Córais áirithinte aerthicéad ar ríomhaire
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 maidir le Cód Iompraíochta i dtaca le córais áirithinte ar ríomhaire
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN SEO?
-
Leagtar amach Cód Iompraíochta comhchuibhithe maidir le húsáid córas áirithinte ar ríomhaire (CARanna), chun iomaíocht chóir agus cosaint chearta na dtomhaltóirí a áirithiú.
-
Cuirtear an rialachán i bhfeidhm maidir le haeriompar (agus maidir le hiompar ar iarnród i gceangal le heitilt).
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní ceadmhach do dhíoltóirí córais*:
-
coinníollacha míchothroma nó coinníollacha gan údar maith a chur i bhfeidhm ar aerlínte ná ar a síntiúsóirí féin;
-
cosc a chur ar aerlíne ó chórais áirithinte eile a úsáid, lena n-áirítear a seirbhís áirithinte Idirlín nó lárionaid ghlaonna féin;
-
nós imeachta ar leith maidir le lódáil nó próiseáil a choimeád d’iompróir rannpháirteach amháin nó níos mó.
-
Ní mór do dhíoltóirí córais:
-
na sonraí a chuirtear ar fáil ag na haerlínte a lódáil agus a phróiseáil agus an t-aire agus an tráthúlacht chéanna á gcur i bhfeidhm;
-
aon sealúchas caipitil dhírigh nó caipitil indírigh atá acu in aerlíne, nó a mhalairt, a nochtadh go poiblí;
-
príomhthaispeántas a chur ar fáil do gach idirbheart aonair trí CAR;
-
na haerlínte nach bhfuil cead acu eitilt laistigh d’AE a aithint go soiléir sa taispeántas;
-
gan sonraí pearsanta a phróiseáil ach chun na gcríoch (áirithint a dhéanamh nó ticéad a eisiúint) ar cuireadh ar fáil iad;
-
tuarascáil faoina struchtúr úinéireachta agus samhail rialachais féin, a bhfuil iniúchadh neamhspleách déanta uirthi, a chur isteach gach 4 bliana.
-
Is féidir le díoltóirí córais sonraí margaíochta, áirithinte agus díolachán a chur ar fáil, ar an gcoinníoll go gcuirtear na sonraí sin ar fáil, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, do na hiompróirí rannpháirteacha go léir agus nach n-aithnítear an custaiméir.
-
Má dhéanann díoltóirí córais i dtír neamh-AE leatrom ar iompróirí de chuid AE, féadfaidh an Coimisiún Eorpach a éileamh ar na díoltóirí atá ag feidhmiú in AE an chóir chéanna a chur i bhfeidhm ar aerlínte na tíre sin.
-
Is féidir leis an gCoimisiún fíneálacha nach mó ná 10 % de láimhdeachas na bliana roimhe sin a ghearradh ar chuideachtaí a theipeann orthu cloí leis an reachtaíocht d’aon ghnó nó le faillí.
In 2009, ghlac an Coimisiún le nóta míniúcháin ina mhínítear conas a bhaintear ciall as an gcoincheap “máthairiompróir”. D’fhéadfadh sé sin dul i bhfeidhm go mór ar ghnó an díoltóra chórais a reáchtáil.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 29 Márta 2009.
CÚLRA
Féach “Aeriompar — Líonraí dáileacháin — CAR” ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
PRÍOMHTHÉARMA
* Díoltóir córais: aon chomhlacht agus fiontair chleamhnaithe an chomhlachta atá freagrach as CAR a fheidhmiú nó a mhargú.
GNÍOMH
Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le Cód Iompraíochta i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle (IO L 35, 4.2.2009, lgh. 47-55)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Nóta míniúcháin maidir le sainmhíniú ar mháthairiompróir i Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód Iompraíochta i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle (IO C 53, 6.3.2009, lgh. 4-6)
Nuashonraithe 21.04.2016