Rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí

Treoir (AE) 2017/2108 lena leasaítear Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi caighdeáin aonfhoirmeacha sábháilteachta a thabhairt isteach maidir le beathaí agus maoin daoine ar longa paisinéirí agus ar árthaí mórluais, amhail duillárthaigh, a úsáidtear i dturais intíre in uiscí AE (i.e. idir calafoirt sa tír chéanna AE).

Cé go raibh sí beartaithe ar dtús mar chódú ar Threoir 98/18/CE, cinneadh Treoir 1998 a athmhúnlú ina ionad sin. Dá réir sin aisghairtear Treoir 98/18/CE le Treoir 2009/45/AE agus cuirtear in ionad na Treorach sin í.

In 2017, i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir faoi thionscnamh an chláir um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála (ar a dtugtar REFIT), glacadh Treoir (AE) 2017/2108. Leasaítear léi Treoir 2009/45/CE agus soiléirítear agus simplítear léi na rialacha agus caighdeáin maidir le longa paisinéirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an reachtaíocht seo maidir le soithí paisinéirí atá déanta as cruach nó as ábhar coibhéiseach agus maidir le hárthaí mórluais.

Aicmiú soithí paisinéirí agus limistéir oibríochta

Déantar soithí paisinéirí a roinnt ina 4 aicme (A, B, C agus D) de réir na limistéar mara inar féidir iad a oibriú.

Foilsíonn tíortha AE liosta de na limistéir mhara agus de na haicmí soithigh lena mbaineann, lena n–áirítear tréimhsí teoranta ar bith, i mbunachar sonraí atá ar fáil go poiblí.

Ceanglais theicniúla sábháilteachta

Leagtar amach ceanglais theicniúla mhionsonraithe sa reachtaíocht maidir leis na bearta sábháilteachta nach mór do shoithí iad a urramú, amhail:

Féadfaidh údaráis náisiúnta ceanglais sábháilteachta bhreise a iarraidh má cheapann siad go dteastaíonn sin de réir sainchúinsí áitiúla.

Cigireachtaí agus deimhnithe sábháilteachta

Eisiaimh

Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir le cineálacha éagsúla soithí, amhail:

Treoir Leasaitheach (AE) 2017/2108

Leis an treoir leasaitheach seo:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm le Treoir 2009/45/CE ón 15 Iúil 2009. Leasaíodh Treoir 98/18/CE (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) le Treoir 2009/45/CE agus cuireadh in ionad na Treorach sin í.

Tháinig Treoir (AE) 2017/2108 i bhfeidhm an 20 Nollaig 2017 agus caithfear í a chur i bhfeidhm i dtíortha AE ón 21 Nollaig 2019.

CÚLRA

Ní mór do shoithí a úsáidtear le haghaidh turais intíre in uiscí AE na bunchaighdeáin sábháilteachta a chomhlíonadh chun beatha a bpaisinéirí agus a gcriúnna a chosaint. Rinneadh na caighdeáin sin a neartú go mór ón am a ndeachaigh an bád farantóireachta Estonia go tóin poill i Muir Bhailt in 1994.

Is é Treoir 2009/45/CE an ionstraim reachtaíochta AE is fairsinge sa réimse um shábháilteacht soithí paisinéirí. Tá sé forlíonta le rialacha AE sonracha maidir le longa paisinéirí róró (rolladh ann/rolladh as) agus árthaí mórluais, agus clárú na ndaoine ar bord long.

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (athmhúnlú) (IO L 163, 25.6.2009, lgh. 1-140)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/45/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2017/2108 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (IO L 315, 30.11.2017, lgh. 40-51)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle i ndáil le spriocanna sábháilteachta agus ceanglais fheidhmiúla le haghaidh longa paisinéirí atá faoi 24 méadar ar fad (COM(2018) 314 críochnaitheach, 23.5.2018)

Treoir (AE) 2017/2109 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Treoir 98/41/CE ón gComhairle maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu agus Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát (IO L 315, 30.11.2017, lgh. 52-60)

Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lgh. 61-77)

Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long paisinéirí ag oibriú isteach agus amach as calafoirt Bhallstáit an Chomhphobail (IO L 188, 2.7.1998, lgh. 35-39)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 98/18/CE an 17 Márta 1998 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (IO L 144, 15.5.1998, lgh. 1-115)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 18.12.2018