Gréasán iarnróid Eorpach d'iompar lasta iomaíoch

Leagtar síos sa rialachán seo rialacha maidir le bunú agus eagrú dorchlaí idirnáisiúnta iarnróid d'iompar lasta iarnróid iomaíoch d'fhonn gréasán iarnróid Eorpach a fhorbairt d'iompar lasta iomaíoch.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le gréasán iarnróid Eorpach d'iompar lasta iomaíoch.

ACHOIMRE

Tá sé ina aidhm leis an rialachán seo gréasán iarnróid Eorpach a fhorbairt d'iompar lasta iomaíoch trí rialacha a leagadh síos maidir le bunú agus eagrú dhorchlaí idirnáisiúnta iarnróid d'iompar lasta iarnróid iomaíoch. San iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán seo, arna leasú ag Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, leagtar síos 9 ndorchla lasta tosaigh a chaithfidh na tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) lena mbaineann iad a dhéanamh oibríochtúil faoi mhí na Samhna 2013, faoi mhí na Samhna 2015 nó faoi mhí na Samhna 2020.

I gcás gach dorchla lasta, ní mór do bhallstáit an AE bord feidhmiúcháin a bhunú, a bheidh comhdhéanta d'ionadaithe de chuid údarás thíortha an AE. I gcás gach dorchla lasta, ní mór do na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann bord bainistíochta a bhunú, a bheidh comhdhéanta d'ionadaithe na mbainisteoirí bonneagair. Ullmhóidh an bord bainistíochta sin plean cur chun feidhme lena n-áirítear plean infheistíochta, na bearta arna dtuar chun an dorchla a chur chun feidhme agus príomhghnéithe staidéir mhargaidh. Bunóidh sé freisin grúpa comhairleach a bheidh comhdhéanta de bhainisteoirí agus úinéirí chríochfoirt an dorchla lasta, agus grúpa comhairleach eile a bheidh comhdhéanta de ghnóthais iarnróid a bhfuil suim acu i dtaca le húsáid an dorchla lasta.

Déanfaidh an bord bainistíochta sainiú agus socrú comhpháirteach i leith conairí traenach idirnáisiúnta réamhshocraithe le haghaidh na dtraenacha lasta d'fhonn amanna turais a thairiscint a fhreagróidh do riachtanais na n-oibreoirí iompair lasta.

Bunóidh nó ainmneoidh an bord bainistíochta comhlacht comhpháirteach chun áit amháin a sholáthar d'iarratasóirí údaraithe inar féidir leo freagraí a iarraidh agus a fháil a bhaineann le toilleadh bonneagair do thraenacha lasta a thrasnaíonn teorainn amháin ar a laghad feadh an dorchla lasta. Glacfaidh an t-ionad uileghnó sin cinntí maidir le hiarratais ar línte iarnróid réamhshocraithe agus an toilleadh cúltaca do thraenacha idirnáisiúnta lasta. Aon iarratas nach féidir leis an ionad uileghnó freastal air, cuirfear ar aghaidh é chuig na bainisteoirí inniúla bonneagair, a ghlacfaidh cinneadh ar an iarratas agus a chuirfidh an cinneadh sin in iúl don ionad uileghnó le haghaidh tuilleadh próiseála.

Déanfar rialacha tosaíochta idir na cineálacha éagsúla tráchta a tharraingt suas do na cásanna suaite tráchta.

Foilseofar doiciméad ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir le húsáid an dorchla. Comhoibreoidh na comhlachtaí rialála le chéile agus malartóidh siad faisnéis, go háirithe i gcás gearán.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

9.11.2010

-

IO L 276 den 20.10.2010

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013

21.12.2013

-

IO L 348 den 20.12.2013

Nuashonrú is déanaí: 19.05.2014