Sábháilteacht mhuirí: Rialú Stáit ar Chalafoirt
ACHOIMRE AR:
Treoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
- Is é is aidhm leis loingseoireacht faoi bhun caighdeáin in uiscí AE a laghdú tríd an méid seo a leanas:
- a chinntiú go n–urramaíonn longa rialacha maidir le sábháilteacht mhuirí AE agus idirnáisiúnta agus rialacha comhshaoil;
- critéir chomhchoiteanna a bhunú le haghaidh cigireachtaí loinge.
- Déanann sé Treoir 95/21/CE maidir le rialú poirt loingseoireachta Stáit a bhí leasaithe go substaintiúil arís agus arís eile a athmhúnlú.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Tá feidhm ag an reachtaíocht maidir le haon long incháilithe agus a chriú a thagann isteach go port AE, nó atá ar ancaire ann.
- Ní mór do rialtais AE a áirithiú go bhfuil líon leordhóthanach cigirí cáilithe acu leis na hacmhainní riachtanacha chun na cigireachtaí a dhéanamh.
- Tugtar próifíl riosca do gach long incháilithe a úsáideann port AE i mbunachar sonraí cigireachta THETIS. Tá sé sin bunaithe ar chritéir amhail cineál agus aois an tsoithigh, agus déanann sé críochnúlacht agus minicíocht na gcigireachtaí a chinneadh.
- Chun pleanáil na n–iniúchtaí a dhéanamh níos éasca, tá THETIS nasctha leis an SafeSeaNet córas a sholáthraíonn faisnéis ar longa i gcalafoirt uile an AE, nó a bhfuiltear ag súil leo.
- Tá cigireachtaí bliantúla éigeantach do longa a bhfuil próifíl ardriosca acu agus tá siad roghnach do longa eile.
- Tugtar tús áite do chigireacht a dhéanamh ar shoithí nach dtagann i dtír go minic i gcalafoirt in AE.
- Le linn cigireachtaí tosaigh, seiceáiltear go bhfuil deimhnithe agus doiciméid in ord agus déantar measúnú ar riocht foriomlán loinge.
- Má thagann easnaimh chun solais, cuirtear an long faoi réir cigireachta níos mionsonraí.
- Forchoiméadtar iniúchtaí níos mionsonraithe do shoithí ardphróifíle, longa paisinéirí, agus iompróirí ola, gáis, ceimiceacha agus builc os cionn 12 bliana d’aois.
- Ní mór aon easnaimh a thagann chun solais a chur ina gceart. Más léir go gcuirtear an tsábháilteacht, an tsláinte nó an comhshaol i mbaol dá mbarr, cuirtear an soitheach faoi choinneáil go dtí go mbeidh siad ceartaithe.
- D’fhéadfadh údaráis náisiúnta rochtain ar chalafort a dhiúltú do longa ar cuireadh faoi choinneáil iad níos mó ná dhá uair le 2 bhliain nó 3 bliana anuas.
- Féadfaidh úinéirí nó oibreoirí loinge achomharc a dhéanamh in aghaidh aon choinneála nó aon diúltú ar rochtain.
- Déanann an Coimisiún Eorpach an bunachar sonraí cigireachta a chothabháil agus a nuashonrú. Foilsíonn sé sonraí faoi chuideachtaí a bhfuil rátaí comhlíonta ísle nó an-íseal acu go rialta ar láithreán gréasáin THETIS,
- Ní chumhdaítear leis an reachtaíocht an méid seo a leanas:
- soithí tacaíochta iascaireachta nó cabhlaigh;
- longa cogaidh;
- cineálacha áirithe long adhmaid; nó
- luaimh phríobháideacha.
- Leasaíodh an treoir le Treoir (AE) 2017/2110 lena leathnaítear raon feidhme Threoir 2009/16/CE chun iniúchtaí a áireamh ar longa paisinéirí róró (rolladh ann-rolladh as) agus longa paisinéirí ardluais i seirbhís rialta. Sula dtosaíonn na longa seo oibriú ar sheirbhís rialta, ní mór do na húdaráis ábhartha iad a iniúchadh chun a chinntiú go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le hoibriú sábháilte seirbhíse rialta. Má rinneadh cigireacht ar long ag tír AE eile laistigh de na 8 mí roimhe sin agus má mheasadh go bhfuil sí sásúil chun seirbhís rialta a oibriú go sábháilte, ní gá go ndéanfaí an long a iniúchadh arís.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm leis ón 17 Meitheamh 2009. Le Treoir 2009/16/CE rinneadh Treoir 95/21/CE a athbhreithniú agus tháinig sí ina hionad (agus a leasuithe ina dhiaidh sin). B’éigean na rialacha nua atá i dTreoir 2009/16/CE a bheith ina ndlí i dtíortha AE faoi 2010.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (Athmhúnlú) (IO L 131, 28.5.2009, lgh. 57-100)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/16/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉAD GAOLMHAR
Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lgh. 61-77)
Nuashonraithe 16.01.2019