Soghluaisteacht uirbeach in AE
ACHOIMRE AR:
Teachtaireacht (COM(2009) 490 final) — Plean Gníomhaíochta um Shoghluaisteacht Uirbeach
CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?
-
Beartaítear bearta éagsúla gearrthéarmacha go meántéarmacha inti lena chinntiú go bhfuil an t-iompar uirbeach san Aontas Eorpach (AE) inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, go bhfuil sé iomaíoch agus go bhfreastalaíonn sé ar riachtanais na sochaí.
-
Bhí na bearta, a grúpáladh faoi shé théama, le cur i gcrích de réir a chéile idir 2009 agus 2012 ag údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.
PRÍOMHPHOINTÍ
Beartaítear sa teachtaireacht:
-
Beartais chomhtháite a chur chun cinn: ba cheart bainistíocht um iompar uirbeach a nascadh le beartais eile amhail cosaint an chomhshaoil, pleanáil talamhúsáide agus tithíocht.
-
Díriú ar shaoránaigh: ba cheart iontaofacht, faisnéis, sábháilteacht agus rochtain éasca a bheith ar fáil don phobal i ndáil le gach cineál iompair uirbigh.
-
Iompar uirbeach a ghlasú: leanfaidh AE le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt teicneolaíochtaí feithicle glana úra agus breosla malartacha, agus do mhargaí dóibh.
-
Maoiniú a neartú: cé gurb iad údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a chuireann formhór na hinfheistíochta ar fáil, cuideoidh an Coimisiún Eorpach leo deiseanna do mhaoiniú AE a iniúchadh.
-
Taithí agus eolas a chomhroinnt: Cuideoidh an Coimisiún leo siúd ar fad atá bainteach leis an iompar uirbeach an leas is fearr a bhaint as an taithí reatha agus tacaíocht a thabhairt do mhalartú faisnéise.
-
Soghluaisteacht uirbeach a bharrfheabhsú: cuideoidh an Coimisiún le húdaráis áitiúla éifeachtacht a lóistíochta uirbí agus córais chliste iompair a fhorbairt.
Ceanglaítear i dTreoir 2009/33/CE ar údaráis chonarthacha agus ar dhaoine eile an tionchar fuinnimh agus comhshaoil maidir le feithiclí bóthair a chur san áireamh agus iad á gceannach acu.
CÚLRA
-
Chuir rialtais AE fáilte roimh an bplean gníomhaíochta an 24 Meitheamh 2010. Shonraigh siad an dúshlán agus an deis a chuirtear i láthair leis “chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht agus ar shábháilteacht na soghluaisteachta i limistéir uirbeacha agus chathrach agus é a choinneáil ag praghas réasúnta ag an am céanna don phobal i gcoitinne”.
-
Is féidir sonraí ar an taighde arna mhaoiniú ag AE maidir le soghluaisteacht uirbeach a fháil ar thairseach gréasáin Eltis.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta um Shoghluaisteacht Uirbeach (COM(2009) 490 final, 30.9.2009)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair bóthair atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lgh. 5-12)
Nuashonraithe 22.09.2016