táirge agus atá bunaithe ar shaintréithe gach earnála, an gá chun an margú a rialáil agus na coinníollacha atá sainithe i mír 5 den Airteagal seo:

(a)

na sainmhínithe teicniúla, an sonrúchán agus tuairiscí díolacháin d'earnálacha seachas na hearnálacha a leagtar amach in Airteagal 78;

(b)

critéir aicmithe amhail grádú in aicmí, i meáchain, i méideanna, in aois agus i gcatagóirí;

(c)

an speiceas, cineál an phlanda nó cine an ainmhí nó an cineál tráchtála;

(d)

an cur i láthair, lipéadú a bhaineann le caighdeáin éigeantacha mhargaíochta, pacáistiú, rialacha atá le cur i bhfeidhm maidir le hionaid phacála, marcáil, bliain na buainte agus úsáid téarmaí sonracha, gan dochar d'Airteagail 92 go 123;

(e)

critéir amhail cruth, comhsheasmhacht, comhlíonadh, saintréithe an táirge agus céatadán an chion uisce;

(f)

substaintí sonracha a úsáidtear i dtáirgeadh, nó comhpháirteanna nó comhábhair, lena n-áirítear a gcion cainníochtúil, a n-íonacht agus a n-aitheantas;

(g)

cineál na feirmeoireachta agus an modh táirgeachta lena n-áirítear cleachtais fhíoneolaíocha agus ardchórais táirgthe inbhuanaithe;

(h)

cumasc úrfhíona agus fíona lena n-áirítear sainmhínithe ar an gcumasc sin, meascadh agus srianta ar an meascadh sin;

(i)

an mhiníocht lena mbailítear, lena seachadtar, an leasú agus an láimhseáil, an modh caomhnaithe agus an teocht, an stóráil agus an t-iompar;

(j)

an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht agus/nó an áit tionscnaimh, gan feoil éanlaithe ná saillte inleata a áireamh;

(k)

srianta maidir le húsáid substaintí agus cleachtas áirithe;

(l)

úsáid shonrach;

(m)

na coinníollacha a rialaíonn diúscairt, coimeád, cúrsaíocht agus úsáid táirgí nach gcomhlíonann na caighdeáin mhargaíochta arna nglacadh de bhun mhír 1 agus na sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin mar a thagraítear dóibh in Airteagal 78, chomh maith le diúscairt fotháirgí.

4.   De theannta ar mhír 1, féadfaidh feidhm a bheith ag na caighdeáin margaíochta maidir le hearnáil an fhíonaBeidh feidhm ag pointí (f), (g), (h), (k) agus (m) de mhír 3 maidir leis an earnáil sin.

5.   Déanfar na caighdeáin mhargaíochta a ghlactar de bhun mhír 1 den Airteagal seo a leagan síos gan dochar d' Airteagail 84 go 88 agus d'Iarscríbhinn IX agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

saintréithe sonracha an táirge lena mbaineann;

(b)

an gá lena áirithiú go bhfuil na dálaí lena gcabhrófar leis na táirgí sin a chur ar an margadh;

(c)

leas na dtáirgeoirí saintréithe an táirge agus na feirmeoireachta a chur in iúl, agus leas na dtomhaltóirí i dtaca le faisnéis leordhóthanach agus thrédhearcach a fháil faoi tháirgí, lena n-áirítear an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht atá le cinneadh ar bhonn gach cáis faoi leith ar an leibhéal geografach is iomchuí, tar éis meastóireacht a dhéanamh ar na costais agus ar na hualaí riaracháin a chuirfear ar oibreoirí go háirithe, agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh;

(d)

na modhanna atá ar fáil chun saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha na dtáirgí a chinneadh;

(e)

na moltaí caighdeánacha a ghlac comhlachtaí idirnáisiúnta;

(f)

an gá atá ann saintréithe nádúrtha bunúsacha na dtáirgí a chaomhnú agus gan athrú substaintiúil a dhéanamh ar chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann.

6.   Chun ionchas na dtomhaltóirí a chur san áireamh mar aon leis an ngá atá ann na dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargaíocht táirgí talmhaíochta a fheabhsú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun liosta na n-earnálacha i mír 1 a mhodhnú. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta go docht do riachtanais a léiríodh a bheith ann de thoradh ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an ngá atá le nuálaíocht táirgí, agus beidh siad faoi réir Thuarascáil an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéanfar meastóireacht, go háirithe, ar riachtanais an tomhaltóra, ar na costais agus ar na hualaí riaracháin atá ar oibreoirí lena n-áirítear an tionchar ar an margadh inmheánach agus ar thrádáil idirnáisiúnta, agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh.

Airteagal 76

Ceanglais bhreise chun táirgí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a mhargú

1.   Chomh maith leis sin, sa chás inarb ábhartha do na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 75, ní fhéadfar táirgí de chuid earnáil na dtorthaí agus na nglasraí atá ceaptha lena ndíol leis an tomhaltóir agus iad úr, a mhargú ach amháin má tá siad de cháilíocht shlán chóir agus indíolta agus má léirítear an tír tionscnaimh.

2.   Na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1, agus aon chaighdeán margaíochta is infheidhme maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí a leagtar síos i gcomhréir leis an bhforoinn seo, beidh feidhm acu ag gach céim mhargaíochta lena n-áirítear allmhairiú agus onnmhairiú, agus féadfar cáilíocht, aicmiú, meáchan, toirt, pacáil, pacáistiú, stóráil, iompar, cur i láthair agus margú a chumhdach leo.

3.   Ní chuirfidh sealbhóir táirgí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a chumhdaítear le caighdeáin mhargaíochta na táirgí sin ar taispeáint, ní dhíolfaidh sé iad ná ní dhéanfaidh sé iad a sheachadadh ná a mhargú ar aon bhealach laistigh den Aontas ach amháin i gcomhréir leis na caighdeáin sin agus beidh sé freagrach as a áirithiú go gcloífear leis na caighdeáin sin.

4.   D'fhonn cur i bhfeidhm chuí na gceanglas atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le maoluithe sonracha ón Airteagal seo atá riachtanach chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm i gceart.

Airteagal 77

Deimhniú leannlusanna

1.   Chomh maith leis sin, sa chás inarb ábhartha do na caighdeáin mhargaíochta infheidhme, beidh táirgí de chuid earnáil na leannlusanna faoi réir nós imeachta deimhniúcháin faoin Airteagal seo.

2.   Ní fhéadfar deimhnithe a eisiúint ach amháin i gcás táirgí a bhfuil na saintréithe íosta cáilíochta acu atá oiriúnach do chéim shonrach mhargaíochta. I gcás púdair leannlusanna, púdair leannlusanna a bhfuil cion níos airde lúpailin ann, eastóscán leannlusanna, agus táirgí leannlusanna measctha, ní fhéadfar an deimhniú a eisiúint ach amháin mura bhfuil cion aigéid alfa na dtáirgí sin níos ísle ná cion aigéid alfa na leannlusanna ónar ullmhaíodh iad.

3.   Léireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sna deimhnithe:

(a)

an áit/na háiteanna a dtáirgtear na leannlusanna;

(b)

an bhliain/na blianta a saothraíodh iad;

(c)

an cineál nó na cineálacha.

4.   Ní fhéadfar táirgí earnáil na leannlusanna a mhargú ná a onnmhairiú ach amháin má chumhdaítear iad le deimhniú a eisíodh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás táirgí earnáil na leannlusanna a allmhairítear, measfar go mbeidh an fianú dá bhforáiltear in Airteagal 190(2) coibhéiseach leis an deimhniú sin.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun bearta a leagan síos mar mhaolú ó mhír 4 den Airteagal seo:

(a)

chun ceanglais trádála tríú tíortha áirithe a chomhlíonadh; nó

(b)

i gcás táirgí a mbainfear úsáid speisialta astu.

Na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(i)

beidh siad gan dochar do ghnáthmhargú na dtáirgí ar eisíodh deimhniú ina leith; agus

(ii)

beidh ráthaíochtaí ag gabháil leo chun aon mhearbhall maidir leis na táirgí sin a sheachaint.

Airteagal 78

Sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin i gcomhair earnálacha agus táirgí áirithe

1.   Chomh maith leis sin, sa chás inarb ábhartha do na caighdeáin mhargaíocht, beidh feidhm ag na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII maidir leis na hearnálacha agus na táirgí seo a leanas:

(a)

mairteoil agus laofheoil;

(b)

fíon;

(c)

bainne agus táirgí bainne atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

(d)

feoil éanlaithe

(e)

uibheacha;

(f)

saillte inleata atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine; agus

(g)

ola olóige agus ológa ológa boird

2.   Ní fhéadfar na sainmhínithe, sonrúcháin nó tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII a úsáid san Aontas ach amháin le haghaidh margaíocht táirge a chomhlíonann na ceanglais chomhfhreagracha atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le leasuithe, maoluithe nó díolúintí i ndáil leis na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teorannta go docht do riachtanais a léiríodh a bheith ann agus ar toradh iad ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an gá atá le nuálaíocht táirgí.

4.   Chun a áirithiú go bhfuil tuiscint shoiléir cheart ag oibritheoirí agus ag na Ballstáit ar na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis na rialacha dá sonrúchán agus dá gcur i bhfeidhm.

5.   D'fhonn ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh mar aon le forbairt an mhargaidh do tháirgí bainne, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena sonrófar na táirgí bainne a luafar an speiceas ainmhí óna dtagann an bainne ina leith, mura bó-ainmhí atá i gceist, agus chun na rialacha riachtanacha a leagan síos.

Airteagal 79

Lamháltas

1.   Chun saintréithe sonracha gach táirge nó earnála a chur san áireamh, mar aon leis na céimeanna difriúla margaíochta, na coinníollacha teicniúla, aon mhórdheacracht phraiticiúil a d'fhéadfadh a bheith ann, agus cruinneas agus in-atrialltacht na modhanna anailíse, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le lamháltas le haghaidh ceann amháin nó níos mó de chaighdeáin shonracha faoina bhféadfaí a mheas go raibh ag teip ar bhaisc iomlán na dtáirgí an caighdeán sin a chomhlíonadh.

2.   Agus na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá ann gan saintréithe intreacha an táirge a athrú agus gan cáilíocht a tháirgí a laghdú.

Airteagal 80

Cleachtais fhíoneolaíocha agus modhanna anailíse

1.   Ní úsáidfear ach cleachtais fhíoneolaíocha atá údaraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII agus dá bhforáiltear i bpointe (g) d'Airteagal 75(3) agus in in Airteagal 83(2) agus (3) i dtáirgeadh agus i gcaomhnú na dtáirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII san Aontas.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le:

(a)

sú fíonchaor agus sú fíonchaor tiubhaithe; ná

(b)

úrfhíon fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor tiubhaithe atá beartaithe le haghaidh sú fíonchaor a ullmhú.

Ní úsáidfear cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe ach amháin chun fíonóireacht cheart, leasú ceart nó míníneacht cheart an táirge a áirithiú.

Déanfar táirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII a tháirgeadh san Aontas i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.

2.   Ní dhéanfar táirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII a mhargú san Aontas i gcás:

(a)

inar cuireadh cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe de chuid an Aontais i bhfeidhm orthu;

(b)

inar cuireadh cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe náisiúnta i bhfeidhm orthu; nó

(c)

nach gcomhlíonann siad na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.

Scriosfar na táirgí fíniúnacha sin nach féidir a mhargú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. De mhaolú ar an riail sin, féadfaidh na Ballstáit a údarú go n-úsáidfeadh driogairí nó monarchana fínéagair táirgí áirithe, a saineoidh siad na saintréithe a bheidh acu, chun críocha tionsclaíocha, ar choinníoll nach dreasacht é an t-údarú sin chun táirgí finiúna a tháirgeadh trí bhíthin cleachtas neamhúdaraithe fíoneolaíoch.

3.   Agus cleachtais fhíoneolaíocha i gcomhair fíona dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 75(3) á n-údarú aige, déanfaidh an Coimisiún mar seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé san áireamh na cleachtais fhíoneolaíocha agus na modhanna anailíse atá molta agus foilsithe ag an OIV agus torthaí úsáide turgnamhaí cleachtas fíoneolaíoch atá fós gan údarú;

(b)

cuirfidh sé cosaint shláinte an duine san áireamh;

(c)

cuirfidh sé san áireamh an baol go bhféadfaí tomhaltóirí a chur amú mar gheall ar na barúlacha seanbhunaithe atá acu faoin táirge agus mar gheall ar na hionchais chomhfhreagracha atá acu, ag féachaint d'infhaighteacht agus indéantacht modhanna faisnéise chun a leithéid de bhaol a eisiamh;

(d)

ceadóidh sé go gcaomhnófar saintréithe nádúrtha bunúsacha an fhíona agus ní bheidh sé ina chúis go ndéanfar athrú substaintiúil ar chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann;

(e)

áiritheoidh sé leibhéal inghlactha íosta cúraim don chomhshaol;

(f)

urramóidh sé na rialacha ginearálta i dtaobh cleachtas fíoneolaíoch agus na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.

4.   Chun a áirithiú go ndéanfar táirgí neamh-inmhargaithe fíona a chóireáil mar is ceart, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le rialacha i leith na nósanna imeachta náisiúnta dá dagraítear sa dara fhomhír den dara mír den Airteagal seo agus leis na maoluithe a ghabhann leo i ndáil le táirgí fíona a tharraingt siar nó a scriosadh más táirgí iad nach gcomhlíonann na ceanglais

5.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na modhanna dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 75(5) do tháirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII Beidh na modhanna sin bunaithe ar aon mhodhanna ábhartha arna moladh agus arna bhfoilsiú ag an OIV, mura mbeadh siad neamhéifeachtach nó neamhchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an Aontas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Go dtí go nglacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin, is iad na modhanna agus na rialacha a bheidh le húsáid na modhanna a cheadaíonn an Ballstát lena mbaineann.

Airteagal 81

Cineálacha fíonchaor

1.   I gcás na dtáirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII agus a tháirgtear san Aontas, is de chineálacha fíonchaor ar féidir iad a aicmiú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo a dhéanfar iad.

2.   Faoi réir mhír 3, déanfaidh na Ballstáit aicmiú ar na cineálacha fíonchaor a fhéadfar a phlandú, a athphlandú nó a bheangú ina gcríocha chun fíon a tháirgeadh.

Ní fhéadfaidh Ballstáit ach na cineálacha fíonchaor a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a aicmiú:

(a)

is cineálacha iad a bhaineann leis an speiceas Vitis vinifera nó a fhaightear nuair a chrosáiltear an speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis;

(b)

ní ceann de na cineálacha seo a leanas iad: Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton ná Herbemont.

I gcás ina scriostar cineál fíonchaor ón aicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cineál sin a ghrafadh laistigh de 15 bliana ó thráth a scriosta.

3.   Tabharfar díolúine ón oibleagáid aicmithe dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 2 do na Ballstáit sin nach sáraíonn a dtáirgeadh fíona 50 000 heictilítear in aghaidh na bliana fíona arna ríomh ar bhonn mheántáirgeadh na gcúig bliana fíona roimhe sin.

Mar sin féin, sna Ballstáit sin freisinní cheadófar ach cineálacha fíonchaor a chomhlíonann an dara fomhír de mhír 2 a phlandú, a athphlandú nó a bheangú chun fíon a tháirgeadh.

4.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an tríú fomhír de mhír 2 agus ar an dara fomhír de mhír 3 ceadóidh na Ballstáit plandú, athphlandú nó beangú na gcineálacha fíonchaor a leanas ar mhaithe le taighde eolaíoch agus chun críoch turgnamhach:

(a)

cineálacha fíonchaor nach n-aicmítear i gcás Ballstáit seachas na Ballstáit sin dá tagraítear i mír 3;

(b)

cineálacha fíonchaor nach gcomhlíonann an dara fomhír de mhír 2 fad is a bhaineann le Ballstáit dá dtagraítear i mír 3.

5.   Maidir le limistéir a bhfuil cineálacha fíonchaor curtha iontu chun fíon a tháirgeadh, agus sin ag sárú mhír 2, mhír 3 agus mhír 4, déanfar na limistéir sin a ghrafadh.

Mar sin féin, ní bheidh aon dualgas na limistéir sin a ghrafadh nuair atá an táirgeadh ábhartha beartaithe lena thomhailt ag teaghlaigh na dtáirgeoirí fíona féin amháin.

Airteagal 82

Úsáid shonrach fíona nach gcomhlíonann na catagóirí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII

Seachas fíon buidéalaithe a bhfuil fianaise ann gur cuireadh i mbuidéal é roimh an 1 Meán Fómhair 1971, ní úsáidfear fíon a táirgeadh ó na cineálacha fíonchaor atá liostaithe san aicmiú arna tharraingt suas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 81(2) ach nach gcomhlíonann ceann de na catagóirí atá leagtha síos i gCuid II d'Iarscríbhinn VII ach amháin lena chaitheamh ag teaghlaigh táirgeoirí fíona indibhidiúla, nó chun fínéagar fíona a tháirgeadh nó lena dhriogadh.

Airteagal 83

Rialacha náisiúnta i gcomhair táirgí agus earnálacha áirithe

1.   D'ainneoin Airteagal 75(2), féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád lena leagtar síos leibhéil éagsúla caighdeáin i gcomhair saillte inleata. Leis na rialacha sin féadfar na leibhéil cháilíochta sin a mheasúnú ar bhonn critéar a bhaineann go háirithe leis na hamhábhair a úsáidtear, saintréithe orgánaileipteacha na dtáirgí agus a gcobhsaíocht fhisiciúil agus mhicreabhitheolaíoch.

Maidir le Ballstáit atá ag baint úsáide as an rogha dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, áiritheoidh siad gur féidir le táirgí Ballstát eile a chomhlíonann na critéir a leagtar síos leis na rialacha náisiúnta sin, faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, úsáid a bhaint as téarmaí a shonraíonn go gcloítear leis na critéir sin.

2.   Féadfaidh Ballstáit teorainn a chur le húsáid cleachtas fíoneolaíoch áirithe nó na cleachtais sin a thoirmeasc agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le rialacha níos déine i gcás fíonta atá údaraithe faoi dhlí an Aontais agus a tháirgtear ina gcríocha chun treise a chur le caomhnú saintréithe bunúsacha fíonta ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint agus chun treise a chur le caomhnú saintréithe bunúsacha fíonta súilíneacha agus fíonta licéir.

3.   Féadfaidh Ballstáit úsáid thurgnamhach cleachtas fíoneolaíoch neamhúdaraithe a cheadú.

4.   Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm ar bhealach ceart agus trédhearcach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar amach na coinníollacha faoina gcuirfear mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo i bhfeidhm, chomh maith leis na coinníollacha maidir le coimeád, cúrsaíocht agus úsáid na dtáirgí a fhaightear ó na cleachtais thurgnamhacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit forálacha breise náisiúnta a ghlacadh ná a chothabháil i gcás táirgí a chumhdaítear le caighdeán margaíochta de chuid an Aontais ach amháin má chomhlíonann na forálacha sin dlí an Aontais, go háirithe prionsabal na saorghluaiseachta earraí, agus faoi réir Threoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

Foroinn 3

Téarmaí roghnacha coimeádta

Airteagal 84

Foráil ghinearálta

Bunófar scéim do théarmaí roghnacha forchoimeádta de réir earnála nó táirgí le gurbh fhusa do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe nó cáilíochtaí luach-bhreisitheacha acu na saintréithe nó na cáilíochtaí sin a chur in iúl laistigh den mhargadh inmheánach, agus go háirithe chun tacú leis na caighdeáin shonracha mhargaíochta agus chun iad a chomhlánú.

Ní bheidh feidhm ag an bhForoinn seo maidir le táirgí fíona dá dtagraítear in Airteagal 92(1).

Airteagal 85

Téarmaí roghnacha coimeádta atá ann cheana

1.   Na téarmaí roghnacha coimeádta atá cumhdaithe faoin scéim 17 Nollaig 2013 sin, liostaítear iad in Iarscríbhinn IX agus leagfar síos a gcoinníollacha úsáide de bhun pointe (a) d'Airteagal 86.

2.   Leanfaidh na téarmaí roghnacha coimeádta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo d'fheidhm a bheith acu, faoi réir a leasaithe, mura gcuirfear ar ceal iad de bhun Airteagal 86.

Airteagal 86

Forchoimeád, leasú agus cealú na dtéarmaí roghnacha coimeádta

Chun ionchais na dtomhaltóirí, forbairtí san eolas eolaíoch agus teicniúil, an staid sa mhargadh agus forbairtí sna caighdeáin mhargaíochta agus na caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227:

(a)

téarma roghnach coimeádta breise a fhorchoimeád, lena leagtar síos a choinníollacha úsáide;

(b)

lena leasófar coinníollacha úsáide téarma roghnaigh choimeádta; nó

(c)

téarma roghnach coimeádta a chur ar ceal.

Airteagal 87

Téarmaí roghnacha coimeádta breise

1.   Beidhbheidh téarma incháilithe mar théarma roghnach coimeádta breise ach amháin má chomhlíonann sé gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)

baineann an téarma le saintréith de chuid táirge nó le cáilíocht feirmeoireachta nó próiseála agus baineann sé le hearnáil nó le táirge;

(b)

le húsáid an téarma is féidir breisluach an táirge de bharr a saintréithe sonracha nó de bharr a cháilíochta ar leith feirmeoireachta nó próiseála a chur in iúl ar bhealach níos soiléire;

(c)

gur inaitheanta saintréith nó cáilíocht an táirge dá dtagraítear i bpointe (a), nuair a chuirtear ar an margadh é, do thomhaltóirí i roinnt Ballstát;

(d)

go bhfuil na coinníollacha agus úsáid an téarma i gcomhréir le Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) nó le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

Agus téarma roghnach coimeádta breise á chur isteach aige, cuirfidh an Coimisiún aon chaighdeán ábhartha idirnáisiúnta san áireamh chomh maith leis na téarmaí coimeádta atá ann cheana i gcás na dtáirgí nó na n-earnálacha lena mbaineann.

2.   Chun saintréithe earnálacha ar leith a chur san áireamh, chomh maith le hionchais na dtomhaltóirí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos mionsonraí breise i ndáil leis na ceanglais ó thaobh téarma coimeádta breise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt isteach.

Airteagal 88

Srianta ar úsáid na dtéarmaí roghnacha coimeádta

1.   Ní fhéadfar téarma roghnach cáilíochta a úsáid ach amháin chun tuairisc a dhéanamh ar tháirgí a chomhlíonann na coinníollacha úsáide comhfhreagracha.

2.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí lena áirithiú nach gcruthóidh lipéadú an táirge mearbhall maidir le téarmaí roghnacha forcoimeádta.

3.   Chun a áirithiú go mbeidh na táirgí a ndéantar tuairisc orthu le téarmaí roghnacha coimeádta i gcomhréir leis na coinníollacha úsáide infheidhme, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos rialacha breise i ndáil le húsáid téarmaí roghnacha coimeádta.

Foroinn 4

Caighdeáin mhargaíochta maidir le hallmhairiú agus le honnmhairiú

Airteagal 89

Forálacha ginearálta

Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe agus nádúr speisialta roinnt táirgí talmhaíochta a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis:

(a)

na coinníollacha faoina meastar go bhfuil leibhéal comhionann comhréireachta ag táirgí allmhairithe le caighdeáin mhargaíochta an Aontais agus le coinníollacha lena bhféadfar maolú ó Airteagal 74;

(b)

na rialacha maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán margaíochta ar tháirgí a onnmhairítear ón Aontas.

Airteagal 90

Forálacha speisialta i gcás allmhairí fíona

1.   Ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE, beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh sonrúchán tionscnaimh agus tásca geografacha agus lipéadú fíona atá leagtha amach i Roinn 2 den Chaibidil seo, agus sna sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 78 den Rialachán seo, maidir le táirgí a allmhairítear isteach san Aontas agus a thagann faoi chóid AC 2009 61, 2009 69 agus 2204.

2.   Ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE, déanfar táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tháirgeadh i gcomhréir le cleachtais fíoneolaíocha atá údaraithe ag an Aontas de bhun an Rialacháin seo nó, sula ndeonaítear an t-údárú de bhun Airteagal 80(3), déanfar iad a tháirgeadh i gcomhréir le cleachtais fíoneolaíocha atá molta agus foilsithe ag an OIV.

3.   Beidh allmhairiú na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir an méid seo a leanas a thíolacadh:

(a)

deimhniú lena léirítear go gcomhlíontar na forálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ar deimhniú é arna tharraingt suas ag comhlacht inniúil a bheidh san áireamh ar liosta a phoibleoidh an Coimisiún, i dtír thionscnaimh an táirge;

(b)

tuarascáil anailíse arna tarraingt suas ag comhlacht arna cheapadh nó roinn arna ceapadh ag tír thionscnaimh an táirge, a mhéid is atá an táirge ceaptha lena chaitheamh go díreach ag an duine.

Roinn 5

Forálacha coiteanna

Airteagal 91

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh:

(a)

lena mbunaítear liosta an bhainne agus na dtáirgí bainne dá dtagraítear sa dara mír de phointe 5 de Chuid III d'Iarscríbhinn VII, mar aon le liosta na saillte inleata dá dtagraítear i bpointe (a) den séú mír de Chuid VII d'Iarscríbhinn VII, ar bhonn liostaí táscacha táirgí a measann Ballstáit go gcomhfhreagraíonn siad ina gcríocha do na forálacha sin agus ar liostaí iad a sheolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún;

(b)

lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán margaíochta de réir earnála nó de réir táirge;

(c)

lena leagtar síos rialacha chun a chinneadh ar cuireadh próisis a sháraíonn na cleachtais údaraithe fhíoneolaíocha i bhfeidhm ar tháirgí;

(d)

lena leagtar síos rialacha do na modhanna anailíse chun saintréithe táirgí a chinneadh;

(e)

lena leagtar síos rialacha maidir leis an leibhéal lamháltais a shocrú;

(f)

lena leagtar síos rialacha chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 89 a chur chun feidhme;

(g)

lena leagtar síos rialacha maidir le haithint nó clárú an táirgeora agus/nó na saoráidí tionsclaíocha inar ullmhaíodh nó inar próiseáladh an táirge, na nósanna imeachta deimhniúcháin agus na doiciméid tráchtála, na doiciméid tionlacain agus na taifid a choimeádfar.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 2

Sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona

Foroinn 1

Forálacha tosaigh

Airteagal 92

Raon Feidhme

1.   Beidh feidhm ag rialacha a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta atá leagtha síos sa Roinn seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear i míreanna 1, 3 go 6, 8, 9, 11, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII.

2.   Bunófar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 ar na nithe seo a leanas:

(a)

leasanna dlisteanacha tomhaltóirí agus táirgeoirí a chosaint;

(b)

feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh sna táirgí i gceist a áirithiú; agus

(c)

táirgeadh táirgí ardchaighdeáin dá dtagraítear sa Roinn seo a chur chun cinn agus bearta maidir le beartais náisiúnta cháilíochta a cheadú ag an am céanna.

Foroinn 2

Sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

Airteagal 93

Sainmhínithe

1.   Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaionn "sonrúchán tionscnaimh" ainm réigiúin, ainm áite faoi leith nó i gcásanna eisceachtúla a bhfuil call cuí leo, ainm tíre, a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar tháirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1) a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

timpeallacht gheografach ar leith agus gnéithe dúchasacha nádúrtha agus daonna na timpeallachta sin is cúis, go bunúsach nó go heisiach, le cáilíocht agus saintréithe an táirge;

(ii)

is ón limistéar geografach sin amháin a thagann na fíonchaora óna dtáirgtear é;

(iii)

táirgtear é sa limistéar geografach sin; agus

(iv)

faightear é ó chineálacha fíniúna Vitis vinifera;

(b)

ciallóidh "tásc geografach" tásc a dhéanann tagairt do réigiún, d'áit faoi leith, nó i gcásanna eisceachtúla agus a bhfuil údar cuí leo, do thír, a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar tháirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1) a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

tá cáilíocht faoi leith, cáil nó saintréithe eile aige is féidir a chur i leith an tionscnaimh gheografaigh sin;

(ii)

is ón limistéar geografach sin amháin a thagann 85 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáideadh lena tháirgeadh;

(iii)

táirgtear é sa limistéar geografach sin; agus

(iv)

faightear é ó fhíniúna den chineál Vitis vinifera nó ó fhíniúna a fhaightear nuair a chrosáiltear fíniúna den speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis.

2.   Beidh logainmneacha áirithe a úsáidtear go traidisiúnta ina sonrúchán tionscnaimh:

(a)

má shonraíonn siad fíon;

(b)

má thagraíonn siad d'ainm geografach;

(c)

má chomhlíonann siad na ceanglais dá dtagraítear i mír 1(a)(i) go (iv); agus

(d)

má chuirtear an nós imeachta i bhfeidhm orthu lena dtugtar cosaint do shonrúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo.

3.   Beidh sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, lena n-áirítear cinn a bhaineann le limistéir gheografacha i dtríú tíortha, cáilithe chun cosaint a fháil san Aontas i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo.

4.   Clúdóidh an 'táirgeadh' dá dtagraítear i bpoint (a)(iii) de mhír 1 gach oibríocht a bheidh bainteach, ó bhaint na bhfíonchaora go dtí críoch na bpróiseas déanta fíona, ach amháin na próisis iartháirgthe.

5.   Chun críche chur i bhfeidhm phointe (b)(ii) de mhír 1, eascróidh an sciar uasta de 15 % na bhfíonchaora ar féidir leo teacht de bhunadh a bheidh lasmuigh den limistéar críochaithe ón mBallstát nó ón tríú tír ina bhfuil an limistéar críochaithe suite.

Airteagal 94

Iarratais ar chosaint

1.   Ní mór comhad teicniúil ina mbeidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht le hiarratais ar chosaint ainmneacha mar shonrúcháin tionscnaimh nó mar thásca geografacha:

(a)

an t-ainm atá le cosaint;

(b)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(c)

sonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2; agus

(d)

doiciméad aonair ina ndéantar achoimre ar an tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2.

2.   Cuirfidh an tsonraíocht táirge ar chumas páirtithe leasmhara dálaí ábhartha táirgthe i ndail leis an sonrúchán tionscnaimh nó an táisc gheografaigh a fhíorú.

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tsonraíocht táirge:

(a)

an t-ainm atá le cosaint;

(b)

tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

(i)

cur síos ar a bpríomhthréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh acu;

(ii)

cur síos ar a bpríomhthréithe anailíseacha mar aon le meastóireacht nó tásc ar a dtréithe orgánaileipteacha i gcás fíonta a bhfuil tásc geografach acu;

(c)

nuair is infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáideadh chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh mar aon leis na srianta ábhartha maidir le déanamh an fhíona nó na bhfíonta;

(d)

teorainneacha an limistéir gheografaigh lena mbaineann;

(e)

an táirgeacht uasta in aghaidh an heicteáir;

(f)

tásc faoin gcineál fíonchaoire nó faoi na cineálacha fíonchaoire óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta;

(g)

na mionsonraí a dhearbhaíonn an nasc dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó, de réir an cháis, i bpointe (b)(i) d'Airteagal 93(1);

(h)

na ceanglais is infheidhme arna leagan síos i reachtaíocht an Aontais nó i reachtaíocht náisiúnta, nó nuair a dhéanann Ballstát foráil amhlaidh, ag eagraíocht a bhainistíonn an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, ag féachaint dó go mbeidh na ceanglais sin oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach agus ag luí le dlí an Aontais;

(i)

ainmneacha agus seoltaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí a fhíoraíonn gur comhlíonadh forálacha na sonraíochta táirge agus a gcuid cúraimí sonracha.

3.   I gcás ina mbaineann an t-iarratas ar chosaint le limistéar geografach i dtríú tír, beidh istigh ann, i dteannta na nithe dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2, cruthúnas go bhfuil an t-ainm lena mbaineann faoi chosaint ina thír thionscnaimh.

Airteagal 95

Iarratasóirí

1.   Féadfaidh aon ghrúpa leasmhar táirgeoirí, nó táirgeoir aonair i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, cur isteach ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh. Féadfaidh páirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh san iarratas.

2.   Féadfaidh táirgeoirí cur isteach ar chosaint i gcomhair na bhfíonta a tháirgeann siad féin agus ina gcomhair siúd amháin.

3.   Féadfar comhiarratas a thíolacadh i gcás ainm a shonraíonn limistéar geografach trasteorann nó ainm traidisiúnta a bhaineann le limistéar geografach trasteorann.

Airteagal 96

Réamh-nós imeachta náisiúnta

1.   Iarratais ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh d'fhíonta a thionscnaítear san Aontas, beidh siad faoi réir réamh-nós imeachta náisiúnta.

2.   Déanfar an t-iarratas ar chosaint a chomhdú sa Bhallstát sin a dtionscnaíonn an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach ina chríocha.

3.   Scrúdóidh an Ballstát an t-iarratas ar chosaint le fíorú an gcomhlíonann sé na coinníollacha atá leagtha amach san Fhoroinn seo.

Leanfaidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta lena gcinnteofar go bhfoilseofar an t-iarratas go leordhóthanach agus lena ndéantar foráil do thréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta fhoilsiú an iarratais ina bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige sa chás agus atá ina chónaí nó bunaithe ar chríocha an Bhallstáit agóid a dhéanamh in aghaidh na cosanta atá beartaithe trí ráiteas a bhfuil bonn maith údair leis a thaisceadh leis an mBallstát.

4.   Má mheasann an Ballstát atá ag déanamh measúnú ar an iarratas nach gcomhlíonann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach na coinníollacha a leagtar síos san Fhoroinn seo nó nach bhfuil sé ag luí le dlí an Aontais, diúltóidh sé an t-iarratas.

5.   Má mheasann an Ballstát atá ag déanamh measúnú ar an iarratas go gcomhlíontar na ceanglais, leanfaidh sé nós imeachta náisiúnta lena gcinnteofar go bhfoilseofar an tsonraíocht táirge go leordhóthanach ar a laghad ar an Idirlíon agus go seolfar an t-iarratas chuig an gCoimisiún.

Airteagal 97

Grinnscrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún

1.   Fógróidh an Coimisiún don phobal an dáta a gcuirfear an t-iarratas isteach ar chosaint an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh.

2.   Scrúdóidh an Coimisiún na hiarratais ar chosaint dá dtagraítear in Airteagal 94 le féachaint an gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo.

3.   I gcás ina measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, maidir le foilseachán an doiciméid aonair dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 94(1) agus an tagairt d'fhoilsiú na sonraíochta táirge a rinneadh le linn an réamh-nós imeachta náisiúnta, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a fheidhmiú.

4.   I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 98

Nós imeachta agóide

Laistigh de dhá mhí ó dháta fhoilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1)(d), féadfaidh Ballstát nó tríú tír ar bith, nó duine nádúrtha nó dlítheanach ar bith a bhfuil leas dlisteanach aige agus, atá ina chónaí nó bunaithe i mBallstát eile seachas an ceann atá ag déanamh iarratais ar chosaint nó i dtríú tír, agóid a dhéanamh in aghaidh na cosanta atá beartaithe trí ráiteas cuí-réasúnaithe maidir leis na coinníollacha cáilitheachta mar atá siad leagtha síos san Fhoroinn seo a thíolacadh don Choimisiún.

I gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe i dtríú tíortha, tíolacfar an ráiteas sin, go díreach nó trí údaráis na tríú tíre lena mbaineann, laistigh den tréimhse dhá mhí dá dtagraítear sa chéad mhír.

Airteagal 99

Cinneadh maidir le cosaint

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó ag deireadh an nós imeachta agóide dá dtagraítear in Airteagal 98, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhmelena dtabharfar cosaint don sonrúchán tionscnaimh nó don tásc geografach a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo agus atá ag luí le dlí an Aontais, nó lena ndiúltófar don iarratasi gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 100

Comhainmneacha

1.   I gcás ainm a dtíolactar iarratas ina leith agus atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach le hainm atá cláraithe faoin Rialachán seo cheana, clárófar an t-ainm sin ag tabhairt aird chuí ar an gcaoi a n-úsáidtear é go traidisiúnta agus go háitiúil agus ar aon bhaol mearbhaill a d'fhéadfadh a bheith ann.

Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuireann an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreideann sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn fad is a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí sin.

Ní fhéadfar ainm comhainmneach cláraithe a úsáid ach amháin más leor an t-idirdhealú sa chleachtas idir an t-ainm atá sa chlár cheana féin agus an comhainm a cláraíodh ina dhiaidh sin, ag féachaint don ghá atá ann caitheamh go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus an gá atá ann gan an tomhaltóir a chur amú.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 mutatis mutandis má tá ainm a bhfuil iarratas tíolactha ina leith, comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le tásc geografach atá faoi chosaint faoi dhlí náisiúnta na mBallstát.

3.   I gcás ina bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint in ainm cineáil fíonchaor nó inarb é sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint atá san ainm sin, ní úsáidfear an t-ainm sin chun táirgí talmhaíochta a lipéadú.

Chun na cleachtais lipéadaithe atá ann cheana a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos eisceachtaí ón riail sin.

4.   Beidh cosaint sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha táirgí atá cumhdaithe ag Airteagal 93 den Rialachán seo gan dochar do na tásca geografacha faoi chosaint a bhfuil feidhm acu maidir le deochanna biotáileacha mar atá siad sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31).

Airteagal 101

Forais bhreise maidir le diúltú cosanta

1.   Ní dhéanfar ainm a tháinig chun bheith cineálach a chosaint mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach.

Chun críocha na Roinne seo, ciallóidh "ainm a tháinig chun bheith cineálach" ainm fíona, agus bíodh is go mbaineann sé leis an áit nó an réigiún inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge sin ar dtús, is ainm coitianta fíona anois é san Aontas.

Le suíomh cibé atá ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil cuirfear na tosca ábhartha san áireamh, go háirithe:

(a)

an staid mar atá sé san Aontas, go mór mór i réimsí tomhaltais;

(b)

dlí ábhartha an Aontais nó an reachtaíocht ábhartha náisiúnta.

2.   Ní dhéanfar ainm a chosaint mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, go bhféadfadh an chosaint sin an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht an fhíona.

Airteagal 102

An gaol le trádmharcanna

1.   Maidir le trádmharc a chlárú arb é atá ann sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach faoi chosaint nó ina bhfuil an sonrúchán sin nó an tásc sin ann agus nach gcomhlíonann an sonrúchán táirge lena mbaineann, nó a dtig a úsáid faoi Airteagal 103(2) agus a bhaineann le táirge a thig faoi cheann de na catagóirí atá liostaithe faoi Chuid II d'Iarscríbhinn VII:

(a)

diúltófar é má chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an trádmhairc i ndiaidh an dáta ar cuireadh isteach iarratas ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh chuig an gCoimisiún agus má chosnaítear an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach ina dhiaidh sin, nó

(b)

cuirfear ó bhail é.

2.   Gan dochar d'Airteagal 101(2), maidir le trádmharc dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus a ndearnadh iarratas ina leith, nó a cláraíodh nó a bunaíodh trína úsáid de mheon macánta, agus má dhéantar foráil don fhéidearthacht sin sa dlí lena mbaineann i gcríoch an Aontais roimh an dáta a gcosnófar an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sa tír tionscnaimh, nó roimh an 1 Eanáir 1996, féadfar leanúint dá úsáid agus dá athnuachan d'ainneoin cosanta sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh, ar choinníoll nach bhfuil aon fhoras ann go mbeadh an trádmharc neamhbhailí nó go n-aisghairfí é faoi Threoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) nó i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (33).

Sna cásanna sin féadfar an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach a úsáid taobh leis na trádmharcanna ábhartha.

Airteagal 103

Cosaint

1.   Féadfaidh aon oibreoir atá ag margú fíona sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint a úsáid má táirgeadh an fíon i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.

2.   Déanfar sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint agus an fíon a úsáideann an t-ainm sin faoi chosaint i gcomhréir leis na sonraíochtaí táirge a chosaint in aghaidh:

(a)

aon úsáide tráchtála dírí nó indírí an ainm sin faoi chosaint:

(i)

do tháirgí inchomparáide nach gcomhlíonann sonraíocht táirge an ainm faoi chosaint;

(ii)

a mhéid is a bhaineann an úsáid sin leas as an gcáil atá ag sonrúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach;

(b)

aon mhí-úsáide, aithrise nó tabhartha chun cuimhne, fiú má shonraítear fíorthionscnamh an táirge nó na seirbhíse nó má aistrítear, má thrascríobhtar nó má thraslitrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn mar "stíl", "cineál", "modh", "mar a tháirgtear i", "aithris", "blas", "cosúil" nó nath éigin dá samhail leis;

(c)

aon táisc bhréagaigh nó mhíthreoraigh eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe fíona, agus pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d'fhéadfadh barúil bhréige a thabhairt faoina thionscnamh;

(d)

ar chleachtas ar bith eile a d'fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

3.   Ní thiocfaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint chun bheith cineálach san Aontas de réir bhrí Airteagal 101(1).

Airteagal 104

An Clár

Bunóidh agus coimeádfaidh an Coimisiún clár leictreonach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint i gcomhair fíona agus beidh rochtain ag an bpobal air. Féadfar sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann a chlárú sa chlár. Clárófar ainmneacha den sórt sin sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint, ach amháin má sainaithníodh iad go sonrach sa chomhaontú sin mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint faoin Rialachán seo.

Airteagal 105

Leasuithe ar shonraíochtaí táirgí

Féadfaidh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95 cur isteach ar fhormheas i gcomhair leasú a dhéanamh ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásc gheografaigh faoi chosaint aige, go háirithe chun forbairtí in eolas teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh nó chun an limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (d) den dara fomhír d'Airteagal 94(2) a athchríochú. Tabharfar tuairisc sna hiarratais ar na leasuithe sin agus luafar na cúiseanna atá leo.

Airteagal 106

Cealú

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, cinneadh a dhéanamh, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealófar cosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh a chealú mura n-áirithítear go gcomhlíontar an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach a thuilleadh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 107

Ainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin

1.   Ainmneacha fíonta dá dtagraítear in Airteagal 51 agus in Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle (34) agus in Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 753/2002 ón gCoimisiún (35),beidh siad cosanta go huathoibríochfaoin Rialachán seo. Liostóidh an Coimisiún iad sa chlár dá ndéantar foráil in Airteagal 104 den Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an beart comhfhreagrach foirmeálta, eadhon ainmneacha fíonta a bhfuil feidhm ag Airteagal 118s(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1234/2007 maidir leo a bhaint den chlár dá bhforáiltear in Airteagal 81 den Rialachán seo trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 106 maidir le hainmneacha cosanta fíonta atá ann cheana agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Go dtí an 31 Nollaig 2014 féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealófar cosaint ainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mura gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 93.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

4.   I gcás na Cróite, beidh na hainmneacha fíonta a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh  (36) cosanta faoin Rialachán seo, faoi réir toraidh fhabhraigh a bheith ann ar an nós imeachta agóide. Liostóidh an Coimisiún iad sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 81.

Airteagal 108

Táillí

Féadfaidh Ballstáit táillí a ghearradh chun a gcostais a chlúdach, lena n-áirítear na cinn a thabhaíonn siad ag scrúdú iarratas um chosaint, ráiteas agóide, iarratas ar leasuithe agus iarrataí ar chealuithe faoin bhForoinn seo.

Airteagal 109

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun saintréithe sonrachasaintréithe sonracha an táirgthe sa limistéar geografach críochaithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiúngníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos s:

(a)

na critéir bhreise maidir le críochú an limistéir gheografaigh a ghlacadh, agus

(b)

na srianta agus na maoluithe maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe.

2.   Chun saintréithe sonracha an táirgthe sa limistéar geografach críochaithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir ceanglais bhreise a áireamh sna sonrúcháin táirge.

3.   Chun cosaint cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí agus na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid a leanas:

(a)

an cineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh;

(b)

na coinníollacha atá le comhlíonadh i ndáil le hiarratas ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh, grinnscrúdú a dhéanann an Coimisiún, an nós imeachta agóide, agus nós imeachta maidir le leasú, cealú agus tiontú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint;

(c)

na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais trasteorann;

(d)

na coinníollacha i gcomhair iarratas a bhaineann le limistéir gheografacha i dtríú tír;

(e)

an dáta óna mbeidh feidhm ag cosaint nó ag leasú ar chosaint;

(f)

na coinníollacha a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí.

4.   Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le srianta i ndáil leis an ainm faoi chosaint.

5.   Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir le srianta i ndáil leis an ainm faoi chosaint. Chun a áirithiú nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm na Foroinne seo dochar míchuí d'oibreoirí eacnamaíocha ná d'údaráis inniúla a mhéid is a bhaineann le hainmneacha fíonta dár deonaíodh cosaint roimh an 1 Lúnasa 2009 nó a ndearnadh iarratas ar chosaint ina leith roimh an dáta sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos rialacha idirthréimhseacha i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

ainmneacha fíonta a d'aithnigh Ballstáit mar shonrúcháin tionscnaimh nó mar thásca geografacha faoin 1 Lúnasa 2009 agus ainmneacha fíonta a ndearnadh iarratas ar chosaint ina leith roimh an dáta sin;

(b)

fíonta a cuireadh ar an margadh nó a lipéadaíodh roimh dháta sonrach;

(c)

leasuithe ar na sonraíochtaí táirgí.

Airteagal 110

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síosna bearta riachtanacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis atá le soláthar sa tsonraíocht táirge maidir leis an nasc idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh;

(b)

cinntí maidir le cosaint nó diúltú a chur ar fáil don phobal;

(c)

an clár dá dtagraítear in Airteagal 104 a bhunú agus a choimeád;

(d)

an tiontú ó shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint go tásc geografach faoi chosaint;

(e)

iarratais trasteorann a chur isteach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta riachtanachamaidir leis an nós imeachta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint nó le haghaidh leasú ar shonrúchán tionscnaimh nó ar thásc geografach a fhormheas, chomh maith leis an nós imeachta le haghaidh iarrataí ar agóid, ar chealú, nó ar thiontú, agus le haghaidh faisnéis a chur isteach a bhaineann le hainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin, go háirithe maidir le:

(a)

teimpléid do dhoiciméid agus an fhormáid ina dtarchuirfear iad;

(b)

teorainneacha ama;

(c)

mionsonraí na bhfíoras, na fianaise agus na ndoiciméad tacaíochta atá le cur isteach chun tacú le hiarratas nó le hiarraidh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 111

Cumhachtaí cur chun feidhme eile

I gcás ina measfar agóid a bheith neamh-inghlactha, glacfaidh an Coimisiún ghníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar í a toisc í a bheith neamh-inghlactha. Glacfar an gniomh cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3))a fheidhmiú.

Foroinn 3

Téarmaí traidisiúnta

Airteagal 112

Sainmhíniú

Ciallaíonn "téarma traidisiúnta" téarma a úsáidtear go traidisiúnta i mBallstáit i gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 92(1):

(a)

le sonrú go bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ag an táirge sin faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta;

(b)

leis an modh táirgthe nó an modh aosaithe, nó cáilíocht nó dath an táirge, nó cineál áite nó imeacht faoi leith a bhfuil baint aici le stair an táirge a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint aige a shonrú.

Airteagal 113

Cosaint

1.   Ní fhéadfar téarma traidisiúnta faoi chosaint a úsáid ach amháin i gcomhair táirge a táirgeadh i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 112(1).

Cosnófar téarmaí traidisiúnta in aghaidh úsáide neamhdhleathaí.

2.   Ní chosnófar téarmaí traidisiúnta i gcoinne na nithe seo a leanas ach amháin sa teanga agus sna catagóirí táirgí fíniúnacha a éilítear ar an iarratas:

(a)

mí-úsáid an téarma atá faoi chosaint, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil nath amhail 'stíl', 'cineál', 'modh', 'faoi mar a tháirgtear i', 'aithris', 'blas', 'cosúil le' nó nath ar a chuma ag gabháil leis;

(b)

aon táisc bhréagaigh nó mhíthreoraigh eile maidir le nádúr, saintréithe nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, a chuirtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis;

(c)

aon chleachtas eile ar dóigh dó tomhaltóirí a chur amú, go háirithe lena thabhairt le tuiscint go bhfuil an fíon incháilithe le haghaidh an téarma thraidisiúnta faoi chosaint.

3.   Ní thiocfaidh téarmaí traidisiúnta chun bheith cineálach san Aontas.

Airteagal 114

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le teanga agus litriú an téarma traidisiúnta atá le cosaint.

2.   Chun cosaint cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí agus na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagfar amach:

(a)

na cineálacha iarratasóirí a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint téarma traidisiúnta;

(b)

coinníollacha bailíochta iarratais ar chosaint téarma traidisiúnta;

(c)

na forais le hagóid a dhéanamh i gcoinne aitheantais bheartaithe le haghaidh téarma traidisiúnta;

(d)

raon feidhme na cosanta, an gaol le trádmharcanna, téarmaí traidisiúnta faoi chosaint, sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint, comhainmneacha, nó ainmneacha áirithe fíonchaor;

(e)

na forais le cealú téarma traidisiúnta;

(f)

an dáta a gcuirfear isteach iarratas nó iarraidh ar agóid nó ar chealú;

(g)

na nósanna imeachta atá le leanúint i ndáil le hiarratas ar chosaint téarma traidisiúnta, lena n-áirítear grinnscrúdú atá le déanamh ag an gCoimisiún, na nósanna imeachta agóide agus na nósanna imeachta maidir le cealú agus modhnú.

3.   Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na coinníollacha faoina bhféadfar téarmaí traidisiúnta a úsáid ar tháirgí ó thríú tíortha agus lena bhforálfar do mhaoluithe ó Airteagal 112 agus Airteagal 113.

Airteagal 115

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síosna bearta riachtanacha maidir leis an nós imeachta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint nó le haghaidh modhnú ar théarma traidisiúnta a fhormheas, chomh maith leis an nós imeachta le haghaidh iarrataí ar agóid nó ar chealú, go háirithe maidir le:

(a)

teimpléid do dhoiciméid agus an fhormáid ina dtarchuirfear iad;

(b)

teorainneacha ama;

(c)

mionsonraí na bhfíoras, na fianaise agus na ndoiciméad tacaíochta atá le cur isteach chun tacú leis an iarratas nó leis an iarraidh;

(d)

rialacha mionsonraithe maidir le téarmaí traidisiúnta faoi chosaint a chur ar fáil don phobal.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena nglacfar le hiarratas ar chosaint téarma traidisiúnta nó lena ndiúltófar an t-iarratas sin nó lena nglacfar le hiarraidh ar mhodhnú an téarma faoi chosaint nó ar chosaint téarma traidisiúnta a chealú nó lena ndiúltofar an iarraidh sin.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhmelena bhforáilfear go gcosnófar téarmaí traidisiúnta ar glacadh leis an iarratas ar chosaint ina leith, go háirithe trína n-aicmiú i gcomhréir le hAirteagal 112 agus trí shainmhíniú agus/nó na coinníollacha úsáide a fhoilsiú.

4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 116

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

I gcás ina measfar agóid a bheith neamh-inghlactha, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena ndiúltofar ítoisc í a bheith neamh-inghlactha. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a fheidhmiú.

Roinn 3

Lipéadú agus cur i láthair in earnáil an fhíona

Airteagal 117

Sainmhíniú

Chun críocha na Roinne seo:

(a)

ciallaionn "lipéadú" aon fhocail, sonraí, trádmharcanna, ainm branda, ábhar pictiúrtha nó siombail a chuirtear ar aon phacáistiú, doiciméad, fógra, lipéad, fáinne nó coiléar a ghabhann le táirge faoi leith nó a thagraíonn dó;

(b)

ciallaíonn "cur i láthair" aon fhaisnéis a chuirtear in iúl do thomhaltóirí de bhua phacáistiú an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear cruth agus cineál na mbuidéal.

Airteagal 118

Infheidhmeacht rialacha cothrománacha

Ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag Treoir 89/396/CEE ón gComhairle (37), Treoir 2000/13/CE, Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), Treoir 2008/95/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir leis an lipéadú agus an cur i láthair.

Ní fheádfar cur le lipéadú na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII trí aon sonraíochtaí seachas iadsan dá bhforáiltear sa Rialachán seo mura gcomhlíonfaidh na sonraíochtaí sin riachtanais Threoir 2000/13/CE nó Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

Airteagal 119

Sonraí éigeantacha

1.   Beidh na sonraí éigeantacha seo a leanas ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII agus a mhargaítear san Aontas nó atá le honnmhairiú:

(a)

an sonrúchán le haghaidh chatagóir an táirge fíniúna i gcomhréir le Cuid II d'Iarscríbhinn VII;

(b)

i gcomhair fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu:

(i)

an téarma "sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint" nó "tásc geografach faoi chosaint";

(ii)

ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint;

(c)

an neart alcóil iarbhír de réir toirte;

(d)

tásc maidir le foinse;

(e)

tásc maidir leis an mbuidéalaí nó, i gcás fíona shúilínigh, fíona shúilínigh aeraithe, fíona shúilínigh ardchaighdeáin, nó fíona shúilínigh aramataigh ardchaighdeáin, ainm an táirgeora nó an díoltóra;

(f)

tásc maidir leis an allmhaireoir i gcás fíonta allmhairithe;

(g)

i gcás fíona shúilínigh, fíona shúilínigh aeraithe, fíona shúilínigh ardchaighdeáin, nó fíona shúilínigh aramataigh ardchaighdeáin, tásc maidir leis an gcion siúcra.

2.   De mhaolú ar mhír 1(a) féadfar an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár i gcás fíonta a bhfuil ainm sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografach faoi chosaint ar áireamh ar a lipéid.

3.   De mhaolú ar mhír 1(b) féadfar an tagairt do na téarmaí "sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint" nó "tásc geografach faoi chosaint" a fhágáil ar lár sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil téarma traidisiúnta atá i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 112 le feiceáil ar an lipéad i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 94(2);

(b)

in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 227 chun go n-áiritheofar go gcomhlíontar cleachtais lipéadaithe atá ann cheana.

Airteagal 120

Sonraí roghnacha

1.   Féadfaidh na sonraí roghnacha seo a leanas a bheith ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII:

(a)

bliain fhómhar an fhíona;

(b)

ainm chineál fíonchaoire amháin nó níos mó;

(c)

i gcás fíonta seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 119(1), téarmaí lena léirítear an cion siúcra;

(d)

i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, téarmaí traidisiúnta i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 112;

(e)

siombail an Aontais lena léirítear an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint;

(f)

téarmaí lena dtagraítear do mhodhanna áirithe táirgthe;

(g)

i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, ainm aonaid gheografaigh eile atá níos lú nó níos mó ná an limistéar atá i gceist leis an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach.

2.   Gan dochar d'Airteagal 100(3), maidir le húsáid na sonraí dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b) den Airteagal seo i gcás fíonta gan sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint:

(a)

tabharfaidh Ballstáit isteach dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin lena áirithiú go mbeidh nósanna imeachta maidir le deimhniú, formheas agus fíorú ann lena ráthú gur fíor an fhaisnéis lena mbaineann;

(b)

féadfaidh Ballstáit, ar bhonn critéar neamh-idirdhealaitheach agus oibiachtúil agus aird chuí á tabhairt ar iomaíocht chothrom, liostaí de na cineálacha sin fíonchaor a eisiatar a tharraingt suas i gcomhair fíona a tháirgtear ó chineálacha fíonchaor ina gcríocha, sna cásanna seo a leanas go háirithe:

(i)

má tá riosca ann go gcuirfear mearbhall ar thomhaltóirí maidir le fíorthionscnamh an fhíona toisc go bhfuil an cineál fíonchaoire sin ina dhlúthchuid de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint atá ann cheana;

(ii)

más rud é nach mbeadh seiceálacha éifeachtach ó thaobh costais de toisc gur cuid an-bheag d'fhíonghort an Bhallstáit an cineál fíonchaoire sin;

(c)

ní chuirfear ainm an chineáil fíonchaoire ar an lipéad má mheasctar fíonta ó Bhallstáit éagsúla ach amháin má aontaíonn na Ballstáit lena mbaineann a mhalairt agus má áirithíonn siad go bhfuil na nósanna imeachta ábhartha maidir le deimhniú, formheas agus fíorú indéanta.

Airteagal 121

Teangacha

1.   Beidh na sonraí éigeantacha agus na sonraí roghnacha dá dtagraítear in Airteagal 119 agus Airteagal 120 le feiceáil i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais nó níos mó i gcás ina gcuirtear in iúl i bhfocail iad.

2.   D'ainneoin mhír 1 beidh ainm sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint nó téarma traidisiúnta mar a thagraítear dóibh i bpointe (b) d'Airteagal 112 le feiceáil ar an lipéad sa teanga nó sna teangacha lena mbaineann an chosaint. I gcás sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint nó sonrúcháin shonraigh náisiúnta scríofa in aibítir nach aibítir Laidineach í, féadfar an t-ainm a thaispeáint freisin i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais.

Airteagal 122

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun saintréithe sonracha na hearnála fíona a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le rialacha agus srianta i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)

cur i láthair agus úsáid sonraí lipéadaithe seachas na cinn dá bhforáiltear sa Roinn seo;

(b)

sonraí éigeantacha maidir le:

(i)

téarmaí atá le húsáid chun na sonraí éigeantacha agus coinníollacha úsáide na sonraí sin a fhoirmliú;

(ii)

téarmaí lena dtagraítear do ghabháltas agus coinníollacha úsáide na dtéarmaí sin;

(iii)

forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí éigeantacha a leagan síos;

(iv)

forálacha lena n-údaraítear maoluithe breise i dteannta na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 119(2) maidir leis an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár; agus

(v)

forálacha ar úsáid teangacha;

(c)

sonraí roghnacha maidir le:

(i)

téarmaí atá le húsáid chun na sonraí roghnacha agus coinníollacha úsáide na sonraí sin a fhoirmliú;

(ii)

forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí roghnacha a leagan síos;

(d)

an cur i láthair:

(i)

coinníollacha úsáide cruthanna áirithe buidéal, agus liosta de chruthanna sonracha buidéal ar leith;

(ii)

coinníollacha úsáide buidéal agus iamh den chineál a úsáidtear i gcomhair fíona shúilínigh;

(iii)

forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le cur i láthair a leagan síos;

(iv)

forálacha ar úsáid teangacha;

2.   Chun cosaint leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le lipéadú agus cur i láthair sealadach fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach acu, i gcás ina gcomhlíonann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin na ceanglais is gá.

3.   Chun leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le forálacha idirthréimhseacha maidir le fíonta a chuirtear ar an margadh agus atá lipéadaithe i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Lúnasa 2009.

4.   Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le maoluithe ón Roinn seo i ndáil le táirgí atá le honnmhairiú i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 123

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos na bearta riachtanacha maidir leis na nósanna imeachta agus na critéir theicniúla is infheidhme maidir leis an Roinn seo, lena n-áirítear na bearta riachtanach do na nósanna imeachta deimhniúcháin, formheasta agus fíoraithe atá infheidhme maidir le fíonta nach bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

CAIBIDIL II

Forálacha sonracha d'earnálacha indibhidiúla

Roinn 1

Siúcra

Airteagal 124

Fad

Cé is moite d'Airteagal 125 agus Airteagal 126, beidh feidhm ag an Roinn seo go dtí deireadh na bliana margaíochta 2016/2017.

Foroinn 1

Bearta sonracha

Airteagal 125

Comhaontuithe in earnáil an tsiúcra

1.   Is trí chomhaontuithe scríofa a dhéanfar laistigh den earnáil idir, ar láimh amháin, saothraithe Aontais biatais siúcra agus siúcra cána, nó na heagraíochtaí a bhfuil ballraíocht acu iontu a ndéanfar thar a son iad, agus, ar an láimh eile, gnóthais siúcra Aontais nó na heagraíochtaí a bhfuil ballraíocht acu iontu a ndéanfar thar a son iad, a rialófar na téarmaí maidir le ceannach biatiais siúcra agus siúcra cána, lena n-áirítear conarthaí réamhchurtha seachadta.

2.   Comhaontuithe a dhéanfar laistigh den earnáil faoi mar atá tuairisc orthu i bpointe 6 de Roinn A de Chuid II d'Iarscríbhinn II, tabharfaidh na gnóthais fógra fúthu d'údaráis inniúla an Bhallstáit ina dtáirgeann siad siúcra.

3.   Amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2017, beidh na comhaontuithe a dhéanfar laistigh den earnáil i gcomhréir leis na téarmaí ceannaigh atá leagtha síos in Iarscríbhinn X.

4.   Chun saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra agus forbairt na hearnála sa tréimhse i ndiaidh dheireadh na gcuótaí táirgeachta a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 le go ndéanfaí an méid seo a leanas:

(a)

nuashonrú na dtéarmaí dá dtagraítear i Roinn A de chuid II d'Iarscríbhinn II;

(b)

nuashonrú na dtéarmaí ceannaigh do bhiatais dá dtagraítear in Iarscríbhinn X;

(c)

tuilleadh rialacha a leagan síos maidir le cinntí i dtaca le hollmheáchan, táir agus cion siúcra biatais siúcra a sheachadtar chuig gnóthas chomh maith le rialacha maidir le laíon biatais.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, lena n-áirítear maidir le nósanna imeachta, fógraíocht, agus cúnamh riaracháin i gcás comhaontuithe a dhéantar laistigh den earnáil lena gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin. Glacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 126

Tuairisciú praghsanna i margadh an tsiúcra

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear córas chun praghsanna i margadh an tsiúcra a thuairisciú, lena n-áirítear socruithe chun leibhéil na bpraghsanna don mhargadh sin a fhoilsiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Beidh an córas dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar fhaisnéis a sholáthraíonn gnóthais a tháirgeann siúcra bán nó oibreoirí eile a bhfuil baint acu le trádáil siúcra. Déileálfar leis an bhfaisnéis seo mar fhaisnéis rúnda.

Áiritheoidh an Coimisiún nach bhfoilseofar praghsanna ar leith nó ainmneacha oibreoirí eacnamaíocha aonair.

Foroinn 2

Na ceanglais is infheidhme maidir le hearnáil an tsiúcra le linn na tréimhse dá dtagraítear in airteagal 124

Airteagal 127

Conarthaí seachadta

1.   I dteannta na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 125(1), beidh na comhaontuithe a dhéanfar laistigh den earnáil i gcomhréir leis na téarmaí ceannaigh atá leagtha síos in Iarscríbhinn XI.

2.   I gconarthaí seachadta, déanfar idirdhealú de réir ábhar an bhiatias siúcra óna ndéanfar na cainníochtaí siúcra a tháirgeadh, mar a leanas:

(a)

siúcra cuóta;

(b)

siúcra lasmuigh den chuóta.

3.   Cuirfidh gach gnóthas siúcra an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Bhallstát ina dtáirgeann sé an siúcra:

(a)

na cainníochtaí biatais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1a dá bhfuil conarthaí réamhchurtha seachadta déanta acu agus an cion siúcra a bhfuil na conarthaí sin bunaithe air;

(b)

an táirgeacht chomhfhreagrach mheasta.

Féadfaidh faisnéis bhreise a bheith ag teastáil ó Bhallstáit.

4.   Maidir le gnóthais siúcra nach bhfuil conarthaí réamhchurtha seachadta sínithe acu ar an bpraghas íosta i gcomhair biatais chuóta, dá dtagraítear in Airteagal 135, le haghaidh cainníochta biatais atá cothrom leis an méid siúcra a bhfuil cuóta acu dó, arna choigeartú, de réir an cháis, leis an gcomhéifeacht i gcomhair tarraingt siar choisctheach atá socraithe de bhun na chéad fomhíre d'Airteagal 130(2), beidh sé de cheangal ar na gnóthais sin an praghas íosta ar a laghad i gcomhair biatais chuóta a íoc i gcomhair an bhiatais siúcra go léir a ndéanfaidh siad a phróiseáil ina shiúcra.

5.   Féadfaidh comhaontuithe laistigh den earnáil maolú ar mhír 2, ar mhír 3 agus ar mhír 4, faoi réir fhormheas an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Mura bhfuil aon chomhaontuithe ann laistigh den earnáil, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá, arb iad na bearta atá ag luí leis an Rialachán seo, chun leas na bpáirtithe lena mbaineann a chosaint.

Airteagal 128

Muirear táirgthe

1.   Gearrfar muirear táirgthe ar an gcuóta siúcra, ar an gcuóta iseaglúcóis agus ar chuóta na síoróipe ionúiline atá ag gnóthais a tháirgeann siúcra, iseaglúcós nó síoróip ionúiline ar cuótaí iad dá dtagraítear in Airteagal 136(2).

2.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta le go socrófar an muirear táirgthe, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, le haghaidh an tsiúcra cuóta, an iseaglúcóis cuóta, agus an tsíoróip ionúiline cuóta dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 129

Aisíocaíocht ar tháirgeadh

1.   Féadfar aisíocaíocht ar tháirgeadh a dheonú i gcás táirgí earnáil an tsiúcra atá liostaithe i bpointí (b) go (e) de Chuid III d'Iarscríbhinn I más rud é nach bhfuil siúcra barrachais nó siúcra allmhairithe, iseaglúcós barrachais, nó síoróip ionúiline bharrachais ar fáil ar phraghas atá comhfhreagrach leis an bpraghas domhanda chun na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den dara fhomhír d'Airteagal 140(2) a mhonarú.

2.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir leis an aisíocaíocht ar tháirgeadh dá dtagraítear i mír 1 a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

Airteagal 130

Tarraingt siar siúcra

1.   Ionas go seachnófaí titim sna praghsanna sa mhargadh inmheánach agus go ndéanfar cásanna rótháirgthe a réiteach bunaithe ar réamh-mheastachán ar chothroime an tsoláthair, agus gealltanais an Aontais a thagann ó chomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-aistarraingítear ón margadh, do bhliain mhargaíochta tugtha, na cainníochtaí siúcra nó iseaglúcóis sin arna dtáirgeadh faoi chuótaí lena sáraítear an tairseach arna ríomh i gcomhréir le mír 2.

2.   Déanfar an tairseach maidir le tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 a ríomh, i gcomhair gach gnóthas a bhfuil cuóta aige, trína chuóta a mhéadú faoi chomhéifeacht. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena socraítear an chomhéifeacht sin do bhliain mhargaíochta tráth nach déanaí ná an 28 Feabhra den bhliain mhargaíochta roimhe sin, bunaithe ar threochtaí ionchais an mhargaidh.

Ar bhonn treochtaí an mhargaidh a bheith tugtha cothrom le dáta, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, faoin 31 Deireadh Fómhair sa bhliain mhargaíochta lena mbaineann, lena ndéanfar an chomhéifeacht a choigeartú, nó, i gcás nár socraíodh comhéifeacht de bhun na chéad fomhíre, lena socrófar an chomhéifeacht.

3.   Maidir le gach gnóthas a bhfuil cuóta aige siúcra arna tháirgiú faoin gcuóta atá os cionn na tairsí arna ríomh de réir mhír 2 a stóráil ar a gcostas féin go tús na bliana margaíochta dár gcionn. Glacfar leis na cainníochtaí siúcra, iseaglúcóis, nó síoróipe ionúiline a dhéantar a tharraingt siar le linn bliana margaíochta mar na chéad chainníochtaí a tháirgfear faoi chuóta na bliana margaíochta dár gcionn.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, agus treochtaí ionchais an mhargaidh shiúcra á gcur san áireamh, ar gníomhartha iad lena bhforáilfear, i gcás na bliana margaíochta reatha, na bliana margaíochta dár gcionn, nó an dá bhliain margaíochta, go meafar an siúcra, an t-iseaglúcós nó an tsíoróip ionúiline go léir a tarraingíodh siar nó cuid díobh mar a leanas:

(a)

mar shiúcra barrachais, mar iseaglúcós barrachais nó mar shíoróip ionúiline barrachais chun go ndéanfar siúcra tionsclaíoch, iseaglúcós tionsclaíoch nó síoróip ionúiline thionsclaíoch díobh; nó

(b)

mar tháirgeadh sealadach cuóta ar féidir cuid de a fhorchoimeád lena honnmhairiú agus gealltanais an Aontais á n-urramú, ar gealltanais iad a thagann ó chomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE.

4.   Más rud é nach bhfuil an soláthar siúcra san Aontas leordhóthanach, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ligtear cainníocht áirithe siúcra a tarraingíodh siar a dhíol ar mhargadh an Aontais roimh dheireadh na tréimhse tarraingthe siar.

5.   I gcás ina nglactar le siúcra a tarraingíodh siar mar chéad tháirgeadh siúcra na bliana margaíochta dár gcionn, is é praghas íosta na bliana margaíochta sin, dá dtagraítear in Airteagal 135 a íocfar leis na saothraithe biatais.

I gcás ina ndéantar siúcra tionsclaíoch de shiúcra a tarraingíodh siar nó ina n-onnmhairítear é i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) den dara fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag ceanglais Airteagal 135 maidir leis an bpraghas íosta.

I gcás ina ndíoltar siúcra a tarraingíodh siar ar mhargadh an Aontais roimh dheireadh na tréimhse tarraingthe siar i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, is é praghas íosta na bliana margaíochta reatha a íocfar leis na saothraithe biatais.

6.   Déanfar gníomhartha cur chun feidhme de bhun an Airteagail seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 131

Sásra maidir le bainistiú sealadach ar an margadh

1.   Le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 124, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá a ghlacadh d'fhonn a áirithiú go mbeidh soláthar leordhóthanach siúcra ag dul isteach i margadh an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Leis na bearta sin féadfar coigeartú a dhéanamh, don chainníocht agus don tréimhse ama is gá, ar leibhéal an dleachta is iníoctha ar shiúcra amh allmhairithe.

I gcomhthéacs an sásra maidir le bainistiú sealadach ar an margadh, glactar bearta maidir leis an tobhach barrachais ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena gcinnfear chainníocht iomchuí de shiúcra lasmuigh den chuóta agus de shiúcra amh allmhairithe arbh fhéidir í a chur ar mhargadh an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 132

Cumhachtaí tarmligthe

D'fhonn saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra a chur san áireamh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear leas na bpáirtithe go léir san áireamh mar is cuí, agus ó tharla gur gá aon suaitheadh sa mhargadh a chosc, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

téarmaí ceannaighagus conarthaí seachadta dá dtagraítear in Airteagal 127;

(b)

nuashonrú na dtéarmaí ceannaigh le haghaidh biatais dá dagraítear in Iarscríbhinn XI;

(c)

na critéir sin atá le cur i bhfeidhm ag gnóthais siúcra nuair atá cainníochtaí biatais atá le cumhdach ag conarthaí réamhchurtha seachadta dá dtagraítear in Airteagal 127(3)() á leithdháileadh i measc díoltóirí biatais.

Airteagal 133

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta is gáchun an Fhoroinn seo a chur i bhfeidhm, ar bearta iad a bhaineann le nósanna imeachta, ábhar agus critéir theicniúla.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Foroinn 3

Córas um tháirgeadh a rialú

Airteagal 134

Cuótaí in earnáil an tsiúcra

1.   Beidh feidhm ag córas cuótaí maidir le siúcra, iseaglúcós agus síoróip ionúiline.

2.   Maidir leis an gcóras chuótaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina sáraíonn táirgeoir an cuóta ábhartha agus nach mbaineann sé leas as na cainníochtaí barrachais dá bhforáiltear in Airteagal 139, beidh tobhach barrachais iníoctha ar a leithéid de chainníochtaí, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 139 go Airteagal 142.

Airteagal 135

Praghas íosta an bhiatais

Déanfaidh an Chomhairle praghas íosta an bhiatais chuóta a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

Airteagal 136

Leithdháileadh cuótaí

1.   Tá na cuótaí maidir le táirgeadh siúcra, iseaglúcóis agus síoróipe ionúiline ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach socraithe in Iarscríbhinn XII.

2.   Déanfaidh na Ballstáit cuóta a leithdháileadh ar gach gnóthas a tháirgeann siúcra, iseaglúcós agus síoróip ionúiline atá bunaithe ar a chríoch agus atá formheasta faoi Airteagal 137.

Maidir le gach gnóthas, beidh an cuóta a leithdháilfear air cothrom leis an gcuóta a leithdháileadh ar an ngnóthas don bhliain mhargaíochta 2010/2011 faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

3.   I gcás ina leithdháilfear cuóta ar ghnóthas siúcra a bhfuil breis agus aonad táirgthe amháin aige, glacfaidh na Ballstáit na bearta a mheasann siad a bheith riachtanach chun leas saothraithe biatais siúcra agus saothraithe cána siúcra a chur san áireamh go cuí.

Airteagal 137

Gnóthais fhormheasta

1.   Tabharfaidh Ballstáit formheas, arna iarraidh sin, do ghnóthas a tháirgeann siúcra, iseaglúcós nó síoróip ionúiline nó do ghnóthas a phróiseálann na táirgí sin agus a dhéanann táirgí díobh atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 140(2) ar choinníoll:

(a)

go gcruthaíonn an gnóthas go bhfuil an cumas gairmiúil aige é a tháirgeadh;

(b)

go gcomhaontaíonn an gnóthas go gcuirfidh sé aon fhaisnéis ar fáil agus go mbeidh sé faoi réir na rialuithe a bhaineann leis an Rialachán seo;

(c)

nach bhfuil an gnóthas faoi réir fhionraíocht nó tharraingt siar an fhormheasa.

2.   Cuirfidh na gnóthais fhormheasta an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Bhallstát ina ndéantar an biatas nó an cána a bhuaint nó ina ndéantar an mínghlanadh:

(a)

na cainníochtaí biatais nó cána ar tugadh conarthaí soláthair i gcrích ina leith, mar aon le táirgeacht mheasta chomhfhreagrach an bhiatais nó an chána, agus an tsiúcra in aghaidh an heicteáir;

(b)

sonraí maidir le seachadtaí sealadacha agus iarbhír biatais siúcra, cána siúcra agus siúcra amh, chomh maith le sonraí faoi tháirgeadh siúcra agus ráitis faoi stoic siúcra;

(c)

na cainníochtaí siúcra bháin a díoladh agus na praghsanna agus na coinníollacha comhfhreagracha.

Airteagal 138

Ath-leithdháileadh na gcuótaí náisiúnta agus laghdú cuótaí

1.   Féadfaidh Ballstát an cuóta siúcra nó iseaglúcóis a leithdháiltear ar ghnóthas atá bunaithe ar a chríoch a laghdú faoi suas le 10 %. Cuirfidh na Ballstáit critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha i bhfeidhm chuige sin.

2.   Féadfaidh Ballstáit cuótaí a aistriú idir ghnóthais i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn XIII agus leas gach ceann de na páirtithe lena mbaineann a chur san áireamh go háirithe saothraithe biatais siúcra agus cána siúcra.

3.   Déanfaidh an Ballstát atá i gceist na cainníochtaí a laghdaíodh de bhun mhír 1 agus mhír 2 a leithdháileadh ar ghnóthas amháin nó níos mó ina chríocha, bíodh cuóta acu nó ná bíodh.

Airteagal 139

Táirgeadh lasmuigh den chuóta

1.   Féadfar an siúcra, an iseaglúcós nó an tsíoróip ionúiline a tháirgtear i rith bliana margaíochta os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 136:

(a)

a úsáid chun táirgí áirithe dá dtagraítear in Airteagal 140 a phróiseáil;

(b)

a thabhairt ar aghaidh chuig táirgeadh cuóta na chéad bliana margaíochta eile i gcomhréir le hAirteagal 140;

(c)

a úsáid i gcomhair na socruithe sonracha soláthair i gcomhair na limistéar is forimeallaí, i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39);

(d)

a onnmhairiú laistigh den teorainn chainníochta atá le socrú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ag urramú na ngealltanas a thagann ó chomhaontuithe náisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE; nó

(e)

a chur ar fáil ar an margadh inmheánach, i gcomhréir leis an sásra a thuairiscítear in Airteagal 131 chun críocha an soláthar a chur in oiriúint don éileamh bunaithe ar an réamh-mheastachán ar chothroime an tsoláthair.

Cuirfear na bearta dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad mhír den Airteagal seo chun feidhme sula ndéanfar gníomhachtú ar na bearta chun suaitheadh sa mhargadh a chosc dá dtagraítear in Airteagal 219(1).

Beidh cainníochtaí eile faoi réir an tobhaigh bharrachais dá dtagraítear in Airteagal 142.

2.   Déanfar gníomhartha cur chun feidhme de bhun anAirteagail seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 140

Siúcra tionsclaíoch

1.   Forchoimeádfar siúcra tionsclaíoch, iseaglúcós tionsclaíoch nó síoróip ionúiline thionsclaíoch chun ceann de na táirgí dá dtagraítear i mír 2 a tháirgeadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair atá sé faoi réir conartha sheachadta a tugadh i gcrích roimh dheireadh na bliana margaíochta idir táirgeoir agus úsáideoir ar tugadh formheas dóibh araon i gcomhréir le hAirteagal 137; agus

(b)

nuair a seachadadh é chuig an úsáideoir an 30 Samhain na bliana margaíochta dár gcionn ar a dhéanaí.

2.   D'fhonn forbairtí teicniúla a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena mbunófar liosta táirgí a bhféadfar siúcra tionsclaíoch, iseaglúcós tionsclaíoch nó sioróip ionúiline thionsclaíoch a úsáid lena dtáirgeadh.

Áireofar go háirithe ar an liosta sin:

(a)

bitheatánól, alcól, rum, giosta beo agus cainníochtaí síoróipe lena leathadh agus iad siúd atá le próiseáil chun "Rinse appelstroop" a dhéanamh díobh;

(b)

táirgí tionsclaíocha áirithe nach bhfuil siúcra iontu ach a n-úsáidtear siúcra, iseaglúcós nó síoróip ionúiline lena bpróiseáil;

(c)

táirgí áirithe de chuid an tionscail cheimicigh nó an tionscail chógaisíochta a bhfuil siúcra, iseaglúcós nó síoróip ionúiline iontu.

Airteagal 141

Barrachas siúcra a thabhairt ar aghaidh

1.   Féadfaidh gach gnóthas cinneadh a dhéanamh an méid a rótháirgeadh sa bhreis ar a chuóta siúcra, a chuóta iseaglúcóis nó a chuóta síoróipe ionúiline, nó cuid den táirgeadh sin, a thabhairt, chun go gcaithfear leis mar chuid de tháirgeadh na chéad bliana margaíochta eile. Gan dochar do mhír 3, cinneadh neamh-inchúlghairthe a bheidh sa chinneadh sin.

2.   Maidir leis na gnóthais a dhéanann an cinneadh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

cuirfidh siad an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi roimh dháta a bheidh le cinneadh ag an mBallstát sin:

(i)

idir an 1 Feabhra agus an 31 Lúnasa na bliana margaíochta reatha i gcás cainníochtaí siúcra cána atá á dtabhairt ar aghaidh;

(ii)

idir an 1 Feabhra agus an 31 Lúnasa na bliana margaíochta reatha i gcás cainníochtaí eile siúcra biatais nó síoróipe ionúiline atá á dtabhairt ar aghaidh;

(b)

tabharfaidh siad gealltanas na cainníochtaí sin a stóráil ar a gcostas féin go deireadh na bliana margaíochta reatha.

3.   Má tharlaíonn sé gur lú táirgeadh cinntitheach gnóthais sa bhliain mhargaíochta lena mbaineann ná an meastachán a rinneadh nuair a rinneadh cinneadh de réir mhír 1, féadfar an chainníocht a thabharfar ar aghaidh a choigeartú go siarghabhálach faoin 31 Deireadh Fómhair na bliana margaíochta dár gcionn.

4.   Measfar gurb iad na cainníochtaí a thabharfar ar aghaidh na chéad chainníochtaí a tháirgfear faoi chuóta na bliana margaíochta dár gcionn.

5.   Ní fhéadfaidh siúcra a stóráiltear i gcomhréir leis an Airteagal seo le linn bliana margaíochta a bheith faoi réir aon bhearta stórála eile dá bhforáiltear in Airteagal 16 nó in Airteagal 130.

Airteagal 142

Tobhach barrachais

1.   Gearrfar tobhach barrachais ar chainníochtaí díobh seo a leanas:

(a)

siúcra barrachais, iseaglúcós barrachais agus síoróip ionúiline bharrachais a tháirgfear i rith bliana margaíochta ar bith, ach amháin i gcás cainníochtaí a thabharfar ar aghaidh chuig táirgeadh cuóta na bliana margaíochta dár gcionn agus a stórálfar i gcomhréir le hAirteagal 141 nó cainníochtaí dá dtagraítear i bpointí (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír d'Airteagal 139(1);

(b)

siúcra tionsclaíoch, iseaglúcós tionsclaíoch nó síoróip ionúiline thionsclaíoch nár tugadh aon chruthúnas, laistigh den teorainn ama atá le socrú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, gur úsáideadh iad i gceann de na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 140(2);

(c)

siúcra, iseaglúcós agus síoróip ionúiline a tarraingíodh siar ón margadh i gcomhréir le hAirteagal 130 agus nach gcomhlíontar na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 130(3) ina leith.

Glacfar gníomhartha cur chun feidhme de bhun phointe (b) den chéad fhomhír i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir le tobhach barrachais dá dtagraítear in mír 1 a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

Airteagal 143

Cumhachtaí tarmligthe

1.   D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 137 a n-oibleagáidí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar síos rialacha maidir le formheas a dheonú do na gnóthais sin agus a tharraingt siar uathu, chomh maith leis na critéir le haghaidh pionóis riaracháin.

2.   D'fhonn saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra a chur san áireamh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear leas na bpáirtithe go léir san áireamh mar is cuí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le brí na dtéarmaí le haghaidh oibriú an chórais cuótaí agus lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear díolacháin chuig na réigiúin is forimeallaí.

3.   Chun a áirithiú go mbeidh dlúthbhaint ag na saothraithe le cinneadh cainníocht áirithe den táirgeadh a thabhairt ar aghaidh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar síos rialacha maidir le siúcra a thabhairt ar aghaidh.

Airteagal 144

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Maidir leis na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 137, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, lena mbunaítear rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

iarratais ar fhormheas ó ghnóthais, na taifid atá le coinneáil ag gnóthais fhormheasta, an fhaisnéis atá le tíolacadh ag gnóthais fhormheasta;

(b)

an córas seiceálacha atá le déanamh ag na Ballstáit ar ghnóthais fhormheasta;

(c)

an chumarsáid a dhéanann na Ballstáit leis an gCoimisiún agus le gnóthais fhormheasta;

(d)

seachadadh amhábhar, lena n-áirítear conarthaí seachadta agus nótaí seachadta, ar ghnóthais;

(e)

comhionannas i dtaca le siúcra dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 139(1);

(f)

na socruithe sonracha soláthair do na réigiúin is forimeallaí;

(g)

onnmhairí dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 139(1);

(h)

comhar idir Bhallstáit chun seiceálacha éifeachtacha a áirithiú;

(i)

na dátaí atá leagtha síos in Airteagal 141 do bhlianta margaíochta sonracha a mhodhnú;

(j)

chun an chainníocht bharrachais, an chumarsáid agus íocaíocht an tobhaigh bharrachais dá dtagraítear in Airteagal 142 a leagan síos.

(k)

glacadh liosta de scagairí lánaimseartha laisitigh de bhrí phointe 6 de Roinn B de Chuid II d'Iarscríbhinn II.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 2

Fíon

Airteagal 145

Clár agus fardal ar acmhainn táirgthe fíonghort

1.   Coimeádfaidh Ballstáit clár fíonghort ina mbeidh faisnéis atá cothrom le dáta maidir leis an acmhainneacht táirgthe. Ón 1 Eanáir 2016 ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin ach amháin i gcás go gcuireann na Ballstáit an scéim d'údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha dá dtagraítear i gCaibidil III de Theideal I i bhfeidhm nó go gcuireann siad clár náisiúnta tacaíochta i bhfeidhm.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2015, maidir le Ballstáit ar lú ná 500 heicteár an limistéar iomlán iontu atá faoi fhíniúnacha de chineálacha fíonchaor atá aicmithe i gcomhréir le hAirteagal 81(2), ní bheidh siad faoi réir na hoibleagáide atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Ballstáit a dhéanann foráil ina gcláir thacaíochta d'athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort i gcomhréir le hAirteagal 46, déanfaidh siad fardal uasdátaithe, ar bhonn an chláir fíonghort, dá n-acmhainneacht táirgthe a thíolacadh don Choimisiún faoin 1 Márta gach bliain. Amhail ón 1 Eanáir 2016, is de bhíthin gníomhartha chur chun feidhme a leagfar síos ag an Coimisiún na sonraí maidir le teachtaireachtaí chuig an gCoimisiún maidir le limistéir fíonsaothrúcháin. Glacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2)

4.   Chun gur fusa do na Ballstáit faireachán agus fíorú a dhéanamh ar acmhainneacht táirgthe, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i dtaca le rialacha maidir le hábhar an chláir fíonghort agus maidir le díolúintí a ghabhann leis.

Airteagal 146

Údaráis náisiúnta inniúla le haghaidh earnáil an fhíona

1.   Gan dochar d'aon fhorálacha eile den Rialachán seo maidir le húdaráis náisiúnta inniúla a chinneadh, ceapfaidh na Ballstáit údarás amháin nó níos mó a bheidh freagrach as comhlíonadh rialacha an Aontais a áirithiú in earnáil an fhíona. Go háirithe, ceapfaidh na Ballstáit na saotharlanna atá údaraithe chun anailís oifigiúil a dhéanamh in earnáil an fhíona. Comhlíonfaidh na saotharlanna atá ceaptha na critéir ghinearálta atá leagtha amach in ISO/IEC 17025 maidir le hoibriú saotharlann.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás agus na saotharlann dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal agus tabharfaidh sé cothrom le dáta í ó am go chéile.

Airteagal 147

Doiciméid faoi iamh agus clár

1.   Cuirfear táirgí earnáil an fhíona i gcúrsaíocht laistigh den Aontas mar aon le doiciméad atá údaraithe go hoifigiúil ag gabháil leo.

2.   Maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó grúpaí daoine a bhfuil a gcuid trádála á feidhmiú acu ar cuid de táirgí atá ina seilbh atá cumhdaithe faoi earnáil an fhíona, go háirithe táirgeoirí, buidéalaithe, próiseálaithe agus ceannaithe, coimeádfaidh siad cláir isteach agus cláir amach i dtaobh na dtáirgí sin.

3.   Chun gur fusa do na Ballstáit táirgí fíona a iompar agus a fhíorú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

rialacha maidir leis an doiciméad faoi iamh agus a úsáid;

(b)

na coinníollacha faoina measfar go ndeimhnítear sonrúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha faoi chosaint le doiciméad faoi iamh;

(c)

oibleagáid clár a choimeád agus úsáid an chláir sin;

(d)

cé a bhfuil sé de cheangal air clár a choimeád agus díolúintí ón oibleagáid sin;

(e)

na hoibríochtaí atá le bheith ar áireamh sa chlár.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear:

(a)

rialacha maidir le comhdhéanamh na gcháir, na táirgí atá le bheith sa chlár, spriocanna d'iontrálacha i gcláir agus clabhsúr clár;

(b)

bearta lena gcuirtear de cheangal ar Bhallstáit na céatadáin uasta is inghlactha i gcomhair caillteanas a chinneadh;

(c)

forálacha ginearálta agus idirthréimhseacha do choimeád clár;

(d)

rialacha lena gcinntear cá fhad a bhfuil doiciméid faoi iamh agus cláir le coimeád.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 3

Bainne agus táirgí bainne

Airteagal 148

Caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór gach seachadadh bainne amh a dhéantar ar a chríoch ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh scríofa idir na páirtithe, agus/nó go gcinnfidh sé nach mór do chéad-cheannaitheoirí tairiscint i scríbhinn a dhéanamh chun conradh maidir le bainne amh a bheith á sheachadadh ag na feirmeoirí, comhlíonfaidh conradh den sórt sin agus/nó tairiscint den sórt sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór seachadtaí bainne ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, cinnfidh sé freisin cé acu céim nó céimeanna an tseachadta a bheidh cumhdaithe ag an gconradh sin má dhéantar seachadadh an bhainne amh trí bhailitheoir amháin nó níos mó ná sin.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn 'bailitheoir' gnóthas a iompraíonn bainne amh ó fheirmeoir nó ó bhailitheoir eile chuig próiseálaí bainne amh nó chuig bailitheoir eile, i gcás ina n-aistrítear úinéireacht an bhainne amh i ngach cás.

2.   Maidir leis an gconradh agus/nó an tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

déanfar é roimh an seachadadh,

(b)

déanfar i scríbhinn é, agus

(c)

áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas:

(i)

an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó

a ríomhfar trí thosca éagsúla a chur le chéile a bheidh leagtha amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí margaidh a bheith san áireamh iontu lena léirítear athruithe i gcoinníollacha an mhargaidh, an toirt arna seachadadh agus cáilíocht nó comhshuíomh an bhainne amh arna sheachadadh,

(ii)

toirt an bhainne amh a fhéadfar a sheachadadh agus/nó nach mór a sheachadadh agus uainiú na seachadtaí sin,

(iii)

fad an chonartha, a bhféadfaidh fad cinnte nó éiginnte le clásail foircinn a bheith i gceist leis,

(iv)

mionsonraí maidir le tréimhsí íocaíochta agus nósanna imeachta,

(v)

socruithe maidir leis an mbainne amh a bhailiú nó a sheachadadh, agus

(vi)

na rialacha is infheidhme i gcás force majeure.

3.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh gá le conradh, agus/nó tairiscint i dtaca le conradh i gcás ina seachadfaidh feirmeoir bainne amh ar chomharchumann a bhfuil an feirmeoir ina chomhalta de más rud go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin, nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann ó na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachtaí acu atá comhchosúil leis na forálacha sin atá leagtha amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2.

4.   Déanfar caibidlíocht gan dua idir na páirtithe ar eilimintí uile na gconarthaí maidir le seachadadh bainne amh a chuirfidh feirmeoirí, bailitheoirí nó próiseálaithe bainne amh i gcrích, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2.

Gan dochar don chéad fhomhír, beidh feidhm ag ceann amháin den mhéid seo a leanas, nó ag an dá cheann:

(a)

i gcás ina gcinnfidh Ballstát conradh i scríbhinn maidir le seachadadh bainne amh a dhéanamh éigeantach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé fad íosta a bhunú nach mbeidh infheidhme ach amháin maidir le conarthaí i scríbhinn idir feirmeoir agus céad-cheannaitheoir an bhainne amh. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

(b)

i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór do chéad-cheannaitheoir an bhainne amh tairiscint i scríbhinn ar chonradh a thabhairt don fheirmeoir i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé a fhoráil nach mór go n-áireofaí sa tairiscint fad íosta don chonradh, a leagtar amach chuige sin sa dlí náisiúnta. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Beidh an dara fomhír gan dochar do cheart an fheirmeora an fad íosta sin a dhiúltú, ar choinníoll gur i scríbhinn a dhéanfaidh sé é sin. I gcásanna den sórt sin, beidh na páirtithe saor chun gnéithe uile an chonartha a chaibidliú, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i mír 2(c).

5.   Déanfaidh na Ballstáit a úsáidfidh na roghanna dá dtagraítear san Airteagal seo fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcaoi ina gcuirtear i bhfeidhm iad.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm comhionann phointe (a) agus phointe (b) de mhír 2 agus de mhír 3 den Airteagal seo agus bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 149

Caibidlíocht chonarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ar eagraíocht í a aithnítear faoi Airteagal 152(3), na conarthaí sin maidir le bainne amh arna sheachadadh ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh, nó ar bhailitheoir de réir bhrí antríú fomhír d'Airteagal 148(1), a chaibidliú ar son a gcomhaltaí ar feirmeoirí iad, i dtaca le cuid dá gcomhtháirgeadh nó a gcomhtháirgeadh ar fad.

2.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibidlíocht a dhéanamh:

(a)

cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na feirmeoirí úinéireacht an bhainne amh chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(b)

cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le comhtháirgeadh roinnt de na comhaltaí ar feirmeoirí iad, nó comhtháirgeadh na gcomhaltaí ar fad ar feirmeoirí iad;

(c)

ar choinníoll, i gcás eagraíochta áirithe táirgeoirí, go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(i)

nach mó ná 3.5 % de tháirgeadh iomlán an Aontais toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin,

(ii)

maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin a tháirgtear in aon Bhallstát ar leith, nach mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í, agus

(iii)

maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin a sheachadtar in aon Bhallstát ar leith, ní mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í,

(d)

ar choinníoll nach bhfuil na feirmeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a dhéanann caibidlíocht ar na conarthaí sin ar son na bhfeirmeoirí freisin, mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit maolú ar an gcoinníoll sini gcásanna a bhfuil údar cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgeachta shainiúla lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla ag feirmeoirí;

(e)

ar choinníoll nach mbeidh an bainne amh cumhdaithe ag aon oibleagáid chun seachadta a eascróidh ó chomhaltas an fheirmeora i gcomharchumann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomarchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann uathu; agus

(f)

ar choinníoll go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil sé ag oibriú a chur ar an eolas maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin.

3.   In aineoinn na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) (ii) agus (iii) de mhír 2, féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibidliú de bhun mhír 1 ar choinníoll, maidir leis an eagraíocht táirgeoirí sin, nach mó ná 45 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin toirt an bhainne amh, arna chumhdú sa chaibidlíocht sin, ar bainne é a tháirgtear nó a sheachadtar i mBallstát a bhfuil táirgeadh bainne amh bliantúil is lú ná 5 000 000 tona aige.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, áireofar le tagairtí d'eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin chomh maith.

5.   Chun críocha pointe (c) de mhír 2 agus mír 3 a chur i bhfeidhm, foilseoidh an Coimisiún, ar cibé modh a mheasann sé a bheith iomchuí, méid an bhainne amh a tháirgtear san Aontas agus sna Ballstáit ag baint úsáide as an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil.

6.   De mhaolú ar phointe (c) de mhír 2 agus ar mhír 3, fiú nuair nach sáraítear na tairseacha a leagtar amach iontu, féadfaidh an t-údarás iomaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo cinneadh a dhéanamh i gcás aonair i dtaobh ar cheart caibidlíocht áirithe na heagraíochta táirgeoirí a athoscailt nó nár cheart di tarlú ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó chun damáiste tromchúiseach do phróiseálaithe bainne amh ar FBManna iad a sheachaint ina chríoch.

I gcás caibidlíochta ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó(3) a chur i bhfeidhm. Is é údarás náisiúnta iomaíochta an Bhallstáit lena mbaineann an chaibidlíocht a dhéanfaidh an cinneadh sin i ngach cás eile.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

7.   Chun críocha an Airteagail seo:

(a)

ciallaíonn "údarás náisiúnta iomaíochta" an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (40);

(b)

ciallaíonn "FBM" micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún.

8.   Maidir leis na Ballstáit ina dtarlóidh an chaibidlíocht i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm phointe (f) de mhír 2 agus de mhír 6.

Airteagal 150

Rialáil an tsoláthair maidir le cáis a bhfuil sonrúchán cosanta tionscnaimh nó tásc cosanta geografach aici

1.   Arna iarraidh sin ag eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 152(3), ag eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157(3) agus ag grúpa oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse teoranta ama, rialacha ceangailteacha a leagan síos maidir le rialáil sholáthar cáise a bheidh ag tairbhiú de shonrúchán cosanta tionscnaimh nó de thásc cosanta geografach faoi Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012.

2.   Beidh na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal faoi réir théarmaí aon chomhaontaithe a bheidh déanta roimh ré idir na páirtithe sa limistéar geografach dá dtagraítear in bpointe (c) d'Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Déanfar comhaontú den sórt sin idir dhá thrian ar a laghad de na táirgeoirí bainne nó a n-ionadaithe, a sheasann do dhá thrian ar a laghad den bhainne amh a bheidh in úsáid do tháirgeadh na cáise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, más iomchuí, dhá thrian ar a laghad de tháirgeoirí na cáise sin, a sheasann do dhá thrian ar a laghad de tháirgeadh na cáise sin sa limistéar geografach dá dtagraítear in i bpointe (c) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

3.   Chun críche mhír 1, maidir le cáis a bheidh ag tairbhiú de thásc cosanta geografach, is ionann limistéar geografach tionscnaimh an bhainne amh, mar atá socraithe sa tsonraíocht táirge don cháis, agus an limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 a bhaineann leis an gcáis sin.

4.   Maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ní chumhdófar leo ach amháin rialáil sholáthar an táirge lena mbaineann agus beidh sé d'aidhm acu soláthar na cáise sin a oirúnú don éileamh;

(b)

ní bheidh éifeacht acu ach amháin maidir an táirge lena mbaineann;

(c)

ní fhéadfaidh siad a bheith ceangailteach ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana agus féadfar iad a athnuachan tar éis na tréimhse sin tar éis iarraidh nua, mar a thagraítear dó i mír 1, a fháil;

(d)

ní dhéanfar damáiste leo do thrádáil táirgí seachas na táirgí lena mbaineann na rialachasin;

(e)

ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht na cáise lena mbaineann;

(f)

ní cheadófar leo socrú praghsanna, lena n-áirítear socrú praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(g)

ní áiritheofar leo nach mbeidh fáil ar sciar rómhór den táirge lena mbaineann a bheadh ar fáil murach sin;

(h)

ní chuirfear idirdhealú ar bun leo, nó ní bheidh siad ina mbac d'iontrálaithe nua sa mhargadh nó ina gcúis go ndéanfar dochar do leasanna táirgeoirí beaga;

(i)

rannchuideoidh siad le cáilíocht agus/nó forbairt an táirge lena mbaineann;

(j)

beidh siad gan dochar d'Airteagal 149.

5.   Foilseofar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 á gcomhlíonadh, agus i gcás ina gcinnfidh na húdaráis náisiúnta inniúla nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh siad na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm.

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a bheidh glactha acu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon fhógra de na rialacha sin.

8.   Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceanglaítear go n-aisghairfidh Ballstát na rialacha atá leagtha síos ag an mBallstát sin de bhun mhír 1 más léir don Choimisiún nach gcomhlíonann na rialacha sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 nó go ndéanann siad iomaíocht a chosc nó a shaobhadh i gcuid shubstaintiúil den mhargadh inmheánach, nó saorthrádáil a chur i gcontúirt nó go bhfuil baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE á chur i mbaol. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 151

Dearbhuithe éigeantacha in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

Amhail ón 1 Aibreán 2015, dearbhóidh céad cheannaitheoirí an bhainne amh don údarás inniúil náisiúnta cainníocht an bhainne amh a sheachadtar orthu gach mí.

Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 148, ciallaíonn "céad-cheannaitheoir" gnóthas nó grúpa a cheannaíonn bainne ó tháirgeoirí:

(a)

chun é a bhailiú, a phacáil, a stóráil, a fhuarú nó a phróiseáil, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh faoi chonradh;

(b)

chun é a dhíol le gnóthas amháin nó níos mó a dhéanann cóireáil nó próiseáil ar bhainne nó ar tháirgí eile bainne.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le cainníocht an bhainne amh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha maidir le hábhar, le formáid agus le huainíocht na ndearbhuithe sin agus na bearta a bhaineann le fógraí a bheidh le déanamh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

CAIBIDIL III

Eagraíochtaí agus comlachais táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe

Roinn 1

Sainiú agus aitheantas

Airteagal 152

Eagraíochtaí táirgeoirí

1.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí, arna iarraidh sin dóibh, ar eagraíochtaí iad:

(a)

a bhfuil a gcomhdhéanamh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 153(2) ag táirgeoirí atá in earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2);

(b)

a bunaíodh ar thionscnamh na dtáirgeoirí;

(c)

a bhfuil aidhm shonrach á saothrú acu, a bhféadfaidh ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas a bheith ar áireamh inti:

(i)

féachaint chuige go ndéanfar táirgeadh a phleanáil agus a oiriúnú de réir an éilimh, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cainníochta;

(ii)

soláthar na dtáirgí a tháirgeann na comhaltaí a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh, lena n-áirítear trí mhargaíocht dhíreach;

(iii)

na costais táirgthe agus na torthaí ar infheistíochtaí a bharrfheabhsú mar fhreagairt do chaighdeáin chomhshaoil agus leasa ainmhithe agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú;

(iv)

taighde a dhéanamh agus tionscnaimh a fhorbairt i dtaca le modhanna táirgthe inbhuanaithe, le cleachtais nuálacha, le hiomaíochas eacnamaíoch agus le forbairtí sna margaí;

(v)

cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus a sholáthar maidir le húsáid cleachtas saothraithe agus teicníochtaí táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil de, mar aon le cleachtais agus teicníochtaí fónta i dtaca le leas ainmhithe;

(vi)

cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus a sholáthar i dtaca le caighdeáin tháirgthe a úsáid, feabhas a chur ar cháilíocht táirgí agus forbairt a dhéanamh ar tháirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint acu, a bhfuil tásc geografach faoi chosaint acu nó a chumhdaítear le lipéad náisiúnta cáilíochta.

(vii)

bainistiú fotháirgí agus dramhaíola, go háirithe chun cáilíocht an uisce, na hithreach agus an tírdhreacha a chosaint agus chun bithéagsúlacht a chaomhnú nó a chothú;

(viii)

úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus maolú ar an athrú aeráide a chur chun cinn;

(ix)

tionscnaimh a fhorbairt i réimse an dul chun cinn agus na margaíochta;

(x)

bainistiú a dhéanamh ar na cistí frithpháirteacha dá dtagraítear sna cláir oibríochtúla san earnáil torthaí agus glasraí dá dtagraítear in Airteagal 31(2) den Rialachán seo agus faoi Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(xi)

an cúnamh teicniúil a bhfuil gá leis a sholáthar maidir le húsáid na margaí todhchaíochtaí agus le scéimeanna árachais.

2.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí atá aitheanta faoin mhír 1 aitheantas a fháil ar bhonn leanúnach má théann sí i mbun táirgí faoi chód CN ex 2208 a mhargú, ar táirgí iad seachas na tairgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí, ar choinníoll nach ionann na táirgí sin agus níos mó ná 49 % de luach iomlán tháirgeadh margaithe na heagraíochta tairgeoirí agus nach bhfaigheann na táirgí sin aon tairbhe ó thacaíocht ón Aontas. Maidir le heagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí, ní chuirtear na táirgí sin san áireamh nuair a ríomhtar luach an táirgthe mhargaithe chun críocha Airteagal 34(2).

3.   De mhaolú ar mhír 1, aithneoidh na Ballstáit eagraíochtaí táirgeoirí, arbh iad a gcomhaltaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ar eagraíochtaí iad:

(a)

a bunaíodh ar thionscnamh na dtáirgeoirí;

(b)

a bhfuil aidhm shonrach á saothrú acu, a bhféadfaidh ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas nó níos mó ná sin a bheith ar áireamh inti:

(i)

féachaint chuige go ndéanfar táirgeadh a phleanáil agus a oiriúnú de réir an éilimh, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cainníochta;

(ii)

soláthar na dtáirgí a tháirgeann na comhaltaí a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh;

(iii)

na costais táirgthe a bharrfheabhsú agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú

Airteagal 153

Reachtanna eagraíochtaí táirgeoirí

1.   Ceanglófar ar chomhaltaí ar táirgeoirí iad, le reacht eagraíochta táirgeoirí, an méid seo a leanas go háirithe, chun:

(a)

na rialacha a chur i bhfeidhm arna nglacadh ag an eagraíocht táirgeoirí a bhaineann le tuairisciú táirgthe, táirgeadh, margaíocht agus cosaint an chomhshaoil;

(b)

gan a bheith ina gcomhaltaí ach d'aon eagraíocht táirgeoirí amháin i dtaca le haon táirge áirithe den ghabháltas, féadfaidh Ballstáit maolú ar an gcoinníoll sin áfach i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí acu go bhfuil dhá aonad táirgthe ar leith atá lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla i seilbh comhaltaí ar táirgeoirí iad;

(c)

an fhaisnéis a sholáthar don eagraíocht táirgeoirí arna iarraidh sin di chun críocha staidrimh.

2.   Le reachtanna eagraíochta táirgeoirí déanfar foráil freisin don mhéid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta maidir le bunú, glacadh agus leasú na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b)

ranníocaíochtaí airgeadais a fhorchur ar chomhaltaí, ar ranníocaíochtaí iad atá riachtanach chun an eagraíocht táirgeoirí a mhaoiniú;

(c)

rialacha a chuirfidh ar chumas na gcomhaltaí ar táirgeoirí iad a n-eagraíocht agus na cinntí a dhéanann sí a scrúdú go daonlathach;

(d)

pionóis de bharr sáruithe oibleagáidí faoi na hairteagail chomhlachais, go háirithe neamhíoc ranníocaíochtaí airgeadais, nó de bharr shárú na rialacha atá leagtha síos ag an eagraíocht táirgeoirí;

(e)

rialacha maidir le comhaltaí nua a ligean isteach, go háirithe maidir leis an tréimhse íosta comhaltais nach féidir a bheith níos gaire ná bliain amháin;

(f)

na rialacha cuntasaíochta agus buiséadacha is gá i gcomhair fheidhmiú na heagraíochta.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná mír 2 ar eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne ná in earnáil na dtáirgí bainne.

Airteagal 154

Eagraíochtaí táirgeoirí a aithint

1.   I gcás go dtugann Ballstát aitheantas d'eagraíocht táirgeoirí, eintiteas dlíthiúil a bheidh san eagraíocht táirgeoirí a chuireann isteach ar an aitheantas sin nó cuid shoiléir shainmhínithe d'eintiteas dlíthiúil a bheidh ann ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

comhlíonann sé na ceanglais atá leagtha síos i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 152(1);

(b)

tá líon íosta comhaltaí aige agus/nó cumhdaíonn sé toirt íosta de tháirgeadh indíolta sa limistéar ina n-oibríonn sé, ar toirt íosta í a leagfaidh an Ballstát lena mbaineann síos;

(c)

cuirfidh sé dóthain fianaise ar fáil gur féidir leis a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích go cuí, i gcaitheamh an ama agus ó thaobh éifeachtachta agus tacaíochta daonna, ábhartha agus teicniúil araon a chur ar fáil dá chuid comhaltaí agus, de réir mar is iomchuí, ó thaobh chomhchruinniú an tsoláthair de;

(d)

tá reachtanna aige atá i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.

2.   Maidir le heagraíochtaí táirgeoirí a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh an 1 Eanáir 2014 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iad faoi Airteagal 152.

3.   Eagraíochtaí táirgeoirí a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh an 1 Eanáir 2014 ar bhonn an dlí náisiúnta agus nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1, féadfaidh siad leanúint de bheith ag feidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí faoin dlí náisiúnta go dtí an 1 Eanáir 2015.

4.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt d'eagraíocht táirgeoirí laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas a ngabhfaidh an fhianaise thacaíochta ábhartha ar fad leis, leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b)

seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil an Chaibidil seo á comhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta táirgeoirí;

(c)

i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus ar na comhlachais sin agus a chinneadh ar cheart, dá mba ghá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d)

an Coimisiún a chur ar an eolas uair sa bhliain agus tráth nach déanaí ná an 31 Márta faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

Airteagal 155

Seachfhoinsiú

Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d'eagraíocht aitheanta táirgeoirí nó do chomhlachas aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí sna hearnálacha a bheidh sonraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 173(1) aon chuid dá ngníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú ach amháin táirgeadh, lena n-áirítear seachfhoinsiú chuig fochuideachtaí, ar choinníoll go mbeidh an eagraíocht táirgeoirí nó an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí freagrach i gcónaí as cur i gcrích na gníomhaíochta seachfhoinsithe a áirithiú mar aon leis an rialú agus an mhaoirseacht foriomlán a dhéanfaidh an bhainistíocht ar an socrú tráchtála a bheidh ann i dtaca leis an ngníomh a chur i gcrích.

Airteagal 156

Comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí

1.   Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí de chuid earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2) agus a cuireadh ar bun ar thionscnamh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta.

Faoi réir na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 173, féadfaidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aon cheann de ghníomhaíochtaí nó d'fheidhmeanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, mar fhreagairt ar iarratas, aitheantas a thabhairt do chomhlachas d'eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne más rud é go measann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil ar chumas an chomhlachais aon cheann de na gníomhaíochtaí de chuid eagraíocht aitheanta táirgeoirí a dhéanamh go héifeachtach agus más rud é go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 161(1).

Airteagal 157

Eagraíochtaí idirchraoibhe

1.   Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2), ar eagraíochtaí idirchraoibhe iad:

(a)

atá comhdhéanta d'ionadaithe do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá nasctha leis an táirgeadh agus le ceann amháin ar a laghad de na céimeanna seo a leanas den slabhra soláthair: próiseáil táirgí in earnáil amháin nó níos mó, nó trádáil iontu, lena n-áirítear iad a dháileadh;

(b)

atá bunaithe ar thionscnamh roinnt de na heagraíochtaí nó de na cumainn as a bhfuil siad comhdhéanta nó ar thionscnamh na n-eagraíochtaí nó na gcumann sin ar fad;

(c)

a shaothraíonn aidhm ar leith, agus leasa a gcuid comhaltaí agus a gcuid tomhaltóirí á gcur san áireamh acu a n-áireofar orthu, go háirithe, ceann de na cuspóirí a leanas:

(i)

feabhas a chur ar eolas ar an táirgeadh agus ar an margadh agus feabhas a chur ar thrédhearcacht, lena n-áirítear trí shonraí staidrimh comhbhailithe a fhoilsiú maidir le costais tairgthe, le praghsanna, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí innéacsanna praghsanna, le méideanna an táirgthe agus le fad na gconarthaí a tugadh i gcrích cheana, agus trí bhíthin anailís a chur ar fáil ar fhorbairtí a d'fhéadfadh tarlú sa mhargadh ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal idirnáisiúnta amach anseo;

(ii)

tuar a thabhairt i dtaca leis an acmhainneacht táirgthe, agus taifead a choimeád ar phraghsanna margaidh;

(iii)

cuidiú le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear táirgí ar an margadh, go háirithe trí thaighde agus staidéir ar an margadh a dhéanamh;

(iv)

margaí onnmhairíochta féideartha a fhiosrú;

(v)

gan dochar do na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 148 agus in Airteagal 168, leaganacha caighdeánacha de chonarthaí a tharraingt suas a bheadh i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le táirgí talmhaíochta a dhíol le ceannaitheoirí nó táirgí próiseáilte a sholáthar do dháileoirí agus do mhiondíoltóirí, agus an gá le dálaí cothroma iomaíochta a bhaint amach agus saobhadh an mhargaidh a sheachaint á gcur san áireamh;

(vi)

acmhainneacht na dtáirgí a shaothrú níos fearr, lena n-áirítear ar leibhéal na n-asraonta margaidh agus forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh lena gcuirfear neart le hiomaíochas eacnamaíoch agus leis an nuáil;

(vii)

an fhaisnéis riachtanach a sholáthar agus an taighde riachtanach a dhéanamh chun an táirgeadh a nuáil, a chuíchóiriú, a fheabhsú agus a choigeartú agus, i gcás inarb iomchuí, an phróiseáil agus an mhargaíocht, chun go soláthrófar táirgí a oirfidh níos fearr do riachtanais an mhargaidh agus do mhianta agus d'ionchais tomhaltóirí, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí, lena n-áirítear saintréithe sonracha na dtáirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, agus maidir le cosaint an chomhshaoil;

(viii)

bealaí a lorg chun srian a chur le húsáid táirgí sláinte ainmhithe nó táirgí cosanta plandaí, chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar ionchur eile, chun cáilíocht táirgí agus caomhnú ithir agus uisce a áirithiú, chun sábháilteacht bia a chur chun cinn, go háirithe trí inrianaitheacht táirgí, agus chun feabhas a chur ar shláinte agus leas ainmhithe;

(ix)

modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú ag gach céim den táirgeadh agus, i gcás inarb infheidhme, den phróiseáil agus den mhargaíocht;

(x)

gach gníomh is féidir a ghlacadh chun seasamh le feirmeoireacht orgánach agus sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha agus chun iad a chosaint agus a chur chun cinn;

(xi)

táirgeadh comhtháite inbhuanaithe nó modhanna eile táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil a chur chun cinn agus taighde a dhéanamh ar na modhanna sin;

(xii)

tomhaltas sláintiúil agus freagrach na dtáirgí ar an margadh inmheánach a spreagadh agus/nó faisnéis a chur in iúl maidir leis an díobháil a thagann as patrúin ghuaiseacha tomhaltais;

(xiii)

tomhaltas táirgí atá ar an margadh inmheánach agus ar mhargaí seachtracha a spreagadh, agus/nó faisnéis a chur ar fáil maidir leis na táirgí sin;

(xiv)

cur le bainistiú na bhfotháirgí agus le laghdú agus bainistiú fuíoll.

2.   I gcásanna a bhfuil bo